An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Orduithe Coimhdeacha Airgeadais, Maoine, Coimeádta agus Orduithe Eile) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

6 1989

AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989

CUID III

Dlínse Cúirte

Míniú (Cuid III).

30. —Sa chuid seo ciallaíonn “imeachtaí dlí teaghlaigh”, i ndáil le cúirt, imeachtaí os comhair cúirte dlínse inniúla faoi na hAchtanna seo—

(a) an tAcht seo,

(b) na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988,

(c) an tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 ,

(d) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 ,

(e) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 ,

(f) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1981 ,

(g) an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 ,

(h) an Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868,

(i) an tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957 , nó

(j) an tAcht um Stádas Leanaí, 1987 ,

nó imeachtaí idir céilí faoin Partition Act, 1868, agus an Partition Act, 1876, i gcás gur ní ábhartha maidir leis na himeachtaí na céilí a bheith pósta le chéile.

Cúirteanna, dlínse agus láthair.

31. —(1) Tabharfar “an Chúirt Teaghlaigh Chuarda” ar an gCúirt Chuarda le linn di a dlínse a fheidhmiú chun imeachtaí dlí teaghlaigh a éisteacht agus a chinneadh nó, i gcás go mbeidh socrú déanta chuige sin, le linn di imeachtaí dlí teaghlaigh a aistriú chuig an Ard-Chúirt.

(2) Faoi réir fhorálacha eile an ailt seo, beidh i gcomhthráth leis an Ard-Chúirt, dlínse ag an gCúirt Teaghlaigh Chuarda, chun imeachtaí faoin Acht seo i leith foraithne idirscartha bhreithiúnaigh a éisteacht agus a chinneadh.

(3) Más rud é, in imeachtaí faoin Acht seo i leith foraithne idirscartha bhreithiúnaigh go bhféadfaí ordú a dhéanamh maidir le talamh ar mó ná £200 a luacháil inrátaithe agus go ndéanfar iarratas chun na Cúirte Teaghlaigh Cuarda chun na himeachtaí sin a thosú, aistreoidh an Chúirt sin na himeachtaí chun na hArd-Chúirte, má éilíonn an freagróir amhlaidh roimh éisteacht na n-imeachtaí sin, ach beidh aon ordú (lena n-áirítear ordú eatramhach) nó gníomh a rinneadh i gcúrsa na n-imeachtaí sin, roimh an aistriú sin, bailí mura ndéantar urscaoileadh nó athrú air le hordú ón Ard-Chúirt.

(4) An dlínse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ní bheidh sí infheidhmithe ach amháin i gcás sainchónaí a bheith ar cheachtar céile sa Stát ar dháta an iarratais ag tosú imeachtaí nó i gcás gnáthchónaí a bheith air sa Stát i gcaitheamh na tréimhse aon bhliana dar críoch an dáta sin.

(5) An dlínse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo is é a fheidhmeoidh í, sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda, an breitheamh den chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar cheachtar céile sna himeachtaí nó ina seolann ceachtar céile aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

Imeachtaí a éisteacht.

32. —Is in áit dhifriúil nó ag tráthanna difriúla nó ar laethanta difriúla leo sin ar a dtionóltar gnáthshuíonna den Chúirt Chuarda a shuífidh an Chúirt Teaghlaigh Chuarda chun imeachtaí a thionscnaítear faoin Acht seo agus faoi na hAchtanna dá dtagraítear in alt 30 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.

Seoladh imeachtaí teaghlaigh sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt.

33. —(1) Beidh imeachtaí sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.

(2) Breithiúna a shuífidh sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda nó abhcóidí nó aturnaetha a bheidh i láthair sna cúirteanna sin ní chaithfidh siad peiriúicí ná róbaí.

(3) Aon imeachtaí dlí teaghlaigh a bheidh os comhair na hArd-Chúirte beidh siad chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.

(4) Nuair a bheidh na himeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo á n-éisteacht agus á gcinneadh, ní chaithfidh breithiúna a shuífidh san Ard-Chúirt ná abhcóidí ná dlíodóirí a bheidh i láthair ag na himeachtaí sin peiriúicí ná róbaí.

Príobháideacht.

34. —Ní éistfear imeachtaí faoin Acht seo go poiblí.

Costais.

35. —Is de réir rogha na Cúirte a íocfar costais aon imeachtaí faoin Acht seo.

Rialacha cúirte.

36. —(1) Déanfar socrú le rialacha cúirte le haghaidh an doicim éadaithe a theastóidh chun imeachtaí a thosú go hachomair faoin Acht seo.

(2) Na rialacha cúirte, agus aon fhoirm nó cúrsa bunaithe pléadála, cleachtais nó nós imeachta, chun críoch aon achtacháin nó dlínse ar a bhfearann an tAcht seo, beidh feidhm acu, go dtí go gcuí-dhéanfar rialacha cúirte, chun na gcríoch sin maille le cibé oiriúnuithe is gá.