9 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1990


AN tACHT UM GHOID, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht.

5.

Aisghairm alt 43 (1) den Phríomh-Acht.

6.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

7.

Réim cionta a bhaineann le maoin ghoidte.

8.

Fíoraisc chomhroghnacha.

9.

Athrú ar phionóis áirithe faoin bPríomh-Acht.

10.

Leasú ar an Post Office Act, 1908.

11.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954.

12.

Aisghairm, etc.

13.

Tosach feidhme agus forálacha idirthréimhseacha.

14.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

Larceny Act, 1916

1916, c. 50

Post Office Act, 1908

1908, c. 48

Prevention of Crimes Act, 1871

1871, c. 112

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

Vagrancy Act, 1824

1824, c. 83

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1990


AN tACHT UM GHOID, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN LARCENY ACT, 1916, AN POST OFFICE ACT, 1908, AGUS AN ACHTA COSANTA, 1954 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE GAOL-MHARA. [22 Bealtaine, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Larceny Act, 1916.

(2) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna leathnú nó arna chur chun feidhme le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 28:

“Possession of articles.

28. (1) A person who is, when not at his place of abode, in possession of any article with the intention that it be used in the course of or in connection with—

(a) larceny or burglary, or

(b) an offence under section 29, 30, 31 or 32 of this Act, or

(c) an offence under section 112 (which deals with taking a vehicle without lawful authority) of the Road Traffic Act, 1961,

shall be guilty of felony and be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 5 years or to a fine or to both.

(2) A person who is, without lawful authority or reasonable excuse, in possession of any article made or adapted for use in the course of or in connection with—

(a) larceny or burglary, or

(b) an offence under section 29, 30, 31 or 32 of this Act, or

(c) an offence under section 112 (which deals with taking a vehicle without lawful authority) of the Road Traffic Act, 1961,

shall be guilty of felony and be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 5 years or to a fine or to both.

(3) Where a person is convicted of an offence under this section, the court may order that any article for the possession of which he was so convicted shall be forfeited and either destroyed or disposed of in such manner as the court may determine.

(4) An order under subsection (3) of this section shall not take effect until the ordinary time for instituting an appeal against the conviction or order concerned has expired or, where such an appeal is instituted, until it or any further appeal is finally decided or abandoned or the ordinary time for instituting any further appeal has expired.”.

Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 33:

“Handling stolen property.

33. (1) A person who handles stolen property knowing or believing it to be stolen property shall be guilty of felony and shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 14 years or to a fine or to both.

(2) For the purposes of this Act—

(a) a person handles stolen property if (otherwise than in the course of the stealing), knowing or believing it to be stolen property, he dishonestly—

(i)  receives the property, or

(ii) undertakes or assists in its retention, removal, disposal or realisation by or for the benefit of another person, or

(iii) arranges to do any of the things specified in subparagraph (i) or (ii) of this paragraph;

(b) where a person—

(i)  receives stolen property, or

(ii) undertakes or assists in its retention, removal, disposal or realisation by or for the benefit of another person, or

(iii) arranges to do any of the things specified in subparagraph (i) or (ii) of this paragraph,

in such circumstances that it is reasonable to conclude that he knew or believed the property to be stolen property, he shall be taken to have so known or believed unless the court or the jury, as the case may be, is satisfied having regard to all the evidence that there is a reasonable doubt as to whether he so knew or believed;

and

(c) believing property to be stolen property includes thinking that such property was probably stolen property.

(3) A person to whom this section applies may be indicted and convicted whether the principal offender has or has not been previously convicted or is or is not amenable to justice.”.

Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 40 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Any number of persons may be charged in one indictment, with reference to the same theft, with having at different times or at the same time handled the stolen property or any part of it, and the persons so charged may be tried together.”; agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (j) agus (k) d'fho-alt (5):

“(j) Charges of stealing any property and of handling the same property or any part thereof may be included in separate counts of the same indictment and such counts may be tried together.

(k) Any person or persons charged in separate counts of the same indictment with stealing any property and with handling the same property or any part thereof may be severally found guilty either of stealing or of handling the said property or any part thereof.”.

Aisghairm alt 43 (1) den Phríomh-Acht.

5. —Aisghairtear leis seo alt 43 (1) den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 44 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) On the trial of two or more persons indicted for jointly handling any stolen property, the court or jury, as the case may be, may find any of the accused guilty if satisfied that he handled all or any part of such property whether or not he did so jointly with the other accused or with any of them.”.

Réim cionta a bhaineann le maoin ghoidte.

7. —(1) Na forálacha den Phríomh-Acht agus den Acht seo a bhaineann le láimhseáil maoine a bheidh goidte, beidh feidhm acu cibé acu ar sa Stát nó in áit eile a goideadh an mhaoin, agus cibé acu ar roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a tharla an ghoid, ar choinníoll go mba chion an ghoid san áit inar goideadh agus an tráth a goideadh an mhaoin; agus chun críocha na bhforálacha sin is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do mhaoin ghoidte.

(2) Chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, folóidh tagairtí do mhaoin ghoidte, i dteannta na maoine a goideadh i dtosach agus codanna den mhaoin sin (cibé acu ina riocht bunaidh nó nach ea)—

(a) aon mhaoin atá, nó a bhí tráth ar bith, in ionannas go díreach nó go neamhdhíreach don mhaoin ghoidte i lámha an ghadaí mar fháltais ó aon diúscairt nó réadú a rinneadh ar an maoin ghoidte go léir nó ar chuid den mhaoin sin nó ar mhaoin a bhí in ionannas amhlaidh don mhaoin ghoidte; agus

(b) aon mhaoin eile atá, nó a bhí tráth ar bith, in ionannas go díreach nó go neamhdhíreach don mhaoin ghoidte i lámha duine a láimhseáil an mhaoin ghoidte, nó aon chuid de, mar fháltais ó aon diúscairt nó réadú a rinneadh ar an maoin ghoidte go léir a láimhseáil sé nó ar chuid den mhaoin sin nó ar mhaoin a bhí in ionannas amhlaidh di.

(3) Chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar nach leanann aon mhaoin de bheith ina maoin ghoidte tar éis í a bheith tugtha ar ais don duine ónar goideadh í, nó do sheilbh nó coimeád dleathach eile, nó tar éis don duine sin, agus d'aon duine eile a bheidh ag éileamh tríd, scor thairis sin, maidir leis an maoin sin, d'aon cheart aisig a bheith acu i ndáil leis an ngoid.

(4) Chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar gur maoin ghoidte maoin cibé acu atá sí goidte, claonchasta, comhshóite go calaoiseach nó faighte le dúmas bréige nó trí aon chion a dhéanamh faoi alt 29, 30 nó 31 den Phríomh-Acht; agus is dá réir sin a fhorléireofar “goid” agus “gadaí”.

(5) In alt 46 (1) den Phríomh-Acht, leasaítear leis seo an míniú ar “property” trí “, subject to section 7 of the Larceny Act, 1990,” a chur isteach i ndiaidh “The expression ‘property’”.

Fíoraisc chomhroghnacha.

8. —(1) Más rud é, ar dhuine a thriail mar gheall ar chion arb éard é nó a n-áirítear ann aon mhaoin a ghoid, a chlaonchasadh nó a chomhshó go calaoiseach, nó aon mhaoin a fháil le dúmas bréige, nó mar gheall ar chion faoi alt 29, 30 nó 31 den Phríomh-Acht, go gcruthófar go ndearna an duine an mhaoin is ábhar don chúiseamh a láimhseáil in imthosca a d'fhág go mba chion é faoi alt 33 (amhail arna ionadú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, féadfar é a chiontú sa chion sin ach ní chuirfear téarma príosúnachta is faide ná 10 mbliana mar phianbhreith air.

(2) Más rud é, ar dhuine a thriail mar gheall ar chion, faoi alt 33 (amhail arna ionadú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, arbh é an cion é láimhseáil maoine a líomhnaítear a bheith goidte nó a líomhnaítear a bheith claonchasta, comhshóite go calaoiseach nó faighte le dúmas bréige nó trí chion a dhéanamh faoi alt 29, 30 nó 31 den Phríomh-Acht, go gcruthófar gur ghoid nó gur chlaonchas an duine an mhaoin nó gur chomhshóigh sé go calaoiseach í nó go bhfuair sé í le dúmas bréige nó trí chion a dhéanamh faoi alt 29, 30 nó 31 den Phríomh-Acht, de réir mar a bheidh, féadfar é a chiontú sa chion a chruthófar a bheith déanta aige mar a dúradh.

Arthrú ar phionóis áirithe faoin bPríomh-Acht.

9. —Aon duine a chiontófar, ar díotáil, i gcion faoi aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo, dlífear an pionós a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur air in ionad an phionóis dá bhforáiltear leis an alt a shonraítear amhlaidh.

AN TÁBLA

Ailt den Phríomh-Acht

Pionós

(1)

(2)

2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 19, 20, 21, 22, 29, 30, 31, 32.

Téarma príosúnachta nach faide ná deich mbliana, nó fíneáil, nó iad araon.

Leasú ar an Post Office Act, 1908.

10. —Leasaítear leis seo an Post Office Act, 1908—

(a) in alt 51, trí “and be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 10 years or to a fine or to both” a chur in ionad “and on conviction shall be liable, at the discretion of the court, to penal servitude for any term not exceeding fourteen years or not less than three years, or to imprisonment, with or without hard labour, for any term not exceeding two years”;

(b) in alt 53, trí “he shall be guilty of an offence, and be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 2 years or to a fine or to both” a chur in ionad “he shall be guilty of a misdemeanour, and be liable on conviction on indictment to a fine and to imprisonment with or without hard labour”;

agus

(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 55:

“Secreting or destroying by officer of An Post of postal packet.

55. If any officer of An Post for any purpose whatsoever secretes or destroys a postal packet in course of transmission by post, he shall be guilty of felony, and shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 10 years or to a fine or to both.”.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 .

11. —Leasaítear leis seo an tAcht Cosanta, 1954 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 156:

“156. (1) Aon duine faoin dlí míleata a ghoidfidh nó a chlaonchasfaidh, nó a chuirfidh chun mífheidhme go calaoiseach, aon mhaoin de chuid aon duine faoin dlí míleata nó aon mhaoin phoiblí nó maoin seirbhíse, nó a láimhseálfaidh maoin den sórt sin agus a fhios aige nó á chreidiúint gur goideadh nó go bhfuarthas ar bhealach neamhdhleathach eile í, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus dlífear, ar é a chiontú ag armchúirt, príosúnacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt, a chur air.

(2) Beidh feidhm ag alt 33 (2) (arna ionadú leis an Acht um Ghoid, 1990 ) den Larceny Act, 1916, maidir le cion láimhseála faoi fho-alt (1) den alt seo mar atá feidhm aige maidir leis an gcion arb éard é maoin ghoidte a láimhseáil.”.

Aisghairm, etc.

12. —(1) In alt 4 (mar a tugadh feidhm dó, maidir le hÉirinn, le halt 15 den Prevention of Crimes Act, 1871) den Vagrancy Act, 1824, aisghairtear leis seo na focail “having in his or her custody or possession any picklock key, crow, jack, bit, or other implement, with intent feloniously to break into any dwelling house, ware-house, coach-house, stable, or out-building or” agus na focail “and every such picklock key, crow, jack, bit, and other implement”.

(2) Aisghairtear leis seo ailt 50 agus 52 den Post Office Act, 1908.

(3) Aisghairtear leis seo ailt 12, 18, 37(1) go (3) agus 39 den Phríomh-Acht.

(4) Sa mhíniú ar “property” in alt 46 den Phríomh-Acht, aisghairtear leis seo na focail “, and also includes not only such property as has been originally in the possession or under the control of any person, but also any property into or for which the same has been converted or exchanged, and anything acquired by such conversion or exchange, whether immediately or otherwise”.

(5) Cealaítear leis seo an cion faoin dlí coiteann arb é atá ann maoin ghoidte a ghlacadh.

Tosach feidhme agus forálacha idirthréimhseacha.

13. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas ailt 1, 5 agus 14 den Acht seo) i ngníomh 3 mhí tar éis dháta a rite.

(2) Aon tagairt do chion, nó do chiontú mar gheall ar chion, faoi—

(a) alt 4 (mar a tugadh feidhm dó, maidir le hÉirinn, le halt 15 den Prevention of Crimes Act, 1871) den Vagrancy Act, 1824, i ndáil le haon phiocadán glas, gró, seac, bior nó gaireas eile a bheith faoina choimeád nó ina sheilbh ag cúisí le hintinn briseadh isteach go feileonach in aon teach cónaithe, teach stóir, teach cóiste, stábla nó fo-theach, nó

(b) alt 28 den Phríomh-Acht,

a bhí in aon reacht nó ionstraim reachtúil díreach roimh thosach feidhme an Achta seo forléireofar í mar thagairt do chion, nó do chiontú mar gheall ar chion, faoi alt 28 den Phríomh-Acht arna ionadú leis an Acht seo.

(3) Aon tagairt do chion, nó do chiontú mar gheall ar chion, faoi alt 33 den Phríomh-Acht nó alt 52 den Post Office Act, 1908, a bhí in aon reacht nó ionstraim reachtúil díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, forléireofar í mar thagairt do chion, nó do chiontú mar gheall ar chion, faoin alt sin 33 arna ionadú leis an Acht seo agus aon tagairtí in aon reacht nó ionstraim reachtúil den sórt sin do mhaoin ghoidte a ghlacadh forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do mhaoin ghoidte a láimhseáil.

(4) Aon tagairt do chion, nó do chiontú mar gheall ar chion, faoi alt 156 den Acht Cosanta, 1954 , a bhí in aon reacht nó ionstraim reachtúil díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, forléireofar í mar thagairt do chion, nó do chiontú mar gheall ar chion, faoin alt sin arna ionadú leis an Acht seo, agus aon tagairtí in aon reacht nó ionstraim reachtúil den sórt sin do mhaoin ghoidte a ghlacadh forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do mhaoin ghoidte a láimhseáil.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo i ndáil le cionta a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

(6) Má dhéantar duine—

(a) a chúiseamh, go comhroghnach, i gcion a dhéanamh faoi alt 28 den Phríomh-Acht mar a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo agus i gcion faoin alt sin arna ionadú leis an Acht seo, nó

(b) a chúiseamh, go comhroghnach, i gcion a dhéanamh faoi alt 33 den Phríomh-Acht mar a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus i gcion faoin alt sin arna ionadú leis an Acht seo, nó

(c) a chúiseamh, go comhroghnach, i gcion a dhéanamh faoi alt 156 den Acht Cosanta, 1954 , mar a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus i gcion faoin alt sin arna ionadú leis an Acht seo,

agus go gcruthófar go ndearna sé gníomhartha arb é a bheadh iontu ceachtar de na cionta inar cúisíodh é ach nach gcruthófar cibé acu ar roimh an tosach feidhme sin, nó dá éis, a rinneadh na gníomhartha sin, féadfar é a chiontú sa chion iomchuí a dúradh faoin achtachán mar a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo ach ní dhlífear pionós a chur air is mó ná an pionós is lú de na pionóis uasta a fhoráiltear don dá chion inar cúisíodh é.

(7) Aon duine a fuarthas ciontach i gcion a dhéanamh, roimh thosach feidhme an Achta seo, faoi aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear in alt 9 den Acht seo, ní dhlífear pionós a chur air, maidir leis an gcion sin, is mó ná an pionós uasta dá bhforáiltear sa Phríomh-Acht mar a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo nó an pionós uasta dá bhforáiltear amhlaidh tar éis an tosach feidhme sin, cibé pionós acu is lú.

(8) Beidh feidhm ag alt 40(3) agus (5)(j) agus (k) agus 44(5) den Phríomh-Acht (arna n-ionadú leis an Acht seo) i ndáil le cúiseamh mar gheall ar mhaoin ghoidte a ghlacadh ionann is dá mba chúiseamh é mar gheall ar mhaoin ghoidte a láimhseáil.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

14. —(1) Féadfar an tAcht um Ghoid, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghoid, 1916 agus 1990, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.