|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 5 Creidmheasanna Cánach a Dhíothú) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 7 Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL 6 Athrú ar an Ráta Cánach Corparáide: Forálacha Breise | |
Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo. | ||
1. In alt 26(4)(b), cuirfear “an 31ú lá de Nollaig, 1997” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1998”. | ||
2. In alt 78(3)(c)(ii), cuirfear “an 31ú lá de Nollaig, 1997” in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1998”. | ||
3. I bhfo-alt (2) d'alt 448— | ||
(a) i mír (a), cuirfear “fiche a dó de thríocha dóithe” in ionad “fiche a sé de thríocha séithe” maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, agus | ||
(b) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b): | ||
“(b) I gcás go n-éileoidh agus go gcruthóidh cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di earraí a mhonarú, maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí (ar tréimhse chuntasaíochta í atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1996, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1998) go raibh, le linn na tréimhse cuntasaíochta sin, aon mhéid infhaighte i leith díol earraí i gcúrsa na trádála, déanfar cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin, a laghdú— | ||
(i) fiche a hocht de thríocha ochtuithe, a mhéid is cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1996, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, | ||
(ii) fiche a sé de thríocha séithe, a mhéid is cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus | ||
(iii) fiche a dó de thríocha dóithe, a mhéid is cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an mbliain airgeadais 1998, | ||
agus is é a bheidh sa cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin— | ||
(I) chun críocha fho-alt (i), an méid a mbeidh idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1996, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus | ||
(II) chun críocha fho-alt (ii), an méid a mbeidh idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus | ||
(III) chun críocha fho-alt (iii), an méid a mbeidh idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a chionroinntear faoi alt 26(3) ar an mbliain airgeadais 1998, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”. | ||
4. I Sceideal 32— | ||
(a) i mír 5— | ||
(i) i bhfomhír (2)— | ||
(I) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “S” i gclásal (i): | ||
“gurb é S— | ||
(A) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 38/28, | ||
(B) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 36/26, agus | ||
(C) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 32/22,”, | ||
(II) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “S” i gclásal (ii): | ||
“gurb é S— | ||
(II) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 10/28, | ||
(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 10/26, agus | ||
(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 10/22.”, | ||
agus | ||
(ii) i bhfomhír (3), cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (a): | ||
“(a) Chun críocha fhomhír (2)— | ||
(i) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus | ||
(ii) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhochlásal (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”, | ||
(b) i mír 6— | ||
(i) i bhfomhír (2), cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “S” i gclásal (ii)— | ||
“gurb é S— | ||
(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 10/28, | ||
(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 10/26, agus | ||
(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 10/22.”, | ||
agus | ||
(ii) i bhfomhír (3), cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (a): | ||
“(a) Chun críocha fhomhír (2)— | ||
(i) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus | ||
(ii) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhochlásal (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”, | ||
(c) i mír 16— | ||
(i) cuirfear na clásail seo a leanas in ionad chlásail (a) agus (b) d'fhomhír (3): | ||
“(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, 23 faoin gcéad, | ||
(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, 21 faoin gcéad, agus | ||
(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, 17 faoin gcéad;” | ||
agus | ||
(ii) cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (5): | ||
“(5) Chun críocha na míre seo— | ||
(a) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus | ||
(b) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi chlásal (a) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”, | ||
agus | ||
(d) i mír 18— | ||
(i) cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (b) d'fhomhír (4): | ||
“(b) Faoi réir chlásal (c), is éard a bheidh i bhfaoiseamh do thréimhse chuntasaíochta méid a chinnfear de réir na foirmle— | ||
(A - B) - (C - D) | ||
i gcás— | ||
gurb é A méid na cánach corparáide is inmhuirearaithe, ar leith ó mhír 16, ón mír seo agus ó alt 448, don tréimhse chuntasaíochta, | ||
gurb é B méid a chinnfear trí ráta— | ||
(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, is comhionann le 23 faoin gcéad, | ||
(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, is comhionann le 21 faoin gcéad, agus | ||
(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, is comhionann le 17 faoin gcéad, | ||
a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, | ||
gurb é C méid na cánach corparáide a bheadh inmhuirearaithe, ar leith ó mhír 16, ón mír seo agus ó alt 448, don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú an méid iomchuí, agus | ||
gurb é D méid a chinnfear trí ráta— | ||
(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, is comhionann le 23 faoin gcéad, | ||
(b) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, is comhionann le 21 faoin gcéad, agus | ||
(c) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, nó dá éis, is comhionann le 17 faoin gcéad, | ||
a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid iomchuí.”, | ||
agus | ||
(ii) i bhfomhír (6), cuirfear an clásal seo a leanas in ionad chlásal (a): | ||
“(a) Chun críocha na míre seo— | ||
(i) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus | ||
(ii) i gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta, lena n-áirítear tréimhse a ndéileáiltear léi faoi fhochlásal (i) mar thréimhse chuntasaíochta, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus go gcríochnaíonn sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í ina cuid amháin dar tosach an lá a dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus ina cuid eile dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch an lá a gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.”. |