|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 8 Na hAchtacháin Dleachta Stampa a Aisghairtear) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL 9 Leasuithe Iar-Chomhdhlúite | |
Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo. | ||
1. In alt 82(3), cuirfear “faoi fho-alt (2)” in ionad “faoi fho-alt (1)”. | ||
2. In alt 109(3), cuirfear “alt 83 nó 707” in ionad “alt 83 nó 709”. | ||
3. In alt 128(8), déanfar “an chirt a sannadh nó a scaoileadh ach gur áiríodh uirthi méid nó luach” a chur isteach i ndiaidh “i leith a fhála luach”. | ||
4. In alt 140(4)(b), cuirfear “fo-alt (3)” in ionad “fo-alt (2)”. | ||
5. In alt 279(1), scriosfar na focail “ní fholaíonn ‘caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais’ aon chaiteachas de réir bhrí alt 270(2);”. | ||
6. In alt 346(7)(b)(ii), cuirfear “ar an gcéad cheannach” in ionad “ar an gcéad díol”. | ||
7. In alt 950(1), sa mhíniú ar “forálacha sonraithe”, cuirfear “d'alt 888(2)” in ionad “d'alt 888(1)”. |