|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 6 Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Faoisimh i leith Athnuachan agus Feabhsú Limistéar Uirbeach agus Tuaithe Áirithe) | Ar Aghaidh (Caibidil 2 Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID 2 Custaim agus Mál | |
| [EN] |
Caibidil 1 Cáin Cláraithe Feithiclí | |
| [EN] |
Léiriú (Caibidil 1). |
78. —Sa Chaibidil seo ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Airgeadais, 1992. |
| [EN] |
Leasú ar alt 130 (léiriú) d'Acht 1992. |
79. —Leasaítear leis seo alt 130 (arna leasú leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992) d'Acht 1992 trí “nó feithicil a mbeidh na Coimisinéirí sásta maidir léi nach féidir í a ghluaiseacht go meicniúil” a chur isteach i ndiaidh “atá oiriúnaithe agus a úsáidtear le haghaidh easlán” sa mhíniú ar “feithicil inneallghluaiste”. |
| [EN] |
Leasú ar alt 132 (dleacht máil a mhuirearú) d'Acht 1992. |
80. —Maidir le cáin cláraithe feithiclí arna muirearú, arna tobhach agus arna híoc amhail ar an agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1998, leasaítear leis seo alt 132 d'Acht 1992, i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1992— |
| [EN] | (a) i mír (a), trí “28 faoin gcéad” a chur in ionad “29.25 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 85 den Acht Airgeadais, 1994), agus | |
| [EN] | (b) i mír (b), trí “22.5 faoin gcéad” a chur in ionad “23.2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 85 den Acht Airgeadais, 1994). | |
| [EN] |
Leasú ar alt 134 (buanfhaoisimh) d'Acht 1992. |
81. —Leasaítear leis seo alt 134 d'Acht 1992— |
| [EN] | (a) i bhfo-alt (11) (a cuireadh isteach le halt 54 den Acht Airgeadais, 1993), tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i mír (b): | |
| [EN] | “Ar choinníoll, chun críocha fho-ailt (11) go (14), nach bhfolóidh feithicil feithicil atá fruilithe, tugtha ar iasacht nó tugtha nó socraithe ar shlí eile ag duine údaraithe mar fheithicil ionaid d'fheithicil atá á deisiú nó le deisiú aige nó thar a cheann agus nár dearbhaíodh roimhe sin faoi fho-alt (11).”, | |
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (13) (a cuireadh isteach le halt 54 den Acht Airgeadais, 1993): | |
| [EN] | “(13) Ní thabharfar aisíoc do dhuine faoi fho-alt (11)— | |
| [EN] | (a) i gcás gur thaistil feithicil níos lú ná 5,000 míle ó dháta a dearbhaithe le haghaidh clárú, | |
| [EN] | (b) i gcás go n-aistreofar feithicil óna fruiliú laistigh de 3 mhí ó dháta a dearbhaithe le haghaidh clárú, | |
| [EN] | (c) i gcás go n-aistreofar feithicil óna fruiliú roimh an 31ú lá de Lúnasa i mbliain a dearbhaithe le haghaidh clárú, | |
| [EN] | (d) i gcás nach mbeidh feithicil ag áitreabh a úsáideann an duine chun gnó a sheoladh arb é atá ann feithiclí a fhruiliú faoi chonarthaí féintiomána gearrthéarma laistigh de 10 lá oibre ó dháta a dearbhaithe le haghaidh clárú, | |
| [EN] | (e) i gcás nár íocadh aon cháin cláraithe feithiclí nó aon cháin bhreisluacha is iníoctha ag an duine faoin dáta aisíoca, nó | |
| [EN] | (f) i leith feithicle ar íocadh dleacht máil mótarfheithicle faoi Ordú 1979 uirthi roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1991.”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (c) i bhfo-alt (15) (a cuireadh isteach le halt 54 den Acht Airgeadais, 1993), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) : | |
| [EN] | “(aa) go ndearnadh an fheithicil nó an gluaisrothar, de réir mar a bheidh, a choimeád agus a úsáid chun críocha taispeána ar feadh tréimhse nach lú ná 3 mhí ón dáta clárúcháin, agus”. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 139 (cionta agus pionós) d'Acht 1992. |
82. —Leasaítear leis seo alt 139 d'Acht 1992, i bhfo-alt (3)— |
| [EN] | (a) trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (e), agus | |
| [EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e): | |
| [EN] | “(ee) a bheith i seilbh na feithicle más feithicil athchóirithe í nár dearbhaíodh sonraí an athchóirithe i ndáil léi de réir alt 131 nó más feithicil athchóirithe í ar dearbhaíodh sonraí an athchóirithe i ndáil léi ach nár íocadh cáin cláraithe feithiclí ar an dearbhú, mura duine údaraithe é, nó”. |