An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT EADRÁNA (TRÁCHTÁIL IDIRNÁISIÚNTA), 1998) Ar Aghaidh (CUID II Eadráin Tráchtála Idirnáisiúnta)

14 1998

AN tACHT EADRÁNA (TRÁCHTÁIL IDIRNÁISIÚNTA), 1998

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Eadrána (Tráchtáil Idirnáisiúnta), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Eadrána, 1954 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, agus den Acht seo le chéile.

Tagairtí.

2. —San Acht seo—

(a) aon tagairt d'aon achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt,

(b) aon tagairt d'alt, do Chuid nó do Sceideal is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(d) aon tagairt d'Airteagal is tagairt í d'Airteagal den Dlí Eiseamláireach.