|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Leasuithe ar na hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980) |
AN tACHT EADRÁNA (TRÁCHTÁIL IDIRNÁISIÚNTA), 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Eadráin Tráchtála Idirnáisiúnta | |
| [EN] |
Léiriú na Coda seo. |
3. —(1) Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
| [EN] | ciallaíonn “comhaontú eadrána” comhaontú eadrána a bhaineann le headráin tráchtála idirnáisiúnta; | |
| [EN] | folaíonn “dámhachtain” dámhachtain eatramhach; | |
| [EN] | ciallaíonn “eadráin tráchtála idirnáisiúnta” eadráin a bhfuil feidhm ag an Dlí Eiseamláireach maidir léi; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Dlí Eiseamláireach” Dlí Eiseamláireach UNCITRAL maidir le hEadráin Tráchtála Idirnáisiúnta (lenar ghlac Coimisiún na Náisiún Aontaithe ar an Dlí Trádála Idirnáisiúnta an 21 Meitheamh 1985), a bhfuil an téacs Béarla de leagtha amach sa Sceideal. | |
| [EN] | (2) Tá le téarmaí agus abairtí a úsáidtear sa Chuid seo agus a mhínítear sa Dlí Eiseamláireach an bhrí chéanna sa Chuid seo atá leo sa Dlí sin, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt. | |
| [EN] |
An Dlí Eiseamláireach a ghlacadh. |
4. —Faoi réir na Coda seo, beidh feidhm ag an Dlí Eiseamláireach sa Stát. |
| [EN] |
An Dlí Eiseamláireach a fhorléiriú. |
5. —(1) Déanfar an tagairt do chomhaontú in Airteagal 1(1) a fhorléiriú mar thagairt do chomhaontú a bhfuil feidhm dlí aige sa Stát agus do chomhaontú den sórt sin amháin. |
| [EN] | (2) Féadfar doiciméid Choimisiún na Náisiún Aontaithe ar an Dlí Trádála Idirnáisiúnta agus a ghasra oibre a bhaineann le hullmhú an Dlí Eiseamláirigh a bhreithniú le linn brí nó éifeacht aon fhorála den Dlí Eiseamláireach a fhionnadh. | |
| [EN] |
Feidhmeanna na hArd-Chúirte. |
6. —(1) Sonraítear an Ard-Chúirt chun críocha Airteagal 6 agus is í an chúirt í chun críocha Airteagal 9 agus is í an chúirt dlínse inniúla í chun críocha Airteagail 27, 35 agus 36. |
| [EN] | (2) Is é nó í a chomhlíonfaidh feidhmeanna na hArd-Chúirte faoi Airteagal dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus a chomhlíonfaidh a feidhmeanna faoi ailt 7, 11(7) agus (9) agus 14(1) ná— | |
| [EN] | (a) Uachtarán na hArd-Chúirte, nó | |
| [EN] | (b) cibé Breitheamh den Ard-Chúirt a ainmneoidh an tUachtarán, faoi réir aon rialacha cúirte a dhéanfar chuige sin. | |
| [EN] | (3) Féadfar iarratas a dhéanamh go hachomair chuig Uachtarán na hArd-Chúirte nó chuig breitheamh dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) chun aon cheann de na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a fheidhmiú. | |
| [EN] |
Cumhachtaí cúirte is infheidhmithe mar thacaíocht le himeachtaí eadrána tráchtála idirnáisiúnta. |
7. —(1) Chun éifeacht a thabhairt d'Airteagal 9 nó 27, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas faoi alt 6 (3), aon ordú i leith na nithe seo a leanas a dhéanamh i ndáil le headráin tráchtála idirnáisiúnta— |
| [EN] | (a) aon earraí is ábhar do na himeachtaí eadrána a chaomhnú, a choimeád go heatramhach nó a dhíol, | |
| [EN] | (b) urrús a thabhairt i leith an mhéid a bheidh faoi shaincheist sna himeachtaí eadrána, | |
| [EN] | (c) urrús i leith costas, | |
| [EN] | (d) urghairí eatramhacha, | |
| [EN] | (e) ceapadh glacadóra, | |
| [EN] | (f) aon mhaoin nó rud is ábhar do na himeachtaí eadrána a choinneáil, a chaomhnú nó a iniúchadh agus á údarú— | |
| [EN] | (i) d'aon duine, chun aon cheann de na críocha sin, dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh a bheidh i seilbh páirtí, nó | |
| [EN] | (ii) aon sampla a thógáil, aon bhreathnóireacht a dhéanamh nó aon turgnamh a thriail is gá nó is fóirsteanach chun faisnéis nó fianaise iomlán a fháil, | |
| [EN] | (g) freastal ag finnéithe os comhair an bhinse eadrána a áirithiú le go dtabharfar fianaise nó le go dtabharfar doiciméid ar aird, | |
| [EN] | (h) aon fhinné a cheistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhasc os comhair oifigigh don Chúirt nó os comhair duine eile, | |
| [EN] | (i) coimisiún nó iarratas a eisiúint chun finné a cheistiú lasmuigh den Stát, nó | |
| [EN] | (j) doiciméid agus agarcheisteanna a fhollasú agus a iniúchadh, | |
| [EN] | ar ordú é a bhfuil cumhacht aici chun é a dhéanamh chun críche agus i leith caingne nó ábhair eile os comhair na hArd-Chúirte. | |
| [EN] | (2) Ní ordófar faoin alt seo do pháirtí urrús a sholáthar i leith costas ar an aon fhoras amháin gurb é atá sa pháirtí— | |
| [EN] | (a) pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, nó | |
| [EN] | (b) corparáid nó comhlachas atá corpraithe nó foirmithe faoi dhlí seachas dlí an Stáit nó a bhfeidhmítear a lárbhainistíocht agus a lár-rialú lasmuigh den Stát. | |
| [EN] | (3) Ní mheasfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar— | |
| [EN] | (a) do ghinearáltacht Airteagail 9 agus 27, nó | |
| [EN] | (b) d'aon chumhacht de chuid binse eadrána chun orduithe a dhéanamh i leith aon cheann de na nithe a luaitear i bhfo-alt (1). | |
| [EN] |
Cumhachtaí binse eadrána i ndáil le ceistiú finnéithe, etc. |
8. —Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, féadfaidh an binse eadrána— |
| [EN] | (a) a ordú go ndéanfar páirtí i gcomhaontú eadrána nó finné a thugann fianaise in imeachtaí os comhair an bhinse eadrána a cheistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhasc, agus | |
| [EN] | (b) aon daoine a chur faoi mhionn nó aon dearbhaisc a ghlacadh is gá chun críocha an cheistithe. | |
| [EN] |
Imeachtaí eadrána a chomhdhlúthú agus éisteachtaí comhthráthacha. |
9. —(1) Féadfaidh na páirtithe i gcomhaontú eadrána a chomhaontú— |
| [EN] | (a) go ndéanfar na himeachtaí eadrána a chomhdhlúthú le himeachtaí eadrána eile, nó | |
| [EN] | (b) go seolfar éisteachtaí comhthráthacha, | |
| [EN] | ar cibé téarmaí a chomhaontófar. | |
| [EN] | (2) Níl aon chumhacht ag an mbinse eadrána chun comhdhlúthú imeachtaí nó éisteachtaí comhthráthacha a ordú mura gcomhaontóidh na páirtithe an chumhacht sin a thabhairt don bhinse sin. | |
| [EN] |
Ús. |
10. —(1) Féadfaidh na páirtithe i gcomhaontú eadrána comhaontú a dhéanamh i leith chumhachtaí an bhinse eadrána maidir le hús a dhámhachtain. |
| [EN] | (2) Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, féadfaidh an binse eadrána ús simplí nó ús iolraithe a dhámhachtain ó na dátaí, de réir na rátaí agus maille leis na fuílligh a mheasann sé a fhreagraíonn do cheartas an cháis— | |
| [EN] | (a) ar iomlán aon mhéid nó ar chuid d'aon mhéid a dhámhfaidh an binse eadrána, i leith aon tréimhse suas go dáta na dámhachtana; | |
| [EN] | (b) ar iomlán aon mhéid nó ar chuid d'aon mhéid a éileofar san eadráin agus a bheidh neamhíoctha i dtosach na headrána ach a bheidh íoctha roimh dhéanamh na dámhachtana, i leith aon tréimhse suas go dtí an dáta íoca. | |
| [EN] | (3) Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, féadfaidh an binse eadrána ús simplí nó ús iolraithe a dhámhachtain ó dháta na dámhachtana (nó aon dáta is déanaí ná sin) go dtí an dáta íoca, de réir na rátaí agus maille leis na fuílligh a mheasann sé a fhreagraíonn do cheartas an cháis, ar mhéid neamhíoctha aon dámhachtana (lena n-áirítear aon dámhachtain úis faoi fho-alt (2) agus aon dámhachtain costas). | |
| [EN] | (4) Folaíonn tagairtí san alt seo do mhéid arna dhámhachtain ag an mbinse eadrána méid is iníoctha de dhroim dámhachtana dearbhaithe ag an mbinse eadrána. | |
| [EN] | (5) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear d'aon chumhacht eile de chuid an bhinse eadrána chun ús a dhámhachtain. | |
| [EN] |
Costais eadrána inghnóthaithe agus táillí agus caiteachais binse eadrána inghnóthaithe. |
11. —(1) Tá saorchead ag na páirtithe i gcomhaontú eadrána comhaontú a dhéanamh ar an tslí ina mbeidh costais na headrána tráchtála idirnáisiúnta le leithroinnt agus ar na costais a bheidh inghnóthaithe. |
| [EN] | (2) Measfar gurb é atá i gcomhaontú ag na páirtithe dul chun eadrána faoi réir rialacha institiúide eadrána comhaontú chun cloí le rialacha na hinstitiúide sin maidir leis an tslí ina mbeidh costais le leithroinnt agus maidir leis na costais a bheidh inghnóthaithe. | |
| [EN] | (3) Folaíonn tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (2) do “costais” na costais amhail idir na páirtithe agus táillí agus caiteachais an bhinse eadrána. | |
| [EN] | (4) I gcás nach mbeidh aon chomhaontú de chuid na bpáirtithe ann maidir le costais inghnóthaithe na headrána tráchtála idirnáisiúnta amhail idir na páirtithe, féadfaidh an binse eadrána, le toiliú na bpáirtithe sna himeachtaí eadrána, na costais sin a chinneadh le dámhachtain ar an mbonn is cuí leis. | |
| [EN] | (5) I gcás nach mbeidh aon chomhaontú de chuid na bpáirtithe ann maidir le táillí agus caiteachais inghnóthaithe an bhinse eadrána, féadfaidh an binse eadrána na táillí agus na caiteachais sin a chinneadh le dámhachtain ar an mbonn is cuí leis. | |
| [EN] | (6) I gcás ina ndéanfaidh an binse cinneadh faoi fho-alt (4) nó (5), sonróidh sé— | |
| [EN] | (a) an bonn ar dá réir a ghníomhaigh sé, | |
| [EN] | (b) na míreanna costas, táillí nó caiteachas inghnóthaithe, de réir mar is cuí, agus an méid is inchurtha i leith gach míre díobh, agus | |
| [EN] | (c) cé a íocfaidh iad agus cé leis nó léi a n-íocfar iad. | |
| [EN] | (7) I gcás nach dtoileoidh páirtí go ndéanfaidh an binse eadrána cinneadh faoi fho-alt (4) nó i gcás nach ndéanfaidh an binse eadrána an cinneadh sin ar aon chúis eile— | |
| [EN] | (a) féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí eadrána iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt laistigh de 30 lá tar éis an dámhachtain a fháil, nó laistigh de cibé am breise a ordóidh an Chúirt, chun na costais inghnóthaithe amhail idir na páirtithe a chinneadh, agus | |
| [EN] | (b) féadfaidh an Chúirt na costais sin a chinneadh ar an mbonn is cuí léi nó féadfaidh sí a ordú go ndéanfar iad a chinneadh ar an modh agus ar na téarmaí a shonróidh sí. | |
| [EN] | (8) Déanfar fógra maidir le hiarratas chuig an Ard-Chúirt faoi fho-alt (7) nó faoi fho-alt (9) a thabhairt don bhinse eadrána agus do na páirtithe eile sna himeachtaí eadrána. | |
| [EN] | (9) I gcás ina ndéanfaidh an binse eadrána cinneadh faoi fho-alt (5)— | |
| [EN] | (a) féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí eadrána iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt, laistigh de 30 lá tar éis an cinneadh a fháil, agus | |
| [EN] | (b) féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar méid tháillí agus chaiteachais an bhinse eadrána a athbhreithniú agus a choigeartú ar an modh agus ar na téarmaí a shonróidh an Chúirt. | |
| [EN] | (10) Faoi réir ordaithe faoi fho-alt (9) (b), ní dhéanann aon ní san alt seo difear d'aon cheart de chuid an bhinse eadrána maidir lena chuid táillí agus caiteachas a íoc leis. | |
| [EN] | (11) Folaíonn tagairtí san alt seo do tháillí agus caiteachais an bhinse eadrána táillí agus caiteachais aon saineolaí a cheapfaidh an binse. | |
| [EN] |
Srian le dliteanas eadránaithe, etc. |
12. —(1) Ní bheidh eadránaí faoi dhliteanas i leith aon ní a bheidh déanta nó fágtha gan déanamh i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar eadránaí mura suífear gur de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh. |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le fostaí, gníomhaire nó comhairleoir eadránaí agus maidir le saineolaí a cheapfar faoi Airteagal 26, mar atá feidhm aige maidir leis an eadránaí. | |
| [EN] | (3) Ní bheidh institiúid eadrána nó institiúid nó duine eile a shonróidh na páirtithe, nó ar a ndéanfaidh na páirtithe iarraidh, chun eadránaí a cheapadh nó a ainmniú faoi dhliteanas i leith aon ní a bheidh déanta nó fágtha gan déanamh i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe na feidhme sin mura suífear gur de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh. | |
| [EN] | (4) Ní bheidh institiúid eadrána nó institiúid nó duine eile a mbeidh eadránaí ceaptha nó ainmnithe aige nó aici faoi dhliteanas i leith aon ní a bheidh déanta nó fágtha gan déanamh ag an eadránaí (nó ag fostaithe nó gníomhairí an eadránaí) i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar eadránaí. | |
| [EN] | (5) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) maidir le fostaí nó gníomhaire institiúide eadrána nó institiúide nó duine eile mar atá feidhm acu maidir leis an institiúid nó an duine féin. | |
| [EN] | (6) Beidh na pribhléidí agus na díolúintí céanna ag finné a thugann fianaise in imeachtaí os comhair binse eadrána atá ag finnéithe in imeachtaí os comhair na hArd-Chúirte. | |
| [EN] | (7) Beidh na pribhléidí agus na díolúintí céanna ag duine— | |
| [EN] | (a) is abhcóide nó aturnae nó a bhfuil cáilíochtaí aige nó aici a fuarthas i ndlínse eile agus atá comhionann le cáilíochtaí abhcóide nó aturnae, agus | |
| [EN] | (b) a láithreoidh in imeachtaí os comhair binse eadrána, | |
| [EN] | atá ag abhcóidí agus aturnaetha in imeachtaí os comhair na hArd-Chúirte. | |
| [EN] | (8) Beidh na pribhléidí agus na díolúintí céanna dá dtagraítear i bhfo-alt (7) ag duine is gníomhaire paitinní mar a mhínítear in alt 94(3) d'Acht na bPaitinní, 1992, nó gníomhaire cláraithe mar a mhínítear in alt 91(3) d'Acht na dTrádmharcanna, 1996, nuair a bheidh sé nó sí ag láithriú in imeachtaí os comhair binse eadrána maidir leis na hábhair seo a leanas— | |
| [EN] | (a) i gcás gníomhaire paitinní, aon ábhar a bhaineann le haireagán, paitinn, dearadh nó faisnéis theicniúil a chosaint nó aon ábhar a ngabhann bréagthairiscint leis, agus | |
| [EN] | (b) i gcás gníomhaire chláraithe, aon ábhar a bhaineann le trádmharc a chosaint nó aon ábhar a ngabhann bréagthairiscint leis. | |
| [EN] |
Teorainneacha ama maidir le dámhachtain a chur ar ceal. |
13. —Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama a shonraítear in Airteagal 34(3) maidir le hiarratas chun na hArd-Chúirte ar dhámhachtain eadrána a chur ar ceal ar na forais go bhfuil an dámhachtain contrártha do bheartas poiblí an Stáit. |
| [EN] |
Éifeacht dámhachtana. |
14. —(1) Beidh dámhachtain a dhéanfaidh binse eadrána faoi chomhaontú eadrána infhorghníomhaithe sa Stát trí chaingean nó, le cead ón Ard-Chúirt, ar an modh céanna le breithiúnas nó ordú ón gCúirt sin lena bhfuil an éifeacht chéanna agus, má thugtar cead, féadfar breithiúnas a thaifeadadh de réir théarmaí na dámhachtana. |
| [EN] | (2) Measfar, maidir le dámhachtain dá dtagraítear i bhfo-alt (1), go mbeidh sí ina ceangal chun gach críche ar na páirtithe ar eatarthu a rinneadh í, agus, dá réir sin, féadfaidh aon pháirtí de na páirtithe sin seasamh uirthi i modh cosanta, fritháirimh nó eile in aon imeachtaí dlí sa Stát, agus déanfar aon tagairt san alt seo d'fhorghníomhú dámhachtana a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don seasamh ar dhámhachtain den sórt sin. | |
| [EN] | (3) Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, beidh feidhm ag Airteagail 35 agus 36 maidir le horduithe a dhéanfaidh binse eadrána faoi Airteagal 17 amhail is dá mba thagairt d'ordú den sórt sin tagairt in Airteagail 35 nó 36 do dhámhachtain agus beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) dá réir sin. | |
| [EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'aithint nó d'fhorghníomhú dámhachtana— | |
| [EN] | (a) faoi Chuid V den Acht Eadrána, 1954 (dámhachtaintí faoi Choinbhinsiún na Ginéive a chur i bhfeidhm), nó | |
| [EN] | (b) faoi Chodanna III agus IV den Acht Eadrána, 1980 (dámhachtaintí faoi Choinbhinsiúin Nua-Eabhrac agus Washington a fhorghníomhú). | |
| [EN] |
Forálacha idirthréimhseacha. |
15. —(1) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le headráin tráchtála idirnáisiúnta a bheidh tionscanta roimh an lá a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mura rud é— |
| [EN] | (a) go gcuirfear an eadráin i gcrích tar éis an lae sin, agus | |
| [EN] | (b) go gcomhaontóidh na páirtithe go mbeidh feidhm ag an gCuid seo. | |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le headráin tráchtála idirnáisiúnta a thionscnófar an lá a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh nó dá éis— | |
| [EN] | (a) faoi chomhaontú eadrána a dhéanfar an lá sin nó dá éis, nó | |
| [EN] | (b) má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh, faoi chomhaontú eadrána a bheidh déanta roimh an lá sin. | |
| [EN] |
Gan feidhm a bheith ag na hAchtanna Eadrána. |
16. —Faoi réir alt 14 (4), ní bheidh feidhm ag na hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, maidir le headráin lena mbaineann an Chuid seo. |