|
34.—(1) Féadfaidh na páirtithe i gcomhaontú eadrána comhaontú ar chumhachtaí an eadránaí nó an mholtóra maidir le hús a dhámhachtain.
(2) Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, féadfaidh an t-eadránaí nó an moltóir ús simplí nó ús iolraithe a dhámhachtain ó na dátaí, de réir na rátaí agus maille leis na fuílligh a mheasann sé nó sí a fhreagraíonn do cheartas an cháis—
(a) ar iomlán aon mhéid nó ar chuid d'aon mhéid a dhámhfaidh an t-eadránaí nó an moltóir, i leith aon tréimhse suas go dtí dáta na dámhachtana;
(b) ar iomlán aon mhéid nó ar chuid d'aon mhéid a éileofar san eadráin agus a bheidh neamhíoctha i dtosach na headrána ach a bheidh íoctha roimh dhéanamh na dámhachtana, i leith aon tréimhse suas go dtí an dáta íoca.
(3) Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, féadfaidh an t-eadránaí nó an moltóir ús simplí nó ús iolraithe a dhámhachtain ó dháta na dámhachtana (nó aon dáta is déanaí ná sin) go dtí an data íoca, de réir na rátaí agus maille leis na fuílligh a mheasann sé nó sí a fhreagraíonn do cheartas an cháis, ar mhéid neamhíoctha aon dámhachtana (lena n-áirítear dámhachtain úis faoi fho-alt (2) agus dámhachtain costas).
(4) Folaíonn tagairtí san alt seo do mhéid arna dhámhachtain ag eadránaí nó moltóir méid is iníoctha de dhroim dámhachtana dearbhaithe ag an eadránaí nó ag an moltóir.
(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le headráin a bheidh tionscanta roimh an lá a thiocfaidh an tAcht Eadrána (Tráchtáil Idirnáisiúnta), 1998, i ngníomh mura rud é—
(a) go gcuirfear an eadráin i gcrích tar éis an lae sin, agus
(b) go gcomhaontóidh na páirtithe go mbeidh feidhm ag an alt seo.
(6) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le headráin a thionscnófar an lá a thiocfaidh an
tAcht Eadrána (Tráchtáil Idirnáisiúnta), 1998
, i ngníomh nó dá éis—
(a) faoi chomhaontú eadrána a dhéanfar an lá sin nó dá éis, nó
(b) má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh, faoi chomhaontú eadrána a bheidh déanta roimh an lá sin.
(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le headráin arna seoladh ag eadránaí maoine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi
alt 2 den Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960
.”.
|