22 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1998


AN tACHT UM GHÁINNEÁIL AR LEANAÍ AGUS PORNAGRAFAÍOCHT LEANAÍ, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Gáinneáil ar leanaí agus leanbh a ghabháil, etc., chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi.

4.

Cead a thabhairt leanbh a úsáid le haghaidh pornagrafaíochta leanaí.

5.

Pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, a dháileadh, etc.

6.

Pornagrafaíocht leanaí a shealbhú.

7.

Dul isteach, cuardach agus urghabháil.

8.

Forghéilleadh.

9.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

10.

Leasú ar an Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992.

11.

Leasú ar an Acht um Chionta Gnéasacha (Dlínse), 1996.

12.

Leasú ar an Acht um Bannaí, 1997.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí, 1997

1997, Uimh. 16

Na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1992

Na hAchtanna um Chinsireacht Fhoilseachán, 1929 go 1967

An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992

1992, Uimh. 12

An tAcht um Chionta Gnéasacha (Dlínse), 1996

1996, Uimh. 38

Na hAchtanna um Fhístaifeadtaí, 1989 agus 1992

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1998


AN tACHT UM GHÁINNEÁIL AR LEANAÍ AGUS PORNAGRAFAÍOCHT LEANAÍ, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ THOIRMEASC GÁINNEÁIL A DHÉANAMH AR LEANAÍ, NÓ ÚSÁID A BHAINT ASTU, CHUN TEACHT I dTÍR GNÉASACH A DHÉANAMH ORTHU AGUS DÁ THOIRMEASC PORNAGRAFAÍOCHT LEANAÍ A THÁIRGEADH, A SCAIPEADH, A LÁIMHSEÁIL NÓ A SHEALBHÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [29 Meitheamh, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis dháta a rite.

Léiriú

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “closléiriú”—

(a) aon léiriú den sórt sin trí bhíthin téipe, diosca ríomhaire nó ruda eile ónar féidir léiriú den sórt sin a tháirgeadh, agus

(b) aon téip, diosca ríomhaire nó rud eile ar a bhfuil aon léiriú den sórt sin taifeadta;

ciallaíonn “leanbh” duine faoi bhun 17 mbliana d'aois;

ciallaíonn “pornagrafaíocht leanaí”—

(a) aon amharcléiriú—

(i) a thaispeánann duine nó, i gcás doiciméid, a bhaineann le duine is leanbh nó a chuirtear i láthair mar leanbh agus atá ag gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach fhollasach nó a chuirtear i láthair amhail is dá mbeadh sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach fhollasach,

(ii) a thaispeánann duine nó, i gcás doiciméid, a bhaineann le duine is leanbh nó a chuirtear i láthair mar leanbh agus atá ag breathnú ar aon ghníomhaíocht den sórt sin ag aon duine nó daoine nó a chuirtear i láthair amhail is dá mbeadh sé nó sí ag breathnú ar aon ghníomhaíocht den sórt sin ag aon duine nó daoine, nó

(iii) arb é a phríomhthréith limistéar ginitiúil nó anasach linbh a chur i láthair chun críche gnéasaí,

(b) aon chlosléiriú ar dhuine is leanbh nó a léirítear mar leanbh agus atá ag gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach fhollasach nó a léirítear amhail is dá mbeadh sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach fhollasach,

(c) aon amharcléiriú nó closléiriú a mholann, a spreagann nó a chomhairlíonn aon ghníomhaíocht ghnéasach le leanaí ar gníomhaíocht í is cion faoi aon achtachán, nó

(d) aon amharcléiriú nó cur síos ar leanbh, nó aon fhaisnéis a bhaineann le leanbh, a thugann le fios nó arb intuigthe as go bhfuil an leanbh ar fáil lena úsáid nó lena húsáid chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi de réir bhrí alt 3 ,

is cuma conas a rinneadh, nó cén meán ar tríd a rinneadh, an léiriú, an cur síos nó an fhaisnéis a tháirgeadh, a tharchur nó a thabhairt le tuiscint agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, folaíonn sé aon léiriú, cur síos nó faisnéis a bheidh táirgthe le graificí ríomhaire, nó uathu, nó ar aon slí leictreonach nó mheicniúil eile ach ní fholaíonn sé—

(I) aon leabhar nó foilseachán tréimhsiúil a mbeidh scrúdú déanta air ag an mBord um Chinsireacht Fhoilseachán agus nach bhfuil ordú toirmisc i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire faoi na hAchtanna um Chinsireacht Fhoilseachán, 1929 go 1967,

(II) aon scannán a bhfuil deimhniú ginearálta nó deimhniú teoranta i bhfeidhm ina leith faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1992, nó

(III) aon fhís-saothar a bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm ina leith faoi na hAchtanna um Fhístaifeadtaí, 1989 agus 1992;

folaíonn “doiciméad”—

(a) aon leabhar, tréimhseachán nó paimfléad, agus

(b) más cuí, aon téip, diosca ríomhaire nó rud eile ar a bhfuil sonraí stóráilte ar féidir aon doiciméad den sórt sin a dhéanamh díobh;

folaíonn “léiriú fótagrafach” an leagan claonchló chomh maith leis an leagan dearbhchló;

folaíonn “amharcléiriú”—

(a) aon léiriú fótagrafach, léiriú scannáin nó léiriú físeáin, aon fhuaim a ghabhann leo nó aon doiciméad,

(b) aon chóip d'aon léiriú nó doiciméad den sórt sin, agus

(c) aon téip, diosca ríomhaire nó rud eile ar a bhfuil an t-amharcléiriú agus aon fhuaim a ghabhann leis taifeadta.

(2) Déanfar an tagairt do dhuine i mír (a) den mhíniú ar phornagrafaíocht leanaí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhíor atá cosúil le duine agus a gineadh nó a modhnaíodh le graificí ríomhaire nó ar shlí eile, agus, i gcás den sórt sin, déanfar neamhshuim den fhíoras, más fíoras é, gur tréithe de chuid aosaigh roinnt de na príomhthréithe a thaispeántar más é an príomhrud a thugtar le tuiscint ná gur leanbh an fíor a thaispeántar.

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 3 , 4, 56 measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur leanbh atá nó a bhí i nduine, nó go bhfuil nó go raibh duine á chur nó á cur i láthair nó á léiriú mar leanbh, aon tráth más rud é go ndealraíonn sé don chúirt gur leanbh atá nó a bhí sa duine, nó go bhfuil nó go raibh an duine á chur nó á cur i láthair nó á léiriú amhlaidh, an tráth sin.

(4) Chun críocha an Achta seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

(a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo,

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt,

(c) déanfar aon tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, le haon achtachán dá éis nó faoi.

Gáinneáil ar leanaí agus leanbh a ghabháil, etc., chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi.

3. —(1) Aon duine a eagróidh nó a éascóidh go feasach—

(a) dul isteach sa Stát, taisteal tríd an Stát nó imeacht ón Stát ag leanbh chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi, nó

(b) cóiríocht a chur ar fáil do leanbh chun críche den sórt sin le linn dó nó di a bheith sa Stát,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine—

(a) a ghabhfaidh nó a choinneoidh leanbh, nó a shrianfaidh saoirse phearsanta linbh, chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi,

(b) a úsáidfidh leanbh chun críche den sórt sin, nó

(c) a eagróidh nó a éascóidh go feasach gabháil, coinneáil, srianadh nó úsáid den sórt sin,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana a chur air nó uirthi.

(3) San alt seo ciallaíonn “teacht i dtír gnéasach”—

(a) an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun gabháil do striapachas nó do tháirgeadh pornagrafaíochta leanaí,

(b) an leanbh a úsáid le haghaidh striapachais nó chun pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh,

(c) an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht ghnéasach is cion faoi aon achtachán, nó

(d) aon chion den sórt sin a dhéanamh i gcoinne an linbh.

Cead a thabhairt leanbh a úsáid le haghaidh pornagrafaíochta leanaí.

4. —(1) Gan dochar d'alt 3, aon duine, a bhfuil leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád, faoina cheannas nó faoina ceannas nó faoina chúram nó faoina cúram, agus a cheadóidh an leanbh a úsáid chun pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) aon duine is tuismitheoir nó caomhnóir linbh nó a dhlíonn leanbh a chothabháil, toimhdeofar ina leith go bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád agus, amhail idir tuismitheoirí, ní mheasfar tuismitheoir amháin a bheith tar éis scor de choimeád an linbh a bheith aige nó aici de bhíthin amháin gur thréig sé nó sí an tuismitheoir eile agus an leanbh nó nach gcónaíonn sé nó sí leis an tuismitheoir eile agus leis an leanbh,

(b) aon duine a mbeidh leanbh curtha faoina cheannas nó faoina ceannas ag aon duine ag a bhfuil coimeád an linbh, toimhdeofar an leanbh a bheith faoi cheannas an duine chéadluaite, agus

(c) aon duine a fheidhmíonn údarás, nó ag a bhfuil rialú iarbhír, ar leanbh, toimhdeofar an leanbh a bheith faoina chúram nó faoina cúram.

Pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, a dháileadh, etc.

5. —(1) Faoi réir ailt 6(2) agus 6(3), aon duine—

(a) a dhéanfaidh go feasach aon phornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, a dháileadh, a chlóbhualadh nó a fhoilsiú,

(b) a dhéanfaidh go feasach aon phornagrafaíocht leanaí a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol nó a thaispeáint,

(c) a dhéanfaidh go feasach aon fhógrán a fhoilsiú nó a dháileadh ar dócha go dtuigfí as go ndéanann an fógróir nó aon duine eile aon phornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, a dháileadh, a chlóbhualadh, a fhoilsiú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol nó a thaispeáint,

(d) a spreagfaidh aon ghníomhaíocht a luaitear i mír (a), (b)(c) nó a chuirfidh faoi deara nó a éascóidh go feasach aon ghníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh, nó

(e) a shealbhóidh go feasach aon phornagrafaíocht leanaí chun í a dháileadh, a fhoilsiú, a onnmhairiú, a dhíol nó a thaispeáint,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) San alt seo, folaíonn “dáileadh”, i ndáil le pornagrafaíocht leanaí, seilbh uirthi a thabhairt do dhuine eile nó í a chur ar taispeáint nó a thairiscint le go bhfaigheadh duine eile í, agus déanfar an tagairt do “a dháileadh” sa chomhthéacs sin a fhorléiriú dá réir sin.

Pornagrafaíocht leanaí a shealbhú.

6. —(1) Gan dochar d'alt 5(1)(e) agus faoi réir fho-ailt (2) agus (3), aon duine a shealbhóidh go feasach aon phornagrafaíocht leanaí beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 5 (1)fo-alt (1) maidir le duine a shealbhóidh pornagrafaíocht leanaí—

(a) i bhfeidhmiú feidhmeanna faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1992, faoi na hAchtanna um Chinsireacht Fhoilseachán, 1929 go 1967, nó faoi na hAchtanna um Fhístaifeadtaí, 1989 agus 1992, nó

(b) chun cionta faoin Acht seo a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2), is cosaint é don chúisí, in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 5 (1) nó faoi fho-alt (1), a chruthú gur shealbhaigh sé nó sí an phornagrafaíocht leanaí lena mbaineann chun críocha taighde bona fide.

Dul isteach, cuardach agus urghabháil.

7. —(1) Más rud é, ar fhaisnéis faoi mhionn a fháil ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná sáirsint, gur deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche go bhfuil forais réasúnacha ann le drochamhras a bheith ann go bhfuil fianaise ar chion faoi alt 3 , 4, 56, nó maidir le cion den sórt sin, le fáil in áit a shonraítear san fhaisnéis, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint chun an áit sin agus aon duine a gheofar san áit sin a chuardach.

(2) Le haon bharántas a eiseofar faoin alt seo, údarófar do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána, ina aonar nó ina haonar nó in éineacht le cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána agus cibé daoine eile is gá—

(a) dul isteach, laistigh de 7 lá ó dháta an bharántais, san áit a bheidh ainmnithe sa bharántas agus forneart réasúnach a úsáid chuige sin más gá,

(b) an áit sin agus aon daoine a gheofar ansin a chuardach, agus

(c) aon rud a gheofar ansin, nó aon rud a gheofar i seilbh aon duine a bheidh i láthair ansin tráth an chuardaigh, a urghabháil, ar rud é a gcreideann an comhalta sin le réasún ina leith gur fianaise é ar chion faoi alt 3 , 4, 56, nó maidir le cion den sórt sin.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, le linn dó nó di gníomhú de réir barántais arna eisiúint faoin alt seo, a cheangal ar aon duine a gheofar san áit ina ndéantar an cuardach a ainm agus a sheoladh, nó a hainm agus a seoladh, a thabhairt don chomhalta.

(4) Aon duine—

(a) a chuirfidh bac, nó a fhéachfaidh le bac a chur, ar aon chomhalta den Gharda Síochána le linn dó nó di gníomhú de réir barántais arna eisiúint faoi fho-alt (1),

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh, nó

(c) a thabharfaidh ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon duine a ghabháil gan bharántas i gcás drochamhras a bheith ag an gcomhalta go bhfuil cion faoi fho-alt (4) déanta ag an duine sin.

(6) San alt seo folaíonn “áit” aon teaghais, aon fhoirgneamh nó aon chuid d'fhoirgneamh agus aon fheithicil, soitheach nó déanmhas.

Forghéilleadh.

8. —(1) Féadfaidh an chúirt a chiontóidh duine, nó a gciontófar duine os a comhair, i gcion faoi alt 3 , 4, 56 a ordú go ndéanfar—

(a) aon rud a urghabhfar de bhun alt 7 , nó

(b) aon rud a suífear ina leith chun sástacht na cúirte go bhfuil baint aige leis an gcion,

a fhorghéilleadh agus é a dhíothú nó a dhiúscairt thairis sin i cibé slí a chinnfidh an chúirt.

(2) Ní ordóidh cúirt go ndéanfar aon rud a fhorghéilleadh faoin alt seo má dhéanann aon duine a éilíonn gurb é úinéir an ruda sin é nó í nó go bhfuil leas aige nó aici ann ar shlí eile iarratas go dtabharfaidh an chúirt éisteacht dó nó di, mura rud é go mbeidh deis tugtha dó nó di chun cúis a shuíomh le nach ceart an t-ordú a dhéanamh.

(3) Ní bheidh éifeacht le hordú faoin alt seo go dtí go mbeidh an gnáth-am chun achomharc a thionscnamh i gcoinne an chiontaithe nó an ordaithe lena mbaineann dulta in éag nó, i gcás ina dtionscnófar achomharc den sórt sin, go dtí go gcinnfear go críochnaitheach nó go dtréigfear an t-achomharc sin nó aon achomharc breise nó go dtí go mbeidh an gnáth-am chun aon achomharc breise a thionscnamh dulta in éag.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

9. —(1) I gcás cion faoi alt 3 , 4, 56 a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail chéanna de chuid an chomhlachta sin, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistiú ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta den chomhlacht sin i dtaca le feidhmeanna bainistíochta an chomhalta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir den chomhlacht é nó í.

Leasú ar an Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992.

10. —Leasaítear leis seo an tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992, in alt 12—

(a) trí “nó” a scriosadh i mír (b) san áit dheireanach a bhfuil sé agus trí “a ghríosú, nó” a chur in ionad “a ghríosú.” i mír (c), agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) le cion faoi alt 3 , 4, 56 den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 .”.

Leasú ar an Acht um Chionta Gnéasacha (Dlínse), 1996.

11. —Leasaítear leis seo an tAcht um Chionta Gnéasacha (Dlínse), 1996, sa Sceideal a ghabhann leis, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9:

“10. Alt 3 den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 .

11. Alt 4 den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 .”.

Leasú ar an Acht um Bannaí, 1997.

12. —Leasaítear leis seo an tAcht um Bannaí, 1997, sa Sceideal a ghabhann leis, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 12:

“12A. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998

(a) alt 3 (gáinneáil ar leanaí agus leanbh a ghabháil, etc., chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi);

(b) alt 5 (pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, a dháileadh, etc.).”.