An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III An Chuideachta d'Aistriú Maoine agus do Dhéanamh Oibreacha)

24 1998

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998

CUID II

Scairchaipiteal agus Forálacha Airgeadais

Scairchaipiteal na cuideachta.

9. —(1) Is é a bheidh i scairchaipiteal údaraithe na cuideachta cibé méid a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, arna roinnt i scaireanna £1 an ceann.

(2) Ní eiseofar scaireanna i scairchaipiteal na cuideachta gan toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

An chuideachta d'eisiúint scaireanna chuig an Aire Airgeadais.

10. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá dílseacháin chun críocha an Achta seo a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an Achta seo.

(2) Déanfaidh an chuideachta, a luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin, i gcomaoin—

(a) an tAire Airgeadais do ghéilleadh don chuideachta na scaireanna go léir arna sealbhú aige nó aici i scairchaipiteal na cuideachta, agus

(b) an tAire Airgeadais agus na daoine a shealbhaíonn scaireanna ar iontaobhas dó nó di i scairchaipiteal na cuideachta do ghéilleadh don chuideachta na scaireanna go léir arna sealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais i scairchaipiteal na cuideachta,

cibé líon scaireanna láníoctha i scairchaipiteal na cuideachta ar comhionann a n-ainmluach le luach shócmhainní na cuideachta lúide dliteanais na cuideachta arna sonrú i gclár comhardaithe na cuideachta ar an lá dílseacháin a eisiúint chuig an Aire Airgeadais gan íocaíocht uaidh nó uaithi.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, faoi réir an Achta seo, i leith scaireanna na cuideachta arna sealbhú aige nó aici, na cearta agus na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh sé nó sí an céanna a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, chun cibé méid d'Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh lena gceanglaítear go mbeidh líon íosta comhaltaí den chuideachta ann i gcónaí, ceann amháin dá scaireanna i scairchaipiteal na cuideachta a aistriú chuig aon duine.

Oibleagáid scairshealbhóirí áirithe scaireanna a shealbhú ar iontaobhas.

11. —(1) Déanfaidh duine a n-aistreofar scair i scairchaipiteal na cuideachta chuige nó chuici faoi alt 10 (4) an scair sin sa chuideachta a shealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais agus déanfaidh sé nó sí, de réir mar a cheanglóidh agus nuair a cheanglóidh an tAire Airgeadais air nó uirthi, an scair a aistriú chuig an Aire sin nó chuig duine a ainmneoidh an tAire sin chuige sin, ach ní dhéanfaidh sé nó sí a scair i scairchaipiteal na cuideachta a aistriú nó a choimhthiú ach amháin de réir an fho-ailt seo.

(2) I gcás ina bhfaighidh comhalta den chuideachta bás nó ina scoirfidh sé nó sí ar shlí eile de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chuideachta, dílseoidh an scair i scairchaipiteal na cuideachta arna sealbhú ag an gcomhalta sin, gan aistriú a bheith riachtanach, don Aire Airgeadais.

Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.

12. —(1) Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgead eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna a bheidh á sealbhú aige nó aici i scairchaipiteal na cuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgead eile a gheobhaidh duine i leith scaire a shealbhaíonn sé nó sí i scairchaipiteal na cuideachta, arna haistriú chuige nó chuici faoi fho-alt (4) d'alt 10 a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

An chuideachta agus fochuideachtaí d'fháil iasachtaí.

13. —(1) Féadfaidh an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit), trí bhintiúir a eisiúint nó ar shlí eile.

(2) Féadfaidh an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta airgead a fháil ar iasacht go sealadach (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) ach, aon tráth áirithe, ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí airgid a gheofar faoin bhfo-alt seo thar cibé méid a shonróidh an tAire le hordachán, le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Maidir leis na téarmaí ar a bhféadfaidh an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta airgead a fháil ar iasacht, féadfaidh forálacha chun an t-airgead go léir nó cuid den airgead a gheofar ar iasacht agus aon oibleagáid airgeadais ghaolmhar, lena n-áirítear an t-ús ar an gcéanna, a mhuirearú ar gach maoin, is cuma cén cineál, ar sócmhainní an chomhlachta sin de thuras na huaire í, nó ar aon mhaoin áirithe, agus forálacha ag bunú thosaíocht na muirear sin eatarthu a bheith iontu.

(4) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a gheofar ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit measfar gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead iarbhír a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta malairte, tráth an airgid a fháil ar iasacht, don airgeadra sin agus d'airgeadra an Stáit.

(5) Ní rachaidh comhiomlán an airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar £250 milliún aon tráth áirithe.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta, an méid a shonraítear i bhfo-alt (5) a athrú le hordú.