|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Scairchaipiteal agus Forálacha Airgeadais) | Ar Aghaidh (CUID IV Riarachán na Cuideachta) |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III An Chuideachta d'Aistriú Maoine agus do Dhéanamh Oibreacha | |
| [EN] |
Talamh agus maoin eile a aistriú. |
14. —(1) Ar an lá dílseacháin, beidh na tailte go léir a bhí, díreach roimh an lá sin— |
| [EN] | (a) dílsithe don Aire agus á n-úsáid nó beartaithe lena n-úsáid— | |
| [EN] | (i) i dtaca le feidhm de chuid an Aire a fhreagraíonn d'fheidhm a thugtar don chuideachta le halt 16, nó | |
| [EN] | (ii) i dtaca le seirbhísí teirminéil a chur ar fáil ag aerfort, | |
| [EN] | nó | |
| [EN] | (b) ar seilbh ar iontaobhas ag an gcuideachta don Aire, | |
| [EN] | (ar tailte iad a chuimsíonn na haerfoirt ar a dtugtar Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Chorcaí agus Aerfort na Sionna) agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis na tailte sin, gan aon tíolacas nó sannadh agus, faoi réir fho-alt (2), arna ndílsiú don chuideachta i leith an eastáit nó an leasa uile sa chéanna a bhí dílsithe don Aire díreach roimh an lá dílseacháin ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear do na tailte agus atá ar marthain agus inchomhlíonta. | |
| [EN] | (2) Ní oibreoidh fo-alt (1) chun aon mhianraí nó aon chearta mianadóireachta nó cearta ar thógáil mianraí a dhílsiú don chuideachta. | |
| [EN] | (3) Ar an lá dílseacháin beidh gach maoin, seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, a bhí, díreach roimh an lá sin— | |
| [EN] | (a) dílsithe don Aire, nó | |
| [EN] | (b) ar seilbh ar iontaobhas ag an gcuideachta don Aire, | |
| [EN] | agus á húsáid nó beartaithe lena húsáid i dtaca le feidhm de chuid an Aire a fhreagraíonn d'fheidhm a thugtar don chuideachta le halt 16 arna dílsiú don chuideachta gan aon sannadh. | |
| [EN] | (4) Maidir le gach ábhar i gcaingean a dhílsítear don chuideachta de bhua fho-alt (3), féadfaidh an chuideachta, amhail ar an agus ón lá dílseacháin, agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin dílsiú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean. | |
| [EN] | (5) Ar an lá dílseacháin déanfaidh an chuideachta, maidir leis na tailte agus leis an maoin eile a dhílseofar don chuideachta faoin alt seo, cibé méid a íoc leis an Aire Airgeadais a chinnfidh an tAire Airgeadais, le toiliú an Aire. | |
| [EN] |
Cearta agus dliteanais a aistriú agus buanú léasanna, ceadúnas agus ceadanna arna ndeonú ag an Aire. |
15. —(1) Beidh gach ceart agus dliteanas de chuid an Aire a thig de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a bheidh déanta aige nó aici roimh an lá dílseacháin i ndáil le feidhm de chuid an Aire a fhreagraíonn d'fheidhm a thugtar don chuideachta le halt 16 arna aistriú chuig an gcuideachta ar an lá sin. |
| [EN] | (2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an gcuideachta le fo-alt (1), féadfaidh an chuideachta, ar an lá dílseacháin agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú, nó féadfar an céanna a dhéanamh i gcoinne na cuideachta, ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra i dtaobh an aistrithe sin a thabhairt don duine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid nó dá cuid leis an bhfo-alt sin. | |
| [EN] | (3) Gach léas, ceadúnas, cead slí nó cead a dheonóidh an tAire i ndáil le talamh nó maoin eile a dhílseofar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé i bhfeidhm amhail is dá mba gur dheonaigh an chuideachta é. | |
| [EN] |
Cumhacht na cuideachta aerfoirt a bhainistiú, a fhorbairt agus a bhunú. |
16. —(1) Déanfaidh an chuideachta na haerfoirt a dhílseofar di le halt 14 agus aon aerfort eile a bhunóidh an chuideachta nó a bheidh ar úinéireacht aici, ó am go ham, de bhun fho-alt (3) a bhainistiú agus a fhorbairt. |
| [EN] | (2) Áiritheoidh an chuideachta go soláthrófar cibé seirbhísí agus saoráidí is gá, i dtuairim na cuideachta, chun aerfort Stáit a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt lena n-áirítear bóithre, droichid, tolláin, bealaí rochtana, oibreacha soláthair uisce agus príomhphíopaí uisce, oibreacha gáis agus píblínte gáis, séaraigh agus oibreacha diúscartha séarachais, línte leictreachais, saoráidí teileachumarsáide, soilse agus comharthaí, gaireas, trealamh, foirgnimh agus cóiríocht d'aon chineál ar bith. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an chuideachta, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire, aerfort nua a bhunú nó teacht chun bheith ina húinéir go hiomlán nó go páirteach, nó ina bainisteoir, ar aerfort láithreach. | |
| [EN] | (4) I gcás ina scoirfidh an tÚdarás de sheirbhísí teirminéil a sholáthar ag aerfort Stáit déanfaidh an chuideachta, le toiliú an Údaráis, a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí sin a sholáthar ag an aerfort sin. | |
| [EN] | (5) Ní dhéanfaidh an tÚdarás a thoiliú faoi fho-alt (4) a choimeád siar go mí-réasúnach. | |
| [EN] | (6) Folaíonn tagairt i bhfo-alt (3) d'aerfort tagairt d'aerfort lasmuigh den Stát. | |
| [EN] |
An chuideachta d'fháil talún. |
17. —(1) Féadfaidh an chuideachta trí chomhaontú nó, de réir an Dara Sceideal, go héigeantach, aon talamh, éasúint, leas i dtalamh nó ceart eile thar thalamh nó aon cheart uisce a fháil le haghaidh aon cheann amháin nó níos mó de na críocha a thuairiscítear in alt 18 . |
| [EN] | (2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), féadfaidh an chuideachta trí chomhaontú nó, de réir an Dara Sceideal, go héigeantach, aon talamh, éasúint, leas i dtalamh nó ceart eile thar thalamh, nó aon cheart uisce nach gá láithreach chun críche a thuairiscítear in alt 18 a fháil más dóigh leis an Aire go bhfuil ionchas réasúnach ann go mbeidh an talamh ag teastáil ón gcuideachta sa todhchaí le haghaidh aon cheann amháin nó níos mó de na críocha a thuairiscítear san alt sin. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin fhorálacha aon Achta eile, ní bheidh aon duine i dteideal aon talamh, éasúint, leas i dtalamh, nó ceart eile i leith talún, is leis an gcuideachta a fháil go héigeantach, nó coimhthiú, foirceannadh, srianadh nó cur isteach ar shlí eile a dhéanamh ar aon cheart de chuid na cuideachta i leith talún den sórt sin, gan comhaontú na cuideachta. | |
| [EN] | (4) Ní bheidh an chuideachta i dteideal aon talamh, éasúint nó ceart eile is leis an Stát nó le húdarás Stáit a fháil go héigeantach. | |
| [EN] |
Na críocha chun a bhféadfaidh an chuideachta talamh a fháil. |
18. —(1) Is iad seo a leanas na críocha chun a bhféadfar talamh a fháil faoi alt 17 : |
| [EN] | (a) aerfort is leis an gcuideachta a leathnú nó a fhorbairt nó aerfort a bhunú; | |
| [EN] | (b) a áirithiú nach ndéanfar aon talamh atá tadhlach le haon aerfort de chuid an Stáit a úsáid i slí a chuirfeadh isteach ar aerárthach, nó ba chúis le contúirt nó damáiste d'aerárthach ag an aerfort sin, ag teacht chun an aerfoirt sin nó ag fágáil an aerfoirt sin; | |
| [EN] | (c) aon fhoirgneamh nó suiteáil a athrú nó a scartáil ar dóigh dó nó di, i dtuairim na cuideachta, bac a dhéanamh nó cur isteach a dhéanamh ar shlí eile, ar loingseoireacht aerárthaí a bheidh ag úsáid aerfoirt Stáit; | |
| [EN] | (d) eitlíocht shibhialta a fhorbairt ag aerfort Stáit; | |
| [EN] | (e) príomhchuspóirí na cuideachta a chur i gcrích. | |
| [EN] |
Ceart na cuideachta chun dul isteach ar thalamh. |
19. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh duine údaraithe dul isteach ar aon talamh, le feithiclí nó gan feithiclí— |
| [EN] | (a) chun suirbhéireacht, fiosrúchán, imscrúdú nó scrúdú atá réamhghabhálach nó teagmhasach le fáil na talún sin a dhéanamh ar an talamh sin, | |
| [EN] | (b) chun suirbhéireacht a dhéanamh ar aon talamh atá tadhlach le talamh nó i gcomharsanacht talún a gheobhaidh an chuideachta nó a bheartaíonn an chuideachta a fháil, | |
| [EN] | (c) chun foirgnimh nó saoráidí a chothabháil, cibé acu atá nó nach bhfuil siad suite ar an talamh sin, ar foirgnimh nó saoráidí iad a bheidh curtha ar fáil ag an gcuideachta ar mhaithe le sábháilteacht agus éifeachtúlacht aeriompair, | |
| [EN] | (d) chun aon fhiosrúchán, imscrúdú nó scrúdú a dhéanamh ar an talamh sin nó cúnamh a thabhairt i gcás tionóisce nó teagmhais a bhaineann le haerárthach a tharlaíonn ar an talamh sin nó ar thalamh atá tadhlach leis an talamh sin nó i gcomharsanacht na talún sin, nó | |
| [EN] | (e) chun a chumasú don chuideachta aon chuid dá feidhmeanna a chur i gcrích. | |
| [EN] | (2) Tabharfaidh an chuideachta fógra réasúnach d'úinéir nó d'áititheoir talún i gcás ina mbeartaítear go rachaidh duine údaraithe isteach ar an talamh sin chun críche a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (e) d'fho-alt (1). | |
| [EN] | (3) I gcás ina dtarlóidh damáiste do mhaoin le linn cumhacht faoin alt seo chun dul isteach ar thalamh a fheidhmiú, déanfaidh an chuideachta cibé cúiteamh i leith an damáiste sin a mheasfaidh sí a bheith réasúnach a íoc le húinéir na maoine. | |
| [EN] | (4) Más rud é go mbeidh díospóid ann i dtaobh na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (a) an bhfuil cúiteamh iníoctha faoin alt seo, | |
| [EN] | (b) réasúntacht an chúitimh sin, nó | |
| [EN] | (c) an duine lena bhfuil an cúiteamh sin iníoctha, | |
| [EN] | déanfar an ní a chur faoi bhráid eadránaí a cheapfar faoi Acht 1919 agus déanfaidh an t-eadránaí sin é a chinneadh faoi réim agus de réir an Achta sin. | |
| [EN] |
Cumhacht chun uisce a dhíol. |
20. —(1) Féadfaidh an chuideachta uisce a dhíol as aon oibreacha soláthair uisce arna gcothabháil aici. |
| [EN] | (2) D'ainneoin aon ní atá sa Waterworks Clauses Act, 1847, nó sa Waterworks Clauses Act, 1863, féadfaidh an chuideachta, as uisce a sholáthróidh údarás sláintíochta di, an t-uisce arna sholáthar amhlaidh a dhíol, le toiliú an údaráis sláintíochta sin, le haon duine agus, chun na críche sin, féadfaidh sí píopaí agus gaireas a dhaingniú d'aon phíopaí a úsáidtear chun an t-uisce a sholáthraíonn an t-údarás sláintíochta sin a iompar. | |
| [EN] |
Bóithre poiblí, droichid agus tolláin a chosaint. |
21. —(1) Féadfaidh an chuideachta, i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna a shanntar di le halt 16, aon bhóthar poiblí, bealach rochtana, droichead nó tollán a fháil go héigeantach, a oscailt, a bhriseadh suas, a chlaonadh, a dhúnadh nó a aistriú nó leibhéal an chéanna a athrú, nó cur isteach ar shlí eile ar an gcéanna. |
| [EN] | (2) Más rud é agus aon uair gur gá é, chun feidhmeanna a thugtar di le halt 16 a fheidhmiú, go ndéanfaidh an chuideachta aon bhóthar poiblí, bealach rochtana, droichead nó tollán a dhúnadh don trácht, déanfaidh an chuideachta, le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás bóithre iomchuí— | |
| [EN] | (a) bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán sealadach a thógáil agus a chothabháil (cibé acu ar thalamh is leis an gcuideachta nó nach ea) i ngarchomharsanacht an bhóthair phoiblí, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin sin nó in ionad caoithiúil éigin eile atá in ann, ar feadh ré an dúnta sin, trácht de cibé méid agus de cibé gné a d'úsáidfeadh an bóthar poiblí, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán sin de ghnáth a iompar, nó | |
| [EN] | (b) bealach ionadúil a fhorordú a úsáidfidh an trácht ar feadh ré an dúnta sin. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an chuideachta, ar chríochnú nó roimh chríochnú oibreacha den sórt sin is cúis le dúnadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás bóithre iomchuí, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá— | |
| [EN] | (a) an bóthar, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán dúnta a athbhunú, | |
| [EN] | (b) bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán nua buan a thógáil san ionad céanna nó in ionad caoithiúil éigin eile a bheidh in ann trácht a iompar de cibé méid agus de cibé gné a bhí an bóthar poiblí, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán sin, sular dúnadh é, in ann a iompar agus nach lú a chaoithiúlacht, maidir le grádán agus cuar, go feadh méid shuntasaigh, ná caoithiúlacht an bhóthair, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin dhúnta sin maidir leis na nithe sin, nó | |
| [EN] | (c) bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán láithreach ionadúil a fheabhsú (trí atógáil, leathnú nó ar shlí eile) ionas go mbeidh sé in ann an trácht a iompar ar dócha dó é a úsáid agus nach lú a chaoithiúlacht, maidir le grádán agus cuar, go feadh méid shuntasaigh, ná caoithiúlacht an bhóthair phoiblí, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin dhúnta sin maidir leis na nithe sin. | |
| [EN] | (4) I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán buan a thógáil ar mó go mór an buntáiste a thugann sé d'úsáideoirí ná an bóthar poiblí, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán bunaidh, déanfaidh cibé údarás bóithre nó údaráis bhóithre a ordóidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil cibé cuid de chostas tógála an bhóthair, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin sin a iompar agus a íoc leis an gcuideachta, agus i gcás dhá údarás bóithre nó níos mó den sórt sin, de réir cibé comhréireanna a ordóidh an tAire sin tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta. | |
| [EN] | (5) I gcás inar gá claífort nó obair den tsamhail chéanna nó droichead nó tollán a thógáil le linn don chuideachta bóthar nó bealach rochtana nua a thógáil agus gurb é tuairim an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil gur ceart don chuideachta cuid de chostas cothabhála an chlaífoirt, na hoibre den tsamhail chéanna, an droichid nó an tolláin sin (seachas dromchla an bhóthair) a iompar, íocfaidh an chuideachta cibé cuid den chostas sin a ordóidh an tAire sin, tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta. | |
| [EN] | (6) Ní dhéanfar toiliú i scríbhinn faoin alt seo a choimeád siar go mí-réasúnach agus féadfar é a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe sa toiliú. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an chuideachta comhaontú a dhéanamh le húdarás bóithre chun go ndéanfaidh an t-údarás bóithre sin aon ní a n-údaraítear don chuideachta le fo-alt (1) é a dhéanamh agus féadfaidh sí a chomhaontú thairis sin íocaíocht a dhéanamh leis an údarás bóithre sin in aghaidh nó faoi chomhair an chostais a ghabhann le déanamh an ní sin ag an údarás bóithre sin. |