|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III An Chuideachta d'Aistriú Maoine agus do Dhéanamh Oibreacha) | Ar Aghaidh (CUID V Forálacha i nDáil le Rialáil Aerfort) |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Riarachán na Cuideachta | |
| [EN] |
Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais. |
22. —(1) Déanfaidh an chuideachta agus a fochuideachtaí cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun a meabhráin agus a n-airteagail chomhlachais a athrú d'fhonn iad a chur ar comhréir leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na cuideachta bailí ná éifeachtach mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (3) Forálfar in airteagail chomhlachais na cuideachta— | |
| [EN] | (a) nach mó ná 9 líon stiúrthóirí na cuideachta; | |
| [EN] | (b) go gceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach stiúrthóir díobh sin; | |
| [EN] | (c) go ndéanfar gach stiúrthóir díobh sin a cheapadh go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana agus go mbeidh siad inathcheaptha; | |
| [EN] | (d) go mbeidh triúr de stiúrthóirí na cuideachta ina ndaoine a cheapfar faoi na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, agus a bheidh toilteanach glacadh le hoifig; | |
| [EN] | (e) go bhféadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach stiúrthóir díobh sin a chur as oifig; | |
| [EN] | (f) go mbeidh gach stiúrthóir díobh sin i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais; | |
| [EN] | (g) nach ndéanfaidh an chuideachta ná fochuideachta de chuid na cuideachta fochuideachta a bhunú nó a fháil, ná ráthaíocht a thabhairt ar iasachtaí nó ar dhliteanais fochuideachta, gan ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais; | |
| [EN] | (h) nach rachaidh an méid comhiomlán a bheidh arna infheistiú (trí cheannach scaireanna nó trí sholáthar iasachtaí nó ráthaíochtaí ar iasachtaí) ag an gcuideachta agus a fochuideachtaí i ngnóthais (seachas fochuideachtaí de chuid na cuideachta) thar cibé méid a chinnfidh an tAire ó am go ham, le ceadú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (4) Ní fholóidh tagairt i mír (b) d'fho-alt (3) tagairt d'fhostaístiúrthóir. | |
| [EN] | (5) D'ainneoin aon ní san alt seo, leanfaidh duine, a bhí i seilbh oifige mar stiúrthóir den chuideachta roimh thosach feidhme an Achta seo, in oifig mar stiúrthóir den sórt sin, faoi réir alt 33 agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh é nó í, go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh é nó í, amhail is nár ritheadh an tAcht seo. | |
| [EN] |
Príomhchuspóirí na cuideachta. |
23. —(1) Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na cuideachta, agus luafar i meabhrán comhlachais na cuideachta gurb iad príomhchuspóirí na cuideachta ná— |
| [EN] | (a) aerfoirt a bheith ar úinéireacht aici, go hiomlán nó go páirteach, nó bainistiú a dhéanamh ar aerfoirt, ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile, cibé acu atá nó nach bhfuil na haerfoirt sin laistigh den Stát, | |
| [EN] | (b) gach beart cuí a dhéanamh maidir le sábháilteacht, slándáil, bainistiú, rialú, rialáil, oibriú, margú agus forbairt a cuid aerfort, | |
| [EN] | (c) cibé saoráidí, seirbhísí, cóiríocht agus tailte a chur ar fáil, ag aerfoirt a bheidh ar úinéireacht nó á mbainistiú ag an gcuideachta, d'aerárthaí, do phaisinéirí, do lasta agus do phost a mheasfaidh sí a bheith riachtanach, | |
| [EN] | (d) infheistíocht a chur chun cinn ag a haerfoirt, | |
| [EN] | (e) gabháil d'aon ghníomhaíocht ghnó, ina haonar nó i gcomhar le daoine eile agus laistigh den Stát nó lasmuigh de, a mheasfaidh sí a bheith buntáisteach d'fhorbairt na cuideachta, agus | |
| [EN] | (f) na daon-acmhainní agus na hábhar-acmhainní a bheidh ar fáil di a úsáid, a bhainistiú agus a fhorbairt ar shlí a bheidh i gcomhréir leis na cuspóirí réamhráite. | |
| [EN] | (2) Ní choiscfidh nó ní shrianfaidh aon ní san alt seo na cuspóirí agus na cumhachtaí sin uile, a bheidh riachtanach nó cuí le réasún chun príomhchuspóirí na cuideachta a bhaint amach go cuí, nó a bheidh comhghabhálach nó coimhdeach leis sin, agus nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, a chur san áireamh i measc chuspóirí na cuideachta mar atá luaite ina meabhrán comhlachais. | |
| [EN] | (3) Beidh cumhacht ag an gcuideachta aon ní a dhéanamh is dóigh léi a bheith riachtanach, buntáisteach nó comhghabhálach maidir le comhlíonadh a feidhmeanna aici, nó is dóigh léi a éascóidh, go díreach nó go neamhdhíreach, comhlíonadh a feidhmeanna aici, mar a shonraítear san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais iad, agus nach bhfuil ar neamhréir le haon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
| [EN] |
Dualgais ghinearálta na cuideachta. |
24. —(1) Is é dualgas ginearálta na cuideachta— |
| [EN] | (a) a cuid gnóthaí a sheoladh ionas go n-áirithítear nach mbeidh ioncaim na cuideachta, agus blianta a ghlacadh le chéile, níos lú ná méid is leor— | |
| [EN] | (i) chun gach muirear a ghlanadh atá inmhuirearaithe go cuí ar a cuntas ioncaim, | |
| [EN] | (ii) chun comhréir réasúnach den chaipiteal a theastaíonn uaithi a ghiniúint, agus | |
| [EN] | (ii) chun a caipiteal a chúiteamh agus ús a íoc ar a hiasachtaí agus a hiasachtaí a aisíoc, | |
| [EN] | (b) cibé bearta a ghlacadh, ina haonar nó i gcomhar le daoine eile, a bheidh riachtanach maidir le hoibriú éifeachtach, sábháilteacht, bainistiú agus forbairt a haerfort, | |
| [EN] | (c) a gnó a sheoladh gach uile thráth ar shlí chost-éifeachtach, agus | |
| [EN] | (d) oibríochtaí a rialáil laistigh dá haerfoirt. | |
| [EN] | (2) Ní dhéanfar aon ní in alt 23 , san alt seo ná i meabhrán comhlachais na cuideachta a fhorléiriú mar ní a fhorchuireann ar an gcuideachta, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chineál dualgais nó dliteanais is infheidhmithe le himeachtaí os comhair aon chúirte nach mbeadh sí faoina réir thairis sin. | |
| [EN] | (3) Le linn a feidhmeanna a chomhlíonadh, tabharfaidh an chuideachta aird— | |
| [EN] | (a) ar fhorbairt aeriompair, | |
| [EN] | (b) ar aon treoirlínte beartais, airgeadais nó eile a thabharfaidh an tAire don chuideachta, i ndáil leis na feidhmeanna a thugtar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi, agus | |
| [EN] | (c) ar na caighdeáin sábháilteachta a bhaineann le hoibriú aerárthaí agus le haerloingseoireacht agus a bheidh á bhfeidhmiú agus á gcur chun feidhme ag an Údarás. | |
| [EN] |
Feidhmeanna breise a thabhairt don chuideachta. |
25. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire eile den Rialtas (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí, le hordú, cibé feidhmeanna breise a bhainfidh le feidhmeanna na cuideachta de thuras na huaire a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí a thabhairt don chuideachta, ach sin faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonrófar san ordú. |
| [EN] | (2) Féadfaidh cibé forálacha comhghabhálacha agus forlíontacha is gá, i dtuairim an Aire, chun lánéifeacht a thabhairt d'ordú faoin alt seo a bheith san ordú. | |
| [EN] |
Cuid d'aerfoirt na cuideachta a leithreasú chuig úsáid daoine eile. |
26. —(1) Féadfaidh an chuideachta aon chuid d'aerfort a bheidh dílsithe di le halt 14 nó a bheidh ar úinéireacht ag an gcuideachta nó á bhainistiú aici de réir alt 16 a leithreasú chuig úsáid aon duine chun críocha aon trádála, gairme nó gníomhaíochta eile i gcomaoin cibé muirir a íoc léi agus de réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an chuideachta a bheith réasúnach. |
| [EN] | (2) Ní bheidh aon duine i dteideal a bheith ag gabháil d'aon trádáil nó gairm in aerfort dá dtagraítear i bhfo-alt (1) gan toiliú na cuideachta. | |
| [EN] | (3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (2) ciontach i gcion. | |
| [EN] |
Cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí. |
27. —(1) Ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cathaoirleach bhord stiúrthóirí na cuideachta (dá ngairtear “an cathaoirleach” anseo ina dhiaidh seo san Acht seo). |
| [EN] | (2) Ceapfar an cathaoirleach go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire an cathaoirleach a chur as oifig aon tráth, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (4) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (5) Duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar chathaoirleach na cuideachta (cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear amhlaidh é nó í), leanfaidh sé nó sí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh an duine sin, in oifig mar chathaoirleach go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh an duine sin amhail is nár ritheadh an tAcht seo. | |
| [EN] |
Stiúrthóirí agus cathaoirligh fochuideachtaí don chuideachta. |
28. —(1) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, déanfaidh an cathaoirleach na stiúrthóirí de bhord aon fhochuideachta, a shonróidh an tAire le hordachán i scríbhinn, a cheapadh, agus féadfaidh sé nó sí iad a chur as oifig, le toiliú an Aire roimh ré i scríbhinn. |
| [EN] | (2) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, féadfar an cathaoirleach (cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear amhlaidh é nó í), ar a ainmniúchán nó ar a hainmniúchán féin, agus le toiliú an Aire i scríbhinn, a cheapadh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar fhochuideachta agus féadfaidh an tAire é nó í a chur as oifig. | |
| [EN] | (3) Duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar stiúrthóir nó mar chathaoirleach (cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear amhlaidh é nó í) ar an mbord stiúrthóirí d'fhochuideachta, leanfaidh sé nó sí, faoi réir alt 33 agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh an duine sin, in oifig mar stiúrthóir nó mar chathaoirleach go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh an duine sin mar stiúrthóir nó mar chathaoirleach amhail is nár ritheadh an tAcht seo. | |
| [EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “fochuideachta” cuideachta a bhfuil na scaireanna eisithe go léir ina scairchaipiteal á sealbhú ag an gcuideachta nó thar ceann na cuideachta. | |
| [EN] |
Príomhfheidhmeannach. |
29. —(1) Beidh príomhfheidhmeannach ag an gcuideachta (ar a dtabharfar agus dá ngairtear “an Príomhfheidhmeannach” san alt seo). |
| [EN] | (2) Ceapfaidh stiúrthóirí na cuideachta an Príomhfheidhmeannach agus féadfaidh siad é nó í a chur as oifig. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin aon ní san alt seo, leanfaidh an duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar Phríomhfheidhmeannach na cuideachta, in oifig mar Phríomhfheidhmeannach go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh an duine sin amhail is nár ritheadh an tAcht seo. | |
| [EN] | (4) Beidh an Príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoina réir (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil le luach saothair agus liúntais) a chinnfidh stiúrthóirí na cuideachta, le toiliú an Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (5) Beidh an Príomhfheidhmeannach ina stiúrthóir, ex officio, den chuideachta. | |
| [EN] |
Cuntais agus iniúchadh. |
30. —(1) Gan dochar do cheanglais Achtanna na gCuideachtaí i ndáil le cláir chomhardaithe agus cuntais, coimeádfaidh an chuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair, cuntas ina dtaispeántar díorthú chistí na cuideachta agus na críocha a n-úsáidtear ina leith iad (dá ngairtear “an ráiteas faoi shreabhadh airgid” i bhfo-alt (2)) agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an chuideachta cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) a chur faoi bhráid iniúchóra gach bliain lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfaidh an chuideachta cóipeanna den chuntas sochair agus dochair, an ráiteas faoi shreabhadh airgid, an clár comhardaithe, cibé cuntais eile (más ann) de na cuntais a bheidh á gcoimeád ag an gcuideachta a ordóidh an tAire, tuarascáil an iniúchóra ar na cuntais agus tuarascáil na stiúrthóirí chuig na scairshealbhóirí don bhliain chuntasaíochta a bheidh i gceist, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an chuideachta, má cheanglaíonn an tAire uirthi é, cibé faisnéis a chur ar fáil don Aire a bheidh ag teastáil uaidh nó uaithi i leith aon chláir comhardaithe nó cuntais eile nó i leith aon tuarascála ón gcuideachta nó ó aon fhochuideachta dá cuid nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí (seachas oibríochtaí ó lá go lá) na cuideachta nó aon fhochuideachta dá cuid. | |
| [EN] |
Tuarascáil an chathaoirligh. |
31. —(1) Déanfaidh an cathaoirleach, díreach tar éis iniúchadh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 30, tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire faoi ghníomhaíochtaí na cuideachta agus faoi ghníomhaíochtaí aon fhochuideachtaí le linn na bliana sin. |
| [EN] | (2) Áireofar i dtuarascáil faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) ráiteas faoi gach forbairt shuntasach a bhfuil baint ag an gcuideachta léi agus a tharla an bhliain sin (lena n-áirítear an chuideachta d'fháil scaireanna nó do bhunú fochuideachtaí), | |
| [EN] | (b) tuairisc ar na nithe a cheapann an cathaoirleach a éireoidh an bhliain chuntasaíochta díreach tar éis na bliana sin (nó, i gcás a measfaidh an cathaoirleach é a bheith oiriúnach in aon chás áirithe, aon bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin) a d'fhéadfadh difear a dhéanamh go feadh aon mhéid shuntasaigh don chuideachta, | |
| [EN] | (c) ráiteas, de réir mar is fearr is eol don chathaoirleach nó mar a chreideann sé nó sí, i dtaobh ar comhlíonadh gach ceann de na nithe seo a leanas, maidir leis an gcuideachta, nó ar cloíodh leo, eadhon— | |
| [EN] | (i) ceanglais an Achta seo nó aon achtacháin eile i ndáil le cuntais na cuideachta agus ráitis i dtaobh ghnóthaí airgeadais na cuideachta, | |
| [EN] | (ii) treoirlínte arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais, i ndáil le cuntais fiontar Stáit nó ráitis i leith ghnóthaí airgeadais na cuideachta, | |
| [EN] | (iii) alt 34 , | |
| [EN] | (iv) aon chód cleachtais do stiúrthóirí agus comhaltaí foirne fiontar Stáit arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais, | |
| [EN] | (v) rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , nó treoirlínte arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais, i ndáil le húdarás poiblí do dhéanamh conartha le haon duine maidir leis an duine sin do sholáthar earraí nó seirbhísí don údarás sin, | |
| [EN] | (vi) aon treoirlínte arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais i ndáil leis an luach saothair a bheidh le híoc ag fiontair Stáit lena bpríomhfheidhmeannaigh, | |
| [EN] | (d) i gcás ina luafar nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na nithe dá dtagraítear i mír (c), míniú (a mhéid atá an cathaoirleach in ann míniú a thabhairt) ar an gcúis gur mainníodh é nó iad a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (3) San fho-alt seo, ciallaíonn “fiontar Stáit” cuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí) a bhfuil aon scair amháin nó níos mó ina scairshealbhán arna sealbhú ag Aire den Rialtas agus a bhfuil a príomhchuspóirí (mar atá luaite ina meabhrán comhlachais) forordaithe go hiomlán nó go páirteach le reacht. | |
| [EN] |
Scéimeanna aoisliúntais. |
32. —(1) Féadfaidh an chuideachta scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí is cuí léi d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachtaí de chuid na cuideachta (lena n-áirítear an Príomhfheidhmeannach), nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an chuideachta an scéim sin, má cheadaíonn an tAire le toiliú an Aire Airgeadais í, a chur i gcrích de réir a téarmaí. |
| [EN] | (2) Socróidh gach scéim lena mbaineann fo-alt (1) tráth agus coinníollacha scoir gach duine a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
| [EN] | (3) Féadfar gach scéim faoin alt seo, lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar sa tslí chéanna le scéim lena mbaineann fo-alt (1). | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an chuideachta scéim a ullmhóidh an chuideachta agus a chuirfidh sí faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (3), má cheadaíonn an tAire le toiliú an Aire Airgeadais í, a chur i gcrích de réir a téarmaí. | |
| [EN] | (5) Maidir le haon ní san alt seo, ní mheasfar gur ní é lena gcuirtear scéim láithreach ó bhail. | |
| [EN] | (6) Ní dhéanfaidh an chuideachta scéim lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim láithreach a chur i gcrích ach amháin i gcás ina mbeidh sí ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (7) Ní dheonóidh an chuideachta aon sochar aoisliúntais ná ní dhéanfaidh sí aon socruithe eile chun sochar den sórt sin a sholáthar do chomhalta d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, nó ina leith, ach amháin— | |
| [EN] | (a) de réir scéime faoin alt seo nó scéime láithrí, nó | |
| [EN] | (b) le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (8) Déanfaidh an chuideachta, ar thosach feidhme scéime faoi fho-alt (1), ciste a bhunú (dá ngairtear an “ciste nua” san alt seo), arna riaradh ag iontaobhaithe a cheapfaidh an chuideachta, ar ciste é as a n-íocfar sochair aoisliúntais is iníoctha faoin scéim sin. | |
| [EN] | (9) Ar thosach feidhme scéime faoi fho-alt (1) (dá ngairtear an “scéim nua” san alt seo)— | |
| [EN] | (a) na comhaltaí sin agus na hiarchomhaltaí sin d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachtaí de chuid na cuideachta a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, ina gcomhaltaí den tseanscéim, tiocfaidh siad chun bheith, agus beidh siad, ina gcomhaltaí den scéim nua agus scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den tseanscéim, | |
| [EN] | (b) déanfaidh iontaobhaithe na seanscéime méid a bhfuil idir é agus sócmhainní na seanscéime an chomhréir chéanna atá, i dtuairim iontaobhaithe na seanscéime ar chomhairle achtúire na seanscéime, idir na dliteanais faoin seanscéim— | |
| [EN] | (i) i leith na gcomhaltaí den tseanscéim dá dtagraítear i mír (a), agus | |
| [EN] | (ii) i leith comhaltaí éagtha, | |
| [EN] | agus na dliteanais uile faoin tseanscéim, a aistriú ón seanchiste chuig an gciste nua, agus | |
| [EN] | (c) aon tréimhse seirbhíse atá ag duine leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta ar thréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha na seanscéime, measfar gur tréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha na scéime nua. | |
| [EN] | (10) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoin scéim nua do dhaoine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na scéime sin, ina gcomhaltaí den tseanscéim agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin ní lú fabhar iad do na daoine sin ná na sochair, na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh siad ina dteideal faoin tseanscéim. | |
| [EN] | (11) (a) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir iontaobhaithe na seanscéime agus an chuideachta nó cuideachta eile a bheidh rannpháirteach sa tseanscéim maidir leis an méid a aistreofar ón seanchiste chuig an gciste nua faoi fho-alt (9)(b), nó maidir leis an tslí a ríomhadh an méid sin, féadfar an t-ábhar a tharchur chuig duine a ainmneoidh na páirtithe sa díospóid nó, mura féidir leo sin comhaontú i dtaobh an duine a ainmneofar chun na críche sin, chuig duine a ainmneoidh an tAire. | |
| [EN] | (b) Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh duine a ainmneofar faoi mhír (a). | |
| [EN] | (12) Beidh céile, leanbh nó cleithiúnaí comhalta éagtha a bhí, díreach roimh thosach feidhme na scéime nua, i dteideal sochair aoisliúntais a fháil faoin tseanscéim, i dteideal sochair aoisliúntais a fháil faoin scéim nua ar théarmaí agus ar choinníollacha nach lú fabhar don chéile, don leanbh nó don chleithiúnaí sin ná na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis nó léi faoin tseanscéim. | |
| [EN] | (13) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an tAire í a tharchur chuig an Aire Airgeadais le cinneadh a dhéanamh uirthi. | |
| [EN] | (14) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach díobh sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
| [EN] | (15) Déanfaidh iontaobhaithe na seanscéime, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na scéime nua ach faoi réir cheadú an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé leasuithe ar an tseanscéim a mheasfaidh siad a bheith riachtanach de dhroim oibriú an ailt seo. | |
| [EN] | (16) San alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn “comhalta éagtha”, faoi réir fho-alt (17), comhalta éagtha den tseanscéim a bhí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta; | |
| [EN] | ciallaíonn “scéim láithreach”— | |
| [EN] | (a) an tseanscéim, nó | |
| [EN] | (b) scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú d'aon chomhaltaí d'fhoireann Aer Rianta International cuideachta phoiblí theoranta nó Great Southern Hotels Limited, nó ina leith, ar scéim í a bheidh i ngníomh tráth thosach feidhme an Achta seo, agus folaíonn sé, mar a gceadaítear sin sa chomhthéacs, tagairt don scéim sin arna leasú le scéim lena mbaineann fo-alt (6), | |
| [EN] | de réir mar is cuí; | |
| [EN] | ciallaíonn “an seanchiste” an ciste a bunaíodh i leith na seanscéime; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tseanscéim” an scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú d'aon chomhaltaí d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta (seachas Aer Rianta International cuideachta phoiblí theoranta nó Great Southern Hotels Limited), ar scéim í a bheidh i ngníomh tráth thosach feidhme an Achta seo agus folaíonn sé, mar a gceadaítear sin sa chomhthéacs, tagairt don scéim sin arna leasú le scéim lena mbaineann fo-alt (6). | |
| [EN] | (17) San alt seo, ní fholóidh tagairt d'iarchomhaltaí d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, nó do chomhaltaí éagtha, tagairt d'iarchomhaltaí den sórt sin nó do chomhaltaí éagtha den sórt sin, de réir mar a bheidh, a tháinig chun bheith, agus a bhí, tar éis dóibh scor de bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, ina gcomhaltaí d'fhoireann cuideachta, seachas an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, a bhí rannpháirteach sa tseanscéim. | |
| [EN] |
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa. |
33. —(1) Más rud é, maidir le stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta— |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta, de réir mar a bheidh. | |
| [EN] | (2) Más rud é, maidir le duine a bheidh fostaithe ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta— | |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta, de réir mar a bheidh, agus ní íocfaidh an chuideachta nó an fhochuideachta de chuid na cuideachta leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gcuideachta nó ón bhfochuideachta, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach nó den Pharlaimint sin. | |
| [EN] | (3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta nó chun bheith fostaithe i gcáil ar bith ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta. | |
| [EN] | (4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear tréimhse atá luaite ann a ríomh mar sheirbhís leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta chun críocha aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás. | |
| [EN] |
Stiúrthóirí do nochtadh leasanna áirithe. |
34. —(1) Más rud é go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta nó aon fhochuideachta dá cuid, eadhon— |
| [EN] | (a) comhshocraíocht ar páirtí inti an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta nó comhshocraíocht den sórt sin atá beartaithe, | |
| [EN] | (b) conradh nó comhaontú eile leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe, | |
| [EN] | (c) an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do thabhairt, do dheonú nó d'athnuachan deimhnithe, léasa, ceadúnais, údaraithe nó ionstraime ceadaithe, nó | |
| [EN] | (d) an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do chúlghairm, do chealú, d'aistarraingt, d'fhionraí nó d'fhormhuiniú deimhnithe, ceadúnais, údaraithe nó ionstraime ceadaithe, | |
| [EN] | ansin, aon stiúrthóir den chuideachta nó den fhochuideachta chéadluaite atá i láthair ag an gcruinniú agus ag a bhfuil leas, seachas ina cháil nó ina cáil mar stiúrthóir den sórt sin, sa ní ar aon slí, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach— | |
| [EN] | (i) nochtfaidh sé nó sí an leas sin agus cineál an leasa don chuideachta nó don fhochuideachta chéadluaite ag an gcruinniú, | |
| [EN] | (ii) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní, | |
| [EN] | (iii) ní bheidh sé nó sí i láthair ag an gcruinniú nó ag an gcuid sin den chruinniú ar lena linn a phléifear an ní, | |
| [EN] | (iv) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh na stiúrthóirí maidir leis an ní, agus | |
| [EN] | (v) ní vótálfaidh sé nó sí ar chinneadh a bhaineann leis an ní. | |
| [EN] | (2) I gcás ina nochtfar leas de bhun an ailt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an stiúrthóir a dhéanfaidh an nochtadh sa chóram don chruinniú. | |
| [EN] | (3) Más rud é, ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, go n-éireoidh ceist i dtaobh cé acu ab ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe, a mbeidh a chinneadh nó a cinneadh críochnaitheach, an cheist a chinneadh, agus i gcás ina ndéanfar ceist den sórt sin a chinneadh amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe. | |
| [EN] | (4) I gcás inar deimhin leis an Aire gur sháraigh stiúrthóir fo-alt (1), féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, agus le toiliú an Aire Airgeadais, an stiúrthóir sin a chur as oifig agus, i gcás ina gcuirfear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta. | |
| [EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag alt 194 d'Acht 1963 maidir le stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta. | |
| [EN] | (6) Beidh duine a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh ciontach i gcion. | |
| [EN] | (7) Ní mheasfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon riail dlí lena gcuirtear srian ar stiúrthóirí cuideachta aon leas a bheith acu i gconarthaí leis an gcuideachta. | |
| [EN] |
Comhaltaí den fhoireann do nochtadh leasanna áirithe. |
35. —(1) Más rud é, maidir le comhalta d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, go mbeidh leas aige nó aici, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, in aon chonradh, comhaontú nó comhshocraíocht, nó in aon chonradh, comhaontú nó comhshocraíocht a bheidh beartaithe, inar páirtí an chuideachta nó an fhochuideachta nó i ní dá dtagraítear i mír (c) nó (d) d'fho-alt (1) d'alt 34— |
| [EN] | (a) nochtfaidh an duine sin a leas agus cineál an leasa don chuideachta nó don fhochuideachta, de réir mar a bheidh, | |
| [EN] | (b) ní ghlacfaidh an duine sin aon pháirt i gcaibidil an chonartha, an chomhaontaithe nó na comhshocraíochta ná in aon bhreithniú ag stiúrthóirí, nó ag comhaltaí d'fhoireann, na cuideachta nó na fochuideachta i ndáil leis sin nó i ndáil leis an ní a dúradh, agus | |
| [EN] | (c) ní imreoidh an duine sin aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh faoin ní ná ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh i ndáil leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an gcomhshocraíocht nó i ndáil leis an ní a dúradh. | |
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le conarthaí nó conarthaí beartaithe fostaíochta de chuid comhaltaí d'fhoireann na cuideachta leis an gcuideachta, ná de chuid comhaltaí d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta leis an bhfochuideachta sin. | |
| [EN] | (3) Beidh duine a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh ciontach i gcion. | |
| [EN] |
Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda. |
36. —(1) Ní dhéanfaidh duine faisnéis rúnda a nochtadh a bheidh faighte aige nó aici le linn dualgais a chomhlíonadh mar stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta nó mar chomhalta d'fhoireann na cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta, mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an gcuideachta nó ag an bhfochuideachta, de réir mar a bheidh, déanamh amhlaidh. |
| [EN] | (2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion. | |
| [EN] | (3) San alt seo, folaíonn “faisnéis rúnda”— | |
| [EN] | (a) faisnéis a mbeidh sé sainráite ina leith ag an gcuideachta nó ag an bhfochuideachta lena mbaineann gur faisnéis rúnda í maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe, agus | |
| [EN] | (b) tograí de chineál tráchtála nó tairiscintí a chuirfidh conraitheoirí, sainchomhairleoirí nó aon duine eile faoi bhráid na cuideachta. | |
| [EN] |
Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe. |
37. —(1) Aon duine a dhéanfaidh cumarsáid le stiúrthóir nó le comhalta d'fhoireann na cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, nó le comhairleoir nó sainchomhairleoir don chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta, d'fhonn tionchar míchuí a imirt ar a bhreithniú nó a breithniú ar aon ní a bheidh le breithniú nó le cinneadh ag an gcuideachta nó ag an bhfochuideachta, de réir mar a bheidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion. |
| [EN] | (2) Más dóigh le duine lena ndéantar cumarsáid gur sárú an chumarsáid sin ar fho-alt (1), beidh sé de dhualgas air nó uirthi gan aon aird eile a thabhairt ar an gcumarsáid agus cuirfidh sé nó sí ábhar na cumarsáide sin in iúl don chathaoirleach láithreach i scríbhinn agus tabharfaidh an cathaoirleach admháil i scríbhinn go bhfuair sé nó sí an fhaisnéis sin. | |
| [EN] |
An tAire do thabhairt ordachán don chuideachta. |
38. —(1) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don chuideachta á cheangal uirthi— |
| [EN] | (a) cinntí beartais de chineál ginearálta a chomhlíonadh arna ndéanamh ag an Aire i ndáil le feidhmeanna a shannfar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi, nó | |
| [EN] | (b) aon ní a dhéanamh, nó staonadh ó aon ní a dhéanamh, lena mbaineann feidhm de chuid na cuideachta, a mbeidh sé riachtanach nó fóirsteanach ar mhaithe leis an leas náisiúnta, i dtuairim an Aire, é a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh. | |
| [EN] | (2) Má mheasann an chuideachta go rachadh comhlíonadh ordacháin aici faoi fho-alt (1) chun dochair do shábháilteacht aerárthaí, cuirfidh sí an méid sin in iúl don Aire agus don Údarás. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an tAire, le linn ordachán faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm, aird a thabhairt ar aon fhaisnéis a bheidh faighte aige nó aici faoi fho-alt (2). | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an chuideachta ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh. |