|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Riarachán na Cuideachta) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V Forálacha i nDáil le Rialáil Aerfort | |
| [EN] |
Muirir aerfoirt. |
39. —(1) Féadfaidh an chuideachta a cheangal go n-íocfar muirir aerfoirt léi, i leith aerfort Stáit a úsáid, de réir cibé rátaí a chinnfidh sí ó am go ham, le ceadú an Aire. |
| [EN] | (2) Féadfar dliteanas i ndáil le haon mhuirear is iníoctha de bhua fho-alt (1), maille le hús ar mhuirir den sórt sin i leith aon tréimhse a raibh na muirir dlite lena linn ach nár íocadh iad, a fhorchur ar oibritheoir nó ar úinéir cláraithe aerárthaigh, cibé acu atá an t-aerárthach sin cláraithe sa Stát nó nach bhfuil sé cláraithe amhlaidh, nó ar an úinéir sin agus ar an oibritheoir sin araon. | |
| [EN] | (3) Chun measúnú agus bailiú muirear is iníoctha de bhua fho-alt (1) a urasú, déanfaidh oibritheoir nó úinéir cláraithe aerárthaigh— | |
| [EN] | (a) cibé taifid ar ghluaiseacht aerárthaí, ar thonnáiste, aicme agus tuairisc aerárthaí, ar an líon paisinéirí nó ar thoilleadh agus ar chineálacha an lasta a iompraítear orthu agus ar cibé sonraí eile a bhaineann le haerárthaí, paisinéirí nó lasta a shonróidh an chuideachta, | |
| [EN] | (b) gach taifead lena mbaineann an fo-alt seo a chaomhnú ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an chuideachta, | |
| [EN] | (c) taifid lena mbaineann an fo-alt seo a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh ag duine údaraithe, cibé tráthanna a cheanglóidh duine údaraithe orthu déanamh amhlaidh, agus | |
| [EN] | (d) cibé sonraí ar aon taifid den sórt sin a shonróidh an chuideachta a thabhairt don chuideachta. | |
| [EN] | (4) (a) Gan dochar d'alt 40, beidh muirir is iníoctha leis an gcuideachta de bhua fho-alt (1), maille le hús ar mhuirir den sórt sin i ndáil le haon tréimhse a raibh na muirir dlite lena linn ach nár íocadh iad, inghnóthaithe ag an gcuideachta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
| [EN] | (b) Folaíonn an tagairt i mír (a) do mhuirir is iníoctha leis an gcuideachta tagairt d'aon iarmhéid de mhéid muirear den sórt sin a bheidh fós dlite don chuideachta tar éis di aerárthach a dhíol faoi alt 40 chun íoc as na muirir sin. | |
| [EN] | (5) (a) Beidh oibritheoir nó úinéir cláraithe aerárthaigh, a dhiúltóidh nó a mhainneoidh aon taifead dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a thabhairt don chuideachta nuair a iarrfaidh an chuideachta air nó uirthi déanamh amhlaidh, ciontach i gcion. | |
| [EN] | (b) Aon oibritheoir nó úinéir cláraithe aerárthaigh a mhainneoidh na muirir a fhorchuirfidh an chuideachta faoi fho-alt (1) a íoc, beidh sé nó sí, gan dochar d'aon imeachtaí nó bearta a bheidh glactha nó le glacadh chun na muirir a ghnóthú faoi fho-alt (4) nó alt 40 , ciontach i gcion. | |
| [EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir le muirir aerfoirt. | |
| [EN] |
Coinneáil agus díol aerárthaí mar gheall ar mhuirir aerfoirt neamhíoctha. |
40. —(1) I gcás ina mainneoidh duine (dá ngairtear “an mainnitheoir” san alt seo) muirir a íoc a fhorchuirfidh an chuideachta faoi alt 39 , féadfaidh an chuideachta, faoi réir fhorálacha an ailt seo, go dtí go n-íocfar na muirir sin— |
| [EN] | (a) an t-aerárthach ar tabhaíodh na muirir ina leith a choinneáil (cibé acu a thabhaigh nó nár thabhaigh an duine arb é nó í oibritheoir nó úinéir cláraithe an aerárthaigh é nó í an tráth a thosaíonn an choinneáil iad), nó | |
| [EN] | (b) aon aerárthach eile a choinneáil arb é nó í an mainnitheoir a oibritheoir nó a úinéir cláraithe, | |
| [EN] | agus féadfaidh sí, mura n-íocfar na muirir laistigh de 56 lá ón dáta a thosaíonn an choinneáil, an t-aerárthach a dhíol, faoi réir fho-alt (4), d'fhonn íoc as na muirir. | |
| [EN] | (2) Ní dhéanfaidh an chuideachta aerárthach a choinneáil, ná ní leanfaidh sí d'aerárthach a choinneáil, faoi fho-alt (1) más rud é go n-éileoidh oibritheoir nó úinéir cláraithe an aerárthaigh nó aon duine a éilíonn leas a bheith aige nó aici san aerárthach nach bhfuil na muirir lena mbaineann, nó aon cheann díobh, dlite agus go dtabharfaidh sé nó sí don chuideachta, go dtí go gcinnfear an cheist i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil na muirir dlite, urrús leordhóthanach arna chinneadh ag an gcuideachta i gcomhair íocaíocht na muirear a líomhnóidh an chuideachta a bheith dlite. | |
| [EN] | (3) Chun coinneáil aerárthaigh a chur i gcrích faoi fho-alt (1), féadfaidh duine údaraithe dul isteach san aerárthach agus gach rud a dhéanamh i ndáil leis an aerárthach is gá chun na críche sin nó a ghabhann leis an gcríoch sin. | |
| [EN] | (4) Má bheartaíonn an chuideachta aerárthach a bheidh coinnithe aici faoi fho-alt (1) a dhíol, déanfaidh sí iarratas chun na hArd-Chúirte chun cead a fháil an t-aerárthach a dhíol agus tabharfaidh an Ard-Chúirt an cead sin má shuitear— | |
| [EN] | (a) go bhfuil suim dlite don chuideachta as muirir aerfoirt, | |
| [EN] | (b) gur mainníodh an tsuim a íoc, agus | |
| [EN] | (c) maidir leis an aerárthach a mbeidh an chuideachta ag lorg cead ina leith chun é a dhíol, go ndlitear é a dhíol faoi fho-alt (1) mar gheall ar an mainneachtain sin. | |
| [EN] | (5) (a) Má bheartaíonn an chuideachta iarratas a dhéanamh chun cead a fháil aerárthach a dhíol faoi fho-alt (4), déanfaidh sí cibé bearta is indéanta chun an t-iarratas beartaithe a chur in iúl do dhaoine ar dócha go ndéanfaidh cinneadh na cúirte maidir leis difear dá leasanna. | |
| [EN] | (b) Má mhainníonn an chuideachta ceanglas den fho-alt seo a chomhlíonadh i leith aon díola, ní bheidh an mhainneachtain sin, tar éis an díol a bheith déanta, ina foras chun cur i gcoinne bhailíocht an díola sin, ach ní dhéanfaidh an mhír seo dochar d'aon chaingean i gcomhair damáistí in aghaidh na cuideachta ag duine a d'fhulaing caillteanas de dhroim mainneachtana a dúradh. | |
| [EN] | (6) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i leith ordaithe cúirte lena dtugtar cead faoi fho-alt (4) aerárthach a dhíol (dá ngairtear “an t-ordú” san fho-alt seo) agus i leith dhíol an aerárthaigh de bhun ordaithe den sórt sin: | |
| [EN] | (a) beidh san ordú dearbhú go mbeidh an ceart ag an gcuideachta an t-aerárthach a aistriú agus beidh an chuideachta, de bhua an dearbhaithe sin, i dteideal an t-aerárthach a aistriú ar an modh céanna agus go feadh an mhéid chéanna a bheadh sí i dteideal a dhéanamh dá mba í a úinéir í; | |
| [EN] | (b) oibreoidh an díol chun an t-aerárthach a dhílsiú don cheannaitheoir, saor ó gach morgáiste, lian, muirear nó leas eile ann d'aon chineál ar bith, agus ní theastóidh ón gceannaitheoir aon fhianaise eile ar an teideal chun an aerárthaigh seachas cóip, arna deimhniú ag an gcuideachta, den ordú. | |
| [EN] | (7) I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta aerárthach, arna chlárú faoi alt 9 nó 10 d'Acht 1946 nó alt 58 d'Acht 1993, a dhíol de réir an ailt seo, déanfaidh sí, le fógra i scríbhinn, an díol a chur in iúl don Údarás agus beidh sonraí faoin díol san fhógra sin. | |
| [EN] | (8) Má dhíolann an chuideachta aerárthach faoin alt seo, cinnteoidh sí go ndéanfar an t-aerárthach a dhíol ar an bpraghas is fearr is féidir a fháil go réasúnach. | |
| [EN] | (9) Déanfar fáltais díola faoin alt seo a chur chun feidhme mar a leanas, agus san ord seo a leanas, is é sin le rá— | |
| [EN] | (a) chun aon dleacht (cibé acu dleacht custam nó dleacht máil) nó aon cháin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar an aerárthach, sa Stát, a íoc, | |
| [EN] | (b) chun na caiteachais a thabhóidh an chuideachta maidir le coinneáil, coimeád agus díol an aerárthaigh (lena n-áirítear na caiteachais i dtaca le haon iarratas chun cúirte faoi fho-alt (4)) a íoc, | |
| [EN] | (c) chun na muirir seo a leanas a íoc de réir fho-alt (10)— | |
| [EN] | (i) na muirir aerfoirt a chinnfear a bheith dlite den mhainnitheoir don chuideachta, ar iarratas faoi fho-alt (4), agus | |
| [EN] | (ii) muirir faoi alt 43 nó 44 d'Acht 1993 a chinnfidh cúirt a bheith dlite den mhainnitheoir don Údarás, d'Eurocontrol nó don Aire, | |
| [EN] | agus déanfar barrachas na bhfáltas sin, más ann, a íoc leis an duine nó leis na daoine a ndéanfar dídhílsiú ar a leas nó ar a leasanna san aerárthach. | |
| [EN] | (10) Déanfar fáltais díola faoin alt seo, chun íoc as na muirir dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (9), a chur chun feidhme, amhail idir na muirir sin, i cibé méideanna a bheidh i gcomhréir leis na suimeanna a bheidh dlite i leith na muirear sin. | |
| [EN] | (11) Bainfidh an chumhacht choinneála agus díola a thugtar leis an alt seo i leith aerárthaigh le trealamh an aerárthaigh agus le haon stórtha a bheidh le húsáid i dtaca le hoibriú an aerárthaigh (is trealamh agus stórtha a iompraítear in aerárthach) cibé acu is leis an duine arb é nó í úinéir cláraithe nó oibritheoir an aerárthaigh é nó í an trealamh nó na stórtha sin nó nach ea agus, dá réir sin, folóidh tagairtí d'aerárthach i bhfo-ailt (1) go (9), ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí d'aon trealamh agus stórtha den sórt sin. | |
| [EN] | (12) Bainfidh an chumhacht choinneála a thugtar leis an alt seo i leith aerárthaigh le haon doiciméid aerárthaigh agus, má dhíoltar an t-aerárthach faoin alt seo, féadfaidh an chuideachta aon doiciméid den sórt sin a aistriú chuig ceannaitheoir an aerárthaigh. | |
| [EN] | (13) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'aon cheart de chuid na cuideachta muirir aerfoirt, nó aon chuid díobh, a ghnóthú trí chaingean. | |
| [EN] | (14) San alt seo, ciallaíonn “doiciméid aerárthaigh” deimhnithe, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le húsáid aerárthaigh nó a threalaimh, lena n-áirítear aon deimhniú maidir le clárúchán, cothabháil nó aeracmhainneacht an aerárthaigh sin, aon turasleabhar a bhaineann le húsáid an aerárthaigh sin nó a threalaimh agus aon doiciméad dá samhail, agus folaíonn sé aon taifead a cheanglaítear a dhéanamh de bhua rialachán faoi alt 43 d'Acht 1993. | |
| [EN] |
Aerárthach tréigthe. |
41. —(1) I gcás ina bhfágtar aerárthach ag aerfort Stáit agus gurb é tuairim na cuideachta gur tréigeadh an t-aerárthach sin, déanfaidh an chuideachta fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar úinéir cláraithe nó oibritheoir an aerárthaigh á cheangal ar cheachtar acu nó orthu araon, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, an t-aerárthach a aistriú ón aerfort. |
| [EN] | (2) Luafar i bhfógra faoi fho-alt (1) gur cion é mainneachtain an fógra a chomhlíonadh agus go bhféadfaidh an chuideachta, i gcás nach gcomhlíontar an fógra, an t-aerárthach lena mbaineann an fógra a aistriú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile. | |
| [EN] | (3) Beidh duine a mhainneoidh ceanglas i bhfógra faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh ciontach i gcion. | |
| [EN] | (4) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an chuideachta, tar éis tráth éagtha na tréimhse a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1), aerárthach lena mbaineann an fógra a aistriú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile. | |
| [EN] | (5) Oibreoidh díol faoin alt seo chun an t-aerárthach a dhílsiú don cheannaitheoir, saor ó gach morgáiste, lian, muirear nó leas eile ann d'aon chineál ar bith. | |
| [EN] | (6) I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta aerárthach, arna chlárú faoi alt 9 nó 10 d'Acht 1946 nó alt 58 d'Acht 1993, a dhíol de réir an ailt seo, déanfaidh sí, le fógra i scríbhinn, an díol a chur in iúl don Údarás agus beidh sonraí faoin díol san fhógra sin. | |
| [EN] | (7) Déanfar fáltais aon díola faoin alt seo a chur chun feidhme mar a leanas, agus san ord seo a leanas, is é sin le rá— | |
| [EN] | (a) chun aon dleacht (cibé acu dleacht custam nó dleacht máil) nó aon cháin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar an aerárthach, sa Stát, a íoc, | |
| [EN] | (b) chun aon chaiteachais a thabhóidh an chuideachta i bhfeidhmiú a feidhmeanna faoin alt seo a íoc, | |
| [EN] | (c) chun na muirir seo a leanas a íoc de réir fho-alt (8)— | |
| [EN] | (i) aon mhuirir aerfoirt a bheidh dlite don chuideachta d'oibritheoir nó d'úinéir cláraithe an aerárthaigh lena mbaineann an díol atá i gceist, agus | |
| [EN] | (ii) aon mhuirir faoi alt 43 nó 44 d'Acht 1993 a bheidh dlite don Údarás, d'Eurocontrol nó don Aire d'oibritheoir nó d'úinéir cláraithe aerárthaigh den sórt sin. | |
| [EN] | (8) Déanfar fáltais díola faoin alt seo, chun íoc as na muirir dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (7), a chur chun feidhme, amhail idir na muirir sin, i cibé méideanna a bheidh i gcomhréir leis na suimeanna a bheidh dlite i leith na muirear sin. | |
| [EN] | (9) Déanfaidh an chuideachta, tar éis fáltais díola aerárthaigh faoin alt seo a chur chun feidhme, iarmhéid na bhfáltas sin (más ann) a choimeád go dtí go n-éileoidh úinéir cláraithe an aerárthaigh, nó duine arna údarú ag an úinéir cláraithe chun an t-éileamh sin a dhéanamh amhlaidh, é ach má fhanann an t-iarmhéid sin gan éileamh ar feadh tréimhse 6 mhí ón dáta a chuirfear na fáltais sin chun feidhme de réir fho-alt (7), tiocfaidh an t-iarmhéid sin chun bheith ina mhaoin de chuid na cuideachta. | |
| [EN] | (10) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar an gcuideachta nó ar a seirbhísigh nó a gníomhairí i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna a thugtar leis an alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
| [EN] | (11) Déanfar fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar úinéir cláraithe nó oibritheoir, de réir mar a bheidh, ar cheann amháin de na slite seo a leanas, is é sin le rá— | |
| [EN] | (a) trína sheachadadh air nó uirthi, | |
| [EN] | (b) trína sheoladh nó a seoladh a chur air agus é a fhágáil ag a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe nó ghnó nó ag an áit chónaithe nó ghnó is deireanaí is eol a bheith aige nó aici, | |
| [EN] | (c) trína chur chuige nó chuici leis an bpost cláraithe réamhíoctha, nó le cinéal eile seirbhíse seachadta taifeadta a bheidh forordaithe ag an Aire, ag a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe nó ghnó nó ag an áit chónaithe nó ghnó is deireanaí is eol a bheith aige nó aici, | |
| [EN] | (d) i gcás comhlachta chorpraithe— | |
| [EN] | (i) trína sheachadadh nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha, nó le cineál eile seirbhíse seachadta taifeadta a bheidh forordaithe ag an Aire, chuig rúnaí nó oifigeach eile den chomhlacht ag a oifig chláraithe nó ag a phríomháit ghnó, nó | |
| [EN] | (ii) i gcás nach féidir oifig chláraithe nó príomháit ghnó an chomhlachta a fhionnadh le fiosrú réasúnach, trína dhaingniú in áit fheiceálach éigin ar an aerárthach lena mbaineann an fógra. | |
| [EN] |
Fodhlíthe aerfoirt. |
42. —(1) Féadfaidh an chuideachta fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le haerfort Stáit. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le haerfort seachas aerfort Stáit. | |
| [EN] | (3) Féadfar fodhlíthe faoin alt seo a dhéanamh chun aon chríche amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas, is é sin le rá— | |
| [EN] | (a) sábháilteacht aerárthaí, feithiclí agus daoine a bheidh ag úsáid aerfoirt a áirithiú, agus contúirt don phobal a chosc a éiríonn as úsáid nó oibriú aerfoirt, | |
| [EN] | (b) rialáil a dhéanamh ar úsáid aerfoirt, nó cuid d'aerfort, ag daoine, lena n-áirítear daoine a ligean isteach ann agus daoine a eisiamh uaidh, agus ord agus dea-iompar a choimeád in aerfort, | |
| [EN] | (c) rialáil a dhéanamh ar thrácht feithiclí in aerfort, go háirithe i ndáil le tiomáint agus locadh feithiclí agus fíneálacha a ghearradh, agus foráil a dhéanamh maidir le feiste doghluaisteachta a dhaingniú d'aon fheithicil a bheidh loctha go neamhdhleathach in aon áit in aerfort. | |
| [EN] | (d) aon fheithicil, ainmhí nó ní eile a gheofar in aerfort de shárú ar fhodhlí a aistriú go háit laistigh nó lasmuigh den aerfort, lena n-áirítear na feithiclí, na hainmhithe nó na nithe sin a stóráil agus a dhiúscairt, | |
| [EN] | (e) dualgais an phíolóta i gceannas aon aerárthaigh a bheidh de thuras na huaire ar an talamh in aerfort a mhíniú, nó | |
| [EN] | (f) bainistíocht, oibriú, sábháilteacht, slándáil agus maoirsiú cuí aerfoirt nó cuid d'aerfort. | |
| [EN] | (4) Rachaidh an chuideachta nó an tAire, de réir mar a bheidh, i gcomhairle leis an Údarás roimh fhodhlíthe a dhéanamh a bhainfidh go hiomlán nó go páirteach le críoch dá dtagraítear i mír (e) d'fho-alt (3), nó le sábháilteacht aerárthaí. | |
| [EN] | (5) (a) Leanfaidh fodhlí, a dhéanfar faoi alt 16 (arna leasú le halt 26 d'Acht 1988) nó 17 d'Acht 1950, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, i bhfeidhm amhail is dá ndéanfaí faoin alt seo é agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo. | |
| [EN] | (b) Déanfar tagairtí do “oifigeach údaraithe” nó do “aeradróm Stáit” i bhfodhlí arna dhéanamh faoin alt sin 16 nó 17 a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach údaraithe de réir bhrí an Achta seo, nó d'aerfort Stáit, de réir mar a bheidh. | |
| [EN] | (6) Déanfar fodhlíthe faoin alt seo a thaispeáint ag an aerfort, ar ina leith a dhéanfar na fodhlíthe, i cibé slí is dóigh leis an gcuideachta (nó i gcás ina ndéanfaidh an tAire na fodhlíthe, i cibé slí is dóigh leis an Aire) is fearr a oireann chun faisnéis a thabhairt don phobal. | |
| [EN] | (7) Beidh duine a sháróidh foráil d'fhodhlí a dhéanfar faoin alt seo ciontach i gcion. | |
| [EN] | (8) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é d'fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, agus a mbeidh deimhniú formhuinithe air a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach don chuideachta (nó i gcás ina ndéanfaidh an tAire na fodhlíthe, ag oifigeach don Aire a bheidh údaraithe ina leith sin) á rá gur cóip dhílis de na fodhlíthe an doiciméad agus go raibh na fodhlíthe i bhfeidhm ar dháta sonraithe, beidh sé, gan chruthúnas ar shíniú an oifigigh sin nó gurbh é an t-oifigeach sin é nó í iarbhír, mar fhianaise, i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh na fodhlíthe ann agus go raibh siad i bhfeidhm ar an dáta sin. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 33 d'Acht 1988. |
43. —Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1988— |
| [EN] | (a) trí “aerfort” a chur in ionad “aeradróm” agus “aerfoirt” a chur in ionad “aeradróim” gach áit a bhfuil siad, | |
| [EN] | (b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (d) d'fho-alt (1): | |
| [EN] | “(ii) arb eol dó, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air gur sháraigh sé— | |
| [EN] | (I) alt 19, nó | |
| [EN] | (II) alt 50 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 , nó”, | |
| [EN] | (c) trí “a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe nó a ionsóidh é” a chur in ionad “a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe” i bhfo-alt (5), agus | |
| [EN] | (d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6): | |
| [EN] | “(6) San alt seo— | |
| [EN] | tá le ‘oifigeach údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 ; agus | |
| [EN] | ciallaíonn ‘aerfort’ aerfort (de réir bhrí an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 ).”. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 18 d'Acht 1988. |
44. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1988— |
| [EN] | (a) trí “aerfort” a chur in ionad “aeradróm”, “t-aerfort” a chur in ionad “t-aeradróm”, “haerfort” a chur in ionad “haeradróm” agus “aerfoirt” a chur in ionad “aeradróim” gach áit a bhfuil siad, agus | |
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |
| [EN] | “(3) San alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn ‘duine údaraithe’— | |
| [EN] | (a) duine, nó duine d'aicme daoine, a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe faoin alt seo a fheidhmiú, nó | |
| [EN] | (b) comhalta den Gharda Síochána; agus | |
| [EN] | ciallaíonn ‘aerfort’ aerfort, de réir bhrí an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 .”. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 19 d'Acht 1988. |
45. —Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1988 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: |
| [EN] | “(3) D'ainneoin fhorálacha an ailt seo féadfaidh duine údaraithe cibé bearta a dhéanamh is gá chun socruithe slándála in aerárthach a thástáil.”. | |
| [EN] |
Scoitheadh, gearradh nó díchur crann áirithe, etc. |
46. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1988, féadfaidh an chuideachta aon chrann, tom, tor, fál, planda nó ábhar eile a scoitheadh, a ghearradh nó a dhíchur a bheidh ag fás go nádúrtha nó le cúnamh tacair ar thalamh i gcomharsanacht aerfoirt Stáit, nó a chur faoi deara an céanna a dhéanamh, is dóigh leis an gcuideachta a chuireann isteach ar oibriú agus ar fhorbairt an aerfoirt sin, nó a mheasfaidh an chuideachta, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, a bhacann nó a chuireann isteach ar shlí eile ar shábháilteacht nó aerloingseoireacht aerárthaí a úsáideann an t-aerfort sin. |
| [EN] | (2) Ní dhéanfaidh an chuideachta, ná ní chuirfidh an chuideachta faoi deara, aon chrann is ábhar d'ordú slánchoimeádta crainn de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , a scoitheadh, a ghearradh nó a dhíchur gan dul i gcomhairle ar dtús, chun críocha an Achta sin, leis an údarás pleanála ar ina limistéar feidhme atá an crann suite. | |
| [EN] | (3) (a) Sula bhfeidhmeoidh sí cumhacht faoi fho-alt (1) tabharfaidh an chuideachta fógra i scríbhinn d'áititheoir na talún lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aici déanamh amhlaidh ag deireadh tréimhse áirithe, ar tréimhse í nach giorra ná lá is fiche, arna sonrú san fhógra, agus más rud é go bhfaighidh áititheoir talún fógra faoin alt seo agus, ar leith ón bhfo-alt seo, nach mbeadh sé nó sí i dteideal an scoitheadh, an gearradh nó an díchur dá dtagraítear san fhógra a dhéanamh, féadfaidh an t-áititheoir, más mian leis nó léi amhlaidh, de bhua an fógra a fháil, an scoitheadh, an gearradh nó an díchur sin a dhéanamh é féin nó í féin, nó a chur faoi deara é a dhéanamh: | |
| [EN] | Ar choinníoll go gcuirfidh sé nó sí in iúl don chuideachta i scríbhinn roimh dheireadh na tréimhse a shonraítear san fhógra go bhfuil sé ar intinn aige nó aici déanamh amhlaidh. | |
| [EN] | (b) I gcás ina ndéanfaidh áititheoir talún dá dtabharfar fógra faoin alt seo, nó ina gcuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar, an scoitheadh, an gearradh nó an díchur dá dtagraítear san fhógra, cibé acu is de bhua na cumhachta a thugtar dó nó di chuige sin le mír (a) nó nach ea, déanfaidh an chuideachta na caiteachais réasúnacha a thabhóidh an t-áititheoir dá chionn sin a íoc leis an áititheoir ar éileamh chuige sin ón áititheoir. | |
| [EN] | (4) I gcás ina dtabharfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine a cheapfaidh an chuideachta i scríbhinn chun bheith ina dhuine nó ina duine údaraithe chun críocha an ailt seo agus aon duine a bheidh ag gníomhú faoi stiúradh an duine sin, chun an scoitheadh, an gearradh nó an díchur a shonraítear san fhógra a dhéanamh nó i ndáil leis an gcéanna, dul isteach (le feithiclí nó gan feithiclí), tráth réasúnach ar bith tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear san fhógra, ar an talamh lena mbaineann an fógra nó ar aon talamh eile agus, mar aon leis an scoitheadh, leis an ngearradh nó leis an díchur sin a dhéanamh, gach rud a dhéanamh ar an talamh sin atá coimhdeach leis an gcríoch réamhráite nó riachtanach le réasún chun na críche réamhráite sin. | |
| [EN] |
Cur isteach ar aon ní a sholáthraítear chun aerfort a oibriú nó a bhainistiú nó chun críche sábháilteachta. |
47. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine cur isteach in aon slí ar aon ní a sholáthraítear chun críocha oibrithe, bainistíochta nó sábháilteachta aerfoirt. |
| [EN] | (2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion. | |
| [EN] |
Oifigigh údaraithe. |
48. —(1) Féadfaidh an chuideachta, i ndáil le haerfort Stáit, cibé daoine nó aicmí daoine is cuí léi a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, i ndáil le haerfort sa Stát seachas aerfort Stáit, cibé daoine nó aicmí daoine is cuí leis nó léi a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an chuideachta nó an tAire, de réir mar is cuí, barántas a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt, tráth a cheaptha nó a ceaptha, do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (1) nó (2), agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an barántas sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh. | |
| [EN] | (4) Scoirfidh duine is oifigeach údaraithe de bhua fhomhír (ii) de mhír (b) den mhíniú ar oifigeach údaraithe in alt 2 de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe má chinneann an tAire amhlaidh i scríbhinn, amhail ar an agus ón dáta a shonrófar chuige sin sa chinneadh. | |
| [EN] | (5) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe nó a ionsóidh oifigeach údaraithe le linn dó nó di aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
| [EN] | (6) Aon duine a thabharfaidh le fios go bréagach gur oifigeach údaraithe é nó í, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
| [EN] |
Cumhacht chun dul isteach in aerárthach agus é a iniúchadh. |
49. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach in aerárthach a bheidh laistigh d'aerfort más dóigh leis nó léi gur gá sin chun aon chumhacht a fheidhmiú a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó faoi nó le hAcht 1988 nó faoi. |
| [EN] | (2) Is fo-alt gan dochar d'alt 40(3) é fo-alt (1). | |
| [EN] | (3) Féadfaidh oifigeach údaraithe— | |
| [EN] | (a) a cheangal tráth ar bith ar oibritheoir nó ar úinéir cláraithe an aerárthaigh cibé doiciméid a bhaineann leis an aerárthach nó le paisinéirí nó le hearraí ar bord an aerárthaigh a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh aige nó aici de réir mar a cheanglóidh sé nó sí; nó | |
| [EN] | (b) an t-aerárthach a iniúchadh chun comhlíonadh an Achta seo nó fodhlíthe a dhéanfar faoin Acht seo a áirithiú. | |
| [EN] | (4) Más rud é go ndiúltóidh nó go mainneoidh oibritheoir nó úinéir cláraithe an aerárthaigh ceanglas oifigigh údaraithe faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion. | |
| [EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haerárthaí a bheidh ag gabháil go heisiach do sheirbhís an Stáit. | |
| [EN] |
Toirmeasc ar airteagail chontúirteacha áirithe a thabhairt isteach in aerfort. |
50. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe cead isteach in aerfort a dhiúltú d'aon duine a mbeidh aon airteagal nó substaint ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici (lena n-áirítear ábhar núicléach de réir bhrí an Achta um Chosaint Raideolaíoch, 1991), ar airteagal nó substaint é nó í ar dóigh dó nó di, i dtuairim an oifigigh údaraithe, daoine nó maoin a chur i mbaol. |
| [EN] | (2) Más rud é, maidir le duine ar diúltaíodh cead isteach in aerfort dó nó di faoin alt seo, go rachaidh sé nó sí isteach san aerfort, beidh an duine sin ciontach i gcion. | |
| [EN] | (3) Ní bheidh na nithe seo a leanas ina sheilbh nó ina seilbh ag duine in aon chuid d'aerfort ná ní thabharfaidh sé nó sí isteach in aon chuid d'aerfort iad ná ní chuirfidh sé nó sí faoi deara iad a thabhairt isteach in aon chuid d'aerfort— | |
| [EN] | (a) arm tine, nó aon airteagal a bhfuil cuma airm tine air, cibé acu atá sé nó nach bhfuil sé inscaoilte, | |
| [EN] | (b) pléascán, nó aon airteagal a bheidh monaraithe nó oiriúnaithe chun go mbeidh cuma pléascáin air, cibé acu atá sé nó nach bhfuil sé in ann éifeacht phraiticiúil a tháirgeadh trí phléascadh, | |
| [EN] | (c) aon airteagal atá marcáilte nó lipéadaithe ar shlí a chuireann in iúl gur pléascán é nó go bhfuil pléascán ann, nó | |
| [EN] | (d) aon airteagal nach airteagal dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c) ach atá déanta nó oiriúnaithe chun díobháil a dhéanamh do dhuine nó chun duine a éagumasú, nó chun damáiste a dhéanamh do mhaoin nó chun maoin a dhíothú, nó atá beartaithe ag an duine ar ina sheilbh nó ina seilbh atá sé le haghaidh an cuspóir sin a chur i gcrích, cibé acu aige féin nó aici féin nó ag duine éigin eile, de réir mar a bheidh. | |
| [EN] | (4) Duine a sháróidh fo-alt (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
| [EN] | (5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (3) is cosaint é do chúisí a thaispeáint go raibh údarás dleathach aige nó aici ní nó airteagal dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici, nó ní nó airteagal den sórt sin a thabhairt isteach, nó a chur faoi deara ní nó airteagal den sórt sin a thabhairt isteach, in aerfort. | |
| [EN] | (6) D'ainneoin fhorálacha an ailt seo féadfaidh duine údaraithe de réir bhrí Acht 1988 cibé bearta a dhéanamh is gá chun socruithe slándála ag aerfort a thástáil. | |
| [EN] |
Duine údaraithe. |
51. —(1) Féadfaidh an chuideachta cibé fostaithe agus cibé líon fostaithe dá cuid is cuí léi a cheapadh chun bheith ina ndaoine údaraithe chun críocha an Achta seo. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an chuideachta deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt, tráth a cheaptha nó a ceaptha, do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (1), agus, le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh. | |
| [EN] | (3) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe nó a ionsóidh duine údaraithe le linn dó nó di aon chumhachtaí a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
| [EN] | (4) Aon duine a thabharfaidh le fios go bréagach gur duine údaraithe é nó í, beidh sé nó sí ciontach i gcion. |