|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1998) | Ar Aghaidh (CUID II Bord na Móna, cuideachta phoiblí theoranta) |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1998 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1995, agus den Acht seo le chéile. | |
| [EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt — |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Forbartha Móna, 1946 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Forbartha Móna, 1953 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht Forbartha Móna, 1990 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “na hAchtanna” Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990; | |
| [EN] | ciallaíonn “ceadú an Aire” réamhcheadú i scríbhinn ón Aire agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord na Móna; | |
| [EN] | ciallaíonn “cuideachta” cuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoi na hAchtanna; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” an chuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoi na hAchtanna de bhun alt 7; | |
| [EN] | ciallaíonn “toiliú an Aire” réamhthoiliú an Aire i scríbhinn; | |
| [EN] | ciallaíonn “stiúrthóir” stiúrthóir den Chuideachta; | |
| [EN] | folaíonn “achtachán” ionstraim arna déanamh faoi achtachán; | |
| [EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí d'fheidhm a chomhlíonadh maidir le cumhacht nó dualgas, tagairtí don chumhacht a fheidhmiú nó don dualgas a chomhall; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Stiúrthóir Bainistíochta” príomhoifigeach na Cuideachta a cheapfar faoi alt 26 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar Poiblí; | |
| [EN] | ciallaíonn “ceardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn nó comhlachais foirne a aithneoidh an Chuideachta nó fochuideachta chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair, nó le coinníollacha fostaíochta nó coinníollacha oibre comhaltaí d'fhoireann na Cuideachta nó na fochuideachta, de réir mar a bheidh; | |
| [EN] | ciallaíonn “scaireanna” scaireanna láníoctha i scairchaipiteal na Cuideachta; | |
| [EN] | ciallaíonn “fochuideachta”, seachas i gCuid III den Acht seo, fochuideachta (de réir bhrí Acht 1963) den Chuideachta; | |
| [EN] | ciallaíonn “na fochuideachtaí” cuideachtaí arna bhfoirmiú agus arna gclárú faoi na hAchtanna de bhun alt 34 agus forléireofar “fochuideachta” i gCuid III den Acht seo dá réir sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “lá an aistrithe”, i ndáil le gach ceann de na fochuideachtaí, an lá a cheapfar faoi alt 35 chun bheith mar lá an aistrithe i ndáil leis an bhfochuideachta sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “an lá dílseacháin” an lá a cheapfar faoi alt 6 chun bheith ina lá dílseacháin. | |
| [EN] | (2) San Acht seo— | |
| [EN] | (a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus | |
| [EN] | (b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus | |
| [EN] | (c) déanfar aon tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán ina dhiaidh sin. | |
| [EN] |
Foráil i ndáil le horduithe. |
3. —Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú faoin alt seo) a leasú nó a chúlghairm. |
| [EN] |
Aisghairm. |
4. —Aisghairtear leis seo alt 25 den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1995. |
| [EN] |
Caiteachais an Aire agus an Aire Airgeadais. |
5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |