|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Fochuideachtaí) |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Bord na Móna, cuideachta phoiblí theoranta | |
| [EN] |
An lá dílseacháin. |
6. —Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis chlárú na Cuideachta faoi na hAchtanna, agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an mBord, lá a cheapadh le hordú chun bheith ina lá dílseacháin. |
| [EN] |
Foirmiú Bhord na Móna, cuideachta phoiblí theoranta. |
7. —Cuirfidh an Bord faoi deara, a luaithe is féidir, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cuideachta phoiblí a bheidh faoi theorainn scaireanna agus de réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Acht seo a fhoirmiú agus a chlárú faoi na hAchtanna. |
| [EN] |
Ainm agus foirmiú caipitil na Cuideachta. |
8. —(1) Is é Bord na Móna, cuideachta phoiblí theoranta, ainm na cuideachta a bheidh arna foirmiú faoi alt 7 agus gairtear “an Chuideachta” den chuideachta arna foirmiú amhlaidh san Acht seo. |
| [EN] | (2) Is é £300,000,000 nó cibé méid eile a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire scairchaipiteal údaraithe na Cuideachta. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, na scaireanna a roinnt in aicmí éagsúla agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha a chur i gceangal leis na haicmí sin. | |
| [EN] |
Foirm mheabhrán comhlachais na Cuideachta. |
9. —(1) Beidh meabhrán comhlachais na cuideachta i cibé foirm i gcomhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) Is iad príomhchuspóirí na Cuideachta na cuspóirí sin a chuimsítear sna feidhmeanna a thugtar don Bhord leis na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1995. | |
| [EN] | (3) Ní choiscfidh ná ní shrianfaidh aon ní san alt seo na cuspóirí agus na cumhachtaí sin go léir is gá nó is cuí le réasún nó atá teagmhasach nó coimhdeach maidir lena príomhchuspóirí a chur i gcrích go cuí a áireamh ar chuspóirí na Cuideachta, mar a luaitear ina meabhrán comhlachais iad, ar cuspóirí agus cumhachtaí iad nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo. | |
| [EN] | (4) Beidh ag an gCuideachta na feidhmeanna sin go léir a dílsíodh don Bhord díreach roimh an lá dílseacháin agus nach dtugtar ar shlí eile don Chuideachta leis an Acht seo nó faoi. | |
| [EN] | (5) Maidir le haon achtachán a raibh feidhm aige maidir leis an mBord díreach roimh an lá dílseacháin, agus ar gá go mbeadh feidhm aige maidir leis an gCuideachta chun lánéifeacht a thabhairt d'fheidhmeanna a thugtar don Chuideachta leis an Acht seo nó faoin Acht seo agus nach ndéantar thairis sin leis an Acht seo, beidh feidhm aige maidir leis an gCuideachta ar an lá sin agus dá éis maille le haon oiriúnuithe is gá faoi mar a bhí feidhm aige maidir leis an mBord a mhéid is gá an fheidhm sin mar a dúradh. | |
| [EN] |
Foirm airteagail chomhlachais na Cuideachta. |
10. —Beidh airteagail chomhlachais na Cuideachta i cibé foirm de réir an Achta seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Srian le hathrú ar an meabhrán comhlachais nó ar na hairteagail chomhlachais. |
11. —D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna, ní bheidh athrú i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta bailí nó éifeachtúil mura ndéanfar é le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Scair a eisiúint chuig an Aire. |
12. —(1) Eiseoidh an Chuideachta scair amháin chuig an Aire. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire i leith a scaire na cearta agus na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir scaire den sórt sin a fheidhmiú agus i gcás go mbeidh ceart nó cumhacht infheidhmithe trí aturnae féadfaidh sé nó sí é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae. | |
| [EN] | (3) Déanfar costas na scaire sin a airleacan don Aire as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis. | |
| [EN] |
Scaireanna a eisiúint chuig sínitheoirí mheabhrán comhlachais na Cuideachta. |
13. —(1) Eiseoidh an Chuideachta scair amháin chuig gach sínitheoir de shínitheoirí mheabhrán comhlachais na Cuideachta. |
| [EN] | (2) Déanfar costas na scaireanna sin a airleacan do na sínitheoirí as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis. | |
| [EN] |
Oibleagáid ar scairshealbhóirí áirithe scaireanna a theachtadh ar iontaobhas. |
14. —(1) Déanfaidh comhalta den Chuideachta a n-eisítear scair chuige nó chuici faoi alt 13 nó a n-aistrítear scair chuige nó chuici faoi alt 16 (2) an scair sin a theachtadh ar iontaobhas don Aire Airgeadais agus beidh de cheangal air, dá réir sin, na díbhinní go léir agus an t-airgead eile go léir a fhaigheann sé nó sí i leith na scaire a íoc leis an Aire Airgeadais chun sochair don Státchiste agus, de réir mar a cheanglóidh an tAire Airgeadais agus nuair a cheanglóidh sé nó sí é, an scair a aistriú chuige nó chuici nó chuig duine a bheidh ainmnithe chuige sin aige nó aici. |
| [EN] | (2) Ach amháin nuair a cheanglófar air nó uirthi de bhun fho-alt (1), ní aistreoidh ná ní choimhtheoidh an comhalta sin a dúradh a scair. | |
| [EN] | (3) Ar bhás comhalta den Chuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), dílseofar don Aire Airgeadais an scair a bhí ar teachtadh ag an gcomhalta sin, gan é a bheith riachtanach í a aistriú. | |
| [EN] |
Scaireanna a aistriú chuig an Aire Airgeadais. |
15. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin, eiseoidh an Chuideachta scaireanna chuig an Aire Airgeadais a mbeidh a luach ainmniúil de shórt nuair a chuirfear é le luach ainmniúil na scaireanna a eiseofar faoi ailt 12 agus 13, go mbeidh luach ainmniúil iomlán na scaireanna a eiseofar comhionann le luach glansócmhainní na Cuideachta ar an lá dílseacháin de réir mar a chinnfidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) A luaithe is féidir tar éis don Aire Airgeadais íocaíocht a dhéanamh faoi alt 21 , eiseoidh an Chuideachta chuig an Aire Airgeadais scaireanna a mbeidh a luach ainmniúil comhionann le méid na híocaíochta. | |
| [EN] |
An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cumhachtaí i leith scaireanna. |
16. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, i leith scaireanna atá ar teachtadh aige nó aici, na cearta go léir atá ag sealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás go bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae féin agus, faoi réir fho-alt (3), féadfaidh sé nó sí scaireanna atá ar teachtadh aige nó aici a dhiúscairt. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham de réir mar is gá sa chás chun cibé méid de na hAchtanna a chomhlíonadh a cheanglaíonn go mbeidh líon íosta comhaltaí i gcuideachta i gcónaí, ceann dá scaireanna a aistriú chuig aon duine gan íocaíocht a fháil uirthi. | |
| [EN] | (3) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais, mura n-údaróidh Dáil Éireann dó nó di le rún déanamh amhlaidh, a shealbhán nó a sealbhán scaireanna a laghdú go dtí líon is lú ná tromlach na scaireanna eisithe. | |
| [EN] |
Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste. |
17. —Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna atá ar teachtadh aige nó aici a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun sochair don Státchiste i cibé slí a ordóidh sé nó sí. |
| [EN] |
Stiúrthóirí. |
18. —(1) Ní mó ná 12 an líon stiúrthóirí a bheidh ann. |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), is é nó is í an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a cheapfaidh na stiúrthóirí (seachas an Stiúrthóir Bainistíochta) agus a fhéadfaidh iad a chur as oifig. | |
| [EN] | (3) Tiocfaidh na comhaltaí den Bhord, ar an lá dílseacháin, chun bheith ina stiúrthóirí agus beidh siad ina stiúrthóirí agus beidh siad i seilbh oifige mar stiúrthóirí don chuid eile de na téarmaí dár ceapadh iad chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord. | |
| [EN] | (4) Beidh duine a bheidh i seilbh oifig an stiúrthóra inathcheaptha don oifig sin. | |
| [EN] | (5) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (6), beidh na stiúrthóirí (seachas an Stiúrthóir Bainistíochta) i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse nach faide ná 5 bliana de réir mar a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais tráth a gceaptha. | |
| [EN] | (6) Maidir le ceathrar de na stiúrthóirí is daoine iad a cheapfar faoi na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, agus a bheidh toilteanach oifig a ghlacadh. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh stiúrthóir aon tráth éirí as a oifig nó as a hoifig mar stiúrthóir trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus a bheidh tugtha dó nó di nó curtha chuige nó chuici agus beidh éifeacht leis an éirí as oifig ar an dáta agus ón dáta (arb é dáta na litreach é nó dáta is déanaí ná dáta na litreach) a shonraítear sa litir chun na críche sin. | |
| [EN] | (8) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 9 agus ag alt 10 d'Acht 1946, i rith na tréimhse a mbeidh duine i seilbh oifige mar stiúrthóir de bhua fho-alt (3), maidir leis an duine sin amhail is dá mba thagairtí don Chuideachta na tagairtí don Bhord agus dá mba thagairtí do stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, do stiúrthóiri na tagairtí do chomhalta den Bhord nó do chomhaltaí den Bhord, agus maille le haon oiriúnuithe eile is gá, agus beidh éifeacht dá réir sin le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 19 agus le fo-ailt (2) agus (5). | |
| [EN] |
Cathaoirleach na Cuideachta. |
19. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais cathaoirleach na Cuideachta as líon na stiúrthóirí agus féadfaidh an tAire faoi réir alt 18 (8), le toiliú an chéanna é a chur as oifig agus beidh sé nó sí i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin ar feadh cibé tréimhse nach faide ná 5 bliana de réir mar a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais tráth a cheaptha nó a ceaptha. |
| [EN] | (2) An duine a bheidh, díreach roimh an lá dílseacháin, ina Chathaoirleach nó ina Cathaoirleach ar an mBord, tiocfaidh sé nó sí ar an lá sin chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCuideachta agus beidh sé nó sí mar chathaoirleach ar an gCuideachta agus beidh sé nó sí i seilbh oifige sa cháil sin mar chathaoirleach don chuid eile den téarma dár ceapadh é nó í ina Chathaoirleach nó ina Cathaoirleach ar an mBord. | |
| [EN] | (3) Beidh an duine a bheidh i seilbh oifig chathaoirleach na Cuideachta in-athcheaptha don oifig sin. | |
| [EN] | (4) Duine a scoireann de bheith i seilbh oifig chathaoirleach na Cuideachta, féadfaidh sé, má chinneann an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, amhlaidh, leanúint de bheith i seilbh oifige mar stiúrthóir agus beidh sé nó sí in-athcheaptha mar stiúrthóir. | |
| [EN] |
Téarmaí agus coinníollacha oifige an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile. |
20. —Cinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais luach saothair (lena n-áirítear liúntais i gcomhair caiteachas) chathaoirleach na Cuideachta agus na stiúrthóirí eile agus na téarmaí agus na coinníollacha eile ar a sealbhaíonn agus ar faoina réir a shealbhaíonn siad a n-oifigí faoi seach. |
| [EN] |
Íocaíocht ón Aire Airgeadais leis an gCuideachta. |
21. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais suim nach mó ná £10,000,000, i méid amháin nó níos mó, a íoc leis an gCuideachta. |
| [EN] | (2) Maidir le méid a íocfar leis an gCuideachta faoi fho-alt (1) déanfaidh an Chuideachta é a chaitheamh chun fiacha a aistrítear chuig an gCuideachta faoi alt 52 a íoc agus chuige sin amháin agus déanfar é a chaitheamh amhlaidh a luaithe is féidir. | |
| [EN] |
An Chuideachta agus fochuideachtaí d'fháil iasachtaí. |
22. —(1) (a) Faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, féadfaidh an Chuideachta nó fochuideachta, cibé acu ar urrús a sócmhainní nó ar shlí eile, airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a fháil ar iasacht. |
| [EN] | (b) Faoi réir fho-alt (2), ní cead comhiomlán na n-iasachtaí faoi mhír (a) aon tráth (seachas iasachtaí ón gCuideachta nó ó fhochuideachta) a bheith níos mó ná £100 milliún. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an Chuideachta nó fochuideachta airgead a fháil ar iasacht go sealadach (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) ach ní cead comhiomlán na n-iasachtaí sin (seachas iasachtaí ón gCuideachta nó ó fhochuideachta) aon tráth a bheith níos mó ná cibé méid a shonróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (3) Chun críocha an ailt seo maidir le hairgead a fuarthas ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit measfar gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead a fuarthas ar iasacht iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide don airgeadra sin agus airgeadra an Stáit an tráth a fuarthas an iasacht sin. | |
| [EN] |
An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí. |
23. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis nó léi, maidir le haisíoc cuí phríomhshuim aon airgid ag an gCuideachta nó ag fochuideachta (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a fuair an Chuideachta nó an fhochuideachta ar iasacht nó maidir le haisíoc cuí thráthchodanna nó mhéideanna eile airgid a dhlitear den Chuideachta nó d'fhochuideachta faoi chonradh a rinne an Chuideachta nó an fhochuideachta nó maidir le híoc úis ar aon airgead, tráthchuid nó méid den sórt sin, nó maidir leis an aisíoc príomhshuime nó maidir le híoc na dtráthchodanna nó na méideanna sin, de réir mar a bheidh, araon agus maidir le híoc an úis, agus féadfar a áireamh i ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht coimisiún agus caiteachais theagmhasacha de dhroim na n-iasachtaí nó an chonartha sin a íoc. |
| [EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú ar dhóigh gur mó ná £100 milliún an méid nó an méid comhiomlán príomhshuime a dhlífidh sé nó sí a aisíoc aon tráth áirithe ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta nó ag fochuideachta. | |
| [EN] | (3) Nuair a bheidh an méid iasachtaí nó tráthchodanna nó airgid eile a bheidh ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin alt seo chun críocha fho-alt (2) á ríomh, déanfar coibhéis iasachtaí nó tráthchodanna nó airgid eile in airgeadra coigríche a ríomh in airgeadra an Stáit de réir an ráta iomlaoide an tráth a thabharfar an ráthaíocht i leith an airgeadra sin agus i leith airgeadra an Stáit. | |
| [EN] | (4) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Chuideachta, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais amhlaidh, cibé urrús dó nó di (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúir) a shonrófar sa cheanglas chun a urrú don Aire Airgeadais go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé nó sí a íoc nó a d'íoc sé nó sí faoin ráthaíocht. | |
| [EN] | (5) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ag leagan amach maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a bheidh tugtha le linn na bliana sin nó a bheidh tugtha aon tráth roimh thosach na bliana sin agus a bheidh i bhfeidm i dtosach na bliana sin— | |
| [EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |
| [EN] | (b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta aige nó aici faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a aisíocadh leis nó léi de dhroim na híocaíochta, | |
| [EN] | (c) an méid airgid faoi réim na ráthaíochta a bhí gan íoc ag deireadh na bliana sin. | |
| [EN] | (6) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige nó aici faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis. | |
| [EN] | (7) Maidir le hairgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh an Chuideachta nó an fhochuideachta lena mbaineann é a aisíoc leis nó léi (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de cibé tréimhse ó dháta na híocaíochta ag an Aire Airgeadais a shonróidh sé nó sí tar éis dul i gcomhairle leis an gCuideachta nó leis an bhfochuideachta de réir mar is cuí. | |
| [EN] | (8) I gcás nár aisíocadh an t-airgead ina iomlán nó aon chuid de a cheanglaítear le fo-alt (7) a aisíoc leis an Aire Airgeadais de réir an fho-ailt sin, aisíocfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
| [EN] | (9) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (8) chun méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta nó, de réir mar is cuí, an fhochuideachta lena mbaineann de bheith faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith an méid sin agus aisíocfaidh an Chuideachta nó an fhochuideachta mar is cuí an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire Airgeadais ag cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna de réir mar a cheapfaidh sé nó sí, agus mura n-aisíocfar é mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile beidh sé inghnóthaithe aige nó aici ón gCuideachta nó, de réir mar is cuí, ón bhfochuideachta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
| [EN] | (10) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste aon airgead a íocfaidh an Chuideachta nó fochuideachta faoi fho-alt (7) nó (9) i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (11) I ndáil le ráthaíocht faoin alt seo i leith airgid a fuarthas ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit— | |
| [EN] | (a) an tagairt don mhéid airgid i bhfo-alt (5) (c) glacfar gur tagairt í don choibhéis in airgeadra an Stáit don mhéid airgid iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgeadra sin agus airgeadra an Stáit, | |
| [EN] | (b) gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (7) go (9) glacfar gur tagairt í do chostas an airgid iarbhír in airgeadra an Stáit. | |
| [EN] |
Cuntais agus iniúchtaí. |
24. —(1) Gan dochar do cheanglais na nAchtanna i ndáil le cláir chomhardaithe agus cuntais, coimeádfaidh an Chuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair, cuntas ina dtaispeántar díorthú chistí na Cuideachta agus na críocha a n-úsáidtear ina leith iad (dá ngairtear “an ráiteas faoi shreabhadh airgid” i bhfo-alt (2)) agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sí na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham san fhoirm sin a dúradh. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Chuideachta cuntais a choimeádfaidh sí de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh gach bliain agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an Chuideachta cóip den chuntas sochair agus dochair, den ráiteas faoi shreabhadh airgid, den chlár comhardaithe, agus cibé cuid eile (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an iniúchóra maidir leis na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] |
Iniúchóir na Cuideachta. |
25. —Ní cheapfar duine mar iniúchóir na Cuideachta gan ceadú an Aire. |
| [EN] |
An Stiúrthóir Bainistíochta. |
26. —(1) Beidh príomhoifigeach na Cuideachta ina stiúrthóir ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “an Stiúrthóir Bainistíochta”. |
| [EN] | (2) An duine a bheidh, díreach roimh an lá dílseacháin, ina stiúrthóir bainistíochta ar an mBord, tiocfaidh sé nó sí ar an lá sin chun bheith, agus beidh sé nó sí, ina Stiúrthóir Bainistíochta agus beidh sé nó sí i seilbh oifige ina Stiúrthóir Bainistíochta don chuid eile den téarma dár ceapadh é nó í ina stiúrthóir bainistíochta ar an mBord. | |
| [EN] | (3) Faoi réir fho-alt (2), is iad na stiúrthóirí a cheapfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta agus a fhéadfaidh é nó í a chur as oifig. | |
| [EN] | (4) Is iad príomhfheidhmeanna an Stiúrthóra Bainistíochta— | |
| [EN] | (a) gnó na Cuideachta a sheoladh, a bhainistiú agus a rialú go ginearálta, agus | |
| [EN] | (b) comhairle a thabhairt do na stiúrthóirí i ndáil le comhlíonadh fheidhmeanna na Cuideachta, | |
| [EN] | faoi réir ordacháin dhleathacha na stiúrthóirí. | |
| [EN] | (5) Beidh an Stiúrthóir Bainistíochta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoina réir (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais) a chinnfidh na stiúrthóirí le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (6) Beidh duine a bheidh i seilbh oifig an Stiúrthóra Bainistíochta in-athcheaptha don oifig sin. | |
| [EN] | (7) Maidir le fo-ailt (3) agus (4) d'alt 9 agus le hailt 10 agus 15 (3) d'Acht 1946, beidh feidhm acu le linn na tréimhse a mbeidh an duine a bheidh i seilbh oifig an Stiúrthóra Bainistíochta ina seilbh de bhua fho-alt (2), i ndáil leis an duine sin amhail is dá mba thagairtí don Chuideachta na tagairtí don Bhord agus dá mba thagairtí don Stiúrthóir Bainistíochta na tagairtí do chomhalta den Bhord, do chomhaltaí den Bhord agus d'oifigigh, agus maille le haon oiriúnuithe eile is gá, agus beidh éifeacht dá réir sin le fo-ailt (2) agus (3). | |
| [EN] |
Aird a thabhairt ar nithe áirithe le linn luach saothair na foirne a chinneadh. |
27. —Gan dochar do cheanglais ailt 26 (7) agus 51 tabharfaidh an Chuideachta aird ar threoirlínte Rialtais nó ar threoirlínte a bheidh comhaontaithe ar bhonn náisiúnta atá ar marthain de thuras na huaire, nó ar bheartas Rialtais maidir le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta atá ar marthain amhlaidh nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le luach saothair nó liúntais i leith caiteachais a íocfar le comhaltaí dá foireann nó maidir leis na téarmaí nó na coinníollacha eile ar faoina réir atá nó a bheidh na comhaltaí sin i seilbh a bhfostaíochta, agus i dteannta an méid sin roimhe seo, comhlíonfaidh an Chuideachta aon treoracha maidir le cibé luach saothair, liúntais, téarmaí nó coinníollacha a thabharfaidh an tAire don Chuideachta le toiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Aoisliúntas stiúrthóirí lánaimsire. |
28. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do stiúrthóirí lánaimseartha nó ina leith. |
| [EN] | (2) Déanfar foráil le scéim faoi fho-alt (1)— | |
| [EN] | (a) maidir le ceapadh iontaobhaithe de chuid na scéime ag an gCuideachta, | |
| [EN] | (b) maidir leis an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, lena n-áirítear tráthanna agus coinníollacha éagsúla i leith aicmí éagsúla daoine, | |
| [EN] | (c) maidir le ciste a bhunú a bheidh á riaradh ag iontaobhaithe na scéime as a n-íocfar na sochair aoisliúntais is iníoctha faoin scéim agus maidir le dílsiú an chiste d'iontaobhaithe na scéime, | |
| [EN] | (d) maidir leis an gCuideachta agus leis na stiúrthóirí lena mbaineann an scéim d'íoc ranníocaí leis an gciste, | |
| [EN] | (e) maidir leis an gCuideachta d'íoc caiteachas bainistíochta agus riaracháin na scéime (lena n-áirítear an ciste), | |
| [EN] | (f) maidir le hiontaobhaithe na scéime do bhainistiú an chiste (lena n-áirítear infheistiú shócmhainní an chiste), agus do riaradh an chiste, | |
| [EN] | (g) maidir le cuntais an chiste a iniúchadh, agus | |
| [EN] | (h) maidir leis an nós imeachta chun aon díospóidí a shocrú idir iontaobhaithe na scéime agus daoine lena mbaineann an scéim nó daoine a iarrfaidh comhaltas sa scéim. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh a leasaíonn nó a chúlghaireann scéim faoin alt seo lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo, ach beidh scéim a leasaíonn scéim faoin alt seo de shórt go leanfaidh forálacha lena dtugtar éifeacht d'fho-ailt (1) agus (2) de bheith ar áireamh i gceann amháin nó níos mó de na scéimeanna faoin alt seo agus ní chúlghairfear scéim faoin alt seo mura rud é go leanfaidh na forálacha sin mar a dúradh de bheith i bhfeidhm tar éis na cúlghairme. | |
| [EN] | (4) Ní dheonóidh an Chuideachta aon sochar aoisliúntais ar éirí as, ar scor nó ar bhás stiúrthóra ar dhóigh seachas de réir scéime nó scéimeanna faoin alt seo. | |
| [EN] | (5) Déanfar scéim faoin alt seo a chur i gcrích de réir théarmaí an chéanna. | |
| [EN] | (6) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh scéim faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh maidir le stiúrthóirí lánaimsire éagsúla. | |
| [EN] | (8) I gcás go mbeidh forálacha i scéim faoin alt seo chun sochair aoisliúntais a dheonú do dhuine nó i leith duine a bheidh i seilbh oifig an Stiúrthóra Bainistíochta de bhua alt 26 (2)— | |
| [EN] | (a) ní lú fabhar dó nó di téarmaí agus coinníollacha an deonaithe ná na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus ar faoina réir, díreach roimh thosach feidhme na bhforálacha, a bhí sochair aoisliúntais le deonú dó nó di faoi scéim nó faoi scéimeanna faoi alt 5 (ar alt é a measfar ina leith gur údaraigh sé riamh níos mó ná scéim amháin a dhéanamh) nó 6 d'Acht 1953 nó faoin dá alt sin (“na scéimeanna roimhe sin”), agus | |
| [EN] | (b) beidh aon sochar aoisliúntais a dheonófar don duine faoi scéim faoin alt seo in ionad na sochar comhréire a bhí le deonú dó nó di faoi na scéimeanna roimhe sin agus ní dheonófar na sochair dheireanacha sin dó nó di. | |
| [EN] | (9) (a) Aisghairtear leis seo alt 5 d'Acht 1953 amhail ar an agus ón lá dílseacháin. | |
| [EN] | (b) D'ainneoin mhír (a), maidir le haon scéim faoin alt sin 5 a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sí i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis, leanfaidh sí d'fheidhm a bheith aici maidir le duine a raibh feidhm aici maidir leis nó léi díreach roimh an lá sin agus cuirfear i gcrích í de réir théarmaí an chéanna agus féadfar í a leasú nó a chúlghairm, amhail is dá mba faoin alt seo a rinneadh í, ach más rud é nach dtabharfar éifeacht do cheanglais fho-alt (2), cibé acu faoi scéim nó faoi scéimeanna den sórt sin, déanfar í nó iad, de réir mar is cuí, mura gcúlghairtear í nó iad, a leasú faoi fho-alt (3), a luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin, d'fhonn éifeacht a thabhairt do na ceanglais sin. | |
| [EN] | (10) San alt seo ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí, agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás. | |
| [EN] |
Aoisliúntas fhoireann na Cuideachta agus na bhfochuideachtaí. |
29. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (a dhéanann foráil le haghaidh scéimeanna aoisliúntais d'fhostaithe an Bhoird) d'Acht 1953, amhail ar an agus ón lá dílseacháin— |
| [EN] | (a) trí “Chuideachta” a chur in ionad “Bord”, “na Cuideachta” a chur in ionad “an Bhoird” agus “gCuideachta” a chur in ionad “mBord” gach áit ina bhfuil an céanna (seachas i bhfo-ailt (1) agus (5)) agus trí “Chuideachta, nó más rud é go mbaineann an scéim le daoine atá i bhfostaíocht fochuideachta, an fhochuideachta” a chur in ionad “Bord” i bhfo-alt (5), | |
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
| [EN] | “(1A) (a) Féadfaidh an Chuideachta scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, chun pinsin, aiscí agus liúntais eile ar scor nó ar bhás dóibh a íoc, faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a ordófar sa scéim nó sna scéimeanna leis na daoine sin nó i leith cibé daoine atá i bhfostaíocht na bhfochuideachtaí, a chinnfidh an Chuideachta, agus féadfaidh an scéim nó na scéimeanna foráil éagsúil a dhéanamh i leith aicmí éagsúla daoine den sórt sin. | |
| [EN] | (b) Féadfaidh an Chuideachta scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, chun pinsin, aiscí agus liúntais eile ar scor nó ar bhás dóibh a íoc, faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a ordófar sa scéim nó sna scéimeanna leis na daoine sin nó i leith na ndaoine sin atá i bhfostaíocht na bhfochuideachtaí sin (seachas na fochuideachtaí), más ann, de réir mar a chinnfidh an Chuideachta, agus féadfaidh an scéim nó na scéimeanna foráil éagsúil a dhéanamh i leith aicmí éagsúla daoine den sórt sin.”, | |
| [EN] | (c) i bhfo-alt (2), trí “faoi fho-alt (1) nó fo-alt (1A) den” a chur in ionad “faoin”, | |
| [EN] | (d) i bhfo-alt (3), trí “faoi fho-alt (1) nó (1A) den alt seo” a chur isteach tar éis “scéim”, | |
| [EN] | (e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6): | |
| [EN] | “(6) Féadfaidh an Chuideachta scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire a leasaíonn nó a chúlghaireann scéim faoin alt seo (lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo), ach beidh scéim a leasaíonn scéim faoin alt seo de shórt go leanfaidh forálacha a thugann éifeacht do cheanglais a bheidh ag freagairt do cheanglais fho-ailt (1), (1A), (2) agus (3) den alt seo de bheith i gceann amháin nó níos mó de na scéimeanna faoin alt seo agus ní chúlghairfear scéim faoin alt seo mura rud é go leanfaidh na forálacha sin a dúradh de bheith i bhfeidhm tar éis na cúlghairme”, | |
| [EN] | (f) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (8): | |
| [EN] | “(9) Gan dochar do na cumhachtaí infheistíochta a thugtar ar shlí eile le dlí d'iontaobhaithe ciste aoisliúntais arna bhunú de bhun fho-alt (2), féadfaidh na hiontaobhaithe sin, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé airgead de chuid an chiste a infheistiú de réir mar is cuí leo in iasachtaí do cibé fiontair is cuí leo. | |
| [EN] | (10) San alt seo tá le ‘Cuideachta’, ‘fochuideachta’, ‘fochuideachtaí’ agus ‘na fochuideachtaí’ na bríonna a shanntar dóibh leis an Acht Forbartha Móna, 1998 .”. | |
| [EN] | (2) D'ainneoin fho-alt (1)(e), maidir le scéim arna hullmhú ag an mBord faoi fho-alt (6) den alt sin 6 atá i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sí i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis, agus leanfaidh sí d'fheidhm a bheith aici maidir leis na daoine a raibh feidhm aici maidir leo díreach roimh an lá sin agus féadfar í a leasú nó a chúlghairm, amhail is dá mba í an Chuideachta a d'ullmhaigh í faoi fho-alt (6)(a cuireadh isteach leis an alt seo) den alt sin 6. | |
| [EN] |
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa. |
30. —(1) Más rud é, i gcás stiúrthóra nó stiúrthóra fochuideachta— |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó do Pharlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa don Pharlaimint sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina stiúrthóir den sórt sin. | |
| [EN] | (2) Más rud é, i gcás duine a bheidh fostaithe ag an gCuideachta nó ag fochuideachta— | |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó do Pharlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun an ailt sin 19 é nó í a bheith tofa don Pharlaimint sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht na Cuideachta nó na fochuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta nó an fhochuideachta leis nó léi aon luach saothair ná liúntais, ná ní bheidh sé ná sí i dteideal aon luach saothair ná liúntais a fháil ón gCuideachta ná ón bhfochuideachta i leith na tréimhse dar tosach an t-ainmniú nó an toghadh sin, nó nuair a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den sórt sin nó den Pharlaimint sin. | |
| [EN] | (3) Duine a bheidh de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas i dteideal suí sa Teach sin, nó duine is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí le linn dó nó di a bheith i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir nó ina stiúrthóir fochuideachta nó chun fostaíochta in aon cháil ag an gCuideachta nó ag fochuideachta. | |
| [EN] | (4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar ní a thoirmisceann tréimhse atá luaite ann a áireamh mar sheirbhís leis an gCuideachta nó le fochuideachta chun críche aon sochar aoisliúntais (de réir bhrí alt 28 (10)). | |
| [EN] |
Stiúrthóirí agus comhaltaí fhoireann na Cuideachta agus na bhfochuideachtaí do nochtadh leasanna áirithe. |
31. —(1) I gcás ceachtar de na nithe seo a leanas d'éirí ag cruinniú de na stiúrthóirí nó de stiúrthóirí fochuideachta, eadhon— |
| [EN] | (a) socrú ar páirtí ann an Chuideachta nó fochuideachta nó socrú beartaithe den sórt sin, | |
| [EN] | (b) conradh nó comhaontú eile leis an gCuideachta nó le fochuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe, | |
| [EN] | ansin, maidir le haon stiúrthóir, nó aon stiúrthóirí den fhochuideachta chéadluaite a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus ar shlí seachas ina cháil nó ina cáil mar stiúrthóir den sórt sin a mbeidh leas aige nó aici in aon slí, go díreach nó go neamhdhíreach, sa ní— | |
| [EN] | (i) nochtfaidh sé nó sí don Chuideachta nó don fhochuideachta chéadluaite ag an gcruinniú go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é, | |
| [EN] | (ii) fanfaidh sé nó sí as láthair ón gcruinniú nó ón gcuid sin den chruinniú a mbeidh an ní á phlé lena linn, | |
| [EN] | (iii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon phléití de chuid na stiúrthóirí nó stiúrthóirí na fochuideachta céadluaite maidir leis an ní, agus | |
| [EN] | (iv) ní vótálfaidh sé ná sí ar chinneadh maidir leis an ní. | |
| [EN] | (2) I gcás go nochtfar leas de bhun an ailt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheifear ag déileáil ag an gcruinniú leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an stiúrthóir a dhéanann an nochtadh sa chóram don chruinniú. | |
| [EN] | (3) Más rud é ag cruinniú de na stiúrthóirí nó de stiúrthóirí fochuideachta go n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, stiúrthóir de chuid na fochuideachta dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an chathaoirligh agus, i gcás ceist den sórt sin a chinneadh amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe. | |
| [EN] | (4) I gcás gur deimhin leis an Aire gur sháraigh stiúrthóir nó stiúrthóir fochuideachta fo-alt (1), féadfaidh sé nó sí más cuí leis nó léi é, agus le toiliú an Aire Airgeadais, an stiúrthóir sin a chur as oifig agus, i gcás go gcuirfear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina stiúrthóir ar fhochuideachta. | |
| [EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag alt 194 d'Acht 1963 maidir le stiúrthóir nó le stiúrthóir fochuideachta. | |
| [EN] | (6) Maidir le comhalta d'fhoireann na Cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta a mbeidh, ar shlí seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, go díreach nó go neamhdhíreach, leas aige nó aici in aon slí i ní a shonraítear i bhfo-alt (1)— | |
| [EN] | (a) nochtfaidh sé nó sí don Chuideachta nó, de réir mar a bheidh, don fhochuideachta go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é, agus | |
| [EN] | (b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i gcaibidil aon chonartha nó comhaontaithe eile lena mbaineann ná in aon phléití maidir leis an ní. | |
| [EN] | (7) Aon duine a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear— | |
| [EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
| [EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (8) Ní mheasfar go ndéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon rialach dlí trína gcuirtear srian ar stiúrthóirí cuideachta maidir le haon leas a bheith acu i gconarthaí leis an gCuideachta. | |
| [EN] |
Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise. |
32. —(1) Ní nochtfaidh duine faisnéis rúnda a gheobhaidh sé nó sí ina cháil nó ina cáil mar stiúrthóir nó stiúrthóir fochuideachta nó mar chomhalta d'fhoireann na Cuideachta nó fochuideachta nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Chuideachta nó d'fhochuideachta nó le linn dó nó di dualgais a chomhlíonadh in aon cháil acu sin mura rud é go n-údarófar dó nó di go cuí nó go gceanglófar air nó uirthi de réir dlí déanamh amhlaidh. |
| [EN] | (2) Duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear— | |
| [EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
| [EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (3) San alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn “rúnda” é sin a déarfaidh an Chuideachta nó an fhochuideachta lena mbaineann, de réir mar a bheidh, gur rúnda dó maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe; | |
| [EN] | ciallaíonn “cuí-údaraithe” údaraithe ag an gCuideachta nó, de réir mar is cuí, ag an bhfochuideachta lena mbaineann nó ag duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCuideachta nó, de réir mar is cuí, ag an bhfochuideachta lena mbaineann. | |
| [EN] |
Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a chur ar fáil don Aire. |
33. —(1) Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na Cuideachta, cuirfidh an Chuideachta tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid an Aire i dtaobh a gníomhaíochtaí agus i dtaobh gníomhaíochtaí aon fhochuideachtaí i rith na bliana sin agus, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis í a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
| [EN] | (2) Beidh faisnéis ar áireamh i dtuarascáil faoin alt seo i ndáil le cibé nithe (más ann), agus beidh sí i cibé foirm (más ann), a ordóidh an tAire tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an gCuideachta agus le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an Chuideachta, má cheanglaíonn an tAire amhlaidh, cibé faisnéis a cheanglóidh sé nó sí a chur ar fáil dó nó di i leith aon chláir comhardaithe nó cuntais eile nó aon tuarascála de chuid na Cuideachta nó aon fhochuideachtaí nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí (seachas oibríochtai ó lá go lá) na Cuideachta nó aon fhochuideachtaí. |