An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Bord na Móna, cuideachta phoiblí theoranta) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

26 1998

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1998

CUID III

Fochuideachtaí

Foirmiú agus clárú na bhfochuideachtaí.

34. —(1) D'fhonn go bhféadfaidh fochuideachtaí na Cuideachta príomhghníomhaíochtaí na Cuideachta a sheoladh, cuirfidh an Chuideachta faoi deara, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cibé líon cuideachtaí is cuí léi a fhoirmiú agus a chlárú faoi na hAchtanna.

(2) Beidh na fochuideachtaí faoi theorainn scaireanna agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos sna hAchtanna.

(3) Beidh gach ceann de na fochuideachtaí díolmhaithe ó cheanglas alt 6(1)(b) d'Acht 1963 go n-áireofaí an focal “limited” nó an focal “teoranta” mar fhocal deireanach a hainm.

Lá an aistrithe.

35. —Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin, agus tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an gCuideachta, lá a cheapadh le hordú, i leith gach fochuideachta, mar lá an aistrithe.

Príomhchuspóirí na bhfochuideachtaí.

36. —Beidh cuspóirí na bhfochuideachtaí de shórt, mar a shonrófar ina meabhráin chomhlachais, go mbeidh príomhghníomhaíochtaí na Cuideachta, ar a laghad, á seoladh ag na fochuideachtaí a luaithe is féidir tar éis lá an aistrithe.

Cuspóirí breise na bhfochuideachtaí.

37. —(1) Féadfar a áireamh i measc cuspóirí gach ceann de na fochuideachtaí cibé feidhmeanna eile de chuid na Cuideachta a bheidh ceadaithe ag an gCuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(2) Ní choiscfidh ná ní shrianfaidh aon ní san alt seo na cuspóirí agus na cumhachtaí sin go léir is cuí nó atá teagmhasach nó coimhdeach maidir lena príomhchuspóirí a chur i gcrích go cuí, a áireamh ar chuspóirí aon cheann de na fochuideachtaí mar a luaitear iad ina meabhrán comhlachais.

(3) Beidh feidhm ag alt 5 d'Acht 1990 maidir le gach ceann de na fochuideachtaí amhail is dá mba thagairtí do gach ceann de na fochuideachtaí na tagairtí don Bhord.

(4) Más rud é maidir le haon fheidhm de chuid na Cuideachta gur feidhm de chuid fochuideachta í, beidh feidhm ag gach foráil d'aon achtachán maidir leis an gCuideachta, nó a chuirfidh an tAcht seo i bhfeidhm maidir leis an gCuideachta, i leith na feidhme sin agus faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh feidhm aici maidir leis an bhfochuideachta faoi mar atá feidhm aici maidir leis an gCuideachta maille le haon mhodhnuithe is gá.

(5) Comhlíonfaidh fochuideachta a feidhmeanna de réir cibé ordachán a thabharfaidh an Chuideachta di i scríbhinn ó am go ham.

Foirm mheabhrán comhlachais na bhfochuideachtaí.

38. —Beidh meabhrán comhlachais gach ceann de na fochuideachtaí i cibé foirm de réir an Achta seo a cheadóidh an Chuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Foirm airteagail chomhlachais na bhfochuideachtaí.

39. —Beidh airteagail chomhlachais gach ceann de na fochuideachtaí i cibé foirm de réir an Achta seo a cheadóidh an Chuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Srian le meabhráin chomhlachais nó le hairteagail chomhlachais fochuideachtaí a athrú.

40. —D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna, ní bheidh athrú i meabhrán comhlachais ná in airteagail chomhlachais fochuideachta bailí ná éifeachtúil mura ndéanfar é le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Foirmiú caipitil na bhfochuideachtaí.

41. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, is é an Chuideachta nó ainmnithigh na Cuideachta a shealbhóidh scairchaipiteal eisithe iomlán gach fochuideachta.

(2) Déanfar scair amháin i scairchaipiteal gach fochuideachta a leithroinnt ar gach duine de shínitheoirí mheabhrán comhlachais na fochuideachta sin.

(3) Déanfaidh an Chuideachta costas na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a thabhairt mar airleacan do na sínitheoirí.

(4) Déanfaidh duine a bheidh i seilbh scaire i bhfochuideachta mar ainmnitheach de chuid na Cuideachta nó mar shínitheoir de shínitheoirí mheabhrán comhlachais na fochuideachta nó de bhua fho-alt (5) an scair a theachtadh ar iontaobhas don Chuideachta agus dá réir sin beidh sé nó sí faoi cheangal na díbhinní go léir agus airgead eile a gheobhaidh sé nó sí i leith na scaire a íoc leis an gCuideachta agus an scair a aistriú chuig an gCuideachta nó chuig duine a ainmneofar chuige sin ag an gCuideachta, de réir mar a cheanglóidh an Chuideachta agus nuair a cheanglóidh an Chuideachta é.

(5) Féadfaidh an Chuideachta, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide chun an oiread sin de na hAchtanna a chomhlíonadh a cheanglaíonn go mbeidh líon íosta comhaltaí i gcónaí i gcuideachta, ceann amháin dá scaireanna san fhochuideachta a aistriú chuig aon duine gan íoc aisti.

(6) Ní fhéadfar scaireanna i bhfochuideachta a eisiúint ná a aistriú chuig duine seachas an Chuideachta nó duine a dhéanfaidh iad a theachtadh ar iontaobhas don Chuideachta gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus ní laghdófar an líon scaireanna a bheidh ar teachtadh ag an gCuideachta i bhfochuideachta le heisiúint nó le haistriú den sórt sin (mura n-údaróidh Dáil Éireann le rún an laghdú sin) ar shlí gur lú líon na scaireanna sin a bheidh ar teachtadh ag an gCuideachta ná tromlach na scaireanna eisithe san fhochuideachta.

Cathaoirligh na bhfochuideachtaí.

42. —(1) Ceapfaidh an Chuideachta cathaoirleach fochuideachta as measc stiúrthóirí na fochuideachta le toiliú an Aire agus, faoi réir fho-alt (3), beidh sé nó sí i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin ar feadh cibé tréimhse nach faide ná 4 bliana a chinnfidh an Chuideachta le toiliú an Aire tráth a cheaptha nó a ceaptha.

(2) Beidh duine a bheidh i seilbh oifige mar chathaoirleach fochuideachta in-athcheaptha don oifig sin.

(3) Féadfaidh an Chuideachta cathaoirleach fochuideachta a chur as oifig le toiliú an Aire.

Stiúrthóirí na bhfochuideachtaí.

43. —(1) Is é líon stiúrthóirí fochuideachta—

(a) i gcás gur 100% de na scaireanna eisithe san fhochuideachta an líon scaireanna san fhochuideachta a bheidh ar teachtadh ag an gCuideachta nó a bheidh ar teachtadh ar iontaobhas don Chuideachta, 6 ar a mhéad, agus

(b) in aon chás eile, cibé líon a chinnfidh an Chuideachta le toiliú an Aire.

(2) Is í an Chuideachta le toiliú an Aire a cheapfaidh stiúrthóirí fochuideachta agus a fhéadfaidh iad a chur as oifig.

(3) Beidh duine a bheidh i seilbh oifige mar stiúrthóir fochuideachta in-athcheaptha don oifig sin.

(4) Faoi réir fho-alt (2), beidh stiúrthóirí fochuideachta i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse nach faide ná 4 bliana a chinnfidh an Chuideachta le toiliú an Aire tráth a gceaptha.

(5) Maidir le beirt stiúrthóir de chuid na fochuideachta is daoine iad a cheapfar ina stiúrthóirí faoi na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, atá toilteanach oifig a ghlacadh, agus maidir le duine a cheapfar ina stiúrthóir fochuideachta faoin bhfo-alt seo beidh sé nó sí i seilbh oifige mar stiúrthóir den sórt sin ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an Chuideachta le toiliú an Aire tráth an cheapacháin.

(6) Maidir le stiúrthóir fochuideachta ar stiúrthóir é nó í freisin, má scoireann sé nó sí de bheith ina stiúrthóir, scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina stiúrthóir ar an bhfochuideachta.

Téarmaí agus coinníollacha oifige chathaoirligh agus stiúrthóirí na bhfochuideachtaí.

44. —Is í an Chuideachta a chinnfidh luach saothair (más ann) cathaoirligh agus stiúrthóirí eile fochuideachta le toiliú an Aire tráth a gceaptha agus na téarmaí agus na coinníollacha eile ar a mbeidh siad i seilbh a n-oifigí faoi seach agus ar faoina réir a bheidh siad ina seilbh amhlaidh.

Iniúchóirí na bhfochuideachtaí.

45. —Ní cheapfar duine chun bheith mar iniúchóir fochuideachta gan toiliú an Aire.

Foireann na bhfochuideachtaí.

46. —(1) Faoi réir fho-alt (3), ceapfaidh gach fochuideachta cibé daoine agus cibé líon daoine chun bheith mar chomhaltaí dá foireann de réir mar a chinnfidh sí.

(2) Is de réir mar a chinnfidh an Chuideachta a bheidh luach saothair agus téarmaí agus coinníollacha fostaíochta eile fhoireann gach fochuideachta.

(3) Maidir le gach duine a bheidh, díreach roimh lá an aistrithe i ndáil le fochuideachta, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Cuideachta agus a bheidh ainmnithe ag an gCuideachta le haghaidh fostaíochta ag an bhfochuideachta, tiocfaidh sé nó sí, ar lá an aistrithe, nó le héifeacht ó cibé lá is déanaí ná sin a cheapfaidh an Chuideachta chuige sin, de réir riachtanas na hócáide, chun bheith mar chomhalta d'fhoireann na fochuideachta sin agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta amhlaidh.

(4) Ach amháin de réir comhaontaithe arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3), le linn dó nó di a bheith i seirbhís fochuideachta, ní chuirfear é nó í faoi réir coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le seilbh fostaíochta agus luach saothair) is lú fabhar don duine ná na coinníollacha a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh lá an aistrithe.

(5) Go dtí cibé am a n-athróidh an fhochuideachta, tar éis dul i gcomhairle agus i ndiaidh comhaontú le ceardchumainn aitheanta, scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse comhaltaí d'fhoireann fochuideachta lena mbaineann fo-alt (3), leanfaidh na scálaí pá ar faoina dtreoir a tugadh luach saothair dóibh agus na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh siad faoina réir díreach roimh lá an aistrithe, d'fheidhm a bheith acu maidir leo.

(6) I ndáil le daoine a aistrítear chuig fochuideachta faoi fho-alt (3), beidh seirbhís roimhe sin mar chomhalta d'fhoireann na Cuideachta ináirithe chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991, an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991, agus na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, ach faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh sna hAchtanna sin.

(7) Measfar chun críocha na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, gur fostaí den Chuideachta comhalta d'fhoireann fochuideachta.

Maoin a aistriú chuig na fochuideachtaí.

47. —(1) Maidir leis an oiread sin den mhaoin (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh lá an aistrithe i ndáil le fochuideachta, i seilbh na Cuideachta nó ar teachtadh aici de réir mar a chinnfidh an Chuideachta agus an fhochuideachta, beidh sé ar an lá nó ar na laethanta sin i rith tréimhse bliana dar tosach lá an aistrithe sin de réir mar a chinnfidh an Chuideachta agus an fhochuideachta, arna dhílsiú don fhochuideachta gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh eile ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir a raibh sé dílsithe don Chuideachta maidir leis díreach roimh an lá sin ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a fhearann ar an maoin agus atá inchomhlíonta.

(2) Féadfaidh an Chuideachta, ar a thionscnamh féin, agus déanfaidh sí ar iarratas ó fhochuideachta, deimhniú a eisiúint i leith maoine sonraithe, ina luafar, de réir mar is iomchuí, maidir leis an maoin—

(a) gur dhílsigh sí d'fhochuideachta áirithe ar lá áirithe faoin alt seo, nó

(b) nár dhílsigh sí d'aon cheann de na fochuideachtaí faoin alt seo,

agus is fianaise leordhóthanach é an deimhniú mura gcruthófar a mhalairt maidir leis na fíorais arna lua amhlaidh.

(3) Maidir le gach ábhar i gcaingean a aistreofar le fo-alt (1) chuig fochuideachta, féadfaidh an fhochuideachta i ndiaidh lá an aistrithe i ndáil leis an bhfochuideachta, agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní bheidh sé riachtanach don fhochuideachta ná don Chuideachta fógra a thabhairt do dhuine a bheidh faoi cheangal an ábhair i gcaingean i dtaobh an aistrithe a rinneadh leis an bhfo-alt sin.

Na fochuideachtaí d'úsáid thalamh na Cuideachta.

48. —Féadfaidh an Chuideachta le ceadúnas ó am go ham a údarú d'aon cheann de na fochuideachtaí aon talamh a bheidh i seilbh na Cuideachta a úsáid ar cibé téarmaí a chinnfidh an Chuideachta.

Cearta agus dliteanais a aistriú chuig na fochuideachtaí.

49. —(1) Maidir le cearta agus dliteanais uile na Cuideachta a éireoidh de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) faoina ndeachaigh sí roimh lá an aistrithe i ndáil le feidhm a thugtar d'fhochuideachta de bhua an Achta seo (seachas dliteanas i leith aon imeachtaí dlí ar páirtí iontu an Chuideachta a bheidh ar feitheamh in aon chúirt nó binse díreach roimh lá sin an aistrithe) beidh siad ar an lá sin arna n-aistriú chuig an bhfochuideachta.

(2) Féadfaidh an Chuideachta ar a thionscnamh féin agus déanfaidh sí ar iarratas ó fhochuideachta deimhniú a eisiúint i leith conartha nó gealltanais shonraithe ag deimhniú, de réir mar is cuí léi, gur aistríodh cearta agus dliteanais na Cuideachta faoin gcéanna de bhua fho-alt (1) chuig fochuideachta áirithe ar lá an aistrithe i ndáil leis an bhfochuideachta nó nár aistríodh amhlaidh iad chuig aon cheann de na fochuideachtaí agus is fianaise leordhóthanach é an deimhniú ar na fíorais arna ndeimhniú amhlaidh mura gcruthófar a mhalairt.

(3) Maidir le gach ceart agus dliteanas a aistrítear de bhua fho-alt (1) chuig fochuideachta, féadfar, ar lá an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina hainm féin ag an bhfochuideachta nó ina coinne agus ní bheidh sé riachtanach don fhochuideachta ná don Chuideachta fógra a thabhairt i dtaobh an aistrithe sin don duine a n-aistrítear a cheart nó a dhliteanas nó a ceart nó a dliteanas leis an alt seo.

(4) Maidir le gach ceadúnas, díolúine, ceart nó pribhléid a dheonófar don Chuideachta nó a bheidh ar teachtadh aici agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh lá an aistrithe i ndáil le fochuideachta, beidh sé nó sí, ar an lá sin agus dá éis, infheidhmithe, le linn dó nó di leanúint i bhfeidhm, ag an bhfochuideachta a mhéid a bhaineann sé nó sí le feidhm a thugtar don fhochuideachta de bhua an Achta seo nó a bheidh teagmhasach nó bainteach leis an bhfeidhm sin.

Achtacháin a oiriúnú.

50.— Maidir le haon achtachán a bhaineann leis an gCuideachta (lena n-áirítear an tAcht seo) bainfidh sé leis an bhfochuideachta maille le cibé oiriúnuithe is gá chun go bhféadfaidh lánéifeacht a bheith leis i ndáil le fochuideachta dá mbeidh feidhmeanna de chuid na Cuideachta dílsithe de bhua an Achta seo.