|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Fochuideachtaí) |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Ilghnéitheach | |
| [EN] |
Foireann an Bhoird a aistriú chuig an gCuideachta. |
51. —(1) Gach duine is comhalta d'fhoireann an Bhoird ar an lá díreach roimh an lá dílseacháin, déanfar é nó í a aistriú chuig an gCuideachta, agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Cuideachta, ar an lá dílseacháin. |
| [EN] | (2) Ach amháin de réir comhaontaithe arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, maidir le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), le linn dó nó di a bheith i seirbhís na Cuideachta, ní chuirfear é nó í faoi réir coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le téarmaí fostaíochta agus luach saothair) is lú fabhar don duine ná na coinníollacha a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin. | |
| [EN] | (3) Go dtí cibé am a athróidh an Chuideachta, tar éis dul i gcomhairle agus i ndiaidh comhaontú le ceardchumainn aitheanta, scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse comhaltaí d'fhoireann na Cuideachta lena mbaineann fo-alt (1), leanfaidh na scálaí pá ar faoina dtreoir a tugadh luach saothair dóibh agus leanfaidh na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh siad faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin, d'fheidhm a bheith acu maidir leo. | |
| [EN] | (4) I ndáil le daoine a aistrítear chuig an gCuideachta faoi fho-alt (1), beidh seirbhís roimhe sin mar chomhalta d'fhoireann an Bhoird ináirithe chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991, an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991, agus na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, ach faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh sna hAchtanna sin. | |
| [EN] |
Sócmhainní agus dliteanais an Bhoird a aistriú chuig an gCuideachta. |
52. —(1) Aistreofar an méid seo a leanas chuig an gCuideachta ar an lá dílseacháin: |
| [EN] | (a) an mhaoin uile (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) agus na cearta uile a bhí i seilbh an Bhoird nó ar teachtadh aige díreach roimh an lá sin, agus | |
| [EN] | (b) dliteanais uile an Bhoird, | |
| [EN] | agus, dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh eile— | |
| [EN] | (i) dílseoidh an mhaoin sin, ar an lá dílseacháin, don Chuideachta ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir a raibh sé dílsithe don Bhord maidir leis díreach roimh an lá sin, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a fhearann ar an maoin agus atá infheidhmithe, | |
| [EN] | (ii) amhail ar an agus ón lá dílseacháin, teachtfaidh an Chuideachta na cearta sin, agus | |
| [EN] | (iii) amhail ar an agus ón lá dílseacháin, is iad na dliteanais sin dliteanais na Cuideachta. | |
| [EN] | (2) Déanfar an t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistreofar chuig an gCuideachta leis an alt seo agus a bheidh, ar an lá dílseacháin, in ainm an Bhoird, ar iarratas ón gCuideachta, a aistriú isteach ina hainm. | |
| [EN] | (3) Maidir le gach ceart agus dliteanas a aistreofar le fo-alt (1) chuig an gCuideachta, féadfar, ar an lá dílseacháin nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ag an gCuideachta nó i gcoinne na Cuideachta ina hainm féin agus ní bheidh sé riachtanach don Chuideachta fógra a thabhairt i dtaobh an aistrithe do dhuine a n-aistrítear a cheart nó a dhliteanas leis an bhfo-alt sin. | |
| [EN] |
Comhaltaí den fhoireann do chomhlíonadh fheidhmeanna na Cuideachta agus na bhfochuideachtaí. |
53. —Féadfaidh an Chuideachta agus, le toiliú na Cuideachta, féadfaidh fochuideachta aon cheann dá feidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta dá foireann nó ag aon chomhalta dá foireann a bheidh údaraithe go cuí ag an gCuideachta nó ag an bhfochuideachta chuige sin. |
| [EN] |
Caomhnú conarthaí leanúnacha áirithe agus oiriúnú tagairtí don Bhord i ndoiciméid áirithe. |
54. —(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile, nó ceadúnas, díolúine nó cead, de chineál leanúnach a rinne nó a thug an Bord nó a rinneadh nó a tugadh thar a cheann d'aon duine nó a thug aon duine don Bhord nó ar ghlac an Bord leis nó léi nó ar glacadh leis nó léi thar a cheann agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an Bord agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus curtha i gcrích go hiomlán díreach roimh an lá dílseacháin leanfaidh siad i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí ainm na Cuideachta iontu in ionad ainm an Bhoird, agus beidh siad infheidhmithe ag an gCuideachta nó ina coinne. |
| [EN] | (2) Aon tagairtí don Bhord a bhí díreach roimh an lá dílseacháin i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta, déanfar ar an lá dílseacháin agus dá éis, iad a fhorléiriú mar thagairtí don Chuideachta. | |
| [EN] |
Imeachtaí dlí atá ar feitheamh agus ar páirtí iontu an Bord. |
55. —Más rud é, díreach roimh an lá dílseacháin, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh in aon chúirt nó in aon bhinse agus gur páirtí an Bord sna himeachtaí, cuirfear ainm na Cuideachta in ionad ainm an Bhoird sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin. |
| [EN] |
An comhshaol agus an oidhreacht seandálaíochta a chosaint. |
56. —Déanfaidh an Chuideachta agus gach fochuideachta a áirithiú go seolfar a gníomhaíochtaí ar shlí a thabharfaidh cosaint chuí don chomhshaol agus don oidhreacht seandálaíochta. |
| [EN] |
Bord na Móna a dhíscaoileadh. |
57. —Ar an lá dílseacháin, tiocfaidh Bord na Móna chun bheith díscaoilte agus beidh sé arna dhíscaoileadh. |
| [EN] |
Feidhm na nAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1995. |
58. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus fhorálacha eile an Achta seo, beidh feidhm ag na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1995, ar an lá dílseacháin agus dá éis maille leis an modhnú go bhforléireofar tagairtí don Bhord sna hAchtanna sin mar thagairtí don Chuideachta agus maille le haon mhodhnuithe eile is gá. |
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)— | |
| [EN] | (a) maidir le Cuid II (seachas alt 15) nó IV d'Acht 1946, nó leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, | |
| [EN] | (b) maidir le halt 6 d'Acht 1953, | |
| [EN] | (c) maidir le halt 1,2,3 nó 11 den Acht Forbartha Móna, 1957 , nó | |
| [EN] | (d) maidir le halt 3, 10 nó 11 d'Acht 1990. | |
| [EN] | (3) I bhfeidhmiú alt 15 d'Acht 1946, de bhun fho-alt (1), forléireofar na tagairtí d'oifigigh agus do sheirbhísigh, d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird agus d'oifigeach nó do sheirbhíseach den Bhord mar thagairtí nach n-áiríonn an Stiúrthóir Bainistíochta. | |
| [EN] | (4) Déanfar tagairtí in aon achtachán (seachas na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1995) don Bhord, ar an lá dílseacháin agus dá éis, a fhorléiriú mar thagairtí don Chuideachta. | |
| [EN] |
Feidhm na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993. |
59. —Beidh feidhm ag na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, maidir leis an gCuideachta amhail is dá mba chomhlacht ainmnithe í (de réir bhrí na nAchtanna sin). |
| [EN] |
Feidhm forálacha áirithe de chuid na nAchtanna Cánach. |
60. —(1) Measfar chun críocha alt 312 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, an Bord agus an Chuideachta a bheith faoi rialú an duine chéanna. |
| [EN] | (2) Chun críocha alt 400 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, measfar maidir leis an trádáil a bheidh á seoladh ag an mBord roimh an lá dílseacháin agus maidir leis an trádáil a bheidh á seoladh ag an gCuideachta nó ag fochuideachta ar an lá sin nó dá éis gur bhain sí agus go mbaineann sí leis an Aire Airgeadais agus measfar chun na gcríoch sin gur comhlacht corpraithe é an tAire Airgeadais. | |
| [EN] | (3) Measfar chun críocha Chaibidil 5 de Chuid 12, alt 456 agus Chaibidil 1 de Chuid 20 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, gur comhaltaí den ghrúpa céanna an Bord, an Chuideachta agus na fochuideachtaí. | |
| [EN] |
Srian leis an Acht Talún, 1965 . |
61. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Acht Talún, 1965 , maidir le talamh ná le leas i dtalamh a bheidh dílsithe don Chuideachta nó d'fhochuideachta. |