An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Pleananna Limistéar Comhtháite agus Limistéir Cháilitheacha) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

27 1998

AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1998

CUID III

Forálacha a bhaineann le hÚdarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath

Moltaí ó Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath.

13. —(1) Féadfaidh Bord Feidhmiúcháin (de réir bhrí alt 17 d'Acht 1997) an Údaráis, ag féachaint do na cuspóirí a léirítear sa mháistirphlean arna ullmhú ag an Údarás faoi alt 24 d'Acht 1997, a mholadh don Aire Airgeadais ordú faoi mhír (a) nó (b) d'alt 367 (1) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, a dhéanamh maidir leis na nithe lena mbaineann.

(2) Beidh aird ag an mBord sin, le linn aon mholadh a dhéanamh faoi fho-alt (1), ar na critéir atá leagtha amach i bhfo-alt (2) d'alt 367 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Faoisimh áirithe a bheith ag brath ar fhoirgnimh, etc., a bheith i gcomhréir leis an máistirphlean.

14. —Ní fhéadfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó ó cháin chorparáide, de réir mar a bheidh, a dheonú faoi Chaibidil 6 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, i leith foirgniú, athfheistiú nó athchóiriú foirgnimh, déanmhais nó tí mura mbeidh deimhnithe ag an Údarás i scríbhinn, ar mhodh a shonróidh an tAire, go bhfuil an foirgniú, an t-athfheistiú nó an t-athchóiriú sin i gcomhréir leis na cuspóirí a léirítear sa mháistirphlean arna ullmhú ag an Údarás faoi alt 24 d'Acht 1997.

Leasú ar alt 20 d'Acht 1997.

15. —Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1997 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur le mír (a) d'fho-alt (1):

“(iii) ar leith ó aon athbhreithniú dá dtagraítear i bhfomhír (i), cibé modhnuithe is cuí léi a dhéanamh ó am go ham ar an bplean (nach modhnuithe iad a d'athródh cineál an phlean go substaintiúil) ag féachaint d'aon imthosca a éireoidh tar éis an plean a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta go deireanach faoi fhomhír (i);”.

Leasú ar alt 30 d'Acht 1997.

16. —Leasaítear leis seo alt 30 d'Acht 1997 trí “£100,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” i bhfo-alt (3).