An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Caighdeáin Sábháilteachta Bia a Fhorfheidhmiú) Ar Aghaidh (CUID VI Leasú ar an Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991.)

29 1998

AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998

CUID V

An t-iarÚdarás a Dhíscaoileadh

An t-iarÚdarás a dhíscaoileadh.

58. —(1) Tiocfaidh an t-iarÚdarás ar an lá bunaithe chun bheith, agus beidh sé, arna dhíscaoileadh.

(2) Déanfar tagairtí don iarÚdarás in aon Acht den Oireachtas arna rith roimh an lá bunaithe, nó in aon ionstraim arna dhéanamh roimh an lá sin faoi Acht den Oireachtas, a fhorléiriú, ar an lá sin agus dá éis, mar thagairtí don Údarás.

Sócmhainní agus dliteanais an iarÚdaráis a aistriú.

59. —(1) Déanfar na nithe seo a leanas a aistriú, agus aistrítear leis seo iad, chuig an Údarás ar an lá bunaithe—

(a) an mhaoin agus na cearta go léir a bhaineann le cibé maoin a bheidh, díreach roimh an lá sin, ar seilbh nó ar teachtadh ag an iarÚdarás nó ag aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus

(b) na dliteanais go léir a bheidh tabhaithe roimh an lá sin ag an iarÚdarás nó ag aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid a bheidh ag gníomhú thar a cheann agus nach mbeidh urscaoilte roimh an lá sin,

agus, dá réir sin, gan tíolacadh, aistriú ná sannadh ar bith eile—

(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, an lá sin, don Údarás ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir dá raibh sí, díreach roimh an lá sin, dílsithe amhlaidh don iarÚdarás, de réir mar a bheidh, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus a bhí ann agus infheidhmithe,

(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach, ar teachtadh ag an Údarás, agus

(iii) beidh na dliteanais sin, amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach, ina ndliteanais de chuid an Údaráis.

(2) Déanfar an t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an Údarás leis an alt seo agus a bheidh, ar an lá bunaithe, in ainm an iarÚdaráis nó in ainm aon iontaobhaí nó gníomhaire den sórt sin dá chuid, ar an Údarás é a iarraidh, a aistriú isteach ina ainm.

(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an Údarás leis an alt seo, féadfaidh an tÚdarás, ar an lá bunaithe nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, nó iad a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm i gcoinne an Údaráis ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas leis an alt seo.

Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don iarÚdarás a oiriúnú.

60. —(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó tugtha ag an iarÚdarás nó thar a cheann d'aon duine nó a bheidh tugtha ag aon duine don iarÚdarás agus a ghlacfaidh an t-iarÚdarás nó a ghlacfar thar ceann an iarÚdaráis agus gach conradh nó comhaontú a dhéanfar idir an t-iarÚdarás, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus críochnaithe go hiomlán díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh siad i bhfeidhm ar an lá sin nó dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí ainm an Údaráis sa chéanna in ionad ainm an iarÚdaráis nó, de réir mar is cuí, in ionad ainm an iontaobhaí nó an ghníomhaire sin dá chuid, agus beidh siad infhorfheidhmithe ag an Údarás nó ina choinne.

(2) Maidir le tagairtí don iarÚdarás, nó d'aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid ag gníomhú thar a cheann, a bheidh díreach roimh an lá bunaithe ar áireamh i meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais aon chuideachta déanfar iad, ar an lá sin agus dá éis, a fhorléiriú mar thagairtí don Údarás.

Cosaint do ghníomhartha áirithe.

61. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do bhailíocht aon ghnímh a rinne an t-iarÚdarás, nó a rinneadh thar a cheann, roimh an lá bunaithe agus beidh éifeacht le gach gníomh den sórt sin, ar an lá sin agus dá éis, amhail is go ndearna an tÚdarás é nó go ndearnadh thar a cheann é más rud é go raibh sé i bhfeidhm, agus a mhéid a bhí sé i bhfeidhm, díreach roimh an lá sin.

Imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh.

62. —Más rud é, díreach roimh an lá bunaithe, go mbeidh aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an t-iarÚdarás, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid ag gníomhú thar a cheann, cuirfear ainm an Údaráis in ionad ainm an iarÚdaráis, nó, de réir mar is cuí, in ionad ainm an iontaobhaí nó an ghníomhaire sin dá chuid, sna himeachtaí sin agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

Díolúine ó cháin ghnóchan caipitiúil.

63. —Chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (de réir bhrí alt 1 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997), ní gnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a fhabhróidh chuig an iarÚdarás ar dhiúscairt a dhéanfar de bhua alt 59 .

Cúlghairm.

64. —Cúlghairtear leis seo, ar an lá bunaithe, an tOrdú um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Bunú), 1997 (I.R. Uimh. 524 de 1997).