An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cearta Fostaíochta) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

30 1998

AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998

CUID IV

Díospóidí a Réiteach

“Díospóid”.

17. —Sa Chuid seo—

déanfar “díospóid” a fhorléiriú de réir alt 18 .

Díospóidí a tharchur chuig coimisinéir um chearta.

18. —(1) Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le comhalta d'Óglaigh na hÉireann.

(2) Aon díospóid nó easaontas idir fostaí agus a fhostóir nó a fostóir a bhaineann le teidil an fhostaí faoin Acht seo (nó le haon ní a éiríonn as teidil den sórt sin nó a bhaineann leo nó a éiríonn ar shlí eile faoin Acht seo) seachas díospóid nó easaontas—

(a) a bhaineann le dífhostú as fostaíocht, lena n-áirítear dífhostú de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993,

(b) arb é atá ann nó inti ceist a bhfuil feidhm ag alt 39(15) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , maidir léi, nó

(c) ar díospóid í a bhfuil feidhm ag alt 11 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , maidir léi,

féadfaidh ceachtar de na páirtithe sin an díospóid nó an t-easaontas sin a tharchur chuig coimisinéir um chearta, agus sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo ciallaíonn “díospóid” díospóid nó easaontas a tharchuirtear nó a fhéadfar a tharchur mar a dúradh.

(3) Éistfidh coimisinéir um chearta na páirtithe i ndíospóid agus glacfaidh sé nó sí aon fhianaise iomchuí a thabharfaidh ceachtar díobh.

(4) Déanfar tarchur faoi fho-alt (2) trí fhógra i scríbhinn, ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a fhorordófar, a thabhairt do choimisinéir um chearta agus tabharfaidh an coimisinéir cóip den fhógra don pháirtí eile sa díospóid.

(5) Tabharfar fógra faoi fho-alt (4) a luaithe is féidir le réasún tar éis don díospóid lena mbaineann tarlú agus, ar aon chor, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don díospóid tarlú.

(6) Déanfar imeachtaí os comhair coimisinéara um chearta faoin alt seo a sheoladh ar dhóigh seachas go poiblí.

(7) Déanfaidh coimisinéir um chearta cóip de gach breith a thabharfaidh sé nó sí faoin gCuid seo a thabhairt don Bhinse.

Achomharc i gcoinne breithe ó choimisinéir um chearta.

19. —(1) Féadfaidh páirtí lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun an Bhinse i gcoinne breithe nó ordacháin ó choimisinéir um chearta faoi alt 21 agus glacfaidh an Binse aon fhianaise iomchuí a thabharfaidh páirtí sa díospóid.

(2) Déanfaidh páirtí sa díospóid lena mbaineann achomharc faoin alt seo a thionscnamh trí fhógra i scríbhinn, ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a fhorordófar, a thabhairt don Bhinse a luaithe is féidir agus, ar aon chor, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain ón dáta ar tugadh an bhreith don pháirtí agus tabharfaidh an Binse cóip den fhógra don pháirtí eile lena mbaineann a luaithe is féidir tar éis don Bhinse an fógra a fháil.

(3) Aon duine a bhfuil a fhianaise nó a fianaise tugtha nó á tabhairt nó le tabhairt os comhair an Bhinse, nó a thabharfaidh doiciméad ar aird don Bhinse nó a chuirfidh doiciméad chuig an mBinse, de bhun fógra faoi fho-alt (4), nó a gceanglaítear air nó uirthi le fógra den sórt sin fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird don Bhinse nó freastal os comhair an Bhinse agus, san áit sin, fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird, beidh sé nó sí i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte an duine.

(4) Féadfaidh an Binse, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn, a cheangal ar aon duine freastal os comhair an Bhinse ar dháta agus ag tráth agus in áit a shonrófar san fhógra agus, san áit sin, fianaise a thabhairt agus aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht, agus a shonrófar san fhógra, a thabhairt ar aird, nó aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht, agus a shonrófar san fhógra, a chur chuig an mBinse, nó a cheangal ar dhuine a bheidh ag freastal os comhair an Bhinse de bhun fógra faoin bhfo-alt seo aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht, agus a shonrófar sa cheanglas, a thabhairt ar aird don Bhinse.

(5) Beidh feidhm ag míreanna (a) agus (e) d'fho-alt (17) d'alt 39 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , chun críocha an ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin 39 fara an modhnú go gcuirfear “£1,500” in ionad “£150” agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(6) Féadfaidh an tAire imeachtaí i leith ciona faoin bhfo-alt sin (17), mar a chuirtear i bhfeidhm leis an alt seo é, a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(7) Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Bhinse in imeachtaí faoin alt seo in imthosca de shórt a d'fhágfadh go mbeadh an duine, dá mba rud é gur thug an duine an fhianaise os comhair cúirte, ciontach i mionnú éithigh, beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil sa chion sin, na pionóis a bhaineann le mionnú éithigh a chur air nó uirthi.

Achomharc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

20. —(1) Féadfaidh an Binse ceist dlí a éireoidh in imeachtaí os a chomhair faoin gCuid seo a tharchur chun na hArd-Chúirte chun go ndéanfaidh sí cinneadh ina leith.

(2) Féadfaidh páirtí in imeachtaí os comhair an Bhinse faoin gCuid seo achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne cinnidh ón mBinse ar phonc dlí.

Sásamh.

21. —(1) Ar dhíospóid a éisteacht, déanfaidh coimisinéir um chearta nó an Binse—

(a) i gcás coimisinéara um chearta, breith a thabhairt i ndáil leis an díospóid, nó

(b) i gcás an Bhinse, cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an díospóid,

agus féadfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, sa bhreith nó sa chinneadh, de réir mar a bheidh, cibé ordacháin a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann a mheasfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, is gá nó is fóirsteanach chun an díospóid a réiteach.

(2) Faoi fho-alt (1), féadfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse cibé sásamh a ordú don pháirtí lena mbaineann a mheasfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, a bheith cuí, ag féachaint do na himthosca go léir agus d'fhorálacha an Achta seo, agus a shonróidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, lena n-áirítear ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon:

(a) saoire do thuismitheoirí a dheonú a mbeidh cibé fad inti, agus a thógfar cibé tráth nó tráthanna agus i cibé slí, a shonrófar amhlaidh,

(b) dámhachtain cúitimh i bhfabhar an fhostaí lena mbaineann agus a bheidh le híoc ag an bhfostóir lena mbaineann.

(3) Beidh i gcúiteamh faoi fho-alt (2) (b) cibé méid a mheasfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse a bheith cóir agus cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir ach ní rachaidh sé thar luach saothair 20 seachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh i cibé slí a fhorordófar.

(4) Is i scríbhinn a bheidh an bhreith ó choimisinéir um chearta nó an cinneadh ón mBinse agus cuirfidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, an bhreith nó an cinneadh sin i bhfios do na páirtithe.

(5) Féadfaidh coimisinéir um chearta nó an Binse, má mheasann an coimisinéir nó an Binse gur réasúnach sin a dhéanamh, ag féachaint do bhreoiteacht nó d'éagumas eile an fhostaí lena mbaineann nó d'aon imthoisc eile, a ordú go dtógfar saoire do thuismitheoirí tráth nach mbeidh de réir alt 6 (3).

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), más rud é, ar tharchur faoi alt 18 (2) nó ar achomharc faoi alt 19 (1), gur deimhin le coimisinéir um chearta nó leis an mBinse, i gcás go dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí an tráth a shonraítear san fhógra faoi alt 8 (1) lena mbaineann, go ndéanfaí mórdhochar de bhíthin aon cheann de na nithe a shonraítear in alt 11 (1), féadfaidh an coimisinéir nó an Binse, de réir mar a bheidh, má mheasann an coimisinéir nó an Binse gur réasúnach sin a dhéanamh, a ordú go ndéanfar tosach na saoire a iarchur ar feadh tréimhse sonraithe (cibé acu is í an tréimhse í a shonraítear san fhógra iomchuí faoi alt 11 (1) nó nach ea).

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), más rud é, ar tharchur faoi alt 18 (2) nó ar achomharc faoi alt 19 (1), go measfaidh coimisinéir um chearta nó an Binse gur réasúnach sin a dhéanamh mar gheall ar mhórathrú tromchúiseach ar aon imthosca a dhéanann difear don fhostóir nó don fhostaí, féadfaidh an coimisinéir nó an Binse a ordú go ndéanfar tréimhse na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann a chiorrú nó foirm na saoire sin a athrú nó tosach na saoire sin a iarchur ar feadh tréimhse sonraithe nó go ndéanfar saoire do thuismitheoirí, nach dtógtar mar gheall ar chiorrú mar a dúradh, a thógáil tráth a shonrófar.

(8) Más cuí, déanfaidh na páirtithe sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann é a leasú chun go mbeidh sé de réir breithe, cinnidh nó ordacháin faoin alt seo.

(9) San alt seo folaíonn “luach saothair” liúntais i modh pá agus sochair in ionad nó i dteannta pá.

Breitheanna ó choimisinéir um chearta agus cinntí ón mBinse a chur chun feidhme.

22. —(1) (a) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine breith ó choimisinéir um chearta faoin gCuid seo (“breith”), nó cinneadh ón mBinse faoin Acht seo (“cinneadh”), a chomhlíonadh, déanfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas chuige sin chuici—

(i) ón bpáirtí eile lena mbaineann, nó

(ii) ón Aire, má tá sé nó sí den tuairim gur cuí é sin a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir,

ordú á ordú don pháirtí sin an bhreith nó an cinneadh a chomhall de réir théarmaí na breithe nó an chinnidh sin.

(b) I mír (a), an tagairt do bhreith nó do chinneadh is tagairt í do bhreith nó do chinneadh, de réir mar a bheidh, den sórt sin nach mbeidh, ar éag don tráth chun achomharc a dhéanamh ina coinne nó ina choinne, aon achomharc den sórt sin déanta i ndáil léi nó leis nó, más rud é go ndearnadh achomharc den sórt sin, gur tréigeadh é.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, in imeachtaí faoin bhfo-alt sin, gur deimhin leis an gCúirt Chuarda nach bhféadfaí, de bharr imeacht aimsire, ordú faoin bhfo-alt sin a chomhlíonadh, déanfaidh an Chúirt sin ordú lena bhforálfar do cibé sásamh a mheasfaidh sí a bheith cuí ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo agus do na himthosca go léir.

(3) In ordú faoin alt seo lena bhforálfar do chúiteamh a íoc, féadfaidh an Chúirt Chuarda, má mheasann sí gur cuí é sin a dhéanamh sna himthosca go léir, a ordú don fhostóir lena mbaineann ús ar an gcúiteamh, de réir an ráta dá dtagraítear in alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1981 , a íoc leis an bhfostaí lena mbaineann i leith na tréimhse go léir nó aon chuid den tréimhse dar tosach 4 sheachtain tar éis an dáta a gcuirtear an bhreith nó an cinneadh lena mbaineann i bhfios do na páirtithe agus dar críoch dáta an ordaithe.

(4) Déanfar imeachtaí faoin alt seo a éisteacht sa chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir iomchuí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha.