|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Díospóidí a Réiteach) |
AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V Ilghnéitheach | |
| [EN] |
Fógraí. |
23. —(1) Féadfar fógra nó doiciméad eile a thabhairt do dhuine chun críocha imeachtaí faoin Acht seo trína sheachadadh ar an duine nó trí chóip de a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine ag an áit chónaithe nó ag an áit ghnó is deireanaí is eol a bheith ag an duine. |
| [EN] | (2) I gcás cuideachta a bhfuil feidhm ag Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir léi, féadfar doiciméad den sórt sin a thabhairt trína sheachadadh, nó trí chóip de a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an gcuideachta ag a hoifig chláraithe. | |
| [EN] | (3) I gcás comhlachta chorpraithe nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis nó i gcás comhlachta neamhchorpraithe daoine, féadfar doiciméad den sórt sin a thabhairt trí chóip de a chur chuig an gcomhlacht ag aon áit sa Stát ina seolann sé gnó nó i cibé slí eile ina bhféadfar toghairm thionscnaimh a sheirbheáil ar an gcomhlacht faoi rialacha cúirte. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh coimisinéir um chearta, má mheasann sé nó sí gur réasúnach é sin a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, tréimhse shonraithe (nach faide ná 6 sheachtain) a chur mar fhadú leis an tréimhse ama a gceanglaítear fógra faoin Acht seo (seachas alt 19 (2)) a thabhairt lena linn. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an Binse, má mheasann sé gur réasúnach é sin a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, tréimhse shonraithe a chur mar fhadú leis an tréimhse ama a gceanglaítear fógra faoi alt 19 (2) a thabhairt lena linn. | |
| [EN] | (6) Féadfar am a fhadú faoi fho-alt (4) nó (5) tar éis an tréimhse ama lena mbaineann a bheith caite. | |
| [EN] |
Foirceannadh agus féimheacht. |
24. —(1) Le linn dáileadh a dhéanamh ar shócmhainní cuideachta a bheidh á foirceannadh, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, aon chúiteamh is iníoctha faoin Acht seo ag an gcuideachta le fostaí, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le rialacha cúirte. |
| [EN] | (2) Le linn dáileadh a dhéanamh ar mhaoin féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 81 den Acht Féimheachta, 1988 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, aon chúiteamh is iníoctha faoin Acht seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta, de réir mar a bheidh, le fostaí, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le rialacha cúirte. | |
| [EN] |
Leasú ar achtacháin. |
25. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 , tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994) i mír 5(1) de Sceideal 3: |
| [EN] | “(d) tréimhse a bhfuil an fostaí as láthair ón obair ar a feadh le linn dó nó di a bheith ar shaoire chosantach, ar asláithreacht chúraim breithe de réir bhrí Chuid IV den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure.”. | |
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977 — | |
| [EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d) i bhfo-alt (2): | |
| [EN] | “(dd) an fostaí d'fheidhmiú an chirt chun saoire do thuismitheoirí nó chun saoire force majeure faoi réim agus de réir an Achta um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, nó an feidhmiú sin a bheith beartaithe aige nó aici,”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994): | |
| [EN] | “(2B) Níl feidhm ag ailt 3 agus 4 maidir le cás a thagann faoi réim fho-alt (2)(dd) agus, chun críche na míre sin, folaíonn ‘fostaí’ duine a bheadh eisiata murach sin ón Acht seo le mír (a), (c), (f) nó (g) d'alt 2(1).”. | |
| [EN] | (3) Maidir le fostaí atá i dteideal dul ar ais ag obair san fhostaíocht lena mbaineann de réir alt 15 ach nach gceadaíonn a fhostóir nó a fostóir dó nó di é sin a dhéanamh— | |
| [EN] | (a) measfar gur dífhostaíodh an fostaí sin ar an dáta a raibh sé nó sí i dteideal dul ar ais ag obair mar a dúradh agus measfar, chun críocha na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, gur dhífhostú éagórach an dífhostú, mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú, | |
| [EN] | (b) measfar, chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991, gur dífhostaíodh an fostaí sin de bhíthin iomarcaíochta ar an dáta réamhráite, agus | |
| [EN] | (c) measfar, chun críocha na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991, go ndearnadh a chonradh nó a conradh fostaíochta lena fhostóir nó lena fostóir a fhoirceannadh ar an dáta réamhráite. | |
| [EN] | (4) Leasaítear leis seo an tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997— | |
| [EN] | (a) in alt 15, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) i bhfo-alt (4): | |
| [EN] | “(aa) aon tréimhse a raibh an fostaí as láthair ón obair ar a feadh le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure,”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (b) in alt 16, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c) i bhfo-alt (5): | |
| [EN] | “(cc) aon tréimhse a raibh an fostaí as láthair ón obair ar a feadh le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure,”. | |
| [EN] | (5) Leasaítear leis seo an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) in alt 39: | |
| [EN] | “(bb) faisnéis a sholáthar don phobal ar oibriú an Achta um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 ,”. | |
| [EN] |
Leathnú ar an Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 . |
26. —(1) Déanfar alt 6 den Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 (mar a leasaíodh leis an Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994), a leasú de réir an ailt seo. |
| [EN] | (2) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad chlásal (II) i bhfo-alt (2)(a)(v)— | |
| [EN] | “(II) de bhua breithe, cinnidh nó ordaithe faoi Chuid V den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, nó faoi Chuid IV den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 ,”. | |
| [EN] | (3) I bhfo-alt (4)(c)— | |
| [EN] | (a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (iv) (seachas clásail (I) agus (II) den fhomhír sin)— | |
| [EN] | “(iv) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo i leith méid lena mbaineann breith faoi Chuid V den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, nó faoi Chuid IV den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 , mura rud é—”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (b) cuirfear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (v) (seachas clásail (I) agus (II) den fhomhír sin)— | |
| [EN] | “(v) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo i leith méid lena mbaineann cinneadh faoi Chuid V den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, nó faoi Chuid IV den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 , mura rud é—”. | |
| [EN] |
Taifid. |
27. —(1) Déanfaidh fostóir taifead ar an tsaoire do thuismitheoirí agus ar an tsaoire force majeure a thógann a fhostaithe nó a fostaithe, ina dtaispeánfar tréimhse fostaíochta gach fostaí agus na dátaí agus na tráthanna a raibh gach fostaí ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an fostóir lena mbaineann taifead arna dhéanamh faoin alt seo a choimeád go ceann tréimhse 8 mbliana agus, má shonraíonn an tAire foirm na dtaifead sin (agus cumhachtaítear leis seo dó nó di é sin a dhéanamh) is san fhoirm sin, nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi, a bheidh an taifead. | |
| [EN] | (3) Aon fhógraí, nó aon chóipeanna d'fhógraí, a cheanglaítear leis an Acht seo ar dhuine a choimeád, coimeádfaidh an duine iad go ceann tréimhse bliana. | |
| [EN] | (4) Aon fhostóir a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus, ar é nó í a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh cigire (de réir bhrí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997), chun críocha an ailt seo, aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an Acht sin a fheidhmiú. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh an tAire imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
| [EN] |
Athbhreithniú ar an Acht. |
28. —Déanfaidh an tAire, tráth nach luaithe ná 2 bhliain agus nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme an Achta seo, tar éis dul i gcomhairle le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostóirí i gcoitinne agus le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostaithe i gcoitinne, athbhreithniú a sheoladh ar oibriú an Achta seo agus ullmhóidh sé nó sí tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí an athbhreithnithe agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |