An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Forbairt agus an Bord Tráchtála a dhíscaoileadh agus Forálacha Idirthréimhseacha) Ar Aghaidh (CUID V Foireann na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (Éire))

34 1998

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (FIONTRAÍOCHT ÉIREANN), 1998

CUID IV

Deontais agus Greasachtaí Tionscail

Deontais do Forfás, do GFT agus do Fiontraíocht Éireann.

33. —Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11:

“Deontais do Forfás, do GFT agus do Fiontraíocht Éireann.

11.—(1) Féadfaidh an tAire deontais de cibé méideanna a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le Forfás, le GFT agus le Fiontraíocht Éireann as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) chun a chumasú do Forfás, do GFT agus do Fiontraíocht Éireann a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais ghinearálta a íoc, agus

(b) chun a oibleagáidí agus a dhliteanais a urscaoileadh.

(2) Ní mó ná £1,500,000,000 méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire do Forfás agus do na Gníomhaireachtaí faoi fho-alt (1)(b) (seachas deontais lena mbaineann alt 14(3) d'Acht 1986).”.

Greasachtaí Tionscail.

34. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 12:

“Greasachtaí Tionscail.

12.—(1) Gan cead a fháil roimh ré ón Rialtas, ní mó san iomlán méid iomlán an airgid a thabharfar do ghnóthas tionscail ar leith faoi aon alt dá dtagraítear in alt 34 d'Acht 1986 ná an tsuim is mó de na suimeanna seo a leanas—

(a) £4,000,000, nó

(b) £4,000,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas a bhfuarthas cead roimh ré ón Rialtas cheana féin ina leith.

(2) Féadfaidh Fiontraíocht Éireann agus GFT deontais a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leo chun duine a fhostú i dtionscal seirbhíse (de réir bhrí Acht 1986).”.

(2) Leasaítear leis seo Acht 1986—

(a) in alt 24(5), trí “£1,200,000” a chur in ionad “£750,000”,

(b) in alt 25(4), trí “£2,000,000” a chur in ionad “£1,250,000”,

(c) in alt 26(2), trí “£1,200,000” a chur in ionad “£750,000”,

(d) in alt 27(2), trí “£480,000” a chur in ionad “£300,000”,

(e) in alt 28(4), trí “£3,200,000” a chur in ionad “£2,000,000”,

(f) in alt 29(4)(a) agus (b), trí “£400,000” a chur in ionad “£250,000”,

(g) in alt 29(7)(a) agus (b), trí “£800,000” a chur in ionad “£500,000”,

(h) in alt 30(5)(a) agus (b), trí “£400,000” a chur in ionad “£250,000”,

(i) in alt 30(6)(a) agus (b), trí “£800,000” a chur in ionad “£500,000”, agus

(j) trí “£2,500,000” a chur in ionad “£1,500,000” in alt 31(4).

Deontais do Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta.

35. —Leasaítear leis seo an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1986

(a) in alt 2, trí “£200,000,000” a chur in ionad “£150,000,000” (a cuireadh isteach le halt 10 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Leasú), 1991), agus

(b) in alt 3, trí “£250,000,000” a chur in ionad “£200,000,000” (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1995).