|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Deontais agus Greasachtaí Tionscail) | Ar Aghaidh (CUID VI Nithe a bhaineann le Forfás agus le GFT) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (FIONTRAÍOCHT ÉIREANN), 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V Foireann na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (Éire) | |
| [EN] |
Foireann GFT agus fhochuideachtaí GFT. |
36. —(1) Féadfaidh GFT cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a cheapadh ina gcomhaltaí d'fhoireann GFT. |
| [EN] | (2) Féadfaidh fochuideachta cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí, le toiliú GFT, an Aire agus an Aire Airgeadais, a cheapadh ina gcomhaltaí d'fhoireann na fochuideachta. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an Bord nó bord na fochuideachta, de réir mar a bheidh, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na gráid d'fhoireann GFT nó fochuideachta agus an líon foirne i ngach grád agus an leibhéal cuí luach saothair do gach grád a chinneadh. | |
| [EN] | (4) Más rud é, i gcás comhalta d'fhoireann GFT nó d'fhoireann fochuideachta— | |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | beidh sé nó sí air sin ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht le GFT nó le fochuideachta agus ní íocfaidh GFT leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ó GFT, luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a hainmnithe nó a thofa nó a tofa amhlaidh, nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh), agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach sin nó ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin. | |
| [EN] | (5) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó fad is ionadaí den sórt sin é nó í, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann GFT nó d'fhoireann fochuideachta. | |
| [EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta arna fáil nó arna foirmiú agus arna clárú ag GFT de bhun alt 5 d'Acht 1995. | |
| [EN] | (7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
| [EN] |
Foireann Forfás ar iasacht chuig GFT. |
37. —(1) Duine a bheidh ar iasacht ó Forfás chuig GFT faoi mhír 2(2) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993 agus a bheidh ar iasacht amhlaidh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann Forfás agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann GFT. |
| [EN] | (2) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear san alt seo ní lú, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís GFT, an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh theacht chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann GFT. | |
| [EN] | (3) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna faoi alt 38 do dhaoine a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann Forfás ar iasacht chuig GFT, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná na sochair agus na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá sin. | |
| [EN] | (4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
| [EN] |
Aoisliúntas. |
38. —(1) Déanfaidh GFT scéim nó scéimeanna, chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann GFT is cuí léi, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. |
| [EN] | (2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
| [EN] | (3) Féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh GFT aon scéim a chuirfidh sí faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i bhfeidhm de réir a téarmaí. | |
| [EN] | (5) Ní dheonóidh GFT aon sochar aoisliúntais, ná ní dhéanfaidh GFT aon chomhshocraíochtaí eile chun sochar den sórt sin a chur ar fáil, do chomhalta d'fhoireann GFT nó ina leith seachas de réir scéime faoin alt seo nó le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (6) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, nó maidir le méid aon sochair den sórt sin, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh an tAire chuig an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (7) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
| [EN] | (8) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |