|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Foireann na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (Éire)) | Ar Aghaidh (CUID VII Leasú ar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1986 go 1995) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (FIONTRAÍOCHT ÉIREANN), 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI Nithe a bhaineann le Forfás agus le GFT | |
| [EN] |
Foireann an Bhoird Tráchtála a aistriú chuig Forfás. |
39. —(1) Gach duine is comhalta d'fhoireann an Bhoird Tráchtála díreach roimh an lá bunaithe beidh sé nó sí, an lá sin, arna aistriú nó arna haistriú chuig foireann Forfás agus ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann Forfás. |
| [EN] | (2) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís Forfás, an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe. | |
| [EN] | (3) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna do dhaoine a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann an Bhoird Tráchtála agus a aistrítear chuig foireann Forfás agus a thagann chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann Forfás, leanfar díobh amhail is gur deonaíodh iad faoi mhír 3 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal acu chucu roimh iad a aistriú. | |
| [EN] |
Foireann an Fhorais a aistriú chuig Forfás. |
40. —(1) Féadfaidh an tAire cibé comhaltaí agus cibé líon comhaltaí d'fhoireann an Fhorais a chinnfidh sé nó sí a ainmniú lena n-aistriú chuig Forfás. |
| [EN] | (2) Beidh comhalta d'fhoireann an Fhorais a ainmneofar faoi fho-alt (1) arna aistriú nó arna haistriú chuig foireann Forfás agus ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann Forfás. | |
| [EN] | (3) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d'fhoireann an Fhorais a aistreofar chuig foireann Forfás faoi fho-alt (2) ní lú, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís Forfás, an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh é nó í a aistriú. | |
| [EN] | (4) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna do dhaoine a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann an Fhorais agus a aistrítear chuig foireann Forfás agus a thagann chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann Forfás, leanfar díobh amhail is gur deonaíodh iad faoi mhír 3 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal acu chucu roimh iad a aistriú. | |
| [EN] | (5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
| [EN] |
Leasanna a nochtadh i ndáil le Forfás nó le GFT. |
41. —(1) I gcás leas airgid nó leas tairbhiúil eile a bheith ag an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin, ag comhalta de bhord Forfás nó GFT, ag comhalta d'fhoireann Forfás nó GFT, nó ag comhalta d'fhoireann Forfás ar iasacht chuig GFT, ag comhalta de choiste arna bhunú faoi alt 10(2) (arna chur isteach le halt 46) d'Acht 1993, nó ag sainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile a bheidh fostaithe ag Forfás nó ag GFT, nó ag comhalta de bhord nó d'fhoireann fochuideachta, ar leas é in aon ní, nó ar leas é atá ábhartha i leith aon ní, a bheidh le breithniú ag bord Forfás nó GFT, de réir mar a bheidh, nó ag coiste arna bhunú faoi alt 10(2) d'Acht 1993 nó ag bord fochuideachta— |
| [EN] | (a) déanfaidh sé nó sí, sula ndéanfar aon bhreithniú ar an ní sin, cineál a leasa a nochtadh don bhord lena mbaineann nó don choiste nó do bhord na fochuideachta, de réir mar a bheidh, | |
| [EN] | (b) ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh le tionchar a imirt, ar chinneadh i ndáil leis an ní sin, | |
| [EN] | (c) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú ar an ní sin, | |
| [EN] | (d) más é nó í an príomhoifigeach feidhmiúcháin atá i gceist, nó más comhalta de bhord nó d'fhoireann Forfás nó GFT nó d'fhoireann Forfás ar iasacht chuig GFT nó comhalta de choiste arna bhunú faoi alt 10(2) d'Acht 1993 nó comhalta de bhord nó d'fhoireann na fochuideachta é nó í, tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú agus ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí thairis sin i gcáil an phríomhoifigigh feidhmiúcháin nó an chomhalta sin i ndáil leis an ní. | |
| [EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é— | |
| [EN] | (a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní dá dtagraítear san fho-alt sin, nó leas atá ábhartha i leith ní den sórt sin, é nó í nó aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach, | |
| [EN] | (b) go mbeidh sé nó sí nó aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin nó leas atá ábhartha ina leith, | |
| [EN] | (c) gur páirtí é nó í nó aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (cibé acu infheidhmithe nó nach ea) i ndáil le talamh lena mbaineann ní den sórt sin, nó | |
| [EN] | (d) go mbeidh leas tairbhiúil ag aon chomhalta dá theaghlach nó dá teaghlach in aon ní den sórt sin, nó go mbeidh leas aige nó aici atá ábhartha ina leith. | |
| [EN] | (3) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha i leith aon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin leas a bheith aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile a luaitear i bhfo-alt (2) ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dócha go n-imreoidh sé tionchar ar dhuine le linn dó nó di breithniú, plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist maidir leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm i ndáil leis an ní sin a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (4) I gcás ina n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh duine é, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an Bord nó bord na fochuideachta, de réir mar a bheidh, a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí faoin gcinneadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann. | |
| [EN] | (5) I gcás ina ndéanfar nochtadh do bhord Forfás nó GFT nó do choiste de bhun fho-alt (1) nó do bhord fochuideachta, déanfar sonraí faoin nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann. | |
| [EN] | (6) I gcás ina mainneoidh duine dá dtagraítear san alt seo nochtadh a dhéanamh de réir an ailt seo, cinnfidh an Bord nó bord na fochuideachta, de réir mar a bheidh, an beart cuí (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) a bheidh le déanamh. | |
| [EN] | (7) San alt seo ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta arna fáil nó arna foirmiú agus arna clárú ag Forfás nó ag GFT de bhun alt 5 d'Acht 1995. | |
| [EN] | (8) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá bunaithe. | |
| [EN] |
Cionta achoimre a ionchúiseamh. |
42. —Féadfaidh Forfás imeachtaí i ndáil le cion achomair faoi alt 16 nó faoi mhír 4 (arna cur isteach le halt 47) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. |