An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Nithe a bhaineann le Forfás agus le GFT) Ar Aghaidh (CUID VIII Nithe a bhaineann leis an tSeirbhís Mhéadreolaíochta Dlí agus leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann)

34 1998

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (FIONTRAÍOCHT ÉIREANN), 1998

CUID VII

Leasú ar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1986 go 1995

Leasú ar alt 28 d'Acht 1986.

43. —Leasaítear leis seo alt 28 d'Acht 1986 trí “, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Oiliúna,” a scriosadh i bhfo-alt (1).

Leasú ar “Gníomhaireacht” etc., in Acht 1993.

44. —(1) Leasaítear leis seo alt 2(1) d'Acht 1993—

(a) tríd an míniú ar “Gníomhaireacht” a scriosadh, agus

(b) trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire”:

“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

ciallaíonn ‘fochuideachta’ fochuideachta arna fáil nó arna foirmiú agus arna clárú ag Forfás nó ag GFT de bhun alt 5 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1995.”.

(2) Leasaítear leis seo Acht 1993 (seachas alt 9(3) de agus mír 2(2) den Dara Sceideal a ghabhann leis) trí “GFT” a chur in ionad “gach Gníomhaireacht” nó “gach Gníomhaireachta” agus “ceachtar Gníomhaireacht” nó “ceachtar Gníomhaireachta” i ngach áit ina bhfuil na focail sin.

(3) Leasaítear leis seo alt 9(1) agus (2) d'Acht 1993 trí “Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “Forbairt”.

(4) Leasaítear leis seo alt 9(3) d'Acht 1993 trí “, do Fiontraíocht Éireann agus do GFT” a chur in ionad “agus do gach Gníomhaireacht”.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá bunaithe.

Leasú ar fheidhmeanna Forfás.

45. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1993—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) comhairle a thabhairt maidir le forbairt agus comhordú beartais le haghaidh Fiontraíocht Éireann, GFT agus cibé comhlachtaí eile (arna mbunú le reacht nó faoi reacht) a ainmneoidh an tAire le hordú,

(c) forbairt tionscail, eolaíochta agus teicneolaíochta, nuálaíochta, margaíochta agus acmhainní daonna a spreagadh sa Stát,”,

agus

(b) i mír (e), trí “Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “Forbairt”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá bunaithe.

Coistí de chuid Forfás agus GFT.

46. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1993 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) Féadfaidh Bord Forfás nó GFT coistí a bhunú chun cabhair agus comhairle a thabhairt dó i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an Bord aon fheidhm nó aon fheidhmeanna dá chuid a tharmligean chuig coiste más dóigh leis an mBord, maidir le feidhm nó feidhmeanna den sórt sin, gur fearr nó gur caoithiúla is féidir le coiste í nó iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(4) Cinnfidh an Bord téarmaí tagartha aon choiste a bhunaigh sé agus féadfaidh sé nós imeachta aon choiste den sórt sin a rialáil.

(5) Ceapfaidh an Bord na comhaltaí de choiste a bhunaigh an Bord sin.

(6) Beidh ar choiste cibé líon comhaltaí is cuí leis an mBord a bhunaigh é.

(7) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord nó d'fhoireann Forfás nó GFT a bheith ar choiste.

(8) Maidir le comhalta de choiste a mhainneoidh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an Bord a cheap an comhalta sin é nó í a chur as oifig aon tráth ar chúiseanna sonraithe.

(9) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a bhunaigh sé a dhíscaoileadh.

(10) Féadfaidh an Bord duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste a bhunaigh sé.

(11) Beidh gníomhartha coiste faoi réir a ndaingnithe ag an mBord a bhunaigh é ach amháin i gcás ina scaoilfidh an Bord leis an riachtanas maidir le daingniú den sórt sin a dhéanamh.

(12) Íocfar as ioncam Forfás nó GFT le comhaltaí coiste a bhunaigh sé cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh siad ag comhall a bhfeidhmeanna dóibh a chinnfidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(13) San alt seo ciallaíonn ‘coiste’ coiste de chuid Forfás nó GFT a bhunófar faoin alt seo.”.

(2) Aon choiste a bhunaigh Forfás nó GFT faoi alt 10(2) d'Acht 1993 agus a bhí ann díreach roimh an Acht seo a rith leanfaidh sé de bheith ann amhail is dá mbeadh sé bunaithe faoin alt sin arna leasú amhlaidh leis an alt seo.

Leasú ar Sceidil a ghabhann le hAcht 1993.

47. —(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1993—

(a) i mír 3(1), trí “an lae bunaithe” a chur in ionad “thosach feidhme an Achta seo”, agus

(b) i mír 4, trí fhomhír (3) a scriosadh.

(2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993—

(a) i mír 2, trí “le GFT, le Fiontraíocht Éireann nó leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann” a chur in ionad “le ceachtar Gníomhaireacht nó le haon chomhlacht eile a bhunaítear faoin Acht seo” i bhfomhír (2),

(b) i mír 3, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (3):

“(4) Déanfar scéim faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 4 agus 5—

“4. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí agus le mír 3, ní dhéanfaidh duine, gan toiliú an Bhoird, seachas i leith chlásal (f) den fhomhír seo, aon fhaisnéis a nochtadh a bheidh faighte aige nó aici le linn dó nó di dualgais a chomhlíonadh (nó de thoradh dualgais a chomhlíonadh)—

(a) mar chomhalta den Bhord,

(b) mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin,

(c) mar chomhalta d'fhoireann Forfás nó GFT nó de Forfás ar iasacht chuig GFT,

(d) mar chomhalta de choiste a bhunófar faoi alt 10(2),

(e) mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir do Forfás nó do GFT nó mar fhostaí de chuid duine den sórt sin le linn dualgais a chomhlíonadh a bhaineann leis an gcomhairle nó leis an tsainchomhairle sin,

(f) mar chomhalta de bhord nó d'fhoireann aon fhochuideachta, nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir d'aon fhochuideachta nó mar fhostaí de chuid duine den sórt sin a bhaineann leis an gcomhairle nó leis an tsainchomhairle sin, gan toiliú a fháil ó bhord na fochuideachta.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh aon ní san alt seo nochtadh faisnéise i dtuarascáil a thabharfar do Forfás nó do GFT nó, thar ceann Forfás nó GFT, don Aire.”.

(3) Tiocfaidh mír (a) d'fho-alt (1) agus míreanna (a) go (c) d'fho-alt (2) i ngníomh an lá bunaithe.

Leasú ar Acht 1995.

48. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1995—

(a) in alt 5, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) San alt seo ciallaíonn ‘comhlacht forbartha tionscail’ Forfás, GFT nó Fiontraíocht Éireann.”,

(b) in alt 6—

(i) i bhfo-alt (1), trí “ag GFT agus ag Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “agus ag na Gníomhaireachtaí”,

(ii) i bhfo-alt (2), trí “do GFT nó do Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “do Ghníomhaireacht” agus trí “GFT nó Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “Gníomhaireacht”,

(iii) i bhfo-alt (3)(b), trí “faoina réir ag GFT agus ag Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “faoina réir ag an nGníomhaireacht”, agus

(iv) i bhfo-alt (5), trí “, GFT agus Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “agus na Gníomhaireachtaí”,

agus

(c) in alt 9, trí “, GFT nó Fiontraíocht Éireann” a chur in ionad “nó na Gníomhaireachtaí”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá bunaithe.