An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Leasú ar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1986 go 1995) Ar Aghaidh (CUID IX Folúntais ar fhoireann Forfás, Fiontraíocht Éireann, GFT nó an ÚCNÉ)

34 1998

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (FIONTRAÍOCHT ÉIREANN), 1998

CUID VIII

Nithe a bhaineann leis an tSeirbhís Mhéadreolaíochta Dlí agus leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann

Leasú ar an Acht Méadreolaíochta, 1996.

49. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Méadreolaíochta, 1996—

(a) trí “an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann” a chur in ionad “Forbairt” in ailt 4(1), 7(4), 9(1) agus (3), 12(4) agus 21(1), (2) agus (5) agus trí “an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann” a chur in ionad “Forbairt” in alt 11,

(b) in alt 7(2), trí “laistigh de Forbairt agus beidh éifeacht dá réir sin leis an gCéad Sceideal agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail, 1993 .” a scriosadh, agus

(c) in alt 9(1)(a), trí “nó an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann” a chur isteach i ndiaidh “Forfás”.

(2) Aistreofar an tSeirbhís Mhéadreolaíochta Dlí a bunaíodh faoi alt 7(1) den Acht Méadreolaíochta, 1996, chuig an ÚCNÉ agus fanfaidh sí ar marthain laistigh de.

(3) Maidir le duine a bheidh ceaptha ag Forbairt ina chigire nó ina cigire faoi alt 9 den Acht Méadreolaíochta, 1996, agus a mbeidh a cheapachán nó a ceapachán i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, measfar é nó í a bheith ceaptha ag an ÚCNÉ faoin alt sin.

(4) Aon eagraíocht a bheidh ainmnithe ag Forbairt faoi alt 21 den Acht Méadreolaíochta, 1996, measfar, i gcás ina mbeidh an t-ainmniúchán i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, í a bheith ainmnithe ag an ÚCNÉ.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá bunaithe.

Foireann Forfás a aistriú chuig an ÚCNÉ.

50. —(1) Féadfaidh an tAire cibé comhaltaí agus cibé líon comhaltaí d'fhoireann Forfás nó na Gníomhaireachta a chinnfidh sé nó sí a ainmniú lena n-aistriú chuig foireann an ÚCNÉ.

(2) Beidh comhalta d'fhoireann Forfás nó na Gníomhaireachta a ainmneofar faoi fho-alt (1) arna aistriú nó arna haistriú chuig foireann an ÚCNÉ agus ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an ÚCNÉ.

(3) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d'fhoireann Forfás nó na Gníomhaireachta a aistreofar chuig foireann an ÚCNÉ faoin alt seo ní lú, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís an ÚCNÉ, an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh é nó í a aistriú.

(4) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna faoi mhír 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht fán Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, 1996, do dhaoine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina gcomhaltaí d'fhoireann Forfás nó na Gníomhaireachta agus arna n-ainmniú agus arna n-aistriú faoin alt seo, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná na sochair agus na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá sin.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar an Acht fán Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, 1996.

51. —Leasaítear leis seo an tAcht fán Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, 1996—

(a) in alt 7 (1)—

(i) trí “caighdeán;” a chur in ionad “caighdeán; agus” i mír (k),

(ii) trí “comhréireachta; agus” a chur in ionad “comhréireachta.” i mír (l), agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (l):

“(m) úsáid agus feidhmiú na méadreolaíochta a spreagadh sa Stát.”,

(b) in alt 30—

(i) trí fho-alt (1) a scriosadh, agus

(ii) i bhfo-alt (4), trí “Acht” a chur in ionad “alt”,

(c) i mír 31, trí “faoi Chuid III den Acht seo” a chur in ionad “faoin Acht seo”,

(d) sa Dara Sceideal, trí mhíreanna 3(9) agus (10), 4 agus 6 a scriosadh, agus

(e) i mír 5(2) den Dara Sceideal, trí “agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi” a chur isteach i ndiaidh “cion”.