Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na Forálacha den Chomhaontú ar Thángthas Air sna CainteannaIlpháirtí a thagann faoin gceannteideal “Príosúnaigh”.)

36 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 1998


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (SCAOILEADH SAOR PRÍOSÚNACH), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An Coimisiún.

3.

Feidhm an Choimisiúin.

4.

Cumhacht scaoilte saor a fheidhmiú faoi threoir na bhforálacha iomchuí.

5.

Comhaltas agus nós imeachta an Choimisiúin.

6.

Tuarascáil an Choimisiúin agus socrú maidir lena dhíscaoileadh.

7.

Caiteachais.

8.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

Na Forálacha den Chomhaontú ar Thángthas Air sna Cainteanna Ilpháirtí a thagann faoin gceannteideal “Príosúnaigh”.

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 1998


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (SCAOILEADH SAOR PRÍOSÚNACH), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE SCAOILEADH SAOR PRÍOSÚNACH NÓ LOGHADH NÓ IOMALAIRT A bPIANBHREITHEANNA AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO BHUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR AN COIMISIÚN UM SCAOILEADH SAOR PRÍOSÚNACH CHUN COMHAIRLE A THABHAIRT, IN IMTHOSCA SONRAITHE, MAIDIR LEIS AN RIALTAS NÓ AN AIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ D'FHEIDHMIÚ AON CHUMHACHTA A THUGTAR DÓIBH NÓ DÓ NÓ DI CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN SCAOILEADH SAOR, AN LOGHADH NÓ AN IOMALAIRT SIN. [13 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú ar Thángthas Air sna Cainteanna Ilpháirtí” an comhaontú atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú na Breataine-na hÉireann arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10ú lá d'Aibreán, 1998;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “cumhacht scaoilte saor”, i ndáil le príosúnaigh, cumhacht a thugtar don Rialtas nó don Aire, de réir mar a bheidh, le haon achtachán nó faoi aon achtachán chun socrú a dhéanamh—

(a) maidir le scaoileadh saor (lena n-áirítear scaoileadh saor sealadach) príosúnach ó phríosúin nó ó áiteanna coinneála, nó

(b) maidir le loghadh nó iomalairt aon phionóis arna fhorchur ag cúirt ag feidhmiú dlínse choiriúil di;

déanfar “príosúnaigh cháilitheacha” a fhorléiriú de réir alt 3 (2) den Acht seo;

tá le “forálacha iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 3(4) den Acht seo.

(2) Aon tagairt san Acht do chomhairle a bheith á tabhairt don Aire maidir le feidhmiú aon chumhachta scaoilte saor i ndáil le príosúnaigh forléireofar í, i gcás ina ndéantar an chumhacht scaoilte saor áirithe a bheartaítear a fheidhmiú i ndáil leis an ní lena mbaineann a thabhairt don Rialtas, mar thagairt do chomhairle a bheith á tabhairt don Aire d'fhonn í a chur in iúl do na comhaltaí eile den Rialtas le go mbreithneoidh an Rialtas an bhfeidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh siad an chumhacht áirithe sin.

An Coimisiún.

2. —(1) Cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar An Coimisiún um Scaoileadh Saor Príosúnach nó, i mBéarla, the Release of Prisoners Commission (dá ngairtear “an Coimisiún” san Acht seo) chun an fheidhm a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Coimisiún neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhme faoin Acht seo dó.

Feidhm an Choimisiúin.

3. —(1) Is é an fheidhm a bheidh ag an gCoimisiún comhairle a thabhairt, ar iarraidh a fháil déanamh amhlaidh faoi fho-alt (2) den alt seo, don Aire i leith aon chumhacht scaoilte saor a fheidhmiú, faoi threoir na bhforálacha iomchuí, i ndáil le príosúnaigh a luaitear san fho-alt sin.

(2) Déanfaidh an tAire, ó am go ham, de réir mar a mheasfaidh sé nó sí is cuí, a iarraidh ar an gCoimisiún comhairle a thabhairt i leith aon chumhacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, faoi threoir na bhforálacha iomchuí, i ndáil le daoine a sonróidh an tAire gur príosúnaigh cháilitheacha iad chun críocha na bhforálacha sin (dá ngairtear “príosúnaigh cháilitheacha” san Acht seo) agus déanfaidh an Coimisiún de réir iarrata den sórt sin.

(3) Féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé gur gá déanamh amhlaidh d'fhonn a fheidhm faoin Acht seo a chomhlíonadh, a iarraidh ar an Aire faisnéis a bheidh sonraithe san iarraidh a thabhairt dó, ar faisnéis í atá i seilbh an Aire nó a fhéadfaidh sé nó sí a fháil le réasún, agus déanfaidh an tAire de réir iarrata den sórt sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “forálacha iomchuí” na forálacha sin den Chomhaontú ar Thángthas Air sna Cainteanna Ilpháirtí a thagann faoin gceannteideal “Príosúnaigh” sa Chomhaontú sin agus atá leagtha amach, mar áis tagartha, sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Cumhacht scaoilte saor a fheidhmiú faoi threoir na bhforálacha iomchuí.

4. —Le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh aon chumhacht scaoilte saor a fheidhmiú, faoi threoir na bhforálacha iomchuí, i ndáil le príosúnaigh cháilitheacha, déanfaidh an tAire nó an Rialtas, de réir mar a bheidh, aird a thabhairt ar na forálacha iomchuí agus ar an gcomhairle lena mbaineann a bheidh tugtha ag an gCoimisiún faoi alt 3 den Acht seo.

Comhaltas agus nós imeachta an Choimisiúin.

5. —(1) Gan dochar d'fho-alt (4) den alt seo, is é a bheidh sa Choimisiún cathaoirleach agus 2 ghnáthchomhalta arna gceapadh ag an Aire chun bheith ina gcomhaltaí den Choimisiún.

(2) Is é nó is í a bheidh mar chathaoirleach ar an gCoimisiún duine a bhí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae ar feadh tréimhse 7 mbliana sular ceapadh é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún.

(3) Maidir le gnáthchomhaltaí an Choimisiúin—

(a) beidh duine amháin díobh ina oifigeach nó ina hoifigeach don Aire (seachas oifigeach dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo), agus

(b) beidh duine amháin díobh ina chomhalta nó ina comhalta den tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa.

(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfaidh an tAire ó am go ham duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún le go bhfeidhmeoidh an duine sin mar chathaoirleach ar an gCoimisiún i leith gnó atá le déanamh ag an gCoimisiún ar gnó é arb é tuairim an chathaoirligh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ina leith nach cóir dó nó di déileáil leis ag féachaint d'aon chomhairle ghairmiúil a bheidh tugtha roimhe sin aige nó aici mar abhcóide nó mar aturnae.

(5) Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún faoi fho-alt (4) den alt seo is duine é nó í a bheadh cáilithe, ar an dáta a cheapfar amhlaidh é nó í, lena cheapadh nó lena ceapadh chuig oifig an chathaoirligh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(6) Sealbhóidh comhaltaí an Choimisiúin oifig, agus scarfaidh siad le hoifig, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(7) Féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún d'fhonn corrfholúntas a líonadh a tharlóidh i measc a chomhaltaí.

(8) Féadfaidh an tAire aon tráth comhalta den Choimisiún a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(9) Féadfaidh comhalta den Choimisiún aon tráth éirí as oifig trí litir a sheoladh chuig an Aire.

(10) Féadfar cibé luach saothair, agus cibé liúntais i leith caiteachas, más ann, a thabhóidh siad, a chinnfidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí an Choimisiúin.

(11) Déanfaidh an Coimisiún nós imeachta agus gnó an Choimisiúin a rialáil.

Tuarascáil an Choimisiúin agus socrú maidir lena dhíscaoileadh.

6. —(1) Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dháta a bhunaithe faoi alt 2 den Acht seo, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn don Aire faoina ghníomhaíochtaí le linn na tréimhse dar tosach an dáta sin agus dar críoch an tráth a thabharfar an tuarascáil sin.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Más rud é, ag deireadh na tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta a bhunaithe faoi alt 2 den Acht seo nó dá éis sin, gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do na forálacha iomchuí, nach gá a thuilleadh an Coimisiún a bheith ar marthain, féadfaidh sé nó sí, le hordú, socrú a dhéanamh maidir lena dhíscaoileadh.

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Scaoileadh Saor Príosúnach), 1998 , a ghairm den Acht seo.