An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cúiteamh d'Infheisteoirí a Riaradh) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

37 1998

AN tACHT UM CHÚITEAMH D'INFHEISTEOIRÍ, 1998

CUID III

Cúiteamh a Íoc le hInfheisteoirí

Léiriú do Chuid III.

30. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “caillteanas inchúitithe” 90 faoin gcéad de mhéid glanchaillteanais infheisteora nó 20,000 ECU, cibé acu is lú;

ciallaíonn “glanchaillteanas“, i ndáil le gach cliant de chuid gnólachta infheistíochta, méid dhliteanas an ghnólachta infheistíochta i leith na nithe seo a leanas—

(a) airgead atá dlite don chliant nó is leis an gcliant agus a shealbhaíonn an gnólacht infheistíochta thar ceann an chliaint i dtaca leis an ngnólacht infheistíochta do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta, agus

(b) ionstraimí infheistíochta, agus luach na n-ionstraimí infheistíochta á chinneadh, más féidir, faoi threoir a margadhluacha, ar ionstraimí infheistíochta leis an gcliant iad arna sealbhú, arna riaradh nó arna mbainistiú thar ceann an chliaint ag an ngnólacht infheistíochta i dtaca leis an ngnólacht infheistíochta do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta,

ar an lá a dhéantar cinneadh faoi alt 31 (3) nó rialú, de réir mar is cuí, nach bhfuil an gnólacht infheistíochta in ann a chomhlíonadh de réir na gcoinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme ach ní fholóidh sé—

(i) aon mhéid lena mbaineann fo-alt (2),

(ii) aon airgead nó ionstraimí infheistíochta arna sealbhú nó arna gcothabháil ag gnólacht infheistíochta thar ceann infheisteora eisiata,

(iii) airgead nó ionstraimí infheistíochta a éiríonn as idirbhearta a mbeidh cion déanta ina leith faoi Chuid IV nó alt 57 nó 58 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, nó a mbeidh ciontú coiriúil ann ina leith mar gheall ar sciúradh airgid arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 91/308/CEE an 10 Meitheamh, 1991, ón gComhairle1 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid.

(2) Le linn méid glanchaillteanais cliaint a ríomh—

(a) bainfear as dliteanas iomlán an ghnólachta infheistíochta i leith chliant an ghnólachta infheistíochta méid aon dliteanais a bheidh ar aon duine i leith an ghnólachta infheistíochta sin a raibh ceart fritháirimh ina leith in aghaidh an ghlanchaillteanais sin ar marthain díreach roimh an gcinneadh ag an údarás maoirseachta faoi alt 31 (3) nó díreach roimh an rialú nó a mbeadh ceart den sórt sin ar marthain ina leith dá mba rud é—

(i) go mbeadh an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta inaisíoctha ar éileamh, agus

(ii) go mbeadh an dliteanas sin dlite,

díreach roimh an gcinneadh nó an rialú sin;

(b) ní chuirfear i gcuntas aon fhiach de chuid an ghnólachta infheistíochta mura mbeidh sé cruthaithe;

(c) ní chuirfear i gcuntas—

(i) airgead atá dlite do chliant nó ar le cliant é agus atá á shealbhú thar ceann an chliaint ag gnólacht infheistíochta i dtaca le soláthar seirbhísí infheistíochta don chliant ag an ngnólacht infheistíochta agus

(ii) ionstraimí infheistíochta ar le cliant iad agus atá á sealbhú, á riaradh nó á mbainistiú thar ceann an chliaint ag an ngnólacht infheistíochta i dtaca le soláthar seirbhísí infheistíochta don chliant,

i gcás ina ndearna an cliant an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta aon tráth nach raibh an gnólacht infheistíochta ina ghnólacht infheistíochta údaraithe, mura deimhin leis an údarás maoirseachta nárbh eol don chliant agus nach bhféadfaí a bheith ag súil le réasún gurbh eol don chliant, an tráth a ndearnadh an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh amhlaidh, nár ghnólacht infheistíochta údaraithe an gnólacht infheistíochta;

(d) déanfar, i gcás idirghabhálaí árachais, méid préimhe polasaí árachais a bheidh íoctha ag an gcliant leis an idirghabhálaí árachais ach nár cuireadh chuig gnóthas árachais nó, i gcás go bhfuil cliant de chuid idirghabhálaí árachais tar éis caillteanas airgeadais a fhulaingt de dhroim mainneachtain ag an idirghabhálaí árachais árachas d'aicme a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994, nó in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1994, a shocrú thar ceann an chliaint, méid an chaillteanais airgeadais sin a chur i gcuntas.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2),

(a) folaíonn “glanchaillteanas” airgead nó ionstraimí infheistíochta a chuirfidh cliant ar iontaoibh gnólachta infheistíochta, ar gnólacht infheistíochta é chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, i gcás an t-airgead sin nó na hionstraimí infheistíochta sin a bheith curtha ar iontaoibh ag an gcliant i dtaca le soláthar seirbhísí gnó infheistíochta is gnó infheistíochta chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí;

(b) folaíonn “glanchaillteanas”, i gcás gnólachta infheistíochta nach gnólacht infheistíochta chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí, airgead nó ionstraimí infheistíochta a chuirfidh cliant ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta tar éis thosach feidhme an Achta seo.

(4) Chun críocha fho-alt (2)(b), féadfar cruthúnas ar fhiach a thabhairt i bhfoirm ráitis mhionsonraithe cuntais, i bhfoirm mionnscríbhinne féich nó ar aon mhodh forordaithe.

Cinneadh nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh.

31. —(1) Más dealraitheach don údarás maoirseachta nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann, de thuras na huaire, ar chúiseanna a bhaineann go díreach lena imthosca airgeadais, a oibleagáidí a chomhlíonadh a éiríonn as éilimh ó chliaint agus nach bhfuil aon deis réasúnach intuartha aige a bheith in ann déanamh amhlaidh, déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra a sheirbheáil ar an ngnólacht infheistíochta á rá go bhfuil sé beartaithe aige cinneadh a dhéanamh sa chéill sin.

(2) Maidir le gnólacht infheistíochta, ar chuir an t-údarás maoirseachta in iúl dó go bhfuil sé beartaithe ag an údarás maoirseachta cinneadh a dhéanamh de réir fho-alt (1), féadfaidh sé, laistigh de thrí seachtaine, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh a bhfuil beartaithe ag an údarás maoirseachta agus féadfaidh an Chúirt an t-achomharc a cheadú nó a dhícheadú.

(3) I gcás nach mbeidh aon achomharc ann nó go ndícheadóidh an Chúirt an t-achomharc faoi fho-alt (2), féadfaidh an t-údarás maoirseachta cinneadh a dhéanamh de réir bhrí fho-alt (1).

(4) Le linn cinneadh a dhéanamh de réir fho-alt (3), déanfaidh an t-údarás maoirseachta aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas—

(a) aon tuarascáil ó oifigeach údaraithe,

(b) aon tuarascáil ó oifigeach údaraithe a léireoidh nach raibh stiúrthóir, bainisteoir nó scairshealbhóir de chuid an ghnólachta infheistíochta in ann, tar éis fógra réasúnach a thabhairt dó nó di déanamh amhlaidh, fianaise a thabhairt ar aird go bhfuil sócmhainní agus dliteanais an ghnólachta infheistíochta ann, nó

(c) aon fhaisnéis eile a bheidh i seilbh an údaráis maoirseachta.

Iarratais ar chúiteamh.

32. —(1) Tar éis don údarás maoirseachta a chur in iúl di nó dó—

(a) go bhfuil cinneadh déanta faoi alt 31 (3), nó

(b) go bhfuil rialú déanta ag cúirt,

déanfaidh an Chuideachta nó, más infheidhme i gcás gnólachta infheistíochta atá nó a bhí ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 , an duine atá freagrach as an scéim chúitimh sin a riaradh—

(i) más féidir, an cinneadh nó an rialú a chur in iúl, leis an ngnáthphost réamhíoctha, do chliaint an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann agus iarratais ar íocaíochtaí faoi alt 34 a lorg, faoi dháta nach mbeidh níos lú ná cúig mhí ó dháta an chinnidh nó an rialaithe, agus

(ii) fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil, ar fógraí iad ina dtabharfar fógra faoin gcinneadh nó faoin rialú agus ina lorgófar iarratais ar íocaíochtaí faoi alt 34 , faoi dháta nach mbeidh níos lú ná cúig mhí ó dháta an chinnidh nó an rialaithe.

(2) Más deimhin leis an údarás maoirseachta nach raibh infheisteoir in ann ar chúis mhaith iarratas a dhéanamh ar íocaíocht faoi alt 34 laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe ag an gCuideachta nó leis an scéim chúitimh, ordóidh an t-údarás maoirseachta don Chuideachta nó don scéim chúitimh déileáil leis an iarratas amhail is dá mba rud é go ndearnadh é laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe.

(3) Ní dhlífear den Chuideachta ná de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 íocaíocht a dhéanamh faoi alt 34 i gcás nach ndéanfar iarratas ar íocaíocht laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe ag an gCuideachta nó leis an scéim chúitimh, más rud é nár ordaigh an t-údarás maoirseachta don Chuideachta nó don scéim chúitimh déileáil leis an iarratas amhail is dá mba rud é go ndearnadh é laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe de réir fhorálacha fho-alt (2).

(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo toirmeasc ar phearsa aonair iarratas a dhéanamh ar íocaíocht faoi alt 34 .

Riarthóir a cheapadh.

33. —(1) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta riarthóir a cheapadh chuig gnólacht infheistíochta a mbeidh cinneadh déanta ina leith de réir alt 31 (3) nó a mbeidh rialú déanta ag cúirt ina leith.

(2) Beidh cumhachtaí oifigigh údaraithe faoi Acht 1995 ag riarthóir a cheapfaidh an t-údarás maoirseachta chuig gnólacht infheistíochta faoi fho-alt (1) i ndáil leis an ngnólacht infheistíochta agus beidh feidhm dá réir sin ag na cumhachtaí atá ar fáil d'oifigeach údaraithe faoin Acht sin i ndáil le gnólachtaí infheistíochta.

(3) Déanfaidh an riarthóir ainmneacha infheisteoirí cáilithe agus ráiteas maidir le glanchaillteanas gach infheisteora den sórt sin agus ráiteas maidir le caillteanas inchúitithe gach infheisteora den sórt sin a sheachadadh ar an gCuideachta nó ar an scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 , a raibh nó a bhfuil an gnólacht infheistíochta ina bhall de nó di, de réir mar is cuí, agus ar an údarás maoirseachta, a luaithe is indéanta.

(4) Féadfaidh riarthóir a iarraidh ar an gCúirt aon cheist a chinneadh a éireoidh i ndáil lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna faoin Acht seo.

Cúiteamh a íoc.

34. —(1) I gcás gnólachta infheistíochta a mbeidh cinneadh faoi alt 31 déanta ag an údarás maoirseachta nó rialú déanta ag cúirt ina leith, más rud é nach raibh an gnólacht infheistíochta ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 tráth an chinnidh nó an rialaithe, íocfaidh an Chuideachta le gach infheisteoir cáilithe méid is comhionann le caillteanas inchúitithe an infheisteora cháilithe sin.

(2) I gcás gnólachta infheistíochta a mbeidh cinneadh faoi alt 31 déanta ag an údarás maoirseachta nó rialú déanta ag cúirt ina leith, más rud é go raibh an gnólacht infheistíochta ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 tráth an chinnidh nó an rialaithe, íocfaidh an scéim chúitimh sin le gach infheisteoir cáilithe méid is comhionann le caillteanas inchúitithe an infheisteora cháilithe sin.

(3) Go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1999, más rud é—

(a) go n-éireoidh caillteanas inchúitithe as gnólacht infheistíochta údaraithe do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta i mBallstát eile, agus

(b) gur gnó infheistíochta chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí na seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthraítear,

íocfaidh an Chuideachta leis an infheisteoir cáilithe méid is comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) an caillteanas inchúitithe sin, nó

(ii) an méid a mbeadh an t-infheisteoir cáilithe ina theideal de réir Airteagal 7 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí más rud é go raibh an gnólacht infheistíochta ina ghnólacht infheistíochta arna údarú de réir na Treorach um Sheirbhísí d'Infheisteoirí sa Bhallstát eile sin nó ina fhoras creidmheasa arna údarú de réir Threoir 77/780/CEE ón gComhairle arna leasú le Treoir 89/646/CEE ón gComhairle sa Bhallstát eile sin.

(4) I gcás íocaíocht a bheith déanta ag an gCuideachta faoi fho-alt (1) agus go mbaineann an íocaíocht sin go léir nó cuid di le glanchaillteanais de chuid cliaint a d'éirigh as seirbhísí gnó infheistíochta arna soláthar ag an ngnólacht infheistíochta fad a bhí sé ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 , íocfaidh an scéim chúitimh iomchuí leis an gCuideachta méid a mbeidh idir é agus caillteanas inchúitithe an chliaint an chomhréir chéanna atá idir glanchaillteanas an chliaint, a d'éirigh le linn don ghnólacht infheistíochta a bheith ina bhall den scéim chúitimh, agus glanchaillteanas an chliaint.

(5) I gcás íocaíocht a bheith déanta faoi fho-alt (2) ag scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 agus go mbaineann an íocaíocht sin go léir nó cuid di le glanchaillteanais de chuid cliaint a d'éirigh as seirbhísí gnó infheistíochta arna soláthar ag an ngnólacht infheistíochta fad nach raibh sé ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 , íocfaidh an Chuideachta leis an scéim chúitimh iomchuí méid a mbeidh idir é agus caillteanas inchúitithe an chliaint an chomhréir chéanna atá idir glanchaillteanas an chliaint, a d'éirigh fad nach raibh an gnólacht infheistíochta ina bhall den scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 , agus glanchaillteanas an chliaint.

(6) I gcás ranníocaí a bheith íoctha ag gnólacht infheistíochta le cistí éagsúla arna gcothabháil ag an gCuideachta de bhua athraithe ar an aicme nó ar an earnáil gnólachta infheistíochta lenar bhain an gnólacht infheistíochta, agus gur éirigh glanchaillteanais chliaint an ghnólachta infheistíochta fad a bhain an gnólacht infheistíochta leis na haicmí nó na hearnálacha éagsúla sin, déanfaidh an Chuideachta iarracht a chinntiú gur as an gciste arna chothabháil i leith na haicme nó na hearnála cuí gnólachta infheistíochta a dhéanfar na híocaíochtaí arna ndéanamh faoin alt seo.

(7) I gcás ina n-éireoidh díospóid nó easaontas i leith íocaíochtaí faoi fho-alt (4), (5)(6), déanfar an díospóid nó an t-easaontas sin a réiteach faoi rialacháin arna ndéanamh ag an Aire ar chomhairle an údaráis maoirseachta.

Forálacha breise maidir le cúiteamh a íoc.

35. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfaidh an Chuideachta nó scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 íocaíochtaí faoi alt 34 i leith caillteanas inchúitithe a chuirfidh an riarthóir in iúl di faoi alt 33 (3) a íoc a luaithe is indéanta agus ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí ón dáta a mbeidh méid caillteanais inchúitithe infheisteora cháilithe curtha in iúl don Chuideachta nó don scéim chúitimh ag an riarthóir.

(2) (a) Faoi réir cheadú an údaráis maoirseachta agus cibé coinníollacha nó ceanglais a shonróidh an t-údarás maoirseachta, féadfaidh an Chuideachta nó scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 , in imthosca eisceachtúla, íocaíocht faoi alt 34 a iarchur.

(b) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta, le linn ceadú a thabhairt nó coinníollacha nó ceanglais a fhorordú chun críocha mhír (a), aird a thabhairt ar cheanglais Airteagal 9 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.

(3) D'ainneoin na dteorainneacha ama dá bhforáiltear i bhfo-ailt (1) agus (2), i gcás ina gcúiseofar infheisteoir cáilithe i gcion faoi Chuid IV nó alt 57 nó 58 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, nó ar shlí eile ag éirí as sciúradh airgid, nó i ndáil leis, arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 91/308/CEE an 10 Meitheamh, 1991, ón gComhairle féadfaidh an t-údarás maoirseachta a ordú don Chuideachta nó do scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 , de réir mar is cuí, aon íocaíocht leis an infheisteoir cáilithe a chur ar fionraí go dtí go dtabharfar breith na cúirte a bheidh i gceist i leith an chúisimh nó na gcúiseamh.

(4) I gcás íocaíocht faoi alt 34 a bheith déanta ag an gCuideachta nó ag scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 le hinfheisteoir cáilithe, tabharfaidh an duine lenar íocadh an t-airgead sin amhlaidh cruthúnas ar na híocaíochtaí sin don Chuideachta nó don scéim chúitimh d'infheisteoirí.

(5) I gcás íocaíocht faoi alt 34 a bheith déanta ag an gCuideachta nó ag scéim chúitimh d'infheisteoirí arna ceadú faoi alt 25 le hinfheisteoir cáilithe, beidh seachaíocht ag an gCuideachta nó ag an scéim chúitimh maidir le cearta an infheisteora cháilithe sin in imeachtaí leachtaithe i gcoinne an ghnólachta infheistíochta le haghaidh méid is comhionann leis an méid a d'íoc an Chuideachta nó an scéim chúitimh faoi alt 34 leis an infheisteoir cáilithe sin.

(6) I gcás íocaíocht faoi alt 34 a bheith déanta ag an gCuideachta nó ag scéim chúitimh d'infheisteoirí arna ceadú faoi alt 25 le hinfheisteoir cáilithe, beidh seachaíocht ag an gCuideachta nó ag an scéim chúitimh maidir le cearta an infheisteora cháilithe sin i leith aon íocaíochtaí a bheidh déanta faoi bhanna arna shealbhú ag an ngnólacht infheistíochta de réir alt 51 d'Acht 1995 nó alt 47 d'Acht 1989 agus i leith aon íocaíochtaí a bheidh déanta faoi pholasaí árachais slánaíochta gairmiúla arna shealbhú ag an ngnólacht infheistíochta i leith ghlanchaillteanas an infheisteora cháilithe.

(7) Féadfaidh cliant gnólachta infheistíochta achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne aon diúltaithe íocaíocht a dhéanamh faoi alt 34 nó i gcoinne mhéid aon íocaíochta arna déanamh faoin alt sin.

(8) I gcás ina n-éireoidh éileamh ar íocaíocht faoi alt 34 i leith airgid ar le hinfheisteoir é agus atá á shealbhú ag gnólacht infheistíochta is foras creidmheasa i dtaca le gnó infheistíochta ionas go bhféadfaí éileamh ar íocaíocht a dhéanamh freisin faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí), 1995 (I.R. Uimh. 168 de 1995), i leith an airgid sin, sonróidh an t-údarás maoirseachta go bhfuil an cliant—

(a) ina thaisceoir nó ina taisceoir eisiata chun críocha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí), 1995, nó

(b) ina infheisteoir nó ina hinfheisteoir eisiata chun críocha an Achta seo.

Forálacha maidir le hidirghabhálaithe srianta.

36. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “airgead admhaithe” luach airgid nó ionstraimí infheistíochta cliaint is cuid de ghlanchaillteanas infheisteora cháilithe a chuir an t-infheisteoir cáilithe ar iontaoibh idirghabhálaí shrianta le cur ar aghaidh chuig táirgeoir táirgí inaitheanta óna raibh ceapachán scríofa bailí ag an idirghabhálaí srianta an tráth a ndearnadh an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh amhlaidh;

ciallaíonn “idirghabhálaí srianta” gnólacht infheistíochta atá nó a bhí—

(a) ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, nó

(b) ina idirghabhálaí árachais nach gnólacht gnó infheistíochta údaraithe (mura rud é gur idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta é an gnólacht infheistíochta),

nó iad araon, agus nach bhfuil ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 .

(2) Déanfaidh táirgeoir táirgí, óna raibh ceapachán scríofa bailí ag idirghabhálaí srianta, méid a íoc leis an gCuideachta, i leith gach infheisteora cháilithe a ndlitear den Chuideachta íocaíocht a dhéanamh leis nó léi faoi alt 34 i leith an idirghabhálaí shrianta sin, ar méid é a mbeidh idir é agus caillteanas inchúitithe gach infheisteora cháilithe den sórt sin an chomhréir chéanna atá idir airgead admhaithe an infheisteora cháilithe a raibh sé beartaithe é a chur ar aghaidh chuig an táirgeoir táirgí sin agus glanchaillteanas an infheisteora cháilithe.

(3) Beidh seachaíocht ag táirgeoirí táirgí maidir leis an gCuideachta i leith aon éilimh ag an gCuideachta i gcoinne gnólachta infheistíochta i leith airgid arna íoc ag táirgeoirí táirgí leis an gCuideachta faoin alt seo.

(4) Ní theorannóidh ná ní athróidh aon ní in aon chonradh dliteanas táirgeora táirgí faoin alt seo.

1 O.J. Uimh. L166, 28.06.1991.