An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Foráil Fhorlíontach i nDáil le hOrdachán ó Údarás Maoirseachta faoi Alt 27)

37 1998

AN tACHT UM CHÚITEAMH D'INFHEISTEOIRÍ, 1998

AN TRÍÚ SCEIDEAL

TREOIR 97/9/CE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Alt 8.

an 3 Márta 1997

maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 57(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún1 ,

Ag féachaint do thuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta2 ,

Ag féachaint do thuairim na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta3 ,

Ag gníomhú dóibh de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 189b den Chonradh4 i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a cheadaigh an Coiste Idir-réitigh an 18 Nollaig 1996,

(1) De bhrí gur ghlac an Chomhairle an 10 Bealtaine 1993 Treoir 93/22/CEE maidir le seirbhísí infheistíochta i réimse na n-urrús5 ; de bhrí gur ionstraim bhunriachtanach an Treoir sin chun an margadh inmheánach a bhaint amach do ghnólachtaí infheistíochta;

(2) De bhrí go leagtar rialacha críonnachta síos le Treoir 93/22/CEE nach mór do ghnólachtaí infheistíochta a chomhall gach tráth, lena n-áirítear rialacha arb é is cuspóir leo cearta infheisteora a chosaint a mhéid is féidir i leith airgid nó ionstraimí ar leo é nó iad;

(3) De bhrí, áfach, nach féidir cosaint iomlán a chur ar fáil le haon chóras maoirseachta, go háirithe i gcás ina ndéantar gníomhartha calaoise;

(4) De bhrí gur gné thábhachtach de chomhlánú agus de cheartfheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa réimse seo infheisteoirí a chosaint agus muinín sa chóras airgeadais a choinneáil; de bhrí, chun na críche sin, gur den bhunriachtanas é go mbeadh scéim chúitimh d'infheisteoirí ag gach Ballstát, lena ráthaítear leibhéal íosta comhchuibhithe cosanta don infheisteoir beag ar a laghad i gcás nach mbeadh gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí;

(5) De bhrí go mbeidh infheisteoirí beaga in ann seirbhísí infheistíochta a cheannach, dá bhrí sin, ó bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta Comhphobail nó ar bhonn seirbhísí a sholáthar thar teorainn ar bhealach chomh muiníneach is a dhéanfaí ó ghnólachtaí infheistíochta baile, agus a fhios acu go mbeadh leibhéal íosta comhchuibhithe cosanta ar fáil dóibh i gcás nach mbeadh gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí;

(6) De bhrí, d'uireasa comhchuibhiú íosta den sórt sin, go bhféadfadh gur dhóigh le Ballstát ósta go raibh cúis mhaith aige, ar chúinsí cosanta infheisteoirí, comhaltas ina scéim chúitimh a bheith mar cheanglas le linn do ghnólacht infheistíochta Comhphobail, agus é ag oibriú trí bhrainse nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, gan a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí ina Bhallstát baile nó a bheith páirteach i scéim nár measadh a chothrom de chosaint a bheith á sholáthar aici; de bhrí go bhféadfadh ceanglas den sórt sin dochar a dhéanamh d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh;

(7) De bhrí, d'ainneoin go bhfuil roinnt comhshocraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí ag an gcuid is mó de na Ballstáit faoi láthair, nach gcumhdaíonn na comhshocraíochtaí sin i gcoitinne gach gnólacht infheistíochta a bhfuil údarú aonair acu dá bhforáiltear i dTreoir 93/22/CEE;

(8) De bhrí, dá réir sin, gur cóir a cheangal ar gach Ballstát scéim nó scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí a bheith aige ina mbeadh gach gnólacht infheistíochta den sórt sin páirteach; de bhrí nach mór go gcumhdóidh gach scéim airgead agus ionstraimí atá á sealbhú ag gnólacht infheistíochta i dtaca le hoibríochtaí infheistíochta infheisteora, is airgead agus infheistíochtaí nach féidir a thabhairt ar ais don infheisteoir i gcás nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí; de bhrí go bhfuil sé seo gan dochar go huile do na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme i ngach Ballstát maidir leis na cinntí a bheidh le glacadh i gcás dócmhainneachta gnólachta infheistíochta nó i gcás é a fhoirceannadh;

(9) De bhrí go bhfolaíonn an míniú ar ghnólacht infheistíochta forais chreidmheasa atá údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar; de bhrí nach mór a cheangal freisin ar gach foras creidmheasa den sórt sin a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí chun a ghnó infheistíochta a chumhdach; de bhrí, áfach, nach gá a cheangal ar fhoras creidmheasa den sórt sin a bheith páirteach in dhá scéim ar leithligh i gcás ina ndéanann aon scéim amháin freastal do cheanglais na Treorach seo agus Threoir 94/19/CE an 30 Bealtaine 1994 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí1 ; de bhrí, áfach, i gcás gnólachtaí infheistíochta ar forais chreidmheasa iad, go bhféadfadh sé a bheith deacair, i gcásanna áirithe, idirdhealú idir taiscí arna gcumhdach le Treoir 94/19/CE agus airgead a shealbhaítear i dtaca le gnó infheistíochta; de bhrí gur cóir a cheadú do Bhallstáit a chinneadh cén Treoir a mbeidh feidhm aici maidir le héilimh den sórt sin;

(10) De bhrí go gceadaítear do Bhallstát le Treoir 94/19/CE foras creidmheasa a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim ráthaíochta taiscí i gcás an foras creidmheasa sin a bheith páirteach i gcóras a chosnaíonn an foras creidmheasa féin agus, go háirithe, a chinntíonn a shócmhainneacht; de bhrí, i gcás gur gnólacht infheistíochta freisin é foras creidmheasa atá páirteach i gcóras den sórt sin, gur cóir a cheadú do Bhallstát freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, é a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí;

(11) De bhrí gur cóir gur leor leibhéal íosta comhchuibhithe cúitimh ECU 20 000 do gach infheisteoir chun leasanna an infheisteora bhig a chosaint i gcás nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí; de bhrí go ndealródh sé, dá réir sin, a bheith réasúnach an leibhéal íosta comhchuibhithe cúitimh a shocrú ag ECU 20 000; de bhrí, amhail mar atá i dTreoir 94/19/CE, go bhféadfadh gur ghá forálacha idirthréimhseacha teoranta chun a chumasú do scéimeanna cúitimh déanamh de réir an fhigiúir sin ós rud é go bhfuil comhfheidhm leis seo maidir le Ballstáit nach bhfuil, tráth an Treoir seo a ghlacadh, aon scéim den sórt sin acu;

(12) De bhrí gur glacadh an figiúr céanna i dTreoir 94/19/CE;

(13) De bhrí, d'fhonn infheisteoirí a spreagadh cúram cuí a glacadh le linn dóibh gnólachtaí infheistíochta a roghnú, go bhfuil sé réasúnach a cheadú do Bhallstáit a cheangal ar infheisteoirí cion d'aon chaillteanas a iompar; de bhrí, áfach, nach mór infheisteoir a chumhdach i leith 90% ar a laghad d'aon chaillteanas fad is atá an cúiteamh a íoctar níos lú ná íosmhéid an Chomhphobail;

(14) De bhrí go dtairgtear le scéimeanna Ballstát áirithe léibhéil cumhdaigh atá níos airde ná an leibhéal íosta comhchuibhithe cosanta faoin Treoir seo; de bhrí, áfach, nach dealraitheach é a bheith inmhianaithe a cheangal go ndéanfaí aon athrú sna scéimeanna sin ina leith sin;

(15) De bhrí go bhféadfadh sé gurb é a thiocfaidh, laistigh den chríoch chéanna, de scéimeanna a choinneáil sa Chomhphobal lena gcuirtear leibhéil cumhdaigh ar fáil atá níos airde ná an t-íosmhéid comhchuibhithe, ná neamhionannais i dtaca le cúiteamh agus coinníollacha neamhchothroma iomaíochta idir gnólachtaí infheistíochta náisiúnta agus brainsí de ghnólachtaí ó Bhallstáit eile; de bhrí, d'fhonn cur i gcoinne na míbhuntáistí sin, gur chóir a údarú do bhrainsí a bheith páirteach i scéimeanna a dtíortha ósta ionas go bhféadfaidh siad an cumhdach céanna a thairiscint dá n-infheisteoirí a thairgtear le scéimeanna na dtíortha ina bhfuil siad suite; de bhrí gur cuí go léireodh an Coimisiún, ina thuarascáil maidir le feidhm na Treorach seo, an méid a d'fheidhmigh brainsí an rogha sin agus aon deacrachtaí a bhain dóibh nó do na scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí le linn na forálacha sin a chur chun feidhme; de bhrí nach gcuirtear as an áireamh go bhféadfaí cumhdach forlíontach den sórt sin a thairiscint le scéimeanna Ballstát baile astu féin, faoi réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos sna scéimeanna sin;

(16) De bhrí go bhféadfadh suaití margaidh teacht chun cinn de bharr brainsí de ghnólachtaí infheistíochta, arna mbunú i mBallstáit seachas a mBallstáit tionscnaimh, do thairiscint leibhéal cumhdaigh atá níos airde ná iad sin a thairgeann gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe ina mBallstáit ósta; de bhrí nach cuí go dtiocfadh leibhéal nó scóip an chumhdaigh a bhíonn á thairiscint le scéimeanna cúitimh chun bheith ina ghléas iomaíochta; de bhrí gur gá, dá réir sin, le linn tréimhse tosaigh ar a laghad, coinníoll a leagan síos nár mhó leibhéal ná scóip an chumhdaigh a thairgtear le scéim Bhallstáit baile d'infheisteoirí ag brainsí atá suite i mBallstát eile ná an leibhéal nó an scóip uasta a thairgtear leis an scéim chomhréireach sa Bhallstát ósta; de bhrí gur cóir aon suaití margaidh a athbhreithniú go luath, ar bhonn na taithí a bheidh faighte agus i bhfianaise forbairtí san earnáil airgeadais;

(17) De bhrí nach mór do Bhallstát a bheith in ann earnálacha áirithe infheistíochtaí nó infheisteoirí atá liostaithe go sonrach a eisiamh ón gcumhdach a thugtar le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí más rud é nach measann sé go bhfuil gá acu le cosaint speisialta;

(18) De bhrí go bhfuil scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí ag roinnt Ballstát atá faoi chúram eagraíochtaí gairmiúla; de bhrí go bhfuil scéimeanna i mBallstáit eile a bunaíodh agus atá á rialáil ar bhonn reachtúil; de bhrí nach gcruthaíonn an éagsúlacht stádais sin fadhb ach amháin maidir le comhaltas éigeantach i scéimeanna agus maidir le heisiamh ó scéimeanna; de bhrí gur gá, dá réir sin, bearta a dhéanamh chun cumhachtaí scéimeanna sa réimse sin a theorannú;

(19) De bhrí nach mór cúiteamh a thabhairt don infheisteoir gan aon rómhoill a luaithe a bhunaítear bailíocht an éilimh atá aige; de bhrí nach mór don scéim chúitimh féin a bheith in ann tréimhse réasúnach a shocrú chun éilimh a thíolacadh; de bhrí, áfach, nach féidir a agairt in aghaidh infheisteora go bhfuil an tréimhse sin istigh, ar infheisteoir é nach raibh in ann, ar chúis mhaith, a éileamh a thíolacadh laistigh den am atá ceadaithe;

(20) De bhrí gur gné bhunriachtanach de chosaint an infheisteora é faisnéis a thabhairt d'infheisteoirí maidir le comhshocraíochtaí cúitimh; de bhrí gur ceanglaíodh le hAirteagal 12 de Threoir 93/22/CEE ar ghnólachtaí infheistíochta a chur in iúl d'infheisteoirí, roimh ghnó a dhéanamh leo, go bhféadfadh feidhm a bheith ag scéim chúitimh; de bhrí, dá réir sin, gur cóir rialacha a leagan síos leis an Treoir seo maidir le faisnéis a thabhairt do na daoine sin a bhfuil sé beartaithe acu a bheith ina n-infheisteoirí, ar faisnéis í a bhaineann leis na scéimeanna cúitimh a chumhdaíonn a ngnó infheistíochta;

(21) De bhrí, áfach, go bhféadfadh an úsáid neamhrialáilte a bhaintear as tagairtí do mhéid agus scóip scéime cúitimh i bhfógraíocht difear a dhéanamh do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do mhuinín infheisteoirí; de bhrí gur cóir do Bhallstáit, dá réir sin, rialacha a leagan síos chun tagairtí den sórt sin a theorannú;

(22) De bhrí, i bprionsabal, go gceanglaíonn an Treoir seo ar gach gnólacht infheistíochta a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí; de bhrí go gceadaítear leis na Treoracha a rialaíonn iontráil aon ghnólachta infheistíochta a bhfuil a cheannoifig i dtír nach ball, agus go háirithe le Treoir 93/22/CEE, do Bhallstáit a shocrú an cóir, agus cé na coinníollacha ar faoina réir is cóir, a cheadú do bhrainsí de na gnólachtaí infheistíochta sin oibriú laistigh dá gcríocha; de bhrí nach dteachtfaidh na brainsí sin an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar faoin dara mír d'Airteagal 59 den Chonradh, nó an ceart bunaíochta i mBallstáit seachas sna cinn sin ina bhfuil siad bunaithe; de bhrí, dá réir sin, nach mór do Bhallstát a ligeann na brainsí sin isteach a chinneadh conas prionsabail na Treorach seo a chur i bhfeidhm i leith na mbrainsí sin de réir Airteagal 5 de Threoir 93/22/CEE agus de réir an ghá le hinfheisteoirí a chosaint agus iomláine an chórais airgeadais a chothabháil; de bhrí gur den bhunriachtanas é go mbeadh infheisteoirí ag na brainsí sin ar an eolas go hiomlán faoi na comhshocraíochtaí cúitimh is infheidhme ina leith;

(23) De bhrí nach bhfuil sé riachtanach ar fad de réir na Treorach seo go ndéanfar na modhanna ina mbeidh scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí le maoiniú a chomhchuibhiú, á chur san áireamh, ar thaobh amháin, nach mór, i bprionsabal, do na gnólachtaí infheistíochta iad féin costas maoinithe na scéimeanna sin a iompar agus, ar an taobh eile, nach mór go mbeidh cumas maoinithe na scéimeanna sin i gcomhréir lena ndliteanais; de bhrí nach mór, áfach, nach ndéanfaidh sé sin cobhsaíocht chóras airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann a chur i gcontúirt;

(24) De bhrí go bhféadfadh sé nach mbeidh de thoradh ar an Treoir seo go mbeidh dliteanas ar na Ballstáit nó ar a n-údaráis inniúla i leith infheisteoirí más rud é go mbeidh siad tar éis a chinntiú gur tugadh isteach aon scéim amháin nó níos mó chun infheisteoirí a chúiteamh nó a chosaint faoi na coinníollacha a fhorordaítear sa Treoir seo agus gur aithníodh an scéim nó na scéimeanna sin go hoifigiúil;

(25) De bhrí, mar chríoch, gur gá íosleibhéal comhchuibhithe ar chomhshocraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí chun an margadh inmheánach a chomhlánú do ghnólachtaí infheistíochta ós rud é go mbeidh sé indéanta dá bharr ag infheisteoirí gnó a dhéanamh leis na gnólachtaí sin le breis muiníne, go háirithe le gnólachtaí ó Bhallstáit eile, agus go bhféadfar, dá bharr, aon deacrachtaí a sheachaint a bheadh ann de bharr Ballstáit ósta d'fheidhmiú rialacha náisiúnta cosanta d'infheisteoirí ar rialacha iad nach bhfuil comhordaithe ag leibhéal an Chomhphobail; de bhrí gur Treoir Chomhphobail cheangailteach an t-aon ionstraim chuí chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach i gcás comhshocraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí a fhreagraíonn do chumhdach Threoir 93/22/CEE a bheith in easnamh i gcoitinne; de bhrí nach bhfuil éifeacht leis an Treoir seo ach maidir leis an gcomhchuibhiú íosta is gá, go gceadaíonn sí do Bhallstáit cumhdach níos leithne nó níos airde a fhorordú más mian leo agus go dtugann sí an scóip is gá do Bhallstáit i dtaca le heagrú agus maoiniú scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críche na Treorach seo:

1. ciallóidh ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta arna mhíniú in Airteagal 1 (2) de Threoir 93/22/CEE

—  arna údarú de réir Airteagal 3 de Threoir 93/22/CEE,

—  arna údarú mar fhoras creidmheasa de réir Threoir 77/780/CEE1 ón gComhairle agus Threoir 89/646/CEE2 ón gComhairle, a gcumhdaíonn a n-údarú ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí infheistíochta atá liostaithe i Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/22/CEE;

2. ciallóidh ‘gnó infheistíochta’ aon seirbhís infheistíochta arna mhíniú in Airteagal 1 (1) de Threoir 93/22/CEE agus an tseirbhís dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin;

3. ciallóidh ‘ionstraimí’ na hionstraimí atá liostaithe i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/22/CEE;

4. ciallóidh ‘infheisteoir’ aon duine a mbeidh airgead nó ionstraimí tugtha ar iontaoibh aige nó aici do ghnólacht infheistíochta i dtaca le gnó infheistíochta;

5. ciallóidh ‘brainse’ áit ghnó ar cuid de ghnólacht infheistíochta í, nach bhfuil aon phearsantacht dhlíthiúil aici agus a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta a bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe ina leith; measfar gur brainse amháin na háiteanna gnó go léir a bheidh bunaithe sa Bhallstát céanna ag gnólacht infheistíochta a bhfuil ceanncheathrú aige i mBallstát eile;

6. ciallóidh ‘gnó comhinfheistíochta’ gnó infheistíochta arna sheoladh do chuntas beirte nó níos mó nó a mbeidh cearta air ag beirt nó níos mó, ar cearta iad a fhéadfar a fheidhmiú trí shíniú ag duine amháin nó níos mó de na daoine sin;

7. ciallóidh ‘údaráis inniúla’ na húdaráis a mhínítear in Airteagal 22 de Threoir 93/22/CEE; féadfaidh sé, más cuí, gurb iad na húdaráis sin na cinn a mhínítear in Airteagal 1 de Threoir 92/30/CEE an 6 Aibreán 1992 ón gComhairle maidir le maoirsiú foras creidmheasa ar bhonn comhdhlúite1 .

Airteagal 2

1. Cinnteoidh gach Ballstát go ndéanfar, laistigh dá chríoch, aon scéim chúitimh amháin d'infheisteoirí nó níos mó a thabhairt isteach agus a aithint go hoifigiúil. Ach amháin sna himthosca a shamhlaítear sa dara fomhír agus in Airteagal 5(3), ní fhéadfaidh aon ghnólacht infheistíochta atá údaraithe sa Bhallstát sin gnó infheistíochta a sheoladh mura bhfuil sé páirteach i scéim den sórt sin.

Féadfaidh Ballstát, áfach, foras creidmheasa, ar foras é a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leis, a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí más rud é go bhfuil an foras creidmheasa sin díolmhaithe cheana féin faoi Airteagal 3(1) de Threoir 94/19/CE ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim ráthaíochta taiscí, ar choinníoll go ndéanfar an chosaint agus an fhaisnéis a thugtar do thaisceoirí a thabhairt freisin d'infheisteoirí ar na téarmaí céanna agus go dteachtfaidh infheisteoirí cosaint dá réir atá comhionann ar a laghad leis an gcosaint sin a thugtar le scéim chúitimh d'infheisteoirí.

Aon Bhallstát a bhaineann leas as an rogha sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún; déanfaidh sé, go háirithe, tréithe na gcóras cosanta atá i gceist agus na forais chreidmheasa atá á gcumhdach acu chun críocha na Treorach seo a nochtadh, mar aon le haon athruithe ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Chomhairle.

2. Cuirfidh sceim cumhdach ar fáil d'infheisteoirí de réir Airteagal 4 más rud é:

—  go mbeidh cinneadh déanta ag na húdaráis inniúla gur dealraitheach dóibh, de réir a dtuairime, nach bhfuil gnólacht ionstraime, de thuras na huaire, ar chúiseanna a bhaineann go díreach lena imthosca airgeadais, in ann freastal dá oibleagáidí a éiríonn as éilimh infheisteoirí agus nach bhfuil aon luathdhóchúlacht ann go mbeidh sé in ann déanamh amhlaidh,

—  go mbeidh rialú déanta ag údarás breithiúnach, ar chúiseanna a bhaineann go díreach le himthosca airgeadais gnólachta infheistíochta, ar rialú é a mbeidh sé mar éifeacht aige cumas infheisteoirí chun éilimh a dhéanamh ina choinne a fhionraí,

cibé acu is luaithe.

Cuirfear cumhdach ar fáil d'éilimh a éireoidh as éagumas gnólachta infheistíochta:

—  airgead atá dlite d'infheisteoirí nó ar leo é agus atá á shealbhú thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta a aisíoc,

—  aon ionstraimí ar le hinfheisteoirí iad agus atá á sealbhú, á riaradh nó á mbainistiú thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta a thabhairt ar ais dóibh,

de réir na gcoinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme.

3. Maidir le haon éileamh faoi mhír 2 ar fhoras creidmheasa a bheadh, i mBallstát ar leith, faoi réir na Treorach seo agus Threoir 94/19/CE, díreoidh an Ballstát sin é chuig scéim faoi cheann amháin nó faoi cheann eile de na Treoracha sin de réir mar is cuí leis an mBallstát sin. Ní bheidh éileamh i dteideal cúitimh níos mó ná uair amháin faoi na Treoracha sin.

4. Déanfar méid éilimh infheisteora a ríomh de réir na gcoinníollacha dlíthiúla agus conarthacha, go háirithe na cinn sin a bhaineann le fritháireamh agus frithéilimh, is infheidhme maidir leis an measúnú, ar dháta an chinnidh nó an rialaithe dá dtagraítear i mír 2, ar mhéid an airgid nó ar luach, arna chinneadh i gcás inar féidir faoi threoir mhargadhluach, na n-ionstraimí ar leis an infheisteoir iad agus nach bhfuil an gnólacht infheistíochta in ann a aisíoc nó a thabhairt ar ais.

Airteagal 3

Maidir le héilimh a éireoidh as idirbhearta a mbeidh ciontú coiriúil faighte i dtaca leo mar gheall ar sciúradh airgid, arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 91/308/CEE an 10 Meitheamh, 1991, ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid1 , eisiafar iad ó aon chúiteamh faoi scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí.

Airteagal 4

1. Cinnteoidh Ballstáit go ndéanfaidh scéimeanna socrú maidir le cumhdach nach lú ná ECU 20 000 do gach infheisteoir i leith na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 2 (2).

Go dtí an 31 Nollaig, 1999, féadfaidh Ballstáit inar lú an cumhdach, nuair a ghlacfar an Treoir seo, ná ECU 20 000, an leibhéal cumhdaigh sin is ísle a choimeád, ar choinníoll nach lú ná ECU 15 000 é. Beidh an rogha sin ar fáil freisin do Bhallstáit lena mbainfidh na forálacha idirthréimhseacha sa dara mír d'Airteagal 7 (1) de Threoir 94/19/CE.

2. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go ndéanfaidh scéimeanna infheisteoirí áirithe a eisiamh ó chumhdach nó go dtabharfar leibhéal níos ísle cumhdaigh dóibh. Déanfar na heisiaimh sin a liostú in Iarscríbhinn I.

3. Ní choiscfidh an tAirteagal seo forálacha a choimeád nó a ghlacadh lena dtugtar cumhdach níos mó nó níos cuimsithí d'infheisteoirí.

4. Féadfaidh Ballstát an cumhdach dá bhforáiltear i mír 1 nó an clúdach dá dtagraítear i mír 3 a theorannú do chéatadán sonraithe d'éileamh infheisteora. Ní mór an céatadán a bheidh cumhdaithe a bheith comhionann le 90% den éileamh nó a bheith os a chionn sin, áfach, ar choinníoll gur lú an méid a bheidh le híoc faoin scéim ná ECU 20 000.

Airteagal 5

1. Mura gcomhlíonann gnólacht infheistíochta, ar a gceanglaítear le hAirteagal 2 (1) a bheith páirteach i scéim, na hoibleagáidí atá air mar bhall den scéim sin, cuirfear an méid sin in iúl do na húdaráis inniúla a d'eisigh a údarú agus, i gcomhar leis an scéim chúitimh, glacfaidh na húdaráis inniúla sin gach beart is cuí, lena n-áirítear pionóis a fhorchur, chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an gnólacht infheistíochta a oibleagáidí.

2. Má theipeann ar na bearta sin comhlíonadh ag an ngnólacht infheistíochta a áirithiú, féadfaidh an scéim, i gcás go gceadaítear faoin dlí náisiúnta ball a eisiamh, le toiliú sainráite na n-údarás inniúil, fógra nach lú ná 12 mhí a thabhairt go bhfuil sé beartaithe aici an gnólacht infheistíochta a eisiamh ó bhallraíocht sa scéim. Leanfaidh an scéim de chumhdach a sholáthar faoin dara fomhír d'Airteagal 2 (2) i leith gnó infheistíochta a dhéanfar le linn na tréimhse sin. Más rud é, ar dhul in éag do thréimhse an fhógra, nach bhfuil a oibleagáidí comhlíonta ag an ngnólacht infheistíochta, féadfaidh an scéim chúitimh, tar éis toiliú sainráite na n-údarás inniúil a fháil sa chás sin freisin, é a eisiamh.

3. I gcás go gceadaítear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, agus le toiliú sainráite na n-údarás inniúil a d'eisigh a údarú, féadfaidh gnólacht infheistíochta a bheidh eisiata ó scéim chúitimh d'infheisteoirí leanúint de sheirbhísí infheistíochta a sholáthar más rud é, sula ndearnadh é a eisiamh, go ndearna sé socruithe cúitimh ionadacha lena gcinntítear go mbeidh cumhdach ag infheisteoirí is comhionann ar a laghad leis an gcumhdach a bheidh á thairiscint ag an scéim ag a bhfuil aitheantas oifigiúil agus go mbeidh tréithe an chumhdaigh comhionann le tréithe na scéime sin.

4. Mura féidir le gnólacht infheistíochta, a bhfuil sé beartaithe é a eisiamh faoi mhír 2, socruithe ionadacha a dhéanamh lena gcomhlíontar na coinníollacha a fhorchuirtear i mír 3, déanfaidh na húdaráis inniúla a d'eisigh a údarú é a tharraingt siar gan mhoill.

Airteagal 6

Tar éis údarú gnólachta infheistíochta a tharraingt siar, leanfar de chumhdach faoin dara fomhír d'Airteagal 2 (2) a sholáthar i leith gnó infheistíochta arna dhéanamh suas go dtí an uair a dhéanfar an tarraingt siar sin.

Airteagal 7

1. Maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí a thabharfar isteach agus a aithneofar go hoifigiúil i mBallstát de réir Airteagal 2 (1), déanfaidh siad infheisteoirí a chumhdach freisin ag brainsí a bheidh arna mbunú ag gnólachtaí infheistíochta i mBallstáit eile.

Go dtí an 31 Nollaig, 1999, ní rachaidh leibhéal ná scóip, lena n-áirítear céatadán, an chumhdaigh dá bhforálfar thar leibhéal ná scóip uasta an chumhdaigh a bheidh á thairiscint ag an scéim chúitimh chomfhreagrach laistigh de chríoch an Bhallstáit ósta. Roimh an dáta sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn na taithí a bheidh faighte le linn an fhomhír seo agus Airteagal 4 (1) de Threoir 94/19/CE dá dtagraítear thuas a chur i bhfeidhm agus breithneoidh sé an gá leanúint de na forálacha sin. Más cuí, cuirfidh an Coimisiún togra le haghaidh Treorach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, d'fhonn a mbailíocht a fhadú.

I gcás go rachaidh leibhéal nó scóip, lena n-áirítear céatadán, an chumhdaigh a bheidh á thairiscint ag scéim chúitimh d'infheisteoirí an Bhallstáit ósta thar leibhéal nó scóip an chumhdaigh a sholáthrófar sa Bhallstát ina bhfuil gnólacht infheistíochta údaraithe, déanfaidh an Ballstát ósta a chinntiú go mbeidh scéim arna haithint go hoifigiúil ann laistigh dá chríoch ar féidir le brainse ceangal léi go toildeonach d'fhonn cur leis an gcumhdach a bheidh ag a chuid infheisteoirí cheana féin de bhua a bhallraíochta i scéim a Bhallstáit baile.

Má théann brainse isteach i scéim den sórt sin, beidh an scéim sin ina scéim a chumhdaíonn an earnáil forais lena mbaineann an brainse nó is mó dá bhfreagraíonn an brainse ina Bhallstát ósta.

Cinnteoidh Ballstáit go mbunófar coinníollacha, atá oibiachtúil agus a fheidhmítear i gcoitinne, maidir le ballraíocht ag brainsí i ngach scéim chúitimh d'infheisteoirí. Beidh ballraíocht faoi réir an choinníll go ndéanfaidh brainse na hoibleagáidí iomchuí ballraíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear go háirithe gach ranníoc agus gach muirear eile a íoc. Leanfaidh na Ballstáit na treoirphrionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II le linn an mhír seo a chur chun feidhme.

2. Más rud é nach ndéanfaidh brainse a mbeidh rogha na ballraíochta toildeonaí feidhmithe aige faoi mhír 1 na hoibleagáidí atá air mar bhall de scéim chúitimh d'infheisteoirí a chomhlíonadh, cuirfear an méid sin in iúl do na húdaráis inniúla a d'eisigh a údarú agus, i gcomhar leis an scéim chúitimh, déanfaidh siad gach beart is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an brainse na hoibleagáidí réamhluaite.

Mura gcinnteofar, de thoradh na mbeart sin, go gcomhlíonfaidh an brainse na hoibleagáidí dá dtagraítear san Airteagal seo, féadfaidh an scéim chúitimh, le toiliú na n-údarás inniúil a d'eisigh an t-údarú, tar éis tréimhse cuí fógra nach lú ná 12 mhí, an brainse a eisiamh. Leanfaidh an scéim chúitimh, a raibh an brainse ina bhall toildeonach di, de ghnó infheistíochta, a bheidh déanta roimh dháta an eisiaimh, a chumhdach tar éis an dáta sin. Cuirfear tarraingt siar an chumhdaigh fhorlíontaigh agus an dáta a mbeidh éifeacht léi in iúl d'infheisteoirí.

Airteagal 8

1. Beidh feidhm ag an gcumhdach dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1), (3) agus (4) maidir le héileamh comhiomlán an infheisteora ar an ngnólacht infheistíochta céanna faoin Treoir seo gan aird a thabhairt ar líon na gcuntas, ar an airgeadra ná ar an suíomh sa Chomhphobal.

Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh, áfach, go ndéanfar cistí in airgeadraí seachas airgeadraí na mBallstát sin agus an ecu a eisiamh ó chumhdach nó gur faoi réir cumhdaigh is ísle a bheidh siad. Ní bhainfidh an rogha seo le hionstraimí.

2. Cuirfear scair gach infheisteora i ngnó comhinfheistíochta san áireamh nuair a bheidh an cumhdach dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1), (3) agus (4) á ríomh.

Cheal forálacha speisialta, déanfar éilimh a roinnt go cothrom idir infheisteoirí.

Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar, maidir le héilimh a bhaineann le gnó comhinfheistíochta a bhfuil teideal ag beirt nó níos mó chucu mar bhaill de chomhpháirtíocht ghnó, de chumann nó de ghrúpáil den tsamhail chéanna, nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige nó aici, d'fhonn na teorainneacha a ríomh dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1), (3) agus (4), iad a chomhiomlánú agus go bhféadfar déileáil leo amhail is dá mba rud é go n-éiríonn siad as infheistíocht arna déanamh ag infheisteoir aonair.

3. I gcás nach bhfuil teideal iomlán ag infheisteoir ar na suimeanna nó ar na hurrúis a bheidh á sealbhú, is é nó í an duine ag a bhfuil an teideal iomlán a gheobhaidh an cúiteamh, ar choinníoll go ndearnadh an duine sin a aithint, nó gur féidir an duine sin a aithint, roimh dháta an chinnidh nó an rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 (2).

Má tá teideal iomlán ag beirt nó níos mó, déanfar scair gach duine acu faoi na socruithe ar faoina réir a dhéantar bainistiú ar na suimeanna nó ar na hurrúis a chur san áireamh nuair a dhéantar na teorainneacha atá leagtha síos in Airteagal 4 (1), (3) agus (4) a ríomh.

Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le gnóthais chomhinfheistíochta.

Airteagal 9

1. Glacfaidh an scéim chúitimh bearta cuí chun an cinneadh nó an rialú dá dtagraítear in Airteagal 2 (2) a chur in iúl d'infheisteoirí agus, má tá cúiteamh le tabhairt dóibh, cúiteamh a thabhairt dóibh a luaithe is féidir. Féadfaidh sí tréimhse a shocrú a mbeidh ceangal ar infheisteoirí a n-éilimh a chur isteach lena linn. Ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná cúig mhí ó dháta an chinnidh nó an rialaithe réamhluaite sin nó ón dáta a dhéantar an cinneadh nó an rialú sin a phoibliú.

Má bhíonn an tréimhse sin caite, ní fhéadfaidh an scéim leas a bhaint as sin, áfach, chun cumhdach a shéanadh ar infheisteoir nach raibh in ann a cheart ar chúiteamh a éileamh in am.

2. Beidh an scéim in ann éileamh infheisteora a íoc a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí tar éis cáilitheacht agus méid an éilimh a bhunú.

In imthosca eisceachtúla ar fad agus i gcásanna speisialta féadfaidh scéim chúitimh iarratas a dhéanamh chun na n-údarás inniúil ar fhadú ar an teorainn ama. Ní rachaidh aon fhadú den sórt sin thar thrí mhí.

3. D'ainneoin na teorann ama a leagtar síos i mír 2, i gcás go mbeidh infheisteoir nó aon duine eile, ag a bhfuil teideal chuig gnó infheistíochta nó leas i ngnó infheistíochta, cúisithe i leith ciona a éiríonn as sciúradh airgid nó a bhaineann le sciúradh airgid arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir 91/308/CEE, féadfaidh an scéim chúitimh aon íocaíocht a chur ar fionraí go dtí go dtabharfar breith na cúirte.

Airteagal 10

1. Déanfaidh Ballstáit a chinntiú go ndéanfaidh gach gnólacht infheistíochta bearta cuí chun an fhaisnéis is gá chun an scéim chúitimh d'infheisteoirí a bhfuil an gnólacht infheistíochta agus a chuid brainsí laistigh den Chomhphobal ina mbail di a aithint nó aon socrú ionadach dá bhforáiltear faoin dara fomhír d'Airteagal 2 (1) nó Airteagal 5 (3) a chur ar fáil d'infheisteoirí iarbhír agus d'infheisteoirí beartaitheacha. Déanfar forálacha na scéime cúitimh d'infheisteoirí nó aon socrú ionadach is infheidhme, lena n-áirítear méid agus scóip an chumhdaigh a chuireann an scéim chúitimh ar fáil agus aon rialacha a bheidh leagtha síos ag na Ballstáit de bhun Airteagal 2 (3) a chur in iúl d'infheisteoirí. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar mhodh is intuigthe go héasca.

Ar í a iarraidh tabharfar faisnéis freisin i dtaobh na gcoinníollacha lena rialaítear cúiteamh agus i dtaobh na bhfoirmiúlachtaí is gá a chomhlíonadh chun cúiteamh a fháil.

2. Déanfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 a chur ar fáil ar an modh a fhorordaítear le dlí náisiúnta i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil brainse bunaithe ann.

3. Bunóidh Ballstáit rialacha lena dteorannófar an úsáid a bhainfear as an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i bhfógraíocht d'fhonn cosc a chur leis an úsáid sin difear a dhéanamh do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do mhuinín infheisteoirí. Go háirithe, féadfaidh Ballstát an fhógraíocht sin a theorannú do thagairt fhíorasach don scéim lena mbaineann gnólacht infheistíochta.

Airteagal 11

1. Déanfaidh gach Ballstát fiosrú lena fháil amach an bhfuil cumhdach is comhionann leis an gcumhdach a fhorordaítear sa Treoir seo ag brainsí arna mbunú ag gnólacht infheistíochta a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Chomhphobal. Mura bhfuil an clúdach sin ann, féadfaidh Ballstát, faoi réir Airteagal 5 de Threoir 93/22/CEE, coinníoll a leagan síos go rachaidh brainsí arna mbunú ag gnólacht infheistíochta a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Chomhphobal isteach i scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí atá ag feidhmiú laistigh dá chríoch.

2. Déanfaidh gnólacht infheistíochta, a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Chomhphobal, gach faisnéis iomchuí a bhaineann leis na socruithe cúitimh a chumhdaíonn a n-infheistíochtaí a sholáthar d'infheisteoirí iarbhír agus beartaitheacha ag brainsí arna mbunú ag an ngnólacht infheistíochta sin.

3. Déanfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 a chur ar fáil ar an modh a fhorordaítear le dlí náisiúnta i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil brainse bunaithe ann agus dréachtófar i bhfoirm shoiléir intuigthe í.

Airteagal 12

Gan dochar d'aon chearta eile a bheidh acu faoin dlí náisiúnta, féadfaidh ceart seachaíochta a bheith ag scéimeanna a thugann íocaíochtaí d'fhonn infheisteoirí a chúiteamh maidir le cearta na n-infheisteoirí sin in imeachtaí leachtaithe le haghaidh méideanna is comhionann lena n-íocaíochtaí.

Airteagal 13

Déanfaidh Ballstáit a chinntiú go bhféadfaidh ceart infheisteora ar chúiteamh a bheith ina ábhar caingne ag an infheisteoir in aghaidh na scéime cúitimh.

Airteagal 14

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig, 1999, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhm na Treorach seo maille le tograí, más cuí, chun í a athbhreithniú.

Airteagal 15

1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a thabhairt i bhfeidhm is gá chun go ndéanfaidís an Treoir seo a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná an 26 Meán Fómhair, 1998. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairtí iontu don Treoir seo nó beidh na tagairtí sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna chun na tagairtí sin a dhéanamh.

2. Déanfaidh na Ballstáit téacsanna na bpríomhfhorálacha den dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 16

Déanfar Airteagal 12 de Threoir 93/22/CEE a aisghairm le héifeacht ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 15 (1).

Airteagal 17

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 18

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta, 1997.

Ar son Pharlaimint na hEorpa

Ar son na Comhairle

An tUachtarán

An tUachtarán

J.M. GIL-ROBLES

M. DE BOER


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA EISIAMH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(2)

1. Infheisteoirí gairmiúla agus infheisteoirí forais, lena n-áirítear:

—  gnólachtaí infheistíochta arna mhíniú in Airteagal 1(2) de Threoir 93/22/CEE,

—  forais chreidmheasa arna mhíniú sa chéad fhleasc d'Airteagal 1 de Threoir 77/780/CEE ón gComhairle,

—  forais airgeadais arna mhíniú in Airteagal 1(6) de Threoir 89/646/CEE ón gComhairle,

—  gnóthais árachais,

—  gnóthais chomhinfheistíochta,

—  cistí pinsean agus scoir.

Infheisteoirí gairmiúla agus infheisteoirí forais eile.

2. Forais osnáisiúnta, údaráis riaracháin rialtais agus lárnacha.

3. Údaráis chúigeacha, réigiúnacha, áitiúla agus chathrach.

4. Stiúrthóirí, bainisteoirí, agus baill ar a bhfuil dliteanas pearsanta, de chuid gnólachtaí infheistíochta, daoine a shealbhaíonn 5% nó níos mó de chaipiteal na ngnólachtaí infheistíochta sin, daoine atá freagrach as na hiniúchtaí reachtúla a sheoladh ar dhoiciméid chuntasaíochta gnólachtaí infheistíochta agus infheisteoirí ag a bhfuil stádas dá samhail i ngnólachtaí eile laistigh den ghrúpa céanna le gnólacht den sórt sin.

5. Garghaolta agus tríú páirtithe ag gníomhú thar ceann na n-infheisteoirí dá dtagraítear i bpointe 4.

6. Gnólachtaí eile sa ghrúpa céanna.

7. Infheisteoirí ar a bhfuil aon fhreagracht as fíorais áirithe, nó a bhain tairbhe as fíorais áirithe, a bhaineann le gnólacht infheistíochta agus ba chúis le deacrachtaí airgeadais an ghnólachta nó ba chuid den chúis le meath ar staid airgeadais an ghnólachta.

8. Cuideachtaí de mhéid a fhágann nach gceadaítear dóibh cláir chomhardaithe ghiorraithe a tharraingt suas faoi Airteagal 11 den Cheathrú Treoir 78/660/CEE an 25 Iúil, 1978, ón gComhairle, ar bhonn Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí1 .

IARSCRÍBHINN II

TREOIRPHRIONSABAIL

(Dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 7 (1))

I gcás go ndéanfaidh brainse iarratas chun dul isteach i scéim de chuid Ballstáit ósta le haghaidh cumhdaigh fhorlíontaigh, déanfaidh scéim an Bhallstáit ósta, go déthaobhach le scéim an Bhallstáit baile, rialacha agus nósanna imeachta cuí a bhunú le haghaidh cúiteamh a íoc le hinfheisteoirí sa bhrainse sin. Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas maidir leis na nósanna imeachta sin a tharraingt suas agus le linn na coinníollacha ballraíochta a cheapadh is infheidhme maidir leis an mbrainse sin (dá dtagraítear in Airteagal 7 (1)):

(a) coimeádfaidh scéim an Bhallstáit ósta lánchearta chun a chuspóir agus a rialacha a fheidhmítear go ginearálta a fhorchur ar ghnólachtaí infheistíochta rannpháirteacha; beidh ar a cumas a cheangal go soláthrófar faisnéis iomchuí agus beidh sí i dteideal an fhaisnéis sin a fhíorú le húdaráis inniúla an Bhallstáit baile;

(b) freastalóidh scéim an Bhallstáit ósta ar éilimh ar chúiteamh forlíontach tar éis d'údaráis inniúla an Bhallstáit baile an cinneadh nó an rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a chur in iúl di. Coimeádfaidh scéim an Bhallstáit ósta lánchearta chun teideal infheisteora a fhíorú de réir a caighdeán agus a nósanna imeachta féin roimh chúiteamh forlíontach a íoc;

(c) comhoibreoidh scéimeanna an Bhallstáit ósta agus an Bhallstáit baile lena chéile go hiomlán d'fhonn a chinntiú go bhfaigheann infheisteoirí cúiteamh go pras agus sna méideanna cearta. Go háirithe, aontóidh siad i dtaobh conas a dhéanfaidh frithéileamh, atá ann agus a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le fritháireamh faoi cheachtar scéim, difear don chúiteamh a íocfaidh gach scéim leis an infheisteoir;

(d) beidh scéim an Bhallstáit ósta i dteideal muirear a ghearradh ar bhrainsí as cumhdach forlíontach ar bhonn iomchuí lena gcuirtear san áireamh an cumhdach a bheidh á mhaoiniú le scéim an Bhallstáit baile. Chun muirearú a urasú, beidh scéim an Bhallstáit ósta i dteideal glacadh leis nach mbeidh ina dhliteanas, i ngach cúinse, ach anbharr an chumhdaigh a bheidh arna thairiscint aici thar an gcumhdach a bheidh arna thairiscint ag an mBallstát baile ar neamhaird leis an mBallstát baile d'íoc aon chúitimh iarbhír i leith éileamh ó infheisteoirí laistigh de chríoch an Bhallstáit ósta.

1 O.J. Uimh. C 321, 27.11.1993, l.15 agus O.J. Uimh. C 382, 31.12.1994, l.27.

2 O.J. Uimh. C 127, 7.5.1994, l.1.

3 Tuairim a tugadh an 28 Iúil 1995.

4Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 1994 (O.J. Uimh. C 128, 9.5.1994, l.85), Comhsheasamh na Comhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 (O.J. Uimh. C 320, 30.11.1995. l.9) agus Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 1996 (O.J. Uimh. C 96, 1.4.1996, l.28). Cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 agus Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Feabhra 1997 (O.J. Uimh. C 85, 17.3.1997).

5O.J. Uimh. L 141, 11.6.1993, l.27

1O.J. Uimh. L 135, 31.5.1994, l.51

1 An Chéad Treoir 77/780/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1977 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le dul i mbun an ghnó a ghabhann le foras creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (O.J. Uimh. L 322, 17.12.1977, l.30). Treoir arna leasú an uair dheireanach le Treoir 89/646/CEE (O.J. Uimh. L 386, 30.12.1989, l.1).

2 An Dara Treoir 89/646/CEE ón gComhairle an 15 Nollaig 1989 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le dul i mbun an ghnó a ghabhann le foras creidmheasa agus leanúint den ghnó sin agus ag leasú Threoir 77/780/CEE (O.J. Uimh. L 386, 30.12.1989, l.1). Treoir arna leasú an uair dheireanach le Treoir 92/30/CEE (O.J. Uimh. L 110, 28.4.1992, l.52).

1O.J. Uimh. L 110, 28.4.1992, l. 52.

1 O.J. Uimh. L 166, 28.6.1991, l.77.

1 O.J. Uimh. L 222, 14.8.1978, l. 11. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 94/8/CE (O.J. Uimh. L 82, 25.3.1994, l.33).