An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Córas Airgeadra an Euro) Ar Aghaidh (Caibidil IV Nótaí agus Monaí Dlíthairgthe a Tharraingt Siar)

38 1998

AN tACHT UM AONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA, 1998

Caibidil III

Dlíthairiscint agus Méideanna Dlíthairgthe.

Míniú (Caibidil III).

8. —Sa Chaibidil seo tá le “dáta feidhme níos luaithe” an bhrí a shanntar le halt 9.

Stádas dlíthairgthe nótaí agus monaí arna n-ainmniú i bpuint Éireannacha.

9. —(1) Maidir le nótaí agus monaí arna n-ainmniú i bpuint Éireannacha nó in iolruithe nó i bhforanna den chéanna, coinneoidh siad stádas dlíthairgthe go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 2002, nó cibé dáta is luaithe ná sin (dá ngairtear an “dáta feidhme níos luaithe” sa Chaibidil seo) a shonróidh an tAire le hordú.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm roimh an dáta feidhme níos luaithe.

(3) I gcás go mbeartaítear ordú a dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear aon ordú ag leasú nó ag cúlghairm ordú lena mbaineann fo-alt (1), déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Aisghairtear leis seo alt 118(3) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , le héifeacht ón dáta feidhme níos luaithe nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, ón 30ú lá de Mheitheamh, 2002.

Méideanna dlíthairgthe monaí.

10. —(1) Ní bheidh d'oibleagáid ar aon duine, seachas Banc Ceannais na hÉireann agus cibé daoine a ainmneoidh an tAire le hordú, glacadh le níos mó ná 50 mona arna n-ainmniú san euro nó sa cent in aon idirbheart amháin.

(2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas le héifeacht ón dáta feidhme níos luaithe nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, ón 30ú lá de Mheitheamh, 2002:

(a) ailt 8 go 10 d'Acht 1969,

(b) alt 15 den Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970 .

(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Monaí a sholáthar agus a eisiúint.

11. —(1) Féadfaidh an tAire monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent a sholáthar agus féadfaidh sé nó sí le hordú sonraíochtaí teicniúla, toisí, comhshuíomh agus dearadh nó dearaí na monaí sin a leagan amach, faoi réir na sonraíochtaí sin do chomhlíonadh na n-ainmníochtaí agus na sonraíochtaí teicniúla a leagfaidh an Chomhairle síos de réir an dara habairt d'Airteagal 105a(2) den Chonradh.

(2) Maidir le monaí a sholáthrófar faoi fho-alt (1), eiseoidh an tAire iad trí Bhanc Ceannais na hÉireann, faoi réir ceadú ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid na heisiúna agus, le héifeacht ó thosach feidhme na forála seo, beidh monaí a eiseofar faoi Chuid III faoi réir ceadú den sórt sin.

(3) Aisghairtear leis seo ailt 3, 4 agus 5 d'Acht 1969 le héifeacht ón dáta feidhme níos luaithe nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, ón 30ú lá de Mheitheamh, 2002.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Leasú ar alt 14 (toirmeasc ar dhéanamh nó eisiúint monaí) d'Acht 1969.

12. —Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1969 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ach amháin monaí a eiseofar faoin Acht seo, faoin Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1990 , agus faoin Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998 , agus monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent agus arna n-eisiúint ag ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, ní dhéanfar ná ní eiseofar sa Stát aon phíosa miotail nó miotail mheasctha d'aon aghaidhluach ainmniúil airbheartaithe ar bith mar mhona ná mar chomhartha ar airgead ná mar ní a airbheartaíonn (go sainráite nó go hintuigthe) go bhfuil a shealbhóir i dteideal aon luach a thaispeántar air a éileamh.”.

Caiteachais a ghabhann le soláthar monaí.

13. —Gach suim a bheidh ag teastáil chun monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent agus arna soláthar faoi alt 11 a sholáthar, íocfar as ciste ginearálta an Bhainc Ceannais í agus féichiúnófar ar chúlchiste an airgeadra sa chiste sin í.

Fáltais ó eisiúint monaí.

14. —Déanfar na fáltais ó gach eisiúint monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent agus arna soláthar faoi alt 11 a íoc isteach i gciste ginearálta Bhanc Ceannais na hÉireann agus a chur chun creidmheasa chúlchiste an airgeadra sa chiste sin.