|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Dlíthairiscint agus Méideanna Dlíthairgthe.) | Ar Aghaidh (Caibidil V Ilghnéitheach) |
AN tACHT UM AONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA, 1998
|
Caibidil IV Nótaí agus Monaí Dlíthairgthe a Tharraingt Siar | ||||
| [EN] |
Monaí a ghlaoch isteach. |
15. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire le hordú monaí d'aon chomhshuíomh, dáta nó ainmníocht áirithe a ghlaoch isteach, ar monaí iad— | ||
| [EN] | (a) a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, nó | |||
| [EN] | (b) a eisíodh faoi na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1990, nó | |||
| [EN] | (c) a eisíodh faoin Acht seo, nó | |||
| [EN] | (d) atá i gcúrsaíocht sa Stát agus a d'eisigh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, agus ar monaí iad is inchomórtais le monaí arna n-eisiúint faoin Acht seo, | |||
| [EN] | agus féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |||
| [EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo a bhaineann le nithe a thig faoi inniúlacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh le mír 2 d'Airteagal 105a den Chonradh, nó fúithi, ach amháin le toiliú an Bhainc sin. | |||
| [EN] | (3) Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le gach ordú faoi fho-alt (1): | |||
| [EN] | (a) forálfar san ordú go dtiocfaidh sé i ngníomh ar dháta áirithe (dá ngairtear an “dáta tarraingthe siar” san fho-alt seo) nach luaithe ná 6 mhí tar éis dháta a dhéanta, | |||
| [EN] | (b) leagfar an t-ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, roimh an dáta tarraingthe siar, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin. | |||
| [EN] | (4) Aisghairtear leis seo alt 12 d'Acht 1969. | |||
| [EN] | (5) San alt seo ciallaíonn “achtacháin aisghairthe” an tAcht Coighneála, 1926 (lena n-áirítear an tAcht sin arna leasú leis an Ordú Comhachta Práinne (Uimh. 140), 1942, agus le hailt 58 agus 60 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 ) nó an tAcht Monaíochta, 1950 . | |||
| [EN] |
Monaí a fhuascailt. |
16. —Leasaítear leis seo Acht 1969 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 11: | ||
| [EN] | “11.—Féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis déanamh amhlaidh, monaí— | |||
| [EN] | (a) a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, nó | |||
| [EN] | (b) a eisíodh faoi na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1990, nó | |||
| [EN] | (c) a eisíodh faoin Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998 , nó | |||
| [EN] | (d) atá i gcúrsaíocht sa Stát agus a d'eisigh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, agus ar monaí iad is inchomórtais le monaí arna n-eisiúint faoin Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998 , | |||
| [EN] | a fhuascailt agus déanfar gach suim a bheidh ag teastáil chun na críche sin a íoc as ciste ginearálta an Bhainc Ceannais agus a fhéichiúnú ar chúlchiste an airgid reatha sa chiste sin.”. | |||
| [EN] |
Toirmeasc ar leá monaí. |
17. —Beidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1969 maidir le monaí arna n-eisiúint faoin Acht seo agus maidir le monaí atá i gcúrsaíocht sa Stát agus a d'eisigh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, agus ar monaí iad is inchomórtais le monaí arna n-eisiúint faoin Acht seo. | ||
| [EN] |
Nótaí dlíthairgthe a fhuascailt. |
18. —Leasaítear leis seo alt 121 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt 3: | ||
| [EN] | “(4) Féadfaidh an Banc Ceannais leanúint de bheith ag fuascailt nótaí puint Éireannacha a eisíodh faoi alt 44 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó aon nóta eile a bhí, díreach roimh an dáta feidhme níos luaithe (de réir na brí a shanntar le halt 9 den Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998 ) nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 2002, ina nóta dlíthairgthe sa Stát agus a eisíodh faoin Acht Airgid Reatha, 1927 , nó faoi aon Acht ina dhiaidh sin.”. | |||
| [EN] |
Nótaí dlíthairgthe a ghlaoch isteach. |
19. —Leasaítear leis seo alt 122 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , trí “le húdarás an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le ham, áit, modh agus ord tíolactha is cuí leis an mBanc” a chur in ionad “faoi réir cibé coinníollacha maidir le ham, áit, modh agus ord tíolactha is cuí leis” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
|