|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Imeachtaí i gCúirteanna nó i mBinsí de chuid na hÉireann) | Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach) |
AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Foirmeacha Eile Cúnaimh | |
| [EN] |
Orduithe chun ábhar a chur ar fáil. |
29. —D'fhonn cúnamh a thabhairt do bhinse idirnáisiúnta in imscrúdú i dtaobh cibé acu a rinne duine coir binse idirnáisiúnta nó a thairbhigh sé nó sí de choir den sórt sin, beidh éifeacht le halt 63 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, amhail is dá bhfolódh tagairtí san alt sin do gháinneáil ar dhrugaí tagairtí d'iompar ar coir binse idirnáisiúnta é. |
| [EN] |
Barántais chuardaigh. |
30. —(1) Féadfaidh an tAire, mar fhreagra ar iarraidh ó bhinse idirnáisiúnta, a ordú go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána, nach ísle céim ná ceannfort, iarratas chuig an gCúirt Dúiche ar bharántas cuardaigh i dtaca le coir binse idirnáisiúnta atá faoi imscrúdú ag an mbinse sin. |
| [EN] | (2) Maidir le breitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis nó léi, ar iarratas a fháil de réir ordacháin faoi fho-alt (1), go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil, in áit ar bith, fianaise a bhaineann leis an gcoir binse idirnáisiúnta a dhéanamh, beidh an chumhacht chéanna aige nó aici chun barántas cuardaigh a eisiúint, lena n-údaraítear dul isteach, cuardach agus urghabháil a dhéanamh i ndáil leis an áit sin, a bheadh ag an mbreitheamh i gcás ciona arna dhéanamh sa Stát a bhfuil cumhachtaí dá samhail infheidhmithe ag an mbreitheamh ina leith. | |
| [EN] | (3) Beidh feidhm, maidir le comhalta den Gharda Síochána a dhéanfaidh cuardach faoin alt seo, ag an srian in alt 9(2) den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 , ar urghabháil nó ar choinneáil aon doiciméid a rinneadh, nó a bhféadfaidh sé go ndearnadh é, chun comhairle dlí a fháil, a thabhairt nó a chur in iúl. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána a urghabhfaidh aon fhianaise de bhua an ailt seo na nithe seo a leanas a chur ar fáil don Aire, lena dtarchur chuig an mbinse idirnáisiúnta lena mbaineann— | |
| [EN] | (a) an fhianaise a urghabhadh, agus | |
| [EN] | (b) aon deimhniú, mionnscríbhinn nó doiciméad fíoraithe eile is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh agus a bheidh sonraithe san ordachán a thabharfar faoi fho-alt (1). | |
| [EN] | (5) Más doiciméad atá san fhianaise a urghabhadh, déanfar an doiciméad bunaidh nó cóip den doiciméad a tharchur chuig an mbinse idirnáisiúnta a rinne an iarraidh. | |
| [EN] | (6) Más aon earra eile seachas doiciméad atá san fhianaise a urghabhadh, déanfar an t-earra féin, nó tuairisc, grianghraf nó léiriú eile air, a tharchur chuig an mbinse idirnáisiúnta de réir mar is gá chun an iarraidh uaidh a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (7) San alt seo folaíonn “fianaise” doiciméid agus earraí eile. | |
| [EN] |
Orduithe maidir le maoin. |
31. —(1) Déanfaidh an tAire aon ordú a gheobhaidh an tAire ó bhinse idirnáisiúnta a tharchur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána— |
| [EN] | (a) ar ordú é le haghaidh beart sealadach chun maoin a chaomhnú agus a chosaint, nó | |
| [EN] | (b) ar ordú é le haghaidh maoin atá tógtha go neamhdhleathach ag duine a ciontaíodh i gcoir binse idirnáisiúnta a aiseag. | |
| [EN] | (2) Más rud é, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort, gur deimhin leis an Ard-Chúirt— | |
| [EN] | (a) go bhfuair an tAire ordú ó bhinse idirnáisiúnta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a), agus | |
| [EN] | (b) tráth déanta an ordaithe eatramhaigh faoin bhfo-alt seo, go bhfuil an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta i bhfeidhm agus nach bhfuil sé faoi réir achomhairc, | |
| [EN] | féadfaidh an Chúirt, chun an mhaoin lena mbaineann an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta a chaomhnú agus a chosaint, ar neamhaird le luach na maoine ach faoi réir fho-alt (5), ordú eatramhach a dhéanamh ina mbeidh aon téarmaí a d'fhéadfadh, faoi alt 2(1) agus (2) den Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, a bheith san áireamh in ordú eatramhach arna dhéanamh faoin Acht sin dá mba rud é nár lú ná £10,000 luach na maoine. | |
| [EN] | (3) Chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, beidh feidhm ag ailt 2(3) go (6), 3(1) go (6), 5, 6, 7, 8 agus 10 go 16 den Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, maille leis na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe eile is gá, amhail is dá mba faoin Acht sin a rinneadh iarratas arna dhéanamh faoin alt seo: | |
| [EN] | (a) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin don iarratasóir a fhorléiriú mar thagairt don chomhalta den Gharda Síochána a rinne iarratas chuig an gcúirt ar ordú eatramhach faoin alt seo nó ar ordú idirbhreitheach faoi alt 3 den Acht sin arna chur chun feidhme leis an alt seo; | |
| [EN] | (b) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin d'fháltais ó choireacht a fhorléiriú mar thagairt do mhaoin is ábhar don ordú ó bhinse idirnáisiúnta; | |
| [EN] | (c) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin d'ordú diúscartha a fhorléiriú mar thagairt d'ordú aisig faoin alt seo; | |
| [EN] | (d) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin don Aire a fhorléiriú mar thagairt don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; | |
| [EN] | (e) déanfar tagairt in alt 2(5) nó 3(5) den Acht sin d'fho-ailt (3) agus (4) den alt ina bhfuil an tagairt a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fho-alt (6) den alt seo; | |
| [EN] | (f) ní bheidh feidhm ag ailt 2(3)(b), 3(1)(b) agus 3(1)(II) den Acht sin; | |
| [EN] | (g) déanfar alt 8(1) den Acht sin a fhorléiriú amhail is nach raibh na focail i ndiaidh fhomhír (ii) agus roimh “ansin” ann. | |
| [EN] | (4) Más rud é, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort, gur deimhin leis an Ard-Chúirt— | |
| [EN] | (a) go bhfuair an tAire ordú ó bhinse idirnáisiúnta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), | |
| [EN] | (b) tráth déanta an ordaithe faoin bhfo-alt seo, go bhfuil an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta i bhfeidhm agus nach bhfuil sé faoi réir achomhairc, | |
| [EN] | (c) nach ndearnadh an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, agus | |
| [EN] | (d) gur tugadh fógra don duine a ndearnadh an t-iarratas ar ordú faoin bhfo-alt seo ina leith, agus d'aon duine eile a ordóidh an Chúirt, á rá go ndearnadh an t-iarratas sin, | |
| [EN] | féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (5), ordú (“ordú aisig”) a dhéanamh á ordú go n-aistreofar an mhaoin chuig an duine a shonraítear san ordú ó bhinse idirnáisiúnta. | |
| [EN] | (5) Más rud é go suífear go rabhthas tar éis ordú ó bhinse idirnáisiúnta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) nó (b) a chomhlíonadh go páirteach ar an dáta a bhfuair an tAire é, déanfaidh an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo a mhéid amháin nach ndearnadh an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta a chomhlíonadh faoin dáta sin. | |
| [EN] | (6) Más rud é, tar éis an dáta ar a ndéantar ordú cúirte faoin alt seo nó faoin Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, arna chur i bhfeidhm leis an Acht seo, go suífear go rabhthas tar éis an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta lena mbaineann an t-ordú cúirte a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach faoin dáta sin, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú cúirte a athrú nó a urscaoileadh dá réir sin le héifeacht ón dáta sin. | |
| [EN] | (7) Ar ordú ó bhinse idirnáisiúnta, lena bhfionraítear forfheidhmiú ordaithe ó bhinse idirnáisiúnta chun maoin a aiseag, a fháil ón Aire, déanfaidh an Ard-Chúirt, le hordú, forghníomhú aon ordaithe cúirte arna dhéanamh faoi fho-alt (4) i ndáil leis an ordú ó bhinse idirnáisiúnta a fhionraí ar feadh na tréimhse céanna agus faoi na coinníollacha céanna atá luaite in ordú fionraitheach an bhinse sin. | |
| [EN] | (8) Fad a bheidh ordú fionraitheach arna dhéanamh faoi fho-alt (7) i bhfeidhm, ní ghlacfar aon chéimeanna chun an t-ordú a d'fhionraigh an Ard-Chúirt a fhorfheidhmiú. | |
| [EN] | (9) Ar iarraidh a fháil ó bhinse idirnáisiúnta chun úinéireacht maoine a chinneadh, féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar bhreith i dtaobh úinéireacht na maoine. | |
| [EN] |
Stádas, pribhléidí agus díolúintí binse idirnáisiúnta. |
32. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, foráil a dhéanamh maidir leis na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thabharfaidh an Stát— |
| [EN] | (a) do bhreithiúna, d'ionchúisitheoirí agus do chláraitheoirí binse idirnáisiúnta agus dá bhfoireann, agus | |
| [EN] | (b) d'aon daoine, lena n-áirítear finnéithe, agus d'abhcóidí, a dhéanfaidh ráitis le binse idirnáisiúnta nó os a chomhair nó a chuirfidh doiciméid nó fianaise eile faoina bhráid. | |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 37 (3) maidir le horduithe arna ndéanamh faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 37 (1)(c) go (g). | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú. | |
| [EN] |
Idirthuras tríd an Stát. |
33. —(1) D'fhonn cúnamh a thabhairt do bhinse idirnáisiúnta i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna, féadfaidh an tAire— |
| [EN] | (a) i gcás duine a bheidh á iompar nó á hiompar i gcoimeád ó stát amháin chuig stát eile chun críocha an bhinse sin, idirthuras an duine sin tríd an Stát a cheadú, | |
| [EN] | (b) aon choinníollacha a mheasfaidh sé nó sí is gá a chur ag gabháil leis an gceadú, agus | |
| [EN] | (c) a shocrú go ndéanfaidh an Garda Síochána maoirseacht ar idirthuras an duine tríd an Stát. | |
| [EN] | (2) Maidir le duine a gceadófar idirthuras tríd an Stát ina leith faoi fho-alt (1), measfar go bhfuil sé nó sí i gcoimeád aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh á thionlacan nó á tionlacan de bhun socraithe arna dhéanamh faoi fho-alt (1)(c). | |
| [EN] |
An tAcht gan teorannú a dhéanamh ar sholáthar cúnaimh eile. |
34. —Ní dhéanfar aon ní san Acht seo a fhorléiriú mar ní a choisceann cúnamh a thabhairt do bhinse idirnáisiúnta ar dhóigh seachas faoin Acht seo. |