|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Rún 955 (1994)) |
AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Rún 827 (1993) | |
Arna ghlacadh ag an gComhairle Slándála ag an 3217ú cruinniú aici, an 25 Bealtaine 1993 | ||
Tá an Chomhairle Slándála, | ||
Á athdhearbhú di rún 713 (1991) an 25 Meán Fómhair 1991 uaithi agus na rún ábhartha go léir dá éis, | ||
Ar bhreithniú a bheith déanta aici ar an tuairisc ón Ard-Rúnaí (S/25704 agus Add. 1) de bhun mhír 2 de rún 808 (1993), | ||
Á léiriú di uair amháin eile gur ábhar mór scaoill di na tuairiscí leanúnacha faoi sháruithe forleathana neamhnáireacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a bheith ag tarlú laistigh de chríoch na hiar-Iúgslaive, agus go háirithe i bPoblacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine, lena n-áirítear tuairiscí faoi ollmharuithe, faoi choinneáil agus éigniú ban ar ollscála eagraithe agus córasach, agus faoin “glanadh eitneach” a bheith fós á chleachtadh, lena n-áirítear chun críoch a fháil agus a choimeád, | ||
Á chinneadh di go bhfuil an cor seo ina bhagairt ar shíocháin agus slándáil idirnáisiúnta i gcónaí, | ||
Ar a bheith de Rún Daingean aici deireadh a chur le coireanna den sórt sin agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun na daoine atá freagrach iontu a thabhairt faoi réim an cheartais, | ||
Ós deimhin léi go bhféadfaí, in imthosca ar leith na hiar-Iúgslaive, an aidhm sin a bhaint amach agus cabhrú le hathbhunú agus cothabháil na síochána dá ndéanfadh an Chomhairle binse idirnáisiúnta a bhunú mar bheart ad hoc agus daoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a ionchúiseamh, | ||
Á chreidiúint di go gcabhróidh bunú binse idirnáisiúnta agus ionchúiseamh daoine atá freagrach sna sáruithe thuasluaite ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta lena áirithiú go gcuirfear stop le sáruithe den sórt sin agus go dtabharfar sásamh éifeachtach iontu, | ||
Á thabhairt dá haire maidir leis sin an moladh ó Chomh-Chathaoirligh an Choiste Stiúrtha den Chomhdháil Idirnáisiúnta ar an Iar-Iúgslaiv go ndéanfaí binse den sórt sin a bhunú (S/25221), | ||
Á athdhearbhú di maidir leis sin an cinneadh uaithi i rún 808 (1993) go mbunófar binse idirnáisiúnta chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive ó 1991 i leith, | ||
Á bhreithniú di, go dtí go gceapfar Ionchúisitheoir an Bhinse Idirnáisiúnta, gur cóir don Choimisiún Saineolaithe a bunaíodh de bhun rún 780 (1992) leanúint ar bhonn práinne d'fhaisnéis a bhailiú a bhaineann le fianaise ar sháruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive agus ar sháruithe eile ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta mar a mholtar ina thuairisc eatramhach (S/25274), | ||
Ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, tar éis | ||
1. An tuairisc ón Ard-Rúnaí a cheadú; | ||
2. A chinneadh leis seo binse idirnáisiúnta a bhunú d'aon toisc chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive idir 1 Eanáir 1991 agus dáta a chinnfidh an Chomhairle Slándála ar an tsíocháin a bheith athbhunaithe agus chun na críche sin Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta atá i gceangal leis an tuairisc thuasluaite a ghlacadh; | ||
3. A iarraidh ar an Ard-Rúnaí aon mholtaí a gheofar ó Stáit maidir leis na rialacha nós imeachta agus fianaise is gá faoi Airteagal 15 de Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta, a chur faoi bhráid bhreithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta ar iad a bheith tofa; | ||
4. A chinneadh go gcomhoibreoidh na Stáit uile go hiomlán leis an mBinse Idirnáisiúnta agus lena orgáin de réir an rúin láithrigh agus Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta agus, dá bharr sin, go nglacfaidh na Stáit uile aon bhearta is gá faoina ndlí baile chun go gcuirfí forálacha an rúin láithrigh agus an Reachta i ngníomh, lena n-áirítear oibleagáid Stát iarrataí ar chúnamh nó orduithe arna n-eisiúint ag Dlísheomra Trialach faoi Airteagal 29 den Reacht a chomhlíonadh; | ||
5. Tathaint ar Stáit agus ar eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha cistí, trealamh agus seirbhísí a thabhairt don Bhinse Idirnáisiúnta, lena n-áirítear pearsanra saineolach a thairiscint; | ||
6. A chinneadh gur faoi réir socruithe cuí, a bheidh inghlactha ag an gComhairle, a bheith curtha i gcrích idir na Náisiúin Aontaithe agus an Ísiltír a chinnfear suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta agus go bhféadfaidh an Binse Idirnáisiúnta suí in áit eile nuair is dóigh leis gur gá sin chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtúil; | ||
7. A chinneadh freisin go ndéanfar obair an Bhinse Idirnáisiúnta a chomhlíonadh gan dochar do cheart na n-íospartach cúiteamh a lorg, trí mheán cuí, i ndamáistí a bhain dóibh mar thoradh ar sháruithe ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta; | ||
8. A iarraidh ar an Ard-Rúnaí an rún láithreach a chur i ngníomh go práinneach agus go háirithe socruithe praiticiúla a dhéanamh chun go bhfeidhmeoidh an Binse Idirnáisiúnta go héifeachtach a luaithe is féidir agus tuairisc a thabhairt go tréimhsiúil don Chomhairle; | ||
9. A chinneadh an t-ábhar a choinneáil faoi bhreithniú gníomhach. |