|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Rún 827 (1993)) | Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Reacht Bhinse na hIar-Iúgslaive) |
AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
AN DARA SCEIDEAL Rún 955 (1994) | |
Arna ghlacadh ag an gComhairle Slándála ag an 3453ú cruinniú aici, an 8 Samhain 1994 | ||
Tá an Chomhairle Slándála, | ||
Á athdhearbhú di a cuid rún go léir roimhe seo maidir leis an gcor i Ruanda, | ||
Ar bhreithniú a bheith déanta aici ar na tuairiscí ón Ard-Rúnaí de bhun mhír 3 de rún 935 (1994) an 1 Iúil 1994 (S/1994/879 agus S/1994/906), agus ar na tuairiscí ó Rapóirtéir Speisialta Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le haghaidh Ruanda (S/1994/1157, aguisín I agus aguisín II) a bheith tugtha ar aird aici, | ||
Á léiriú di gur mór aici obair an Choimisiúin Saineolaithe a bunaíodh de bhun Rún 935 (1994), go háirithe an réamhthuairisc uaidh maidir le sáruithe ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta i Ruanda arna tarchur ag an Ard-Rúnaí ina litir dar dáta 1 Deireadh Fómhair 1994 (S/1994/1125), | ||
Á léiriú di uair amháin eile gur ábhar mór buartha di na tuairiscí a léiríonn go ndearnadh cinedhíothú agus sáruithe córasacha, forleathana agus neamhnáireacha eile ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta i Ruanda, | ||
Á chinneadh di go bhfuil an cor seo ina bhagairt ar shíocháin agus slándáil idirnáisiúnta i gcónaí, | ||
Ar a bheith de rún daingean aici deireadh a chur le coireanna den sórt sin agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun na daoine atá freagrach iontu a thabhairt faoi réim an cheartais, | ||
Ós deimhin léi go bhféadfaí, in imthosca ar leith Ruanda, an aidhm sin a bhaint amach agus cabhrú le próiseas an athmhuintearais náisiúnta agus le hathbhunú agus cothabháil na síochána dá ndéanfaí daoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a ionchúiseamh, | ||
Á chreidiúint di go gcabhróidh bunú binse idirnáisiúnta chun daoine atá freagrach i gcinedhíothú agus sna sáruithe eile thuasluaite ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta lena áirithiú go gcuirfear stop le sáruithe den sórt sin agus go dtabharfar sásamh éifeachtach iontu, | ||
Á chur i bhfios di freisin an gá atá le comhoibriú idirnáisiúnta chun cúirteanna agus córas breithiúnach Ruanda a neartú, ag féachaint go háirithe don riachtanas atá ann go ndéileálfaidh na cúirteanna sin le líon mór daoine atá faoi dhrochamhras, | ||
Á bhreithniú di gur cóir don Choimisiún Saineolaithe a bunaíodh de bhun rún 935 (1994) leanúint ar bhonn práinne d'fhaisnéis a bhailiú a bhaineann le fianaise ar sháruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus a thuairisc dheiridh a chur faoi bhráid an Ard-Rúnaí faoin 30 Samhain 1994, | ||
Ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, tar éis | ||
1. A chinneadh leis seo, tar éis di an iarraidh ó Rialtas Ruanda (S/1994/1115) a fháil, binse idirnáisiúnta a bhunú d'aon toisc chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe tromchúiseacha eile ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe eile den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát máguaird idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994, agus chun na críche sin Reacht an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda atá i gceangal leis seo a ghlacadh; | ||
2. A chinneadh go gcomhoibreoidh na Stáit uile go hiomlán leis an mBinse Idirnáisiúnta agus lena orgáin de réir an rúin láithrigh agus Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta agus, dá bharr sin, go nglacfaidh na Stáit uile aon bhearta is gá faoina ndlí baile chun go gcuirfí forálacha an rúin láithrigh agus an Reachta i ngníomh, lena n-áirítear oibleagáid Stát iarrataí ar chúnamh nó orduithe arna n-eisiúint ag Dlísheomra Trialach faoi Airteagal 28 den Reacht a chomhlíonadh, agus a iarraidh ar Stáit an tArd-Rúnaí a choimeád ar an eolas faoi na bearta sin; | ||
3. A mheas gur cóir fógra a thabhairt do Rialtas Ruanda sula nglacfar cinntí faoi airteagail 26 agus 27 den Reacht; | ||
4. Tathaint ar Stáit agus ar eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha cistí, trealamh agus seirbhísí a thabhairt don Bhinse Idirnáisiúnta, lena n-áirítear pearsanra saineolach a thairiscint; | ||
5. A iarraidh ar an Ard-Rúnaí an rún seo a chur i ngníomh go práinneach agus go háirithe socruithe praiticiúla chun go bhfeidhmeoidh an Binse Idirnáisiúnta go héifeachtach, lena n-áirítear moltaí chuig an gComhairle maidir leis na háiteanna a bhféadfaí suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta a lonnú, a dhéanamh a luaithe is féidir agus tuairisc a thabhairt ó am go chéile don Chomhairle; | ||
6. A chinneadh go socróidh an Chomhairle suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta ag féachaint do nithe a bhaineann leis an gceartas agus leis an gcothroime chomh maith le héifeachtúlacht riaracháin, lena n-áirítear rochtain ar fhinnéithe, agus tíos, agus faoi réir socruithe cuí, a bheidh inghlactha ag an gComhairle, a bheith curtha i gcrích idir na Náisiúin Aontaithe agus Stát an tsuímh, á chur san áireamh go bhféadfaidh an Binse Idirnáisiúnta teacht le chéile in áit ar shiúl óna shuíomh nuair is dóigh leis gur gá sin chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtúil; agus a chinneadh go mbunófar oifig agus go seolfar imeachtaí i Ruanda, nuair is féidir agus is cuí, faoi réir socruithe cuí dá samhail a bheith curtha i gcrích; | ||
7. A chinneadh breithniú a dhéanamh ar líon bhreithiúna agus Dhlísheomraí an Bhinse Idirnáisiúnta a mhéadú má bhíonn sé sin riachtanach; | ||
8. A chinneadh an t-ábhar a choinneáil faoi bhreithniú gníomhach. |