|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Coimisiún Forbartha AN Iarthair) |
AN tACHT UM CHOIMISIÚN FORBARTHA AN IARTHAIR, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Forálacha a bhaineann le hAirgeadas agus le Foireann | |
| [EN] |
Ciste Infheistíochta an Iarthair. |
20. —(1) Bunóidh an Coimisiún ciste ar a dtabharfar Ciste Infheistíochta an Iarthair agus dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Coimisiún an Ciste a bhainistiú agus a rialú agus is é a bheidh sa Chiste cuntas reatha (“an cuntas reatha”) agus cuntas infheistíochta (“an cuntas infheistíochta”). | |
| [EN] | (3) Déanfar an t-airgead go léir a íocfar leis an gCoimisiún i leith deontas a thabharfaidh an tAire dó, agus aon airgead eile a íocfar leis, chun a úsáide chun críoch caipitiúil a íoc isteach sa chuntas reatha agus íocfar amach as an gcuntas reatha an t-airgead go léir i leith chaiteachas an Choimisiúin i ndáil le cabhair a chur ar fáil faoi alt 8 . | |
| [EN] | (4) Déanfar airgead a bheidh chun sochair an chuntais reatha, agus nach mbeidh gá leis faoi chomhair dliteanas reatha, a íoc isteach i gcuntas infheistíochta an Chiste. | |
| [EN] | (5) Aon uair nach leor an t-airgead atá i gcuntas reatha an Chiste faoi chomhair dhliteanais reatha an chuntais sin, íocfar isteach sa chuntas sin, as cuntas infheistíochta an Chiste, cibé airgead is gá faoi chomhair na ndliteanas sin. | |
| [EN] | (6) Déanfar airgead atá i gcuntas infheistíochta an Chiste, agus nach mbeidh gá leis faoi chomhair dhliteanais reatha agus dhliteanais ionchasacha an chuntais sin, a infheistiú agus déanfar na hinfheistíochtaí a réadú nó a athrú ó am go ham de réir riachtanas na hócáide agus déanfar na fáltais ó aon réadú den sórt sin, agus aon díbhinní nó íocaíochtaí eile a gheofar i leith airgid a infheisteofar faoin mír seo, a íoc isteach i gcuntas infheistíochta an Chiste nó a infheistiú faoin mír seo. | |
| [EN] | (7) Maidir le hinfheistíocht faoi fho-alt 6, déanfar í in urrúis a bhfuil iontaobhaithe údaraithe le dlí, de thuras na huaire, cistí a infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, de na cistí nó de na hurrúis a n-údaraítear de thuras na huaire airgead de chuid Bhanc Taisce an Phoist a infheistiú iontu. | |
| [EN] |
Deontais don Choimisiún. |
21. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire a airleacan chun an Choimisiúin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| [EN] |
Cuntais agus iniúchadh. |
22. —(1) Coimeádfaidh an Coimisiún, i cibé foirm agus i leith cibé tréimhsí cuntasaíochta a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead a gheobhaidh an Coimisiún nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais, ráiteas faoi shreabhadh airgid agus clár comhardaithe, agus go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a fhéadfaidh an tAire a ordú, le toiliú an Aire Airgeadais, nó a dhéanfaidh an tAire a ordú ar iarratas ón Aire Airgeadais, ó am go ham. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Coimisiún cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann siad agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais, den ráiteas agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile (más ann) arna gcoimeád de bhun an ailt seo a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “ráiteas faoi shreabhadh airgid” cuntas a thaispeánfaidh díorthú ioncam an Choimisiúin agus na críocha a n-úsáidtear chucu é. | |
| [EN] |
Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis. |
23. —(1) Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta gach bliain, tuarascáil ar a chuid gníomhaíochtaí sa bhliain díreach roimhe sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus, a luaithe is féidir, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Coimisiún cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a cheanglóidh an tAire ó am go ham a thabhairt don Aire. | |
| [EN] |
Cumhacht airgead a fháil ar iasacht. |
24. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, d'fhonn soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha, airgead a fháil ar iasacht ó am go ham (cibé acu ar urrús shócmhainní an Choimisiúin nó ar shlí eile), ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) Ní bheidh comhiomlán na n-iasachtaí faoi fho-alt (1) níos mó ná £200,000 aon tráth. | |
| [EN] |
Bronntanais. |
25. —(1) Féadfaidh an Coimisiún bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais nó coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir. |
| [EN] | (2) Ní ghlacfaidh an Coimisiún bronntanas más rud é go mbeadh na hiontaobhais nó na coinníollacha atá ag gabháil leis ar neamhréir lena fheidhmeanna. | |
| [EN] |
Foireann. |
26. —(1) Déanfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé ó am go ham a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin. |
| [EN] | (2) Is é a bheidh i dtéarmaí agus i gcoinníollacha seirbhíse comhalta d'fhoireann an Choimisiúin ná na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham. | |
| [EN] | (3) Íocfaidh an Coimisiún le comhaltaí a fhoirne cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh sé ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |
| [EN] |
Luach saothair foirne. |
27. —Déanfaidh an Coimisiún, le linn an luach saothair nó na liúntais i gcomhair caiteachas a bheidh le híoc le comhaltaí dá fhoireann nó na téarmaí agus na coinníollacha eile ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh na comhaltaí sin a bhfostaíocht a chinneadh, aird a thabhairt ar threoirlínte Rialtais nó ar threoirlínte a bheidh comhaontaithe ar bhonn náisiúnta agus a bheidh ar marthain de thuras na huaire agus ar bheartas Rialtais maidir le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ar marthain amhlaidh agus, i dteannta an mhéid sin roimhe seo, comhlíonfaidh an Coimisiún aon treoracha maidir le luach saothair, liúntais, téarmaí nó coinníollacha den sórt sin a thabharfaidh an tAire don Choimisiún le toiliú an Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Comhaltaí na foirne do chomhlíonadh fheidhmeanna an Choimisiúin. |
28. —Féadfaidh an Coimisiún aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta d'fhoireann an Choimisiúin a bheidh údaraithe go cuí ag an gCoimisiún chuige sin. |
| [EN] |
Aoisliúntas. |
29. —(1) A luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, déanfaidh an Coimisiún scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí dá fhoireann (lena n-áirítear an Príomh-Fheidhmeannach) is cuí leis an gCoimisiún, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. |
| [EN] | (2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an Coimisiún, aon tráth, scéim lena leasaítear scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire agus a bheidh ceadaithe roimhe sin faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an Coimisiún scéim nó scéim leasaitheach a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí. | |
| [EN] | (5) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh an tAire í chuig an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (6) Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon sochar aoisliúntais a dheonú do dhaoine dá fhoireann (lena n-áirítear an Príomh-Fheidhmeannach) is comhaltaí de scéim faoin alt seo, nó ina leith, ná ní dhéanfar aon chomhshocraíocht eile chun aon sochar aoisliúntais a sholáthar do dhaoine den sórt sin ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige, seachas de réir cibé scéim nó scéimeanna a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo. | |
| [EN] | (7) Déanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. |