An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1998) Ar Aghaidh (CUID II Coinbhinsiún 1968 agus na Coinbhinsiúin Aontachais)

52 1998

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1998

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar, le hordú nó orduithe a dhéanfaidh an tAire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “na Coinbhinsiúin Aontachais” Coinbhinsiún Aontachais 1978, Coinbhinsiún Aontachais 1982, Coinbhinsiún Aontachais 1989 agus Coinbhinsiún Aontachais 1996;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1978” an Coinbhinsiún ar aontachas an Stáit, na Danmhairge agus na Ríochta Aontaithe le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971, a síníodh i Lucsamburg an 9ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1982” an Coinbhinsiún ar aontachas na Poblachta Heilléanaí le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971 (arna leasú i ngach cás le Coinbhinsiún Aontachais 1978), a síníodh i Lucsamburg an 25ú lá de Dheireadh Fómhair, 1982;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1989” an Coinbhinsiún ar aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971 (arna leasú i ngach cás le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus Coinbhinsiún Aontachais 1982), a síníodh i San Sebastian an 26ú lá de Bhealtaine, 1989;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1996” an Coinbhinsiún ar aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971 (arna leasú i ngach cás le Coinbhinsiún Aontachais 1978, Coinbhinsiún Aontachais 1982 agus Coinbhinsiún Aontachais 1989), a síníodh sa Bhruiséil an 29ú lá de Shamhain, 1996;

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1968” an Coinbhinsiún ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (lena n-áirítear an Prótacal atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún sin), a síníodh sa Bhruiséil an 27ú lá de Mheán Fómhair, 1968;

folaíonn “cúirt” binse;

tá le “na Comhphobail Eorpacha” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ;

ciallaíonn “an Chúirt Eorpach” Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Lugano” an Coinbhinsiún ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, a síníodh i Lugano an 16ú lá de Mheán Fómhair, 1988, agus folaíonn sé Prótacal 1;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “Prótacal 1971” an Prótacal maidir le léiriú Choinbhinsiún 1968 ag an gCúirt Eorpach, a síníodh i Lucsamburg an 3ú lá de Mheitheamh, 1971;

ciallaíonn “Prótacal 1” an prótacal maidir le ceisteanna áirithe a bhaineann le dlínse, nós imeachta agus forghníomhú, a síníodh i Lugano an 16ú lá de Mheán Fómhair, 1988.

(2) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon tagairt do Choinbhinsiún 1968 nó do Phrótacal 1971 nó d'aon fhoráil iontu sin, is tagairt í do Choinbhinsiún 1968, do Phrótacal 1971 nó don fhoráil, arna leasú le—

(a) Coinbhinsiún Aontachais 1978,

(b) Coinbhinsiún Aontachais 1982,

(c) Coinbhinsiún Aontachais 1989, agus

(d) Coinbhinsiún Aontachais 1996 a mhéid atá sé i bhfeidhm idir an Stát agus stát a bhfuil sé tagtha i bhfeidhm maidir leis de réir Airteagal 16 den Choinbhinsiún sin.

(3) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt, do Chuid nó do Sceideal, is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'achtachán, is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna mhodhnú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

(4) Folóidh an comhlua “Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1998” ailt 7 go 10,, 13, 14 agus 16 den Acht seo, agus déanfar na hAchtanna sin agus na hailt sin a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Téacsanna na gCoinbhinsiún agus na bPrótacal.

3. —(1) Mar áis tagartha, leagtar amach na téacsanna seo a leanas sna Sceidil:

(a) sa Chéad Sceideal, Coinbhinsiún 1968 arna leasú le—

(i) Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1978,

(ii) Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

(iii) Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1989 agus Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, agus

(iv) Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1996;

(b) sa Dara Sceideal, Prótacal 1971 arna leasú le—

(i) Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1978,

(ii) Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

(iii) Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1989, agus

(iv) Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1996;

(c) sa Tríú Sceideal, Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1989;

(d) sa Cheathrú Sceideal, Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982;

(e) sa Chúigiú Sceideal, Teidil VI agus VII de Choinbhinsiún Aontachais 1989;

(f) sa. Séú Sceideal, Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1996;

(g) sa Seachtú Sceideal, Coinbhinsiún Lugano;

(h) san Ochtú Sceideal, Prótacal 1.

(2) Tá na téacsanna a leagtar amach sna Sceidil arna n-ullmhú—

(a) i gcás an Chéad Sceidil agus an Dara Sceideal, ó na téacsanna fíordheimhnithe, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, dá dtagraítear in Airteagail 37 agus 41 de Choinbhinsiún Aontachais 1978, Airteagal 17 de Choinbhinsiún Aontachais 1982, Airteagal 34 de Choinbhinsiún Aontachais 1989 agus Airteagal 18 de Choinbhinsiún Aontachais 1996, agus

(b) i gcás na Sceideal eile, ó na téacsanna fíordheimhnithe sa Bhéarla, dá dtagraítear sna hAirteagail a luaitear i mír (a) agus in Airteagal 68 de Choinbhinsiún Lugano.