|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Coinbhinsiún Lugano) |
AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Coinbhinsiún 1968 agus na Coinbhinsiúin Aontachais | |
| [EN] |
Léiriú ar an gCuid seo. |
4. —(1) Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
| [EN] | ciallaíonn “Stát Conarthach” stát— | |
| [EN] | (a) atá— | |
| [EN] | (i) ar cheann de na páirtithe bunaidh i gCoinbhinsiún 1968 (an Bheilg, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír), nó | |
| [EN] | (ii) ar cheann de na páirtithe a aontaíonn do Choinbhinsiún 1968 faoi aon cheann de na Coinbhinsiúin Aontachais (an Stát, an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne), agus | |
| [EN] | (b) a bhfuil, maidir leis— | |
| [EN] | (i) Coinbhinsiún Aontachais 1978 tar éis teacht i bhfeidhm de réir Airteagal 39 den Choinbhinsiún sin, | |
| [EN] | (ii) Coinbhinsiún Aontachais 1982 tar éis teacht i bhfeidhm de réir Airteagal 15 den Choinbhinsiún sin, | |
| [EN] | (iii) Coinbhinsiún Aontachais 1989 tar éis teacht i bhfeidhm de réir Airteagal 32 den Choinbhinsiún sin, nó | |
| [EN] | (iv) Coinbhinsiún Aontachais 1996 tar éis teacht i bhfeidhm de réir Airteagal 16 den Choinbhinsiún sin, | |
| [EN] | de réir mar a bheidh; | |
| [EN] | ciallaíonn “na Coinbhinsiúin” Coinbhinsiún 1968, Prótacal 1971 agus na Coinbhinsiúin Aontachais; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú cothabhála infhorghníomhaithe”— | |
| [EN] | (a) ordú cothabhála a bhfuil ordú forghníomhaithe déanta maidir leis ina iomláine, nó | |
| [EN] | (b) más rud é go bhfuil ordú forghníomhaithe déanta maidir le cuid d'ordú cothabhála agus maidir leis an gcuid sin amháin, an t-ordú cothabhála a mhéid a ordaítear amhlaidh é a fhorghníomhú; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú forghníomhaithe” ordú chun iomlán breithiúnais nó cuid de bhreithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú i gcás an t-ordú— | |
| [EN] | (a) a bheith déanta ag Máistir na hArd-Chúirte faoi alt 7 , nó | |
| [EN] | (b) a bheith déanta nó athraithe ar achomharc ó bhreith ó Mháistir na hArd-Chúirte faoi alt 7 nó ó bhreith ón Ard-Chúirt a bhaineann leis an mbreith ón Máistir; | |
| [EN] | ciallaíonn “breithiúnas” breithiúnas nó ordú (cibé ainm a thabharfar air) is breithiúnas chun críocha Choinbhinsiún 1968, agus folaíonn sé, ach amháin in ailt 10, 12 agus 14— | |
| [EN] | (a) ionstraim nó socraíocht dá dtagraítear i dTeideal IV de Choinbhinsiún 1968, agus | |
| [EN] | (b) comhshocraíocht a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála arna tabhairt i gcrích le húdarás riaracháin nó arna fíordheimhniú ag údarás riaracháin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 10 de Choinbhinsiún Aontachais 1996; | |
| [EN] | ciallaíonn “cothabháil” cothabháil de réir bhrí na gCoinbhinsiún; | |
| [EN] | ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine atá i dteideal na n-íocaíochtaí dá bhforáiltear leis an ordú; | |
| [EN] | ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine a dhlífidh íocaíochtaí a dhéanamh faoin ordú; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú cothabhála” breithiúnas a bhaineann le cothabháil. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú, le hordú— | |
| [EN] | (a) gur Stát Conarthach aon stát a shonraítear san ordú, nó | |
| [EN] | (b) go ndearnadh dearbhú a chur chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach de bhun Airteagal IV de Choinbhinsiún 1968, nó gur cuireadh scéala in iúl dó nó di de bhun Airteagal VI den Choinbhinsiún sin. | |
| [EN] | (3) Déanfar an téacs de dhearbhú nó de scéala dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) a leagan amach san ordú á dhearbhú go ndearnadh an dearbhú nó gur cuireadh an scéala in iúl. | |
| [EN] | (4) Maidir le hordú atá i bhfeidhm faoi fho-alt (2)— | |
| [EN] | (a) más rud é gur faoi fho-alt (2)(a) a rinneadh é, is fianaise é gur Stát Conarthach aon stát lena mbaineann an dearbhú, agus | |
| [EN] | (b) más rud é gur faoi fho-alt (2)(b) a rinneadh é, is fianaise é go ndearnadh an dearbhú de bhun Airteagal IV nó gur cuireadh an scéala in iúl de bhun Airteagal VI agus is fianaise é ar a bhfuil ann. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, le hordú, ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) nó faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
| [EN] |
Feidhm dlí le bheith ag na Coinbhinsiúin. |
5. —Beidh feidhm dlí ag na Coinbhinsiúin sa Stát agus tabharfar aird bhreithiúnach orthu. |
| [EN] |
Léiriú ar na Coinbhinsiúin. |
6. —(1) Tabharfar aird bhreithiúnach— |
| [EN] | (a) ar rialú nó breith, nó nochtadh tuairime, ón gCúirt Eorpach ar aon cheist maidir le brí nó éifeacht forála sna Coinbhinsiúin, agus | |
| [EN] | (b) ar na tuarascálacha atá liostaithe i bhfo-alt (2). | |
| [EN] | (2) Le linn di foráil sna Coinbhinsiúin a léiriú, féadfaidh cúirt na tuarascálacha seo a leanas (atá ar fáil in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach) a bhreithniú agus tabharfar dóibh an chreidiúnacht is cuí sna himthosca: | |
| [EN] | (a) tuarascálacha an Uasail P. Jenard ar Choinbhinsiún 1968 agus ar Phrótacal 19711 ; | |
| [EN] | (b) tuarascáil an Ollaimh Peter Schlosser ar Choinbhinsiún Aontachais 19782 ; | |
(c) tuarascáil an Ollaimh Demetrios Evrigenis agus an Ollaimh K.D. Kerameus ar aontú na Poblachta Heilléanaí do Choinbhinsiún 1968 agus do Phrótacal 19713 ; agus | ||
(d) tuarascáil an Uasail Almeida Cruz, an Uasail Desantes Real agus an Uasail P. Jenard ar Choinbhinsiún Aontachais 19894 . | ||
| [EN] |
Iarratais chun breithiúnais Chomhphobail a aithint agus a fhorghníomhú. |
7. —(1) Maidir le hiarratas faoi na Coinbhinsiúin ar bhreithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú sa Stát— |
| [EN] | (a) déanfar chuig Máistir na hArd-Chúirte é, agus | |
| [EN] | (b) déanfaidh an Máistir é a chinneadh le hordú de réir na gCoinbhinsiún. | |
| [EN] | (2) Maidir le hordú arna dhéanamh ag Máistir na hArd-Chúirte faoi fho-alt (1), féadfaidh ordú a bheith ar áireamh ann le haghaidh cuid de bhreithiúnas, agus an chuid sin amháin, a aithint nó a fhorghníomhú. | |
| [EN] |
Forghníomhú breithiúnas Comhphobail ag an Ard-Chúirt. |
8. —(1) Faoi réir alt 10 (4) agus na srianta maidir le forghníomhú atá in Airteagal 39 de Choinbhinsiún 1968, má tá ordú forghníomhaithe déanta maidir le breithiúnas— |
| [EN] | (a) beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an mbreithiúnas atá ag breithiúnas ón Ard-Chúirt, go feadh an mhéid a mbeidh forghníomhú an bhreithiúnais údaraithe leis an ordú forghníomhaithe, agus | |
| [EN] | (b) tá ag an Ard-Chúirt na cumhachtaí céanna maidir le forghníomhú an bhreithiúnais, agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ar an mbreithiúnas amhail is dá mba bhreithiúnas ón gCúirt sin é. | |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (6), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ach amháin maidir le breithiúnas nach ordú cothabhála. | |
| [EN] | (3) Ar iarratas ón gcreidiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe, féadfaidh Máistir na hArd-Chúirte a dhearbhú, le hordú, go measfar an méid seo a leanas a bheith iníoctha faoi bhreithiúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (1): | |
| [EN] | (a) suimeanna a bhí iníoctha faoin ordú cothabhála mar íocaíochtaí tréimhsiúla ach nár íocadh sula ndearnadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí; | |
| [EN] | (b) cnapshuim (nach suim dá dtagraítear i mír (a)) is iníoctha faoin ordú cothabhála infhorghníomhaithe. | |
| [EN] | (4) Ní dhéanfar dearbhú faoi fho-alt (3) mura measfaidh Máistir na hArd-Chúirte go ndéanfaí, de bharr é a dhéanamh amhlaidh, an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe a fhorghníomhú ar mhodh níos éifeachtúla maidir le haon suim nó suimeanna dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
| [EN] | (5) Má dhéantar dearbhú faoi fho-alt (3), measfar, chun críocha na Coda seo, maidir leis an tsuim nó na suimeanna lena mbaineann an dearbhú, í nó iad a bheith iníoctha faoi bhreithiúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus ní ar shlí eile. | |
| [EN] | (6) Measfar ordú cothabhála a bheith ina bhreithiúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) más rud é nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Dúiche an t-ordú a fhorghníomhú faoi alt 9 (7). | |
| [EN] |
Forghníomhú orduithe cothabhála Comhphobail ag an gCúirt Dúiche. |
9. —(1) Faoi réir alt 10 (4) agus na srianta ar fhorghníomhú atá in Airteagal 39 de Choinbhinsiún 1968, beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú cothabhála infhorghníomhaithe a fhorghníomhú. |
| [EN] | (2) Measfar ordú cothabhála infhorghníomhaithe, ón dáta a rinneadh an t-ordú cothabhála, chun críocha— | |
| [EN] | (a) fho-alt (1), | |
| [EN] | (b) alt 98(1) den Acht Cosanta, 1954 , agus | |
| [EN] | (c) faoi réir Choinbhinsiún 1968, maidir leis an ordú sin a athrú nó a urscaoileadh faoi alt 6 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , arna leasú leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 , | |
| [EN] | a bheith ina ordú arna dhéanamh ag an gCúirt Dúiche faoi alt 5 nó alt 5A nó 21A (a cuireadh isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 ) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , de réir mar is cuí. | |
| [EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d'ainneoin go mbeidh aon mhéid is iníoctha faoin ordú cothabhála infhorghníomhaithe níos mó ná an t-uasmhéid a mbeidh dlínse ag an gCúirt Dúiche é a dhámhachtain faoin achtachán iomchuí a luaitear i bhfo-alt (2). | |
| [EN] | (4) I gcás go ndéanfaidh cúirt i Stát Conarthach seachas an Stát ordú cothabhála infhorghníomhaithe a athrú agus go mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir leis an ordú cothabhála infhorghníomhaithe ina iomláine nó le cuid de, arna athrú amhlaidh, nó maidir leis an ordú ina iomláine nó le cuid de, lena ndéantar an t-athrú, ní bheidh an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe, ón dáta a mbeidh éifeacht leis an athrú, infhorghníomhaithe sa Stát ach amháin arna athrú amhlaidh. | |
| [EN] | (5) I gcás go ndéanfaidh cúirt i Stát Conarthach seachas an Stát ordú cothabhála infhorghníomhaithe a chúlghairm agus go mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir leis an ordú lena ndéantar an chúlghairm, scoirfidh an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe de bheith infhorghníomhaithe sa Stát ón dáta a mbeidh éifeacht leis an gcúlghairm ach amháin i ndáil le haon suimeanna faoin ordú a bhí iníoctha, ach nár íocadh, ar an dáta sin nó roimhe. | |
| [EN] | (6) Faoi réir alt 8 (3) go (5) den Acht seo, measfar an méid seo a leanas a bheith iníoctha de bhun ordú arna dhéanamh faoi alt 5 nó alt 5A nó 21A (a cuireadh isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 ) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 : | |
| [EN] | (a) aon suimeanna a bhí iníoctha faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe ach nár íocadh roimh an dáta a rinneadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí; | |
| [EN] | (b) aon chostais a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú forghníomhaithe is iníoctha faoi alt 10 (2) den Acht seo. | |
| [EN] | (7) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Dúiche leis an alt seo, féadfar í a fheidhmiú ag an mbreitheamh den Chúirt sin a bheidh de thuras na huaire sannta— | |
| [EN] | (a) más sa Stát atá cónaí ar an bhféichiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe, don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil cónaí ar an bhféichiúnaí nó ina seolann an féichiúnaí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, nó | |
| [EN] | (b) mura sa Stát atá cónaí ar an bhféichiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe ach go bhfuil an féichiúnaí i bhfostaíocht ag duine ar a bhfuil cónaí nó ag a bhfuil áit ghnó sa Stát nó ag corparáid nó ag comhlachas ag a bhfuil a suí nó a shuí sa Stát, don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil cónaí ar an duine sin nó ina bhfuil a suí nó a shuí ag an gcorparáid nó ag an gcomhlachas sin. | |
| [EN] | (8) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in ordú cothabhála infhorghníomhaithe, íocfaidh an féichiúnaí cothabhála aon suim is iníoctha faoin ordú sin— | |
| [EN] | (a) sa chás dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(a), leis an gcléireach cúirte dúiche don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil cónaí ar an bhféichiúnaí de thuras na huaire, nó | |
| [EN] | (b) i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(b), le cléireach cúirte dúiche a shonróidh an Chúirt Dúiche, | |
| [EN] | lena tarchur chuig an gcreidiúnaí cothabhála faoin ordú nó, má tá údarás poiblí údaraithe ag an gcreidiúnaí chun an tsuim sin a fháil, leis an údarás sin. | |
| [EN] | (9) Mura n-íocfar go cuí aon suim is iníoctha faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe agus má iarrann an creidiúnaí cothabhála faoin ordú amhlaidh i scríbhinn, déanfaidh an cléireach cúirte dúiche lena mbaineann iarratas maidir leis an tsuim sin— | |
| [EN] | (a) faoi alt 10 (a bhaineann le tuilleamh áirithe a astú) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , nó | |
| [EN] | (b) faoi alt 8 (a bhaineann le horduithe cothabhála áirithe a fhorghníomhú) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 . | |
| [EN] | (10) Chun críocha fho-alt (9)(b), aon tagairt d'iarratasóir in alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (seachas i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt sin), déanfar í a fhorléiriú mar thagairt don chléireach cúirte dúiche. | |
| [EN] | (11) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart creidiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe imeachtaí a thionscnamh chun suim a ghnóthú is iníoctha le cléireach cúirte dúiche faoi fho-alt (8). | |
| [EN] | (12) Níl feidhm ag alt 8(7) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , maidir le himeachtaí chun ordú cothabhála infhorghníomhaithe a fhorghníomhú. | |
| [EN] | (13) Déanfaidh an féichiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe fógra a thabhairt don chléireach cúirte dúiche don cheantar cúirte dúiche ina raibh cónaí ar an gcreidiúnaí i dtaobh aon athrú ar a sheoladh nó a seoladh. | |
| [EN] | (14) Duine a sháróidh fo-alt (13) gan leithscéal réasúnach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (15) Má tá beirt chléireach cúirte dúiche nó níos mó ann le haghaidh ceantair cúirte dúiche, forléireofar tagairt san alt seo do chléireach cúirte dúiche mar thagairt d'aon duine de na cléirigh sin. | |
| [EN] | (16) Chun críocha an ailt seo, measfar Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a bheith ina cheantar cúirte dúiche. | |
| [EN] |
Forálacha in orduithe forghníomhaithe chun ús a íoc ar bhreithiúnais agus chun costais a íoc. |
10. —(1) I gcás go suífear, ar iarratas ar ordú forghníomhaithe maidir le breithiúnas— |
| [EN] | (a) go ndéantar foráil sa bhreithiúnas chun suim airgid a íoc, agus | |
| [EN] | (b) go bhfuil, de réir dhlí an Stáit Chonarthaigh inar tugadh an breithiúnas, ús inghnóthaithe faoin mbreithiúnas de réir ráta nó rátaí áirithe agus ó dháta nó am áirithe, | |
| [EN] | má dhéantar an t-ordú forghníomhaithe, forálfar ann go mbeidh an duine atá faoi dhliteanas an tsuim sin a íoc faoi dhliteanas an t-ús sin a íoc freisin, ar leith ó aon ús ar chostais is inghnóthaithe faoi fho-alt (2), de réir na sonraí a bheidh luaite san ordú, agus beidh an t-ús inghnóthaithe ag an iarratasóir amhail is dá mba chuid den tsuim sin é. | |
| [EN] | (2) Féadfar a fhoráil in ordú forghníomhaithe, de rogha na cúirte lena mbaineann nó de rogha Mháistir na hArd-Chúirte, de réir mar is cuí, go n-íocfaidh an freagróir leis an iarratasóir na costais réasúnacha a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú forghníomhaithe. | |
| [EN] | (3) Aon duine ar a gceanglaítear le hordú forghníomhaithe costais a íoc, dlífidh sé nó sí ús a íoc ar na costais amhail is dá mba ábhar ordaithe chun costais a íoc iad a rinne an Ard-Chúirt ar an dáta a rinneadh an t-ordú forghníomhaithe. | |
| [EN] | (4) Ní bheidh ús iníoctha ar shuim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ach amháin de réir mar a fhoráiltear san alt seo. | |
| [EN] |
Airgeadra na n-íocaíochtaí faoi orduithe cothabhála Comhphobail. |
11. —(1) Aon mhéid is iníoctha sa Stát faoi ordú cothabhála de bhua ordú forghníomhaithe íocfar in airgeadra an Stáit é. |
| [EN] | (2) Más in airgeadra seachas airgeadra an Stáit a luaitear an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) san ordú cothabhála, déanfar an íocaíocht ar bhonn an ráta malairte a bheidh i réim, ar an dáta a dhéanfar an t-ordú forghníomhaithe, idir airgeadra an Stáit agus an t-airgeadra eile. | |
| [EN] | (3) Maidir le deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach forais údaraithe agus a airbheartóidh an ráta malairte a lua atá i réim ar dháta sonraithe idir airgeadra sonraithe agus airgeadra an Stáit, beidh an deimhniú sin, chun críocha an ailt seo, inghlactha mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú. | |
| [EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn “foras údaraithe” aon cheann díobh seo a leanas: | |
| [EN] | (a) comhlacht arna cheadúnú faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1998, nó arna údarú faoi rialacháin a bheidh déanta faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , chun gnó baincéireachta a sheoladh; | |
| [EN] | (b) cumann foirgníochta arna chorprú nó a mheastar a bheith arna chorprú faoi alt 10 den Acht Cumann Foirgníochta, 1989 ; | |
| [EN] | (c) cumann arna cheadúnú faoi alt 10 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , chun gnó bainc taisce a sheoladh; | |
| [EN] | (d) An Post; | |
| [EN] | (e) Banc ACC, cuideachta phoiblí theoranta; | |
| [EN] | (f) Banc ICC, cuideachta phoiblí theoranta. | |
| [EN] |
Cruthúnas agus inghlacthacht maidir le breithiúnais, doiciméid agus aistriúcháin ghaolmhara áirithe. |
12. —(1) Chun críocha na gCoinbhinsiún— |
| [EN] | (a) aon doiciméad atá fíordheimhnithe go cuí agus a airbheartaíonn gur cóip é de bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt Stáit Chonarthaigh seachas an Stát, measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gur cóip dhílis den bhreithiúnas é, mura suífear a mhalairt; agus | |
| [EN] | (b) beidh an doiciméad bunaidh nó aon chóip de dhoiciméad a luaitear in Airteagal 46.2 nó 47 de Choinbhinsiún 1968 inghlactha mar fhianaise ar aon ní lena mbaineann an doiciméad. | |
| [EN] | (2) Aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina chóip de bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt Stáit Chonarthaigh, measfar é a bheith arna fhíordheimhniú go cuí, chun críocha an Achta seo, má airbheartaíonn sé— | |
| [EN] | (a) séala na cúirte sin a bheith air, nó | |
| [EN] | (b) a bheith deimhnithe ag breitheamh nó ag oifigeach den chúirt sin mar chóip dhílis de bhreithiúnas arna thabhairt ag an gcúirt sin. | |
| [EN] | (3) Beidh doiciméad inghlactha mar fhianaise ar aistriúchán, más rud é— | |
| [EN] | (a) go n-airbheartóidh sé gurb é an t-aistriúchán é— | |
| [EN] | (i) ar bhreithiúnas a thug cúirt Stáit Chonarthaigh seachas an Stát, | |
| [EN] | (ii) ar dhoiciméad a luaitear in Airteagal 46.2, 47 nó 50 de Choinbhinsiún 1968, nó | |
| [EN] | (iii) ar dhoiciméad ina mbeidh socraíocht dá dtagraítear in Airteagal 51 de Choinbhinsiún 1968 nó ina mbeidh comhshocraíocht dá dtagraítear in Airteagal 10 de Choinbhinsiún Aontachais 1996, agus | |
| [EN] | (b) go ndeimhníonn duine atá inniúil chuige sin go bhfuil sé i gceart. | |
| [EN] |
Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha. |
13. —(1) Ar iarratas de bhun Airteagal 24 de Choinbhinsiún 1968, féadfaidh an Ard-Chúirt aon bhearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, d'aon chineál a dheonú a mbeidh cumhacht ag an gCúirt iad a dheonú in imeachtaí atá, ar leith ón Acht seo, faoina dlínse, más rud é— |
| [EN] | (a) gur tionscnaíodh imeachtaí nó go bhfuil imeachtaí le tionscnamh i Stát Conarthach seachas an Stát, agus | |
| [EN] | (b) go bhfuil ábhar na n-imeachtaí sin laistigh de raon Choinbhinsiún 1968 arna chinneadh le hAirteagal 1 (bíodh nó ná bíodh éifeacht leis an gCoinbhinsiún sin i ndáil leis na himeachtaí). | |
| [EN] | (2) Ar iarratas faoi fho-alt (1), féadfaidh an Ard-Chúirt diúltú na bearta a lorgaíodh a dheonú más rud é, i dtuairim na Cúirte sin, go mbeadh sé neamhfhóirsteanach di na bearta sin a dheonú de bharr nach bhfuil dlínse ag an gCúirt sin, ar leith ón alt seo, i ndáil le hábhar na n-imeachtaí. | |
| [EN] | (3) Faoi réir Airteagal 39 de Choinbhinsiún 1968, féadfar iarratas ar aon bhearta cosantacha a bhfuil cumhacht ag an Ard-Chúirt iad a dheonú in imeachtaí atá, ar leith ón Acht seo, faoina dlínse, a áireamh in iarratas chun Máistir na hArd-Chúirte ar ordú forghníomhaithe maidir le breithiúnas. | |
| [EN] | (4) I gcás go ndéanfar ordú forghníomhaithe, déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte aon bhearta cosantacha a dheonú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a lorgaítear san iarratas ar an ordú forghníomhaithe. | |
| [EN] |
Cúirteanna sa Stát do chur doiciméad áirithe ar fáil do pháirtithe leasmhara. |
14. —Má thugann cúirt sa Stát breithiúnas, tabharfaidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte sin don pháirtí leasmhar, ar pháirtí leasmhar é a iarraidh agus faoi réir aon choinníollacha a shonrófar le rialacha cúirte— |
| [EN] | (a) cóip den bhreithiúnas arna fíordheimhniú go cuí, | |
| [EN] | (b) deimhniú a bheidh sínithe ag cláraitheoir nó ag cléireach na cúirte ina sonrófar— | |
| [EN] | (i) cineál na n-imeachtaí, | |
| [EN] | (ii) na forais, de bhun Choinbhinsiún 1968, ar orthu a ghabh an Chúirt dlínse uirthi féin, | |
| [EN] | (iii) an dáta a rachaidh an tréimhse in éag chun achomharc a thaisceadh in aghaidh an bhreithiúnais nó, más rud é go bhfuil sí dulta in éag, an dáta a chuaigh sí in éag, | |
| [EN] | (iv) ar taifeadadh fógra achomhairc in aghaidh an bhreithiúnais, nó má tugadh an breithiúnas d'éagmais láithriú, fógra chun an breithiúnas a chur ar ceal, | |
| [EN] | (v) más chun suim airgid a íoc é an breithiúnas, an ráta úis, más ann, is iníoctha ar an tsuim agus an dáta óna mbeidh ús iníoctha, agus | |
| [EN] | (vi) aon sonraí eile a bheidh sonraithe le rialacha cúirte, agus | |
| [EN] | (c) más rud é gur de mhainneachtain láithriú a tugadh an breithiúnas, an doiciméad bunaidh nó cóip, a dheimhneoidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte a bheith ina cóip dhílis, de dhoiciméad á shuíomh gur seirbheáladh fógra faoi imeachtaí a thionscnamh ar an duine a rinne an mhainneachtain. | |
| [EN] |
Sainchónaí chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus na Coda seo. |
15. —(1) D'fhonn a chinneadh chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus na Coda seo an bhfuil sainchónaí ar dhuine sa Stát, in áit sa Stát nó i stát seachas Stát Conarthach, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: |
| [EN] | (a) Cuid I den Naoú Sceideal, i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968; | |
| [EN] | (b) Cuid II den Naoú Sceideal, i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968. | |
| [EN] | (2) Measfar gurb é suíomh corparáide nó comhlachais a sainchónaí nó a shainchónaí agus d'fhonn a chinneadh chun críocha Airteagal 53 de Choinbhinsiún 1968 agus na Coda seo an bhfuil a suíomh nó a shuíomh ag corparáid nó ag comhlachas sa Stát, in áit sa Stát nó i stát seachas Stát Conarthach, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: | |
| [EN] | (a) Cuid III den Naoú Sceideal, i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968; | |
| [EN] | (b) Cuid IV den Naoú Sceideal, i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968. | |
| [EN] | (3) D'fhonn a chinneadh chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus na Coda seo an bhfuil sainchónaí ar iontaobhas sa Stát, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: | |
| [EN] | (a) Cuid V den Naoú Sceideal, i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968; | |
| [EN] | (b) Cuid VI den Naoú Sceideal, i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968. | |
| [EN] | (4) San alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn “comhlachas” comhlacht neamhchorpraithe daoine; | |
| [EN] | ciallaíonn “corparáid” comhlacht corpraithe. | |
| [EN] |
Ionad le haghaidh imeachtaí áirithe sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche. |
16. —(1) Faoi réir Theideal II de Choinbhinsiún 1968, maidir le dlínse na Cúirte Cuarda i dtaca le himeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 2, 8.1, 11, 14 nó 16(1)(b) den Choinbhinsiún sin, is é nó is í an breitheamh den Chúirt sin a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í. |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás go gcinnfí, ar leith ón bhfo-alt sin, dlínse na Cúirte Cuarda faoi threoir na háite ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ina seolann sé nó sí gnó. | |
| [EN] | (3) Féadfar dlínse na Cúirte Cuarda nó na Cúirte Dúiche maidir le himeachtaí a fhéadfaidh gearánaí a bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 14 de Choinbhinsiún 1968, a fheidhmiú mar a leanas: | |
| [EN] | (a) i gcás na Cúirte Cuarda, ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí nó ar dhuine de na gearánaithe nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha; | |
| [EN] | (b) i gcás na Cúirte Dúiche, ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí nó ar dhuine de na gearánaithe nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. | |
1 OJ Uimh. C59 an 5.3.1979, lch. 1. 2 OJ Uimh. C59 an 5.3.1979, lch. 71. |