|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Coinbhinsiún 1968 agus na Coinbhinsiúin Aontachais) | Ar Aghaidh (CUID IV Leasuithe agus Aisghairm) |
AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Coinbhinsiún Lugano | |
| [EN] |
Léiriú ar an gCuid seo. |
17. —(1) Chun críocha na Coda seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
| [EN] | ciallaíonn “Stát Conarthach” stát ar tháinig Coinbhinsiún Lugano i bhfeidhm maidir leis de réir Airteagal 61 nó 62 den Choinbhinsiún sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú cothabhála infhorghníomhaithe”— | |
| [EN] | (a) ordú cothabhála a bhfuil ordú forghníomhaithe déanta maidir leis ina iomláine, nó | |
| [EN] | (b) más rud é go bhfuil ordú forghníomhaithe déanta maidir le cuid d'ordú cothabhála agus maidir leis an gcuid sin amháin, an t-ordú cothabhála a mhéid a ordaítear amhlaidh é a fhorghníomhú; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú forghníomhaithe” ordú chun iomlán breithiunais nó cuid de bhreithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú i gcás an t-ordú— | |
| [EN] | (a) a bheith déanta ag Máistir na hArd-Chúirte faoi alt 7 , arna chur chun feidhme leis an alt seo, nó | |
| [EN] | (b) a bheith déanta nó athraithe ar achomharc ó bhreith ó Mháistir na hArd-Chúirte faoi alt 7 , arna cur chun feidhme leis an gCuid seo, nó ó bhreith ón Ard-Chúirt a bhaineann leis an mbreith ón Máistir; | |
| [EN] | ciallaíonn “breithiúnas” breithiúnas nó ordú (cibé ainm a thabharfar air) is breithiúnas chun críocha Choinbhinsiún Lugano agus folaíonn sé, ach amháin in ailt 10, 12 agus 14, arna gcur chun feidhme leis an gCuid seo, ionstraim nó socraíocht dá dtagraítear i dTeideal IV den Choinbhinsiún sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “cothabháil” cothabháil de réir bhrí Choinbhinsiún Lugano; | |
| [EN] | ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine atá i dteideal na n-íocaíochtaí dá bhforáiltear leis an ordú; | |
| [EN] | ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine a dhlífidh íocaíochtaí a dhéanamh faoin ordú; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú cothabhála” breithiúnas a bhaineann le cothabháil. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú, le hordú— | |
| [EN] | (a) gur Stát Conarthach aon stát a shonraítear san ordú, nó | |
| [EN] | (b) go ndearnadh— | |
| [EN] | (i) séanadh de bhun Airteagal 64 de Choinbhinsiún Lugano, | |
| [EN] | (ii) dearbhú de bhun Airteagal Ia, Ib, nó IV de Phrótacal 1, nó | |
| [EN] | (iii) scéala a chur de bhun Airteagal 63 de Choinbhinsiún Lugano nó Airteagal VI de Phrótacal 1. | |
| [EN] | (3) Déanfar an téacs de shéanadh, de dhearbhú nó de scéala dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) a leagan amach san ordú á dhearbhú go ndearnadh an séanadh nó an dearbhú nó gur cuireadh an scéala. | |
| [EN] | (4) Maidir le hordú atá i bhfeidhm faoi fho-alt (2)— | |
| [EN] | (a) más rud é gur faoi fho-alt (2)(a) a rinneadh é, is fianaise é gur Stát Conarthach aon stát lena mbaineann an dearbhú, agus | |
| [EN] | (b) más rud é gur faoi fho-alt (2)(b) a rinneadh é, is fianaise é go ndearnadh an séanadh nó an dearbhú nó gur cuireadh an scéala, a bhfuil a théacs leagtha amach san ordú, agus is fianaise é ar a bhfuil ann. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, le hordú, ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) nó faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
| [EN] | (6) Ní dhéanfar an míniú ar “breithiúnas” i bhfo-alt (1) a fhorléiriú ar shlí a theorannóidh éifeacht Airteagal 54b de Choinbhinsiún Lugano. | |
| [EN] |
Feidhm dlí le bheith ag an gCoinbhinsiún. |
18. —Beidh feidhm dlí sa Stát ag Coinbhinsiún Lugano agus tabharfar aird bhreithiúnach air. |
| [EN] |
Léiriú ar an gCoinbhinsiún. |
19. —(1) Tabharfar aird bhreithiúnach ar bhreitheanna iomchuí arna dtabhairt ag cúirteanna Stát Conarthach eile maidir le forálacha Choinbhinsiún Lugano, agus, le linn do chúirt na forálacha sin a léiriú agus a chur chun feidhme, cuirfidh sí i gcuntas go cuí na prionsabail a bheidh leagtha síos sna breitheanna sin. |
| [EN] | (2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar an tuarascáil a d'ullmhaigh an tUasal P. Jenard agus an tUasal G. Möller faoi Choinbhinsiún Lugano1 , agus, le linn di aon fhoráil den Choinbhinsiún sin a léiriú, féadfaidh Cúirt an tuarascáil sin a bhreithniú agus tabharfaidh sí di an chreidiúnacht is cuí sna himthosca. | |
| [EN] |
Feidhm fhorálacha áirithe de Chuid II. |
20. —(1) Tá feidhm ag ailt 7 go 16 i ndáil le feidhm Choinbhinsiún Lugano sa Stát de bhun alt 18 mar atá feidhm acu i ndáil le feidhm na gCoinbhinsiún (arna míniú in alt 4 ), de bhun alt 5 — |
| [EN] | (a) maille leis na modhnuithe atá leagtha amach i bhfo-alt (2), agus | |
| [EN] | (b) maille le haon mhodhnuithe eile is gá. | |
| [EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), | |
| [EN] | (a) aon tagairt in ailt 7 go 16 d'Airteagal nó do Theideal uimhrithe de Choinbhinsiún 1968, forléireofar í mar thagairt don Airteagal nó don Teideal comhréireach de Choinbhinsiún Lugano, | |
| [EN] | (b) aon tagairt in ailt 7 go 16 d'ionstraim nó do shocraíocht, forléireofar í mar thagairt d'ionstraim nó do shocraíocht dá dtagraítear i dTeideal IV de Choinbhinsiún Lugano, agus | |
| [EN] | (c) aon tagairt in ailt 7 go 16 do théarma a mhínítear in alt 17 , forléireofar í de réir an ailt sin. | |