An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Coinbhinsiún Lugano) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An téacs de Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978, Coinbhinsiún Aontachais 1982, Coinbhinsiún Aontachais 1989 agus Coinbhinsiún Aontachais 19961)

52 1998

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS, 1998

CUID IV

Leasuithe agus Aisghairm

“Acht 1994”

21. —Sa Chuid seo, ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht Cothabhála, 1994.

Leasú ar Acht 1994.

22. —(1) Leasaítear leis seo alt 3(1) d'Acht 1994 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “Acht 1988” agus “Acht 1993”:

“ciallaíonn ‘Acht 1998’ an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998 ;”.

(2) Leasaítear leis seo alt 4(2) d'Acht 1994 (arna leasú le halt 45(b) den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995, agus alt 53(b) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Chun críocha alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , Acht 1976, Acht 1995, Acht 1996, Acht 1998 agus an Achta seo, beidh údarás ag an Údarás Lárnach chun gníomhú thar ceann creidiúnaí cothabhála nó thar ceann éilitheora, arna mhíniú in alt 13(1), agus aon tagairtí sna hachtacháin sin do chreidiúnaí cothabhála nó d'éilitheoir den sórt sin forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Údarás Lárnach.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1994 trí “an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998 ” a chur in ionad “na hAchtanna um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1988 agus 1993”.

(4) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1994—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “Coinbhinsiún na Bruiséile” agus “Coinbhinsiún Lugano” faoi seach:

“ciallaíonn ‘Coinbhinsiún na Bruiséile’—

(a) Coinbhinsiún 1968, agus

(b) na Coinbhinsiúin Aontachais,

arna míniú in Acht 1998, agus forléireofar tagairt d'Airteagal de Choinbhinsiún na Bruiséile mar thagairt a fholaíonn tagairt don Airteagal comhréireach de Choinbhinsiún Lugano;”,

“tá le ‘Coinbhinsiún Lugano’ an bhrí a shanntar dó le hAcht 1998;”,

(b) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “dlínse chómhalartúcháin”, trí “Acht 1998” a chur in ionad “Achtanna 1988 agus 1993”, agus

(c) i bhfo-alt (2)(a), trí “Acht 1998” a chur in ionad “Achtanna 1988 agus 1993”.

(5) Leasaítear leis seo alt 7(1) d'Acht 1994 trí “de réir alt 7 d'Acht 1998” a chur in ionad “de réir alt 5 d'Acht 1988”.

(6) Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1994—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) má tá ordú ó chúirt i Stát Conarthach (arna mhíniú in Acht 1998), ag gabháil leis an iarraidh, an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Máistir na hArd-Chúirte lena cinneadh de réir alt 7 d'Acht 1998 agus Chuid II den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha eile Acht 1998, maille le haon mhodhnuithe is gá,”,

(b) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):

“(a) measfar ordú na Cúirte Dúiche a bheith ina ordú cothabhála infhorghníomhaithe arna mhíniú in Acht 1998, agus

(b) beidh feidhm ag ailt 8, 9 agus 10 den Acht sin i ndáil leis an ordú sin, maille le haon mhodhnuithe is gá.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) I bhfo-ailt (1) (a) agus (9) forléireofar tagairt d'ordú ó chúirt, nó arna dhéanamh ag cúirt, mar thagairt a fholaíonn tagairt—

(a) d'ionstraim nó do shocraíocht de réir bhrí Choinbhinsiún na Bruiséile arna mhíniú i gCuid II, agus

(b) do chomhshocraíocht maidir le hoibleagáidí cothabhála arna gcur i gcrích le húdarás riaracháin nó arna bhfíordheimhniú ag údarás riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 10 de Choinbhinsiún Aontachais 1996 arna mhíniú in alt 2 d'Acht 1998.”.

(7) Leasaítear leis seo alt 20(1) d'Acht 1994 trí “Acht 1998” a chur in ionad “Acht 1988”.

Aisghairm.

23. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a aisghairm:

(a) an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (Na Comhphobail Eorpacha), 1988 ;

(b) an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1993;

(c) ailt 7(7) agus 9 go 12 d'Acht 1994.