An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cúramóirí) Ar Aghaidh (CUID V Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh)

3 1999

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999

CUID IV

Cúnamh Feirme

Cúnamh feirme.

15. —Leasaítear leis seo Cuid III den Phríomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 13 (a cuireadh isteach le halt 15 d'Acht 1997):

“CAIBIDIL 14

Cúnamh Feirme

Léiriú.

191L.—(1) Sa Chaibidil seo agus sa Tríú Sceideal—

ciallaíonn “feirmeoireacht” feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirme lena n-áirítear coimín—

(a) atá ar úinéireacht, agus atá in úsáid chun críocha fearachais,

(b) atá ar léas, agus atá in úsáid chun críocha fearachais, nó

(c) nach cuid de ghabháltas níos mó agus atá in úsáid chun críocha fearachais,

ag an éilitheoir;

ciallaíonn ‘feirmeoir’ duine atá ag gabháil d'fheirmeoireacht;

ciallaíonn ‘fearachas’ an talamh a oibriú d'fhonn táirge traidisiúnta na talún a bhaint aisti;

ciallaíonn ‘acmhainn sheachtainiúil’ an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52:

Ar choinníoll go ndéanfar an méid a ríomhfar amhlaidh a chothromú suas go dtí an £1 is gaire i gcás gur iolraí de 50p é ach nach iolraí de £1 é freisin agus a chothromú go dtí an £1 is gaire i gcás nach iolraí de 50p ná de £1 é.

(2) Chun críocha na Caibidle seo, déanfar acmhainn a ríomh de réir na Rialacha atá i gCuid IV den Tríú Sceideal.

Teideal chun liúntais.

191M.—(1) Faoi réir an Achta seo agus rialachán arna ndéanamh faoi, beidh liúntas (dá ngairtear ‘cúnamh feirme’ san Acht seo) iníoctha le feirmeoir más rud é—

(a) go bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici agus go bhfuil sé nó sí faoi aois inphinsin, agus

(b) nach mó a acmhainn nó a hacmhainn sheachtainiúil, faoi réir fho-alt (2), ná méid an chúnaimh feirme (lena n-áirítear aon mhéaduithe air) a bheadh iníoctha leis an bhfeirmeoir faoin gCaibidil seo dá mba rud é nach raibh aon acmhainn aige nó aici.

(2) I gcás nach é nó í céile éilitheora ar chúnamh feirme aosach cáilithe an éilitheora, nó i gcás gur céile é nó í a bhfuil méadú iníoctha ina leith de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 245A, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne.

Ráta liúntais (lena n-áirítear méaduithe i leith aosaigh cháilithe agus leanaí cáilithe).

191N.—(1) Faoi réir na Caibidle seo, is é a bheidh sa ráta cúnaimh feirme (dá ngairtear ‘an ráta sceidealta’ sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 11 i gCuid I den Cheathrú Sceideal, móide—

(a) an méid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin os coinne na tagartha sin in aghaidh aon tréimhse a mbeidh aosach cáilithe ag an éilitheoir nó ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-éilitheoir nó an tairbhí, ach amháin i gcás go bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, i dteideal méadaithe ar an liúntas in aghaidh na tréimhse céanna faoin bhfomhír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus

(b) an ráta cuí atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin os coinne na tagartha sin i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí.

(2) Beidh cúnamh feirme iníoctha—

(a) i gcás gur lú ná £1 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí, de réir an ráta sceidealta,

(b) i gcás gur comhionann le £1 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta lúide £1, agus

(c) i gcás gur mó ná £1 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta, lúide £1 i leith gach méid (más ann) de £1 ar mó an acmhainn sheachtainiúil sin ná £1:

Ar choinníoll nach mbeidh aon chúnamh feirme iníoctha más comhionann acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí leis an ráta sceidealta nó más mó í ná an ráta sceidealta.

Méid na híocaíochta i leith linbh cháilithe i gcásanna áirithe.

191O.—Aon mhéadú ar chúnamh feirme is iníoctha de bhun alt 191N i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta ar leath é den mhéid cuí in aon chás nach aosach cáilithe céile an éilitheora nó an tairbhí, agus forléireofar alt 191N, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

An méid iomlán is iníoctha le lánúin.

191P.—(1) Faoi réir fho-alt (3), i gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise (neamhranníocach), pinsin scoir nó pinsin easláine agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh feirme, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin agus an chúnaimh feirme sin (dá ngairtear ‘an méid iomchuí’ san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), nó thar an méid iomlán cúnaimh feirme (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’ san fho-alt seo), a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó cúnaimh feirme, de réir mar a bheidh, agus dá mba rud é gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid cúnaimh feirme is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an chúnaimh feirme sin a laghdú de mhéid na breise.

(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás duine de lánúin a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, liúntais réamhscoir, liúntais míchumais nó cúnaimh feirme agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh feirme, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo de bhun an Achta seo thar an méid a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi cúnamh dífhostaíochta, liúntas réamhscoir, liúntas míchumais nó cúnamh feirme, de réir mar a bheidh, (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí) agus beidh gach duine acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi leath amháin den mhéid a bheadh iníoctha leis nó léi dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil an chúnaimh nó an liúntais.

(3) I gcás feirmeora a bhí ag fáil cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir nó liúntais míchumais, díreach roimh íoc an chúnaimh feirme, agus a raibh feidhm ag forálacha ailt 122(1) nó (4) nó 191E maidir leis nó léi, beidh feidhm ag alt 32 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1999 , amhail is dá mba rud é gur lean an feirmeoir de bheith ag fáil cúnamh dífhostaíochta nó liúntas réamhscoir nó liúntas míchumais, de réir mar a bheidh.

(4) San alt seo ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta atá in aontíos nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.

Dícháiliú.

191Q.—(1) Dícháileofar feirmeoir chun cúnamh feirme a fháil le linn dó nó di—

(a) a bheith fostaithe i rith aon seachtaine faoi scéim a riarann an Foras Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar Fostaíocht Phobail,

(b) a bheith páirteach i scéim a riarann an tAire agus ar a dtugtar Liúntas chun Filleadh ar Obair,

(c) a bheith páirteach i scéim a riarann an tAire agus ar a dtugtar Greasacht Post Páirtaimseartha, nó

(d) a bheith páirteach i scéim a riarann an tAire agus ar a dtugtar Liúntas Fiontair Limistéir.

(2) Ní bheidh feirmeoir i dteideal cúnamh feirme a fháil le linn dó nó di a bheith ag freastal ar chúrsa staidéir, seachas i cibé imthosca agus faoi réir cibé coinníollacha agus ar feadh cibé tréimhsí a fhorordófar.

(3) I bhfo-ailt (2) agus (4) tá le ‘bliain acadúil’, ‘cúrsa staidéir’ agus ‘foras oideachais’ na bríonna céanna atá leo in alt 126(2).

(4) San alt seo, faoi réir rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (2), measfar feirmeoir a bheith ag freastal ar chúrsa staidéir—

(a) ar feadh tréimhse 3 mhí díreach tar éis don duine sin oideachas dara leibhéal a chríochnú nó a fhágáil nó Scrúdú na hArdteistiméireachta de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta a chríochnú (cibé acu is déanaí),

(b) ar feadh ré bliana acadúla, nó

(c) ar feadh na tréimhse díreach tar éis bliain acadúil amháin a bheith críochnaithe, seachas an bhliain dheireanach acadúil de chúrsa staidéir, suas go dtí tosach na bliana acadúla dár gcionn.”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid III:

“CUID IV

Alt 191M.

Cúnamh Feirme

1. Nuair a bheidh acmhainn feirmeora á ríomh chun críocha Chaibidil 14 de Chuid III, cuirfear an méid seo a leanas i gcuntas—

(1) an t-ioncam comhiomlán a gheobhaidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile:

(a) ó fheirmeoireacht (seachas úsáid tí cónaithe, nó foirgnimh feirme ar úinéireacht agus ar áitiú, troscáin agus earraí pearsanta), agus

(b) ó aon chineál eile féinfhostaíochta lúide—

(i) aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn feirmeoireacht nó cineál eile féinfhostaíochta a sheoladh, agus

(ii) i gcás go bhfuil leanbh cáilithe, a chónaíonn go rialta leis nó léi, ag an bhfeirmeoir, méid arb é a bheidh ann—

(I) £100 sa bhliain i leith gach duine den chéad dá leanbh cháilithe, agus

(II) £200 sa bhliain i leith gach linbh cháilithe ina dhiaidh sin,

arna ríomh de réir ráta 80 faoin gcéad;

(2) an luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, a bhaineann le gach maoin dá chuid nó dá cuid nó de chuid a chéile nó a céile (nach feirm thalún ar úinéireacht nó ar léas aige nó aici nó ag a chéile nó ag a céile) atá infheistithe nó atá á húsáid go sochrach ar mhodh eile nó nach bhfuil infheistithe nó á húsáid go sochrach ag an bhfeirmeoir nó ag a chéile nó ag a céile, cé go bhféadfaí í a infheistiú nó a úsáid go sochrach;

(3) gach ioncam eile a bhféadfaidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile súil a bheith aige nó aici go réasúnach é a fháil in airgead i gcaitheamh na bliana ina dhiaidh sin, cibé acu mar ranníocaí in aghaidh chaiteachais an teaghlaigh nó ar shlí eile, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(a) aon airgead a gheofar ó Bhallstát eile mar shochar, mar phinsean, mar chúnamh, mar liúntas, mar fhorlíonadh nó mar íocaíocht leantach i leith leanaí cáilithe faoi Chuid II, III, IV, V nó VA nó mar íocaíocht atá comhréireach le sochar linbh faoi Chuid IV,

(b) aon ioncam ó bhónas faoi scéim a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht (arna míniú sa scéim sin) agus is tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna,

(c) i gcás iarratasóra cháilithe faoi scéim a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus ar a dtugtar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, aon ioncam a gheofar faoin scéim sin i leith duine a chónaíonn go sealadach i dteannta an iarratasóra cháilithe, mar aon le haon ioncam eile a gheofar i leith an chónaitheora shealadaigh sin,

(d) méid aon liúntais, liúntais cleithiúnaí, pinsin míchumais nó pinsin créachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, nó na liúntais agus na pinsin sin i dteannta a chéile a mhéid nach mó ná £80 sa bhliain an méid sin,

(e) aon airgead a gheofar ó eagraíocht charthanúil, ar comhlacht í a bhfuil a gníomhaíochtaí á seoladh seachas le haghaidh brabúis (ach aon údarás poiblí nó áitiúil a eisiamh) agus ar feidhm dá cuid í cabhrú le daoine i ngátar trí dheontais airgid a thabhairt dóibh,

(f) cibé méid a fhorordófar d'ioncam ó fhostaíocht mar chúntóir teaghlaigh ag bord sláinte nó ag duine a bheidh ceadaithe ag bord sláinte,

(g) aon airgead a gheofar mar liúntas oiliúna ó eagraíocht fad a bheifear faoi chúrsa oiliúna athshlánúcháin arna sholáthar ag an eagraíocht (is eagraíocht a bheidh ceadaithe ag an Aire Sláinte agus Leanaí chun an oiliúint sin a sholáthar),

(h) aon airgead, ach amháin sa mhéid go mbeidh sé níos mó ná £104 sa bhliain, a gheobhaidh feirmeoir nó a chéile nó a céile i leith oibre mar eachtar-oibrí faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir,

(i) i gcás an feirmeoir nó a chéile nó a céile a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a gheofar uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain,

(j) íocaíochtaí ag bord sláinte i leith linbh a bheidh curtha amach ar iostas,

(k) faoi réir mhír (5), an t-airgead go léir a thuillfidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile i leith fostaíochta pearsanta reatha faoi chonradh seirbhíse,

(l) i cibé cásanna a fhorordófar, aon airgead a gheofar mar dheontas cothabhála faoi scéim a riarann an tAire Oideachais agus Eolaíochta faoi na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992,

(m) aon airgead a gheofar mar liúntas soghluaiseachta is iníoctha faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970 ,

(n) suim £1,000 sa bhliain ó fheamainn a bhaint,

(o) faoi réir mhír (5), aon airgead a thuillfidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile ó fhostaíocht inárachaithe de chineál séasúrach,

(p) íocaíochtaí ag bord sláinte i leith cóiríocht a chur ar fáil do leanbh faoi alt 5 den Acht um Chúram Leanaí, 1991,

(q) gach ioncam a gheofar faoi na scéimeanna seo a leanas:

(i) an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe a riarann an tAire Talmhaíochta agus Bia, agus

(ii) an Scéim um Limistéir Chaomhantais Speisialta a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán,

ach amháin a mhéid a théann an t-ioncam sin thar—

(I) £2,000, móide

(II) aon leath amháin d'aon mhéid thar £2,000 a gheofar faoi na scéimeanna sin, móide

(III) aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn páirt a ghlacadh sna scéimeanna sin,

(r) cibé ioncam eile a gheobhaidh feirmeoir nó a chéile nó a céile agus a fhorordófar;

(4) an t-ioncam go léir agus luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, na maoine go léir a cheil an feirmeoir nó a chéile nó a céile orthu féin go díreach nó go neamhdhíreach le cáiliú chun cúnamh feirme a fháil, ach i gcás inar laghdaíodh an t-ioncam sin nó luach bliantúil na maoine sin, arna fhionnadh amhlaidh, ó dháta an ríofa i leith, féadfar an ríomh a athbhreithniú, faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar:

Ar choinníoll nach bhfágfaidh aon rialacháin den sórt sin go mbeidh an t-ioncam nó luach bliantúil na maoine, a mheasfar a bheith ina chuid den acmhainn, le méadú;

(5) i gcás feirmeora nó a chéile nó a céile a bheith ag gabháil d'fhostaíocht reatha phearsanta nó shéasúrach, luach, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, aon airgid a gheofar ón bhfostaíocht sin, agus measfar gurb é atá in acmhainn sheachtainiúil an duine sin ó fhostaíocht den sórt sin ná an luach arna ríomh amhlaidh.

2. I Riail 1(3), measfar gurb é ioncam duine, mura mbeidh dóigh eile ann lena fhionnadh, an t-ioncam a fuarthas iarbhír i rith na bliana díreach roimh dháta an ríofa.

3. Sa Sceideal seo, ciallaíonn ‘céile’—

(a) gach duine de lánúin phósta atá in aontíos, nó

(b) fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.

4. Féadfaidh an tAire le rialacháin forálacha Riail 1 a athrú.”.

Leasuithe de dhroim alt 15 .

17. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí na rátaí seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht seo) i ndiaidh an ráta cúnaimh atá ag tagairt 10:

“11. Cúnamh Feirme | 73.50 | 43.20 | 13.20 | — | — | —”,

agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 138:

“138A.—I gcás duine a bhí ag fáil cúnaimh feirme faoi Chaibidil 14 de Chuid III díreach sular tháinig sé nó sí chun bheith i dteideal pinsin seanaoise (neamhranníocach), is é an ráta seachtainiúil pinsin a bheidh iníoctha—

(a) an ráta is iníoctha de réir ailt 136, 137 agus 138, nó

(b) méid is comhionann leis an ráta cúnaimh feirme a bhí iníoctha de réir ailt 191N agus 191O díreach sular tháinig an duine chun bheith i dteideal pinsin seanaoise (neamhranníocach),

cibé méid acu is mó.”.

(2) Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal D a ghabhann leis an Acht seo sa tslí a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

Tosach feidhme (Cuid IV).

18. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.