Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Rialacha Cobhsaíochta)

8 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1999


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Srian le halt 108 d'Acht 1990.

3.

Leasanna i scairchaipiteal iomchuí a nochtadh.

4.

Leasú ar alt 110 d'Acht 1990.

5.

Deireadh a chur le deacrachtaí.

6.

Cúlghairm.

7.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Rialacha Cobhsaíochta


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí, 1990

1990, Uimh. 33

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1999


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ CHODANNA IV AGUS V D'ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990 , DO CHEADÚ GNÍOMHAÍOCHTA COBHSAÍOCHTA I nDÁIL LE hEISIÚINT NÓ DÍOL URRÚS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [19 Bealtaine, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1990” Acht na gCuideachtaí, 1990 ;

tá le “dáta deiridh” an bhrí a shanntar leis na Rialacha Cobhsaíochta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

tá le “tréimhse chobhsaíochta”, i ndáil le haon ní a dhéanfar sa Stát de bhun na Rialacha Cobhsaíochta, an bhrí a shanntar leis na Rialacha Cobhsaíochta agus, i ndáil le haon ní a dhéanfar i ndlínse lasmuigh den Stát chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil, ciallaíonn sé an tréimhse dar tosach—

(a) i gcás urrúis a eisiúint nó a thairiscint lena ndíol (nach eisiúint bintiúr ná fiach-urrús eile), an dáta a dhéantar an fógra poiblí is luaithe i dtaobh na heisiúna nó na tairisceana sin ina sonraítear an praghas eisiúna nó an praghas tairisceana, de réir mar a bheidh, le haghaidh na n-urrús sin, nó

(b) i gcás bintiúir nó fiach-urrúis eile a eisiúint, an dáta a dhéantar an fógra poiblí is luaithe i dtaobh na heisiúna sin, cibé acu a shonraítear an praghas eisiúna san fhógra sin nó nach sonraítear,

agus dar críoch—

(i) ar éag don lá atá 30 lá i ndiaidh an dáta deiridh, nó

(ii) ar éag don lá a dhéanfaidh bainisteoir a bheidh ceaptha ag an eisitheoir nó, de réir mar a bheidh, ag an tairgeoir chun gníomhaíocht chobhsaíochta a sheoladh, fógra a thabhairt do stocmhalartán ar a raibh gníomhaíocht chobhsaíochta á seoladh á rá gurbh é sin an lá ar a raibh sé cinnte aige nach ndéanfadh sé aon bheart eile chun margadhphraghas na n-urrús lena mbaineann a chobhsú nó a chothabháil,

cibé acu is túisce a tharlóidh;

ciallaíonn “Rialacha Cobhsaíochta” na rialacha dá dtagraítear faoin ainm sin agus atá leagtha amach sa Sceideal.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír, don chlásal nó don fhochlásal den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna leathnú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

Srian le halt 108 d'Acht 1990.

2. —Ní mheasfar alt 108 d'Acht 1990 a bheith sáraithe—

(a) mar gheall ar aon ní a dhéanfar sa Stát chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil más i gcomhréir leis na Rialacha Cobhsaíochta a dhéanfar é, ná

(b) mar gheall ar aon bheart a dhéanfaidh duine le linn na tréimhse cobhsaíochta in aon dlínse seachas sa Stát chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil, ach sin sa chás amháin go bhfuil an beart a dhéanfar ceadaithe, ar gach slí ábhartha, leis na ceanglais iomchuí go léir is infheidhme i leith beart den sórt sin sa dlínse ina ndéanfar an beart sin nó go bhfuil sé thairis sin de réir na gceanglas sin, lena n-áirítear, más rud é go bhfuil na hurrúis sin liostaithe ar stocmhalartán sa dlínse sin freisin, na rialacha nó na ceanglais rialaitheacha eile lena rialaítear an stocmhalartán sin.

Leasanna i scairchaipiteal iomchuí a nochtadh.

3. —(1) Maidir le duine d'fháil nó do dhiúscairt leasanna i scairchaipiteal iomchuí le linn na tréimhse cobhsaíochta lena mbaineann—

(a) ar fáil nó diúscairt í a dhéanfar chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil, agus

(b) ar fáil nó diúscairt í a dhéanfar amhlaidh i gcomhréir leis na Rialacha Cobhsaíochta nó ar fáil nó diúscairt í lena mbaineann alt 2 (b),

tabharfar neamhaird ar an bhfáil nó ar an diúscairt sin le linn na tréimhse cobhsaíochta chun críocha ailt 67 go 79 d'Acht 1990.

(2) Maidir le haon leas i scairchaipiteal iomchuí—

(a) a fuair duine le linn na tréimhse cobhsaíochta chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil,

(b) a fuarthas amhlaidh de réir an Achta seo, agus

(c) a leanfaidh de bheith i seilbh an duine sin i ndeireadh na tréimhse cobhsaíochta,

déileálfar leis, chun críocha ailt 67 go 79 d'Acht 1990, mar leas a fuair an duine sin an chéad lá tar éis dheireadh na tréimhse cobhsaíochta nach Satharn ná Domhnach ná lá saoire poiblí.

(3) D'ainneoin fho-alt (1), oibreoidh fo-alt (4) d'alt 91 d'Acht 1990 chun na leasanna a bheidh le fógairt do Stocmhalartán na hÉireann Teoranta, agus an tslí a bheidh siad le fógairt amhlaidh, faoi fho-alt (2) den alt sin a chinneadh.

(4) San alt seo, tá le “scairchaipiteal iomchuí” an bhrí a shanntar le halt 67(2) d'Acht 1990.

Leasú ar alt 110 d'Acht 1990.

4. —Leasaítear leis seo alt 110 d'Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Measfar duine a bheith tar éis idirbheart lena mbaineann fo-alt (2)(b) a dhéanamh de mheon macánta, más rud é go ndéanfaidh an duine sin, de mheon macánta—

(a) caibidlí d'fhonn comhaontú a dhéanamh lena mbainfeadh mír (b) nó (c), nó

(b) comhaontú chun urrúis a fhrithghealladh, nó

(c) comhaontú, sula gcuirfidh stocmhalartán aitheanta saoráidí déileála ar fáil le haghaidh urrús, chun líon sonraithe de na hurrúis sin a fháil nó chun suibscríobh lena n-aghaidh, nó

(d) idirbheart de réir oibleagáidí an duine sin faoi chomhaontú lena mbaineann mír (b) nó (c).”.

Deireadh a chur le deacrachtaí.

5. —(1) Más rud é go dtarlóidh aon deacracht, ar aon bhealach, i ndáil le hoibriú aon fhorála de na Rialacha Cobhsaíochta, féadfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, le rialacháin, na Rialacha Cobhsaíochta a leasú chun aon ní a dhéanamh is dealraitheach dó nó di a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht sin, agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin aon fhoráil de na Rialacha Cobhsaíochta a mhodhnú nó cur leis an gcéanna a mhéid a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun an Sceideal a chur in éifeacht.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cúlghairm.

6. —Cúlghairtear leis seo na Rialacháin um Acht na gCuideachtaí, 1990 (Déileáil Chos Istigh), 1991 (I.R. Uimh. 151 de 1991), agus na Rialacháin um Acht na gCuideachtaí, 1990 (Déileáil Chos Istigh), 1992 (I.R. Uimh. 131 de 1992).

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, a ghairm den Acht seo agus d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.