Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

22 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1999


AN tACHT INIMIRCE, 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Orduithe faoi Acht 1935.

3.

Orduithe ionnarbtha.

4.

Orduithe eisiaimh.

5.

Gabháil, coinneáil agus aistriú daoine nach náisiúnaigh iad.

6.

Fógraí a sheirbheáil.

7.

Rialacháin.

8.

Cosc etc.

9.

Pionóis.

10.

Pionóis áirithe faoi Acht 1935 a mhéadú.

11.

Leasú ar Acht na nDídeanaithe, 1996.

12.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

13.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nEachtrannach, 1935

1935, Uimh. 14

An tAcht um Chúram Leanaí, 1991

1991, Uimh. 17

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996

Acht na nDídeanaithe, 1996

1996, Uimh. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1999


AN tACHT INIMIRCE, 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE RIALÚ DAOINE NACH NÁISIÚNAIGH IAD, DO LEASÚ ACHT NA nEACHTRANNACH, 1935 , AGUS ACHT NA nDÍDEANAITHE, 1996, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [7 Iúil, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1935” Acht na nEachtrannach, 1935 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “duine nach náisiúnach é nó í” eachtrannach de réir bhrí Acht 1935 seachas eachtrannach nach bhfuil feidhm, de bhua ordaithe faoi alt 10 den Acht sin, ag aon cheann d'fhorálacha an Achta sin maidir leis nó léi;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(2) San Acht seo—

(a) forléireofar tagairt d'aon achtachán, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis, nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo,

(b) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Orduithe faoi Acht 1935.

2. —(1) Gach ordú a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith faoi alt 5 d'Acht 1935, seachas na horduithe nó na forálacha d'orduithe a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh éifeacht reachtúil leis amhail is dá mba Acht den Oireachtas é.

(2) Dá mba rud é go mbeadh fo-alt (1), murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú an fho-ailt sin faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm aige agus lánéifeacht leis thairis sin.

Orduithe ionnarbtha.

3. —(1) Faoi réir fhorálacha alt 5 (refoulement a thoirmeasc) d'Acht na nDídeanaithe, 1996, agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairtear “ordú ionnarbtha” san Acht seo) a cheangal ar aon duine nach náisiúnach é nó í agus a bheidh sonraithe san ordú an Stát a fhágáil laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú agus fanacht as an Stát ina dhiaidh sin.

(2) Féadfar ordú faoi fho-alt (1) a dhéanamh i leith na ndaoine seo a leanas—

(a) duine a mbeidh téarma príosúnachta arna fhorchur air nó uirthi ag cúirt sa Stát curtha isteach nó á chur isteach aige nó aici,

(b) duine ar mhol cúirt sa Stát, ar díotáladh nó ar cúisíodh an duine sin os a comhair in aon choir nó cion, é nó í a ionnarbadh,

(c) duine ar ceanglaíodh air nó uirthi an Stát a fhágáil faoi Rialachán 14 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 (I.R. Uimh. 393 de 1977),

(d) duine a bhfuil feidhm maidir leis nó léi ag Rialachán 19 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ceart Cónaithe do Dhaoine nach bhfuil Gníomhach sa Gheilleagar), 1997 (I.R. Uimh. 57 de 1997),

(e) duine a ndearnadh a iarratas nó a hiarratas ar thearmann a aistriú chuig tír choinbhinsiúin lena scrúdú de bhun alt 22 d'Acht na nDídeanaithe, 1996,

(f) duine ar dhiúltaigh an tAire dá iarratas nó dá hiarratas ar thearmann,

(g) duine ar diúltaíodh cead dó nó di dul i dtír sa Stát,

(h) duine a sháraigh, i dtuairim an Aire, srian nó coinníoll a forchuireadh air nó uirthi maidir le dul i dtír nó teacht isteach sa Stát, nó maidir le cead fanacht sa Stát,

(i) duine a mbeadh a ionnarbadh nó a hionnarbadh, i dtuairim an Aire, ar mhaithe le leas an phobail.

(3) (a) Faoi réir fho-alt (5), más rud é go mbeartaíonn an tAire ordú ionnarbtha a dhéanamh, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don duine lena mbaineann faoina thogra nó faoina togra agus faoi na cúiseanna atá leis agus, más gá agus más féidir, tabharfar cóip den fhógra don duine i dteanga a thuigeann sé nó sí.

(b) Duine a bhfuil fógra tugtha dó nó di faoi thogra faoi mhír (a), féadfaidh sé nó sí, laistigh de 15 lá oibre ón tráth a gcuirtear an fógra chuige nó chuici, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aire agus déanfaidh an tAire—

(i) sula gcinnfidh sé nó sí an ní, aon uiríll a chur san áireamh a bheidh déanta go cuí chuige nó chuici faoin mír seo i ndáil leis an togra, agus

(ii) fógra i scríbhinn a thabhairt don duine faoina chinneadh nó faoina cinneadh agus faoi na cúiseanna atá leis agus, más gá agus más féidir, tabharfar cóip den fhógra don duine i dteanga a thuigeann an duine.

(4) Áireofar na nithe seo a leanas i bhfógra faoi thogra de chuid an Aire faoi fho-alt (3)

(a) ráiteas go bhféadfaidh an duine lena mbaineann uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aire laistigh de 15 lá oibre ón tráth a gcuirtear an fógra chuige nó chuici,

(b) ráiteas go bhféadfaidh an duine an Stát a fhágáil sula gcinnfidh an tAire an ní agus cuirfidh sé de cheangal ar an duine an méid sin a chur in iúl don Aire i scríbhinn agus faisnéis i dtaobh a shocruithe nó a socruithe chun an Stát a fhágáil a thabhairt don Aire,

(c) ráiteas go bhféadfaidh an duine toiliú leis an ordú ionnarbtha a dhéanamh laistigh de 15 lá oibre ón tráth a gcuirtear an fógra chuige nó chuici agus air sin go ndéanfaidh an tAire socrú chun an duine a aistriú ón Stát a luaithe is indéanta, agus

(d) aon fhaisnéis eile is cuí leis an Aire sna himthosca.

(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) maidir leis na daoine seo a leanas—

(a) duine atá tar éis toiliú i scríbhinn le hordú ionnarbtha a dhéanamh agus gur deimhin leis an Aire maidir leis an duine sin go dtuigeann sé nó sí iarmhairtí an toilithe sin,

(b) duine a bhfuil feidhm ag mír (c), (d)(e) d'fho-alt (2) maidir leis nó léi, nó

(c) duine atá lasmuigh den Stát.

(6) Le linn cinneadh a dhéanamh an ndéanfar ordú ionnarbtha i ndáil le duine, beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas—

(a) aois an duine;

(b) fad cónaithe an duine sa Stát;

(c) dálaí teaghlaigh agus tí an duine;

(d) an cineál ceangail atá ag an duine leis an Stát, más ann;

(e) taifead fostaíochta (lena n-áirítear féinfhostaíocht) an duine;

(f) ionchais fostaíochta (lena n-áirítear féinfhostaíocht) an duine;

(g) carachtar agus iompar an duine laistigh agus (más iomchuí agus más infhionnta) lasmuigh den Stát (lena n-áirítear aon chiontuithe coiriúla);

(h) cúinsí daonchairdiúla;

(i) aon uiríll a bheidh déanta go cuí ag an duine nó thar ceann an duine;

(j) leas an phobail; agus

(k) cúinsí slándála náisiúnta agus beartais phoiblí,

a mhéid is dealraitheach leis an Aire nó is eol dó nó di iad.

(7) Is san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna a bheidh ordú ionnarbtha.

(8) Más rud é, maidir le duine a thoiligh i scríbhinn le hordú ionnarbtha a dhéanamh, nach ndéantar é nó í a ionnarbadh as an Stát laistigh de 3 mhí ón tráth a ndéantar an t-ordú, scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith leis.

(9) (a) Faoi réir mhír (b), más rud é go gcinnfidh an tAire ordú ionnarbtha a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an fógra faoi fho-alt (3)(b)(ii) de cheangal ar an duine lena mbaineann teacht i láthair cibé duine ar cibé dáta, ag cibé am agus cibé áit a shonrófar san fhógra chun go ndéanfar é nó í a ionnarbadh as an Stát.

(b) Duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát agus a raibh cónaí air nó uirthi amhlaidh ar feadh tréimhse (cibé acu roimh an Acht seo a rith, go páirteach, agus tar éis an tAcht seo a rith, go páirteach, nó go hiomlán tar éis an tAcht seo a rith) nach lú ná 5 bliana agus atá de thuras na huaire ar fostú sa Stát nó ag gabháil do ghnó nó do chleachtadh gairme sa Stát seachas—

(i) duine a mbeidh téarma príosúnachta arna fhorchur air nó uirthi ag cúirt sa Stát curtha isteach nó á chur isteach aige nó aici, nó

(ii) duine ar mhol cúirt sa Stát, ar díotáladh nó ar cúisíodh an duine sin os a comhair in aon choir nó cion, é nó í a ionnarbadh,

ní dhéanfar é nó í a ionnarbadh as an Stát faoin alt seo mura mbeidh fógra 3 mhí i scríbhinn i dtaobh an ionnarbtha sin tugtha ag an Aire don duine sin.

(10) Aon duine a sháróidh foráil d'ordú ionnarbtha nó ceanglas i bhfógra faoi fho-alt (3)(b)(ii) beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(11) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(12) San alt seo ciallaíonn “lá oibre” aon lá nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí.

Orduithe eisiaimh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, má mheasann sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta nó le beartas poiblí, le hordú (dá ngairtear “ordú eisiaimh” san Acht seo) aon duine nach náisiúnach é nó í agus a shonrófar san ordú a eisiamh ón Stát.

(2) Aon duine a sháróidh foráil d'ordú eisiaimh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

Gabháil, coinneáil agus aistriú daoine nach náisiúnaigh iad.

5. —(1) Má tá drochamhras, le cúis réasúnach, ag oifigeach inimirce nó ag comhalta den Gharda Síochána go bhfuil duine a bhfuil ordú ionnarbtha i bhfeidhm ina choinne nó ina coinne tar éis mainneachtain aon fhoráil den ordú nó ceanglas i bhfógra faoi alt 3 (3)(b)(ii) a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí é nó í a ghabháil gan bharántas agus é nó í a choinneáil in áit fhorordaithe.

(2) Duine a ghabhfar agus a choinneofar faoi fho-alt (1) féadfaidh oifigeach inimirce nó comhalta den Gharda Síochána é nó í a chur ar long, ar thraein iarnróid, i bhfeithicil bóthair nó ar aerárthach atá ar tí an Stát a fhágáil, agus measfar é nó í a bheith i gcoimeád dleathach fad a bheidh sé nó sí faoi choinneáil amhlaidh agus go dtí go bhfágfaidh an long, an traein iarnróid, an fheithicil bóthair nó an t-aerárthach an Stát.

(3) Déanfaidh máistir aon loinge agus an duine atá i bhfeighil aon traenach iarnróid, aon fheithicle bóthair nó aon aerárthaigh atá ag triall ar aon áit lasmuigh den Stát, má cheanglaíonn oifigeach inimirce nó comhalta den Gharda Síochána air nó uirthi déanamh amhlaidh, duine a mbeidh ordú ionnarbtha déanta ina choinne nó ina coinne agus a chleithiúnaithe nó a cleithiúnaithe, más ann, a ghlacadh ar bord na loinge, na traenach iarnróid, na feithicle bóthair nó an aerárthaigh sin agus tabharfaidh sé nó sí cóiríocht agus cothabháil chuí dó nó di agus dá chleithiúnaithe nó dá cleithiúnaithe i rith an turais.

(4) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois.

(b) Má tá, agus fad a bheidh, forais réasúnacha ag an oifigeach inimirce nó, de réir mar a bheidh, ag an gcomhalta den Gharda Síochána lena mbaineann, chun a chreidiúint nach bhfuil an duine faoi bhun 18 mbliana d'aois, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) amhail is dá mbeadh 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici.

(c) Más rud é go mbeidh leanbh neamhphósta faoi bhun 18 mbliana d'aois i gcoimeád aon duine (cibé acu tuismitheoir nó duine ag gníomhú in loco parentis nó aon duine eile) agus go gcoinneofar an duine sin de bhun fhorálacha an ailt seo, tabharfaidh an t-oifigeach inimirce nó an comhalta den Gharda Síochána lena mbaineann fógra, gan mhoill, i dtaobh na coinneála agus imthosca na coinneála don bhord sláinte don limistéar ina bhfuil an duine á choinneáil nó á coinneáil.

(5) Más rud é go ndéanfaidh duine a choinneofar faoin alt seo imeachtaí cúirte a thionscnamh ag agóid i gcoinne bhailíocht an ordaithe ionnarbtha lena mbaineann, féadfaidh an chúirt a bheidh ag éisteacht na n-imeachtaí sin nó aon achomhairc i gcoinne an chéanna, ar iarratas a dhéanamh chuici, a chinneadh an leanfar den duine sin a choinneáil nó an scaoilfear saor é nó í, agus féadfaidh sí aon scaoileadh saor den sórt sin a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, lena n-áirítear, ach sin gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, aon cheann nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a) go mbeidh cónaí ar an duine nó go bhfanfaidh sé nó sí i gceantar áirithe nó in áit áirithe sa Stát,

(b) go dtiocfaidh sé nó sí i láthair i stáisiún sonraithe de chuid an Gharda Síochána nó i láthair oifigigh inimirce shonraithe i gceann eatramh sonraithe,

(c) go dtabharfaidh sé nó sí suas aon phas nó doiciméad taistil atá ina sheilbh nó ina seilbh.

(6) (a) Ní choinneofar duine faoin alt seo ar feadh tréimhse nó tréimhsí is faide ná 8 seachtain san iomlán.

(b) Déanfar na tréimhsí seo a leanas a eisiamh nuair a bheidh tréimhse á háireamh chun críche mhír (a):

(i) aon tréimhse a mbeidh an duine athchurtha faoi choimeád lena linn fad a bheidh triail choiriúil ar feitheamh nó a mbeidh pianbhreith phríosúnachta á cur isteach aige nó aici lena linn,

(ii) aon tréimhse a bheidh caite ag an duine ar bord loinge, traenach iarnróid, feithicle bóthair nó aerárthaigh de bhun an ailt seo, agus

(iii) má tá imeachtaí cúirte tionscanta ag an duine ag agóid i gcoinne bhailíocht an ordaithe ionnarbtha lena mbaineann, aon tréimhse a bheidh caite ag an duine in áit choinneála idir dáta thionscnamh na n-imeachtaí agus an dáta a ndéanfar cinnneadh críochnaitheach orthu, lena n-áirítear, más rud é go dtugtar fógra achomhairc, an tréimhse idir an fógra a thabhairt agus cinneadh críochnaitheach an achomhairc nó aon achomhairc eile i gcoinne an chéanna nó tarraingt siar an achomhairc nó, de réir mar is cuí, éag an ghnáth-ama chun aon achomharc den sórt sin a thionscnamh.

Fógraí a sheirbheáil.

6. —Más rud é go gceanglaítear nó go n-údaraítear, leis an Acht seo nó faoi, fógra a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt do dhuine, déanfar é a dhíriú chuige nó chuici agus a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di, ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige nó chuici faoina ainm nó faoina hainm, trína sheachadadh air nó uirthi, nó

(b) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha, nó le haon chineál eile seirbhíse seachadta taifeadta a bheidh forordaithe ag an Aire, agus é dírithe chuige nó chuici ag an seoladh is déanaí a bheidh tugtha aige nó aici don Aire nó, i gcás ina bhfuil seoladh i gcomhair seirbheála tugtha, ag an seoladh sin.

Rialacháin.

7. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) socrú a dhéanamh le rialacháin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó atá le forordú, agus

(b) i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó nó di chun rialacháin a dhéanamh, rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun críocha an Achta seo, agus chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo, lena n-áirítear rialacháin lena gceanglófar ar dhuine nach náisiúnach é nó í agus a mbeidh ordú ionnarbtha déanta ina choinne nó ina coinne aon chaiteachas a thabhóidh an tAire i ndáil lena ionnarbadh nó lena hionnarbadh a aisíoc, ag féachaint d'imthosca airgeadais an duine, agus lena ndéanfar socrú maidir leis an nós imeachta don aisíoc sin.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán a bheith i rialacháin faoin Acht seo.

Cosc etc.

8. —(1) Aon duine a mbeidh ordú ionnarbtha déanta ina choinne nó ina coinne—

(a) ní dhéanfaidh sé nó sí, trí ghníomh nó neamhghníomh, cosc nó treampán a chur ar dhuine a bheidh údaraithe ag an Aire chun duine a ionnarbadh as an Stát de bhun an ordaithe le linn don duine a bheith ag gabháil don ionnarbadh sin,

(b) comhoibreoidh sé nó sí, chun a ionnarbadh nó a hionnarbadh as an Stát a urasú, ar aon slí is gá lena chumasú do dhuine a bheidh údaraithe amhlaidh doiciméad taistil, ticéad nó doiciméad eile a bheidh ag teastáil chun críche an ionnarbtha sin a fháil agus, go háirithe, déanfaidh sé nó sí de réir aon iarrata ó dhuine a bheidh údaraithe amhlaidh doiciméad chuige sin a shíniú nó a mhéarloirg nó a méarloirg a dhaingniú de dhoiciméad den sórt sin,

(c) ní iompróidh sé é féin, nó ní iompróidh sí í féin, ar shlí ar dóigh di a shábháilteacht nó a sábháilteacht féin, nó sábháilteacht daoine eile, a chur i mbaol i gcúrsa a ionnarbtha nó a hionnarbtha as an Stát.

(2) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Pionóis.

9. —Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Pionóis áirithe faoi Acht 1935 a mhéadú.

10. —Leasaítear leis seo alt 6(1) d'Acht 1935 trí “ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, agus féadfaidh an Chúirt ar os a comhair a chiontófar an duine sin amhlaidh, i dteannta nó in ionad aon fhíneála nó príosúnachta den sórt sin, nó iad araon,” a chur in ionad “ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí, agus an Chúirt gur os a comhair a ciontófar an duine sin féadfaidh, i dteanta no in ionad aon fhíneála no príosúntachta den tsórt san,”.

Leasú ar Acht na nDídeanaithe, 1996.

11. —(1) Leasaítear leis seo Acht na nDídeanaithe, 1996—

(a) in alt 1(1)—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Bord Achomhairc”:

“ciallaíonn ‘an Binse’ an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe arna bhunú le halt 15;”, agus

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘lá oibre’ aon lá nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí;”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“An Bord Comhairleach um Dhídeanaithe a bhunú.

7A.—(1) Beidh bord ann ar a dtabharfar an Bord Comhairleach um Dhídeanaithe (dá ngairtear ‘an Bord’ san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(3) Beidh éifeacht le forálacha an Sceidil a ghabhann leis an alt seo i ndáil leis an mBord.

(4) (a) Déanfaidh an Bord, gach dara bliain ag tosú leis an mbliain 2001, tuarascáil i scríbhinn ar oibriú an Achta seo sa 2 bhliain roimhe sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus féadfaidh sé a áireamh sa tuarascáil faisnéis agus tráchtadh i leith beartais tearmainn agus i leith dídeanaithe, lena n-áirítear aon tograí chun reachtaíocht a leasú agus moltaí maidir le cleachtas nó nósanna imeachta comhlachtaí poiblí nó príobháideacha i ndáil le hiarratasóirí agus aon nithe eile a bhaineann leis an oibriú sin a tháinig ar a iúl agus ar dóigh leis gur chóir aird an Aire a tharraingt orthu agus, tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis an tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh, cuirfidh an tAire faoi deara cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(b) Déanfaidh an Bord, ar iarraidh ón Aire, tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a thabhairt dó nó di ar cibé nithe maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a shonróidh an tAire agus, a luaithe is féidir tar éis don Aire an tuarascáil a fháil, cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Déanfaidh an Coimisinéir, aon uair a iarrfaidh an Bord air nó uirthi déanamh amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Bhord i ndáil le cibé nithe a shonróidh an Bord maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna.

Fo-alt (3).

AN SCEIDEAL

An Bord Comhairleach um Dhídeanaithe

1. Is iad a bheidh ar an mBord cathaoirleach agus 14 ghnáthchomhalta arna gceapadh ag an Aire chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord.

2. Beidh an Coimisinéir ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord agus gníomhóidh sé nó sí mar rúnaí don

Bhord.

3. Maidir le comhaltaí an Bhoird—

(a) ionadaí don Aire arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire a bheidh i nduine acu,

(b) ionadaí don Aire Gnóthaí Eachtracha arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire Gnóthaí Eachtracha a bheidh i nduine acu,

(c) ionadaí don Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh a bheidh i nduine acu,

(d) ionadaí don Aire Oideachais agus Eolaíochta arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta a bheidh i nduine acu,

(e) ionadaí don Aire Sláinte agus Leanaí arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire Sláinte agus Leanaí a bheidh i nduine acu,

(f) ionadaí don Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a bheidh i nduine acu,

(g) ionadaí don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a bheidh i nduine acu,

(h) mná a bheidh i seisear acu agus fir a bheidh i seisear acu.

4. Tabharfar fógra nach lú ná 7 lá i scríbhinn don Ard-Choimisinéir faoi dháta agus am gach cruinnithe den Bhord agus beidh sé nó sí i dteideal bheith i láthair agus éisteacht a fháil ag gach cruinniú go pearsanta nó trí ionadaí.

5. Le linn daoine a roghnú chun a gceaptha ina gcomhaltaí den Bhord tabharfar aird ar na nithe seo a leanas—

(a) a inmhianaithe atá sé a chinntiú go ndéanfar duine nó daoine a bheidh ionadaitheach do dhídeanaithe agus d'iarratasóirí a cheapadh ina chomhalta nó ina comhalta, nó ina gcomhaltaí, den Bhord, agus

(b) spéis an duine sa tearmann agus i soláthar cosanta agus cúnaimh do dhídeanaithe, nó eolas an duine ar na nithe sin, nó a inniúlacht nó a hinniúlacht ar shlí eile chun cuidiú leis an mBord i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

6. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh comhaltaí an Bhoird i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

7. Is é 5 bliana téarma oifige comhalta den Bhord agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh comhalta in-athcheaptha.

8. Má tharlaíonn corrfholúntas i measc chomhaltaí an Bhoird, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord chun an folúntas a líonadh agus beidh comhalta a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige dár ceapadh a réamhtheachtaí, agus déanfar an duine a cheapadh amhlaidh sa tslí a shonraítear i mír 3 nó 5, de réir mar a bheidh, inar ceapadh amhlaidh an réamhtheachtaí sin.

9. Déanfar cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí an Bhoird.

10. Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Bhord a chur as oifig más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca breoiteachta, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe.

11. Tiocfaidh an Bord le chéile ceithre huaire ar a laghad sa bhliain.”,

(c) in alt 8—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) i bhfo-alt (1):

“(c) Féadfaidh duine atá sa Stát (go dleathach nó go neamhdhleathach) aon tráth agus atá ag lorg stádas dídeanaí sa Stát iarratas a dhéanamh chuig an Aire ar dhearbhú agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, déanfaidh oifigeach údaraithe nó oifigeach inimirce é nó í a chur faoi agallamh cibé tráthanna a shonróidh an t-oifigeach údaraithe nó an t-oifigeach inimirce, de réir mar a bheidh, agus déanfaidh an t-oifigeach sin freisin a chur in iúl don duine go bhfuil sé nó sí i dteideal dul i gcomhairle le haturnae agus leis an Ard-Choimisinéir agus déanfaidh an duine é féin nó í féin a chur ar fáil le haghaidh an agallaimh sin ag na tráthanna a shonrófar amhlaidh.”,

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) In agallamh faoi fho-alt (1), i ndáil leis an duine is ábhar don agallamh, féachfar leis na nithe seo a leanas a shuíomh inter alia

(a) an mian leis an duine iarratas a dhéanamh ar dhearbhú agus, más mian leis nó léi amhlaidh, na forais ghinearálta ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe,

(b) céannacht an duine,

(c) náisiúntacht agus tír thionscnaimh an duine,

(d) an modh iompair a úsáideadh agus an bealach ar ar thaistil an duine go dtí an Stát,

(e) an chúis ar tháinig an duine go dtí an Stát, agus

(f) an bonn dlíthiúil atá leis an duine do dhul isteach sa Stát nó do bheith sa Stát,

agus, más gá agus más féidir, seolfar é le cuidiú ateangaire agus coimeádfaidh an t-oifigeach a bheidh á sheoladh taifead ar an agallamh agus tabharfar cóip de don duine agus, más oifigeach inimirce a sheol an t-agallamh, don Choimisinéir.”,

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Tabharfaidh an Coimisinéir fógra i scríbhinn don Ard-Choimisinéir faoi dhéanamh iarratais agus áireofar san fhógra ainm an iarratasóra agus ainm a thíre nó a tíre tionscnaimh agus cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an gCoimisinéir.

(b) Tabharfaidh an Coimisinéir cóip den taifead ar aon agallamh faoi fho-alt (1)—

(i) don Aire, agus

(ii) don Ard-Choimisinéir aon uair a iarrfaidh sé nó sí amhlaidh i scríbhinn.”,

(iv) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Déanfar iarratas faoi fho-alt (1) i scríbhinn agus san fhoirm a bheidh forordaithe nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi agus díreofar é chuig an gCoimisinéir.”,

agus

(v) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (5):

“(a) I gcás gur dealraitheach d'oifigeach inimirce nó d'oifigeach údaraithe, maidir le leanbh atá faoi bhun 18 mbliana d'aois agus atá tar éis teorainn an Stáit a shroicheadh nó atá tar éis teacht isteach sa Stát, nach bhfuil sé nó sí i gcoimeád aon duine, cuirfidh an t-oifigeach, a luaithe is féidir, an méid sin in iúl don bhord sláinte ar ina limistéar feidhme atá an leanbh agus air sin beidh feidhm ag forálacha an Achta um Chúram Leanaí, 1991, i ndáil leis an leanbh.”,

(d) in alt 9—

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Tabharfaidh an Coimisinéir, nó cuirfidh an Coimisinéir faoi deara go dtabharfar, deimhniú cónaithe sealadach (dá ngairtear ‘deimhniú’ san alt seo) do dhuine dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ar deimhniú é ina luafar ainm an duine agus ina mbeidh grianghraf den duine agus cibé faisnéis eile a bhaineann leis an duine agus a fhorordófar, agus ina sonrófar an dáta a bhfuair an Coimisinéir iarratas an duine ar dhearbhú agus ina luafar nach ndéanfar, faoi réir fhorálacha an Achta seo, agus gan dochar d'aon chead eile a tugadh don duine chun fanacht sa Stát, an duine a aistriú amach as an Stát sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach ar a iarratas nó a hiarratas.

(b) Fanfaidh deimhniú ina mhaoin de chuid an Aire.

(c) Measfar gur deimhniú cláraithe chun críocha Airteagal 15 d'Ordú na nEachtrannach, 1946 (R. & O.R., Uimh. 395 de 1946) é deimhniú agus measfar go bhfuil Airteagal 11(1)(a) den Ordú sin comhlíonta ag duine a n-eisítear deimhniú chuige nó chuici.

(d) Má dhéanann duine deimhniú a bhrionnú, nó a athrú go calaoiseach, nó má chuidíonn duine le deimhniú a bhrionnú, nó a athrú go calaoiseach, nó má thugann duine chun críche go ndéanfar deimhniú a bhrionnú nó a athrú go calaoiseach, beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”,

agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (15):

“(15) Ní thabharfar cead d'aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) teacht isteach sa Stát faoin bhfo-alt sin má tá sé nó sí ina ábhar nó ina hábhar d'ordú faoi alt 4 den Acht Inimirce, 1999 .”,

(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:

“Cumhachtaí oifigeach údaraithe agus oifigeach inimirce.

9A.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe nó oifigeach inimirce, chun críocha an Achta seo, méarloirg iarratasóra atá os cionn 14 bliana d'aois a thógáil nó a chur faoi deara iad a thógáil.

(2) Aon iarratasóir a dhiúltóidh cead a thabhairt a mhéarloirg nó a méarloirg a thógáil de bhun fho-alt (1) measfar nach ndearna sé nó sí iarrachtaí réasúnacha a chéannacht nó a céannacht dhílis de réir bhrí alt 9(8)(c) a shuíomh agus gur chuir sé nó sí cosc d'aon turas ar imscrúdú a iarratais nó a hiarratais de réir bhrí alt 12(4)(f).

(3) Déanfar gach méarlorg de chuid iarratasóra a thógfar de bhun fho-alt (1) agus gach cóip de, mura mbeidh sé díothaithe roimhe sin, a dhíothú—

(a) i gcás go dtagann an t-iarratasóir chun bheith ina shaoránach nó ina saoránach den Stát, roimh dheireadh míosa amháin tar éis an deimhniú eadóirseachta nó saoránacht Éireann a dheonú dó nó di nó tar éis don Aire bailíocht a dhearbhaithe nó a dearbhaithe ag glacadh le saoránacht Éireann a admháil, de réir mar a bheidh;

(b) in aon chás eile, roimh dheireadh 10 mbliana tar éis na méarloirg sin a thógáil.

(4) Aon fhaisnéis a gheofar de bhun fho-alt (1) féadfar í a chur i bhfios do thíortha coinbhinsiúin amhail is dá mba fhaisnéis í lena mbaineann alt 22(9).”,

(f) in alt 10, trí “an Binse” a chur in ionad “an Bord Achomhairc” agus “don Bhinse” a chur in ionad “don Bhord Achomhairc”,

(g) in alt 11—

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir alt 12, más rud é go bhfaighidh an Coimisinéir iarratas faoi alt 8 nó go gcuirfear iarratas ar ais chuige nó chuici faoi alt 16 nó go dtarchuirfidh an tAire iarratas chuige nó chuici ar shlí eile agus nach dtarraingeofar siar an t-iarrratas nó nach measfar é a bheith tarraingthe siar de bhun alt 9 nó 22, is é feidhm an Choimisinéara an t-iarratas a imscrúdú chun a fháil amach an duine é nó í an t-iarratasóir ar chóir dearbhú a thabhairt ina leith.”,

(ii) trí “alt 12(1)(a)” a chur in ionad “alt 12(2)” i bhfo-alt (2),

(iii) trí “, aon tráth ach tráth nach déanaí ná 7 lá oibre tar éis agallamh a sheoladh faoi fho-alt (2),” a chur isteach i ndiaidh “aon duine eile lena mbaineann” i bhfo-alt (3),

(iv) trí “agus don Ard-Choimisinéir, aon uair a iarrann sé nó sí amhlaidh,” a chur isteach i ndiaidh “don iarratasóir lena mbaineann” i bhfo-alt (6),

(v) trí “Ar iarratas faoi fhorálacha an Achta seo a fháil don Choimisinéir,” a chur in ionad “Más rud é go dtarchuirfidh an tAire iarratas chuig an gCoimisinéir faoi alt 8, 16 nó 22, nó ar shlí eile” i bhfo-alt (8), agus

(vi) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Más rud é nach bhfreastalóidh iarratasóir le haghaidh agallaimh le hoifigeach údaraithe faoin alt seo, ceanglóidh an Coimisinéir, trí fhógra i scríbhinn, ar an iarratasóir freastal le haghaidh agallaimh ag cibé am agus i cibé áit eile a shonrófar san fhógra agus luafar san fhógra gurb amhlaidh, mura ndéanfaidh an t-iarratasóir, gan cúis réasúnach, an ceanglas a chomhlíonadh, go ndéanfaidh an Coimisinéir moladh nár chóir a dhearbhú gur dídeanaí é nó í an t-iarratasóir.”,

(h) in alt 12—

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3):

“(1) Más rud é, aon tráth le linn don Choimisinéir iarratas a imscrúdú faoi alt 11 (seachas iarratas a cuireadh ar ais chuig an gCoimisinéir faoi alt 16), gurb é tuairim an Choimisinéara gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, déanfaidh sé nó sí a luaithe is féidir—

(a) i gcás go dtagann sé nó sí ar an tuairim sula gcuirtear an t-iarratasóir lena mbaineann faoi agallamh faoi alt 11(2), fógra a thabhairt don iarratasóir faoina thuairim nó faoina tuairim (lena n-áirítear na cúiseanna atá léi) agus ceanglófar leis an bhfógra ar an iarratasóir freastal le haghaidh agallaimh de réir alt 11(2) ag cibé am agus i cibé áit a shonrófar san fhógra,

(b) i gcás go dtagann sé nó sí ar an tuairim, nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh sé nó sí fós den tuairim, tar éis an t-iarratasóir lena mbaineann a chur faoi agallamh faoi alt 11(2) agus tar éis dó nó di breithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil arna tabhairt faoi alt 11(2) agus aon uiríll arna ndéanamh faoi alt 11(3), a mholadh nár chóir a dhearbhú gur dídeanaí é nó í an t-iarratasóir lena mbaineann agus cuirfidh sé nó sí cóip den mholadh agus de na cúiseanna atá leis—

(i) chuig an iarratasóir,

(ii) chuig aturnae an iarratasóra (más eol), agus

(iii) chuig an Ard-Choimisinéir.”,

agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Nuair a bheidh cóip den mholadh á cur ag an gCoimisinéir chuig an iarratasóir faoi fho-alt (1)(b), déanfaidh sé nó sí, san am céanna, fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir ina luafar go bhféadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun an Bhinse faoi alt 16 in aghaidh an mholta laistigh de 10 lá oibre ón lá a gcuirfear an fógra chuige nó chuici.”,

(i) in alt 13—

(i) i bhfo-alt (1), trí “agus tabharfaidh sé nó sí an tuarascáil don Aire” a scriosadh,

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Tabharfaidh an Coimisinéir fógra don Ard-Choimisinéir faoi dhéanamh an mholta faoi fho-alt (1).

(3) (a) Cuirfidh an Coimisinéir cóip de thuarascáil faoi fho-alt (1) chuig an iarratasóir lena mbaineann, chuig a aturnae nó a haturnae (más eol) agus, má iarrann an tArd-Choimisinéir amhlaidh, chuig an Ard-Choimisinéir.

(b) Más rud é go mbeidh moladh i dtuarascáil faoi fho-alt (1) nár chóir a dhearbhú gur dídeanaí é nó í an t-iarratasóir, cuirfidh an Coimisinéir fógra i scríbhinn chuig an iarratasóir ina luafar go bhféadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun an Bhinse faoi alt 16 in aghaidh an mholta agus go bhféadfaidh sé nó sí éisteacht ó bhéal a iarraidh laistigh de 15 lá oibre ón lá a gcuirfear an fógra chuige nó chuici.

(c) Más rud é nach mbeidh achomharc déanta ag an iarratasóir in aghaidh an mholta laistigh de 21 lá tar éis fógra a chur faoi mhír (b), déanfaidh an Coimisinéir, a luaithe is féidir, an tuarascáil a thabhairt don Aire faoi fho-alt (1).

(d) Más rud é go mbeidh moladh i dtuarascáil faoi fho-alt (1) gur chóir a dhearbhú gur dídeanaí é nó í an t-iarratasóir, déanfaidh an Coimisinéir, a luaithe is féidir, an tuarascáil a thabhairt don Aire.”,

(j) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:

“15.—(1) Ar an lá bunaithe beidh Binse arna bhunú ar a dtabharfar an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe (dá ngairtear ‘an Binse’ san Acht seo) chun achomhairc faoi alt 16 den Acht seo a bhreithniú agus a chinneadh.

(2) Beidh an Binse neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(3) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an mBinse.”,

(k) in alt 16—

(i) trí “Binse”, “Bhinse” agus “mBinse” a chur in ionad “Bord Achomhairc”, “Bhord Achomhairc” agus “mBord Achomhairc”, faoi seach, gach áit a bhfuil siad i bhfo-ailt (1) go (12) agus (16),

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Más rud é go mainneoidh iarratasóir, gan cúis réasúnach, freastal ar éisteacht ó bhéal faoi fho-alt (10), déanfaidh an Binse moladh ón gCoimisinéir faoi alt 13 a dhaingniú.”,

(iii) trí “agus, i gcás moladh ón gCoimisinéir faoi alt 13(3)(b), cuirfear in iúl ann” a chur in ionad “agus cuirfear in iúl ann” i bhfo-alt (3),

(iv) trí “a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir agus fógra i dtaobh an t-achomharc a dhéanamh a chur ar aghaidh chuig an Ard-Choimisinéir” a chur in ionad “a chur ar aghaidh chuig an Aire, chuig an gCoimisinéir agus chuig an Ard-Choimisinéir” i bhfo-alt (4),

(v) trí “dá aturnae nó dá haturnae (más eol) agus don Ard-Choimisinéir aon uair a iarrfaidh an tArd-Choimisinéir amhlaidh,” a chur in ionad “dá aturnae nó dá haturnae (más eol)”, agus trí “agus nár tugadh cóipeanna díobh roimhe sin don iarratasóir nó, de réir mar a bheidh, don Ard-Choimisinéir” a chur in ionad “agus nár tugadh cóipeanna díobh roimhe sin don iarratasóir” i bhfo-alt (8), agus

(vi) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (17):

“(17) (a) Déanfaidh an Binse cinneadh ón mBinse faoi fho-alt (2) agus na cúiseanna atá leis a chur i bhfios don iarratasóir lena mbaineann agus dá aturnae nó dá haturnae (más eol).

(b) Déanfaidh an Binse cinneadh ón mBinse faoi fho-alt (2) (seachas cinneadh ón mBinse faoi fho-alt (2)(d) agus na cúiseanna leis a chur i bhfios don Aire, mar aon le cóip de thuarascáil an Choimisinéara faoi alt 13.

(c) Déanfar cinneadh ón mBinse faoi fho-alt (2) a chur i bhfios don Ard-Choimisinéir.”,

(l) in alt 17—

(i) trí “an Binse” a chur in ionad “an Bord Achomhairc” agus “ón mBinse” a chur in ionad “ón mBord Achomhairc” i bhfo-alt (1),

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) i bhfo-alt (5):

“(c) go bhféadfaidh an tAire ordú a dhéanamh faoi alt 3 den Acht Inimirce, 1999 , á cheangal ar an iarratasóir an Stát a fhágáil agus má tá an ráiteas a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt sin ar áireamh san fhógra, ní gá don Aire an fógra a shonraítear san fho-alt (3) den alt sin a thabhairt,”,

agus

(iii) trí fho-alt (8) a scriosadh,

(m) in alt 19, trí “Bord, an Binse” a chur in ionad “Bord Achomhairc” i bhfo-alt (1),

(n) in alt 20—

(i) trí “12 mhí” a chur in ionad “6 mhí” i bhfo-ailt (2) go (5), agus

(ii) trí “don Bhinse, d'oifigeach údaraithe nó d'oifigeach inimirce” a chur in ionad “don Bhord Achomhairc nó d'oifigeach údaraithe” i bhfo-alt (2),

(o) in alt 21—

(i) trí “don Bhinse” a chur in ionad “don Bhord Achomhairc” i bhfo-alt (1)(h), agus

(ii) trí “15 lá oibre” a chur in ionad “21 lá” i bhfo-ailt (3), (4) agus (6),

(p) in alt 22—

(i) trí “go dtí go mbeidh cinnte aige nó aici” a chur in ionad “go dtí go mbeidh cinnte ag an duine a shonraítear in ordú faoin alt seo” i bhfo-alt (2)(c),

(ii) trí “a bheidh á imscrúdú ag an gCoimisinéir” a chur in ionad “a bheidh tarchurtha chuig an gCoimisinéir faoi alt 8” i bhfo-alt (2)(d),

(iii) trí “maidir le hiarratas ar thearmann a imscrúdú ag an gCoimisinéir” a chur in ionad “maidir le hiarratas ar thearmann a tharchur chuig an gCoimisinéir” i bhfo-alt (2)(h),

(iv) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Déanfaidh an Coimisinéir na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) a chinneadh.

(b) Déanfaidh an Binse achomhairc faoi fho-alt (2)(b) a bhreithniú agus a chinneadh.”,

agus

(v) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) (a) Déanfaidh an tAire, de bhun Airteagal 14 de Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, faisnéis a chur i bhfios do thíortha coinbhinsiúin i ndáil le nithe dá dtagraítear san Airteagal sin.

(a) Déanfaidh an Coimisinéir, de bhun Airteagal 15 de Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, faisnéis a chur i bhfios do thíortha coinbhinsiúin i ndáil le nithe dá dtagraítear san Airteagal sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar faisnéis maidir leis na forais ar a bhfuil iarratas áirithe ar thearmann bunaithe, nó maidir leis na forais ar a bhfuil cinneadh maidir le hiarratas den sórt sin bunaithe, a chur i bhfios faoin alt seo gan toiliú an duine is ábhar don iarratas a fháil roimh ré.”,

(q) in alt 23, trí “chuig an mBinse” a chur in ionad “chuig an mBord Achomhairc” i mír (b),

(r) in alt 28, trí “roimh thosach feidhme an ailt seo” a chur in ionad “roimh thosach feidhme an Achta seo”,

(s) tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Chéad Sceidil—

Alt 6 .

“AN CHÉAD SCEIDEAL

An Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe

1. Is post sa Státseirbhís (de réir bhrí Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 ) post an Choimisinéara agus ní cheapfar duine chun bheith ina Choimisinéir nó ina Coimisinéir mura mbeidh Coimisinéirí na Státseirbhíse, de réir na brí a dúradh, tar éis dóibh comórtas a chur ar siúl faoi alt 15 den Acht sin, tar éis é nó í a roghnú faoi alt 17 den Acht sin lena cheapadh nó lena ceapadh chun an phoist.

2. Is é 5 bliana téarma oifige an Choimisinéara agus féadfar duine a athcheapadh chun na hoifige le haghaidh an dara téarma, nó téarma ina dhiaidh sin.

3. Déanfar cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gCoimisinéir.

4. Maidir leis an gCoimisinéir—

(a) féadfaidh sé nó sí éirí as oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta agus ón dáta a bhfaighfear an litir,

(b) féadfaidh an tAire é nó í a chur as oifig tráth ar bith más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil sé nó sí tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach nó gur mhí-iompair an Coimisinéir é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, agus

(c) éireoidh sé nó sí as oifig, in aon chás, ar 65 bliana d'aois a shlánú.

5. Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine is dóigh leis nó léi is gá chun cuidiú leis an gCoimisinéir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara agus gheobhaidh na comhaltaí sin cibé luach saothair agus beidh siad faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile seirbhíse a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

6. Státseirbhísigh de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 , a bheidh sna comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

7. Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige nó aici faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996, a tharmligean chun an Choimisinéara mar an t-údarás cuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara agus, má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an gCoimisinéir, agus

(b) is é nó is í an Coimisinéir, in ionad an Aire, an t-údarás cuí chun críocha an Achta seo i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

8. (1) Coimeádfaidh an Coimisinéir, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó sí nó a chaithfidh sé nó sí agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh an bhliain ina dhiaidh sin ar dháta nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire agus, a luaithe is féidir tar éis an iniúchta, déanfaidh an Coimisinéir cóip de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin a shonróidh an tAire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thabhairt don Aire agus cuirfidh seisean nó sise faoi deara cóipeanna de na doiciméid a thabharfar amhlaidh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

9. Féadfaidh an Coimisinéir aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna faoin Acht seo, seachas na feidhmeanna a thugtar le halt 7, a tharmligean chuig aon chomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.”,

(t) tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Dara Sceideal:

Alt 15.

“AN DARA SCEIDEAL

An Binse Achomhairc do Dhídeanaithe

1. Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an mBinse—

(a) cathaoirleach, agus

(b) cibé gnáthchomhaltaí agus cibé líon gnáthchomhaltaí is dóigh leis an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, is gá ar mhaithe le dlús a chur le gnó an Bhinse,

a mbeidh taithí 10 mbliana ar a laghad ag gach duine acu mar abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach sula gceapfar é nó í.

2. Ní cheapfar duine chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach mura mbeidh Coimisinéirí na Státseirbhíse, de réir na brí a dúradh, tar éis é nó í a roghnú faoi alt 17 den Acht sin lena cheapadh nó lena ceapadh chun an phoist.

3. Is é 5 bliana téarma oifige an chathaoirligh agus féadfar duine a athcheapadh chun na hoifige le haghaidh an dara téarma, nó téarma ina dhiaidh sin.

4. Comhalta páirtaimseartha a bheidh i ngach gnáthchomhalta den Bhinse agus, faoi réir an Sceidil seo, sealbhóidh sé nó sí oifig ar feadh téarma 3 bliana ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, nuair a bheidh an gnáthchomhalta sin á cheapadh nó á ceapadh aige nó aici.

5. Déanfar cibé luach saothair agus cibé liúntais agus caiteachais a chinnfidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gcathaoirleach agus le gach gnáthchomhalta.

6. Féadfaidh comhalta den Bhinse éirí as bheith ina chomhalta nó ina comhalta trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a bhfaighidh an tAire an litir.

7. Féadfaidh an tAire ar chúiseanna sonraithe gnáthchomhalta den Bhinse a chur as oifig.

8. Más rud é go bhfaighidh comhalta den Bhinse bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht nó go gcuirfear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhinse chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Bhinse ba chúis leis an bhfolúntas agus sealbhóidh sé nó sí oifig ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige ar ceapadh a réamhtheachtaí ina leith.

9. Déanfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine is dóigh leis nó léi is gá chun cuidiú leis an mBinse i gcomhlíonadh a fheidhmeanna a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Bhinse agus gheobhaidh na comhaltaí sin d'fhoireann an Bhinse cibé luach saothair agus beidh siad faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile seirbhíse a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

10. Státseirbhísigh de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 , a bheidh sna comhaltaí d'fhoireann an Bhinse.

11. Aon uair a bheidh níos mó ná comhalta amháin ar an mBinse, beidh sé ina rannáin a mbeidh gach rannán díobh comhdhéanta de chomhalta amháin.

12. Comórfaidh an cathaoirleach cruinniú de chomhaltaí an Bhinse dhá uair sa bhliain ar a laghad chun obair an Bhinse a athbhreithniú agus, i gcás inar gá sin, chun soláthar a dhéanamh le haghaidh clár oiliúna do chomhaltaí den Bhinse.

13. Déanfaidh an cathaoirleach an gnó a bheidh le déanamh ag gach rannán a shannadh dó.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

12. —Gach ordú faoi alt 4 nó gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán sin.

Gearrtheideal.

13. —Féadfar an tAcht Inimirce, 1999 , a ghairm den Acht seo.