An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL An Príomhfheidhmeannach)

26 1999

ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Aoisliúntas

Alt 52.

1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “comhlacht iomchuí” an tÚdarás Cáilíochtaí, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.

2. A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme Chuid VIII déanfaidh comhlacht iomchuí, faoi réir alt 52 , scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé fostaithe den chomhlacht iomchuí, nó ina leith, is cuí leis an gcomhlacht.

3. Socrófar le gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

4. Féadfaidh comhlacht iomchuí, aon tráth, scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, ar scéim í lena leasófar scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire agus a bheidh ceadaithe roimhe sin faoin Sceideal seo.

5. Déanfaidh an comhlacht iomchuí scéim nó scéim leasaitheach a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin Sceideal seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

6. Má éiríonn díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin Sceideal seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh ag an Aire agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire, faoi réir chomhaontú an Aire Airgeadais.

7. Ní dhéanfaidh comhlacht iomchuí aon sochar aoisliúntais a dheonú d'aon duine dá fhostaithe is comhaltaí de scéim faoin Sceideal seo, nó ina leith, ná ní dhéanfar aon socrú eile chun aon sochar aoisliúntais a sholáthar do dhaoine den sórt sin ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige, seachas—

(a) de réir cibé scéim nó scéimeanna a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin Sceideal seo, nó

(b) le ceadú an Aire faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais.

8. Déanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin Sceideal seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis í a cheadú amhlaidh, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

9. Más rud é go ndéanfaí, sa tréimhse idir bunú comhlachta iomchuí agus teacht i ngníomh do scéim faoin Sceideal seo, sochar aoisliúntais a dheonú do dhuine, nó i leith duine, a glacadh isteach i seirbhís comhlachta iomchuí faoi alt 52 , i leith sheirbhís an duine i gComhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ansin déanfaidh an comhlacht iomchuí an sochar aoisliúntais a dheonú don duine sin nó ina leith agus a íoc leis an duine sin nó ina leith agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís nó a seirbhís inphinsin leis an gcomhlacht sin a chomhiomlánú lena sheirbhís nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin.