|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) |
ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann | |
| [EN] |
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann a bhunú. |
5. —(1) Beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó, i mBéarla, the National Qualifications Authority of Ireland (dá ngairtear “an tÚdarás Cáilíochtaí” san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh. |
| [EN] | (2) Beidh an tÚdarás Cáilíochtaí ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aige agus féadfar é a agairt ina ainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | |
| [EN] |
Comhaltas an Údaráis Cáilíochtaí. |
6. —(1) 14 chomhalta a bheidh ar an Údarás Cáilíochtaí. |
| [EN] | (2) Is iad seo a leanas comhaltaí an Údaráis Cáilíochtaí— | |
| [EN] | (a) cathaoirleach an Údaráis Cáilíochtaí, | |
| [EN] | (b) príomhfheidhmeannach an Údaráis Cáilíochtaí, | |
| [EN] | (c) beirt a bheidh ainmnithe ag an Aire, ar duine atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach d'eagraíochtaí pobail agus saorálacha, duine amháin acu, | |
| [EN] | (d) duine amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, | |
| [EN] | (e) cathaoirleach Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, | |
| [EN] | (f) cathaoirleach Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, | |
| [EN] | (g) duine amháin a bheidh ainmnithe ag ollscoileanna, | |
| [EN] | (h) duine amháin atá, i dtuairim an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ionadaitheach d'fhoghlaimeoirí, | |
| [EN] | (i) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Forfás, | |
| [EN] | (j) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Cónaidhm Ghnó agus Fostóirí na hÉireann, | |
| [EN] | (k) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus | |
| [EN] | (l) beirt a bheidh ainmnithe de réir fho-alt (3). | |
| [EN] | (3) Faoi réir fho-alt (1), déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí beirt ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí a ainmniú ina gcomhaltaí, agus is duine ag a bhfuil taithí idirnáisiúnta a bhaineann leis na feidhmeanna sin a bheidh i nduine amháin ar a laghad acu sin. | |
| [EN] | (4) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal maidir leis an Údarás Cáilíochtaí. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha ainmniúchán a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) nó (3). | |
| [EN] | (6) I gcás go ndéanfar ainmniúchán faoi fho-alt (2) nó (3), tabharfar aird ar a inmhianaithe atá sé cothromaíocht chuí inscne a bheith ann agus i gcás níos mó ná ainmniúchán amháin a bheith ag duine nó ag comhlacht faoin alt seo, ainmneoidh an duine nó an comhlacht duine fireann amháin, ar a laghad, agus duine baineann amháin, ar a laghad. | |
| [EN] |
Cuspóirí an Údaráis Cáilíochtaí. |
7. —Is iad seo a leanas cuspóirí an Údaráis Cáilíochtaí: |
| [EN] | (a) creat a bhunú agus a chothabháil, ar creat é chun cáilíochtaí a fhorbairt, a aithint agus a dhámhachtain sa Stát (dá ngairtear “creat cáilíochtaí” san Acht seo), agus a bheidh bunaithe ar chaighdeáin eolais, scile nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí; | |
| [EN] | (b) caighdeáin a bhunú maidir le dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna, agus dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna, Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus ollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997, agus cothabháil agus feabhsú na gcaighdeán sin a chur chun cinn; agus | |
| [EN] | (c) rochtain, aistriú agus forchéimniú a chur chun cinn agus a éascú. | |
| [EN] |
Feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí. |
8. —(1) Is iad feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí gach rud is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh de réir an Achta seo chun cuspóirí an Údaráis Cáilíochtaí a chur ar aghaidh. |
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí— | |
| [EN] | (a) na beartais agus na critéir ar a mbunófar an creat cáilíochtaí a bhunú, | |
| [EN] | (b) oibriú an chreata cáilíochtaí a athbhreithniú, ag féachaint do na cuspóirí a shonraítear in alt 7 , | |
| [EN] | (c) nósanna imeachta a bhunú, i gcomhairle le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna agus le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, maidir le comhlíonadh a bhfeidhmeanna acu agus déanfaidh sé na nósanna imeachta sin a athbhreithniú ó am go ham, | |
| [EN] | (d) na nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú a bheidh le cur i ngníomh ag soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a chinneadh agus foilseoidh sé na nósanna imeachta sin i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, | |
| [EN] | (e) a chinntiú, i gcomhairle le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus le hollscoileanna arna mbunú faoi alt 9 d'Acht 1997, go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír (d) á gcur i ngníomh acu, | |
| [EN] | (f) a éascú d'ollscoileanna na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír (d) a chur i ngníomh agus comhairle a thabhairt dóibh ina thaobh sin, agus cur i ngníomh na nósanna imeachta sin ag ollscoileanna a athbhreithniú, i gcomhairle leis an Údarás, ó am go ham agus in aon chás uair amháin ar a laghad gach cúig bliana, agus torthaí aon athbhreithnithe den sórt sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis, | |
| [EN] | (g) dul i gcomhairle leis an Aire nó le haon Aire eile, de réir mar a bheidh, agus comhairle a thabhairt dó nó di, maidir le cibé nithe i ndáil lena fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire nó aon Aire eile nó is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, agus | |
| [EN] | (h) (i) idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí lasmuigh den Stát a dhéanann dámhachtainí oideachais agus oiliúna chun go n-éascófar aitheantas sa Stát do dhámhachtainí oideachais agus oiliúna a dhéanann na comhlachtaí sin, agus | |
| [EN] | (ii) aitheantas lasmuigh den Stát do dhámhachtainí oideachais agus oiliúna a thugtar sa Stát a éascú. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí an méid seo a leanas, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh— | |
| [EN] | (a) cuirfidh sé é féin ar an eolas i dtaobh na riachtanas oideachais, oiliúna, scileanna agus cáilíochtaí atá ag an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear an leibhéal eolais, scileanna nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí, agus déanfaidh sé cleachtais a fhreastalaíonn do na riachtanais sin a chur chun cinn in oideachas agus oiliúint, | |
| [EN] | (b) cuirfidh sé é féin ar an eolas i dtaobh cleachtas lasmuigh den Stát maidir le nithe is iomchuí i leith a fheidhmeanna, | |
| [EN] | (c) tabharfaidh sé éifeacht do na beartais a bhaineann le hoideachas agus le hoiliúint a ndéanfaidh an tAire, nó aon Aire eile le comhaontú an Aire, iad a bhunú ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, agus fógra a thabhairt ina dtaobh don Údarás Cáilíochtaí, agus | |
| [EN] | (d) rachaidh sé i gcomhairle, de réir mar is cuí leis, le hollscoileanna, le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, le forais aitheanta, leis an bhForas, le CERT, le Teagasc, leis an mBord Iascaigh Mhara, le forais oideachais nó oiliúna arna mbunú ag coiste gairmoideachais, le soláthraithe eile oideachais agus oiliúna, le daoine, nó le comhlachtaí daoine, atá ionadaitheach d'fhostaithe soláthraithe oideachais agus oiliúna nó atá ionadaitheach d'fhoghlaimeoirí, leis an Údarás, leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus le cibé daoine eile nó comhlachtaí eile daoine is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, agus breithneoidh an tÚdarás Cáilíochtaí tuairimí, más ann, na gcomhlachtaí sin chun na nósanna imeachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (d) a chinneadh. | |
| [EN] |
Athbhreithniú ag an Údarás Cáilíochtaí. |
9. —(1) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh a feidhmeanna ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus féadfaidh sé cibé moltaí is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí i ndáil leis an gcomhlíonadh sin a chur faoi bhráid na Comhairle lena mbaineann. |
| [EN] | (2) Déanfaidh Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna na moltaí, más ann, a dhéanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí faoi fho-alt (1) a chur i ngníomh. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (1) a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis. | |
| [EN] |
Cinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí. |
10. —(1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí na nithe seo a leanas a chinneadh— |
| [EN] | (a) an ardoideachas agus oiliúint, nó breisoideachas agus oiliúint, é aon chlár áirithe oideachais agus oiliúna, nó | |
| [EN] | (b) an ar leibhéal dámhachtana breisoideachais agus oiliúna, nó ar leibhéal dámhachtana ardoideachais agus oiliúna, atá an caighdeán eolais, scile nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoir chun críocha dámhachtana. | |
| [EN] | (2) Le linn cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1), beidh aird ag an Údarás Cáilíochtaí, de réir mar is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí— | |
| [EN] | (a) ar an gclár oideachais agus oiliúna lena mbaineann, nó | |
| [EN] | (b) ar an gcaighdeán eolais, scile nó inniúlachta a bheidh bainte amach ag foghlaimeoir, cibé slí inar baineadh amach é, nó | |
| [EN] | (c) ar an gclár oideachais agus oiliúna lena mbaineann agus ar an gcaighdeán eolais, scile nó inniúlachta a bheidh bainte amach ag foghlaimeoir, cibé slí inar baineadh amach é. | |
| [EN] | (3) Measfar, mura gcinnfidh an tÚdarás Cáilíochtaí a mhalairt faoi fho-alt (1), gur breisoideachas agus oiliúint é aon chlár oideachais agus oiliúna a dtagann de go mbaineann foghlaimeoirí amach caighdeán eolais, scile nó inniúlachta nach airde ná an leibhéal ar dá réir a rinne Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais damhachtainí roimh an 3ú lá de Mhárta, 1999. | |
| [EN] |
Deontais. |
11. —(1) Déanfaidh an tAire deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc gach bliain leis an Údarás Cáilíochtaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí deontas nó deontais, ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, a íoc gach bliain le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, as airgead a bheidh faighte aige faoi fho-alt (1). | |
| [EN] | (3) Is ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí a dhéanfar íocaíocht faoi fho-alt (2) le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh. |