An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais) Ar Aghaidh (CUID IV Forálacha a Bhaineann le hAirgeadas agus Foireann an Bhoird)

22 2000

AN tACHT OIDEACHAIS (LEAS), 2000

CUID III

Leas Oideachais agus Freastal Scoile Éigeantach

Clár de pháistí a fhaigheann oideachas in áit seachas scoil.

14. —(1) Déanfaidh an Bord, ar thosach feidhme an ailt seo, a chur faoi deara clár de na leanaí go léir atá ag fáil oideachais in áit seachas scoil aitheanta (dá ngairtear “an clár” ina dhiaidh seo san alt seo) a bhunú agus a chothabháil.

(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás ina roghnóidh tuismitheoir oideachas a thabhairt dá leanbh, nó a chur faoi deara go dtabharfar oideachas dá leanbh, in áit seachas scoil aitheanta, déanfaidh sé nó sí iarratas chuig an mBord, de réir an ailt seo, go gclárófar an leanbh lena mbaineann sa chlár.

(3) Maidir le haon leanbh a mbeidh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, oideachas á thabhairt dó nó di in áit seachas scoil aitheanta, déanfaidh tuismitheoir an linbh sin, i gcás inar mian leis nó léi go leanfar d'oideachas a thabhairt amhlaidh don leanbh, iarratas chuig an mBord, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an tosach feidhme sin, go gclárófar an leanbh lena mbaineann sa chlár.

(4) Maidir le hiarratas faoin alt seo—

(a) beidh sé i scríbhinn,

(b) sonrófar ann an áit ag a bhfaigheann an leanbh an t-oideachas lena mbaineann an t-iarratas, agus

(c) comhlíonfaidh sé cibé ceanglais (más ann) a fhorordóidh an tAire nó a fhorbróidh an Bord le ceadú an Aire.

(5) A luaithe is indéanta tar éis don Bhord iarratas faoin alt seo a fháil, déanfaidh an Bord, d'fhonn a chinneadh an bhfuil oideachas íosta áirithe á fháil ag an leanbh, a chur faoi deara do dhuine údaraithe measúnacht a dhéanamh, i gcomhairle leis an tuismitheoir a rinne an t-iarratas, ar na nithe seo a leanas—

(a) an t-oideachas atá á chur ar fáil, nó a bheartaítear a chur ar fáil, don leanbh,

(b) na hábhair a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, le linn an t-oideachas sin a chur ar fáil, agus

(c) an t-am a chaitear, nó a bheartaítear a chaitheamh, ag cur an oideachais sin ar fáil,

agus más rud é, tar éis dó tuarascáil a fháil faoi fho-alt (8) maidir leis an measúnacht sin, go mbeidh an Bord den tuairim nach féidir leis an ní sin a chinneadh, déanfaidh sé, le toiliú an tuismitheora sin, a chur faoi deara do dhuine údaraithe—

(i) dul isteach san áit ina bhfuil oideachas á thabhairt don leanbh agus an leanbh a fhaire agus é nó í ag fáil an oideachais atá á chur ar fáil dó nó di,

(ii) cibé áitreabh, trealamh agus ábhair a bheidh á n-úsáid le linn oideachas a chur ar fáil don leanbh a iniúchadh, agus

(iii) measúnacht a dhéanamh ar an leanbh, san áit sin nó i cibé áit eile is cuí leis an mBord, i dtaca lena fhorbairt nó lena forbairt intleachtúil, mhothúchánach agus fhisiciúil, lena n-áireofar measúnacht ar eolas agus tuiscint an linbh ar cibé ábhair, agus ar a inniúlacht nó a hinniúlacht i cibé cleachtaí agus disciplíní, is cuí leis an duine údaraithe,

agus gairtear “measúnacht” ina dhiaidh seo san alt seo ar chomhlíonadh aon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear san fho-alt seo ag duine údaraithe.

(6) I gcás inar deimhin leis an mBord, tar éis dó tuarascáil a fháil a bheidh curtha faoina bhráid faoin alt seo i leith linbh ar mac léinn é nó í i scoil seachas scoil aitheanta, go bhfuil an scoil ag cur oideachas íosta áirithe ar fáil do leanaí ar mic léinn iad sa scoil sin féadfaidh sé, gan aon mheasúnachtaí breise a dhéanamh, aon duine nó gach duine de na leanaí sin a chlárú sa chlár, ar choinníoll go gcuireann an scoil lena mbaineann in iúl don Bhord i scríbhinn gur mic léinn sa scoil sin na leanaí lena mbaineann.

(7) Féadfaidh duine údaraithe, i leith linbh chláraithe, measúnachtaí a dhéanamh ag cibé eatraimh (más ann) a shonróidh an Bord, agus dá réir sin beidh feidhm ag fo-alt (5) fairis na modhnuithe is gá.

(8) Déanfaidh duine údaraithe, a luaithe is féidir tar éis measúnacht a chríochnú faoin alt seo, tuarascáil maidir lena fhionnachtana nó lena fionnachtana i ndáil leis an measúnacht sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird.

(9) Déanfaidh an Bord cóip de thuarascáil a gheobhaidh sé faoin alt seo a sheirbheáil ar thuismitheoir an linbh lena mbaineann an tuarascáil agus iarrfaidh sé ar an tuismitheoir sin uiríll a dhéanamh chun an Bhoird maidir leis na nithe lena mbaineann an tuarascáil.

(10) A luaithe is féidir tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil a bheidh curtha faoina bhráid faoin alt seo, i leith linbh lena mbaineann iarratas faoin alt seo, agus ar aon uiríll a bheidh déanta chuige ag tuismitheoir an linbh lena mbaineann, déanfaidh an Bord—

(a) más deimhin leis go bhfuil oideachas íosta áirithe á fháil ag an leanbh lena mbaineann, an leanbh lena mbaineann a chlárú sa chlár, nó

(b) mura deimhin leis amhlaidh—

(i) an leanbh a chlárú sa chlár faoi réir gealltanais ó thuismitheoir an linbh go gcomhlíonfaidh sé nó sí cibé ceanglais de chuid an Bhoird a chinnteoidh, i dtuairim an Bhoird, go bhfaighidh an leanbh oideachas íosta áirithe, nó

(ii) diúltú an leanbh lena mbaineann a chlárú sa chlár.

(11) Is i scríbhinn a bheidh gealltanas a bhfuil feidhm ag mír (b)(i) d'fho-alt (10) maidir leis agus tabharfar é laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Bord.

(12) Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil a bheidh curtha faoina bhráid faoin alt seo i leith linbh chláraithe, agus ar aon uiríll a bheidh déanta chuige ag tuismitheoir an linbh lena mbaineann, déanfaidh an Bord—

(a) mura deimhin leis go bhfuil oideachas íosta áirithe á fháil ag an leanbh—

(i) ainm an linbh a bhaint den chlár, nó

(ii) a cheangal ar thuismitheoir an linbh gealltanas a thabhairt i scríbhinn go gcomhlíonfaidh sé nó sí cibé coinníollacha a chinnteoidh, i dtuairim an Bhoird, go bhfaighidh an leanbh oideachas íosta áirithe,

(b) mura deimhin leis go bhfuil tuismitheoir an linbh ag cloí le gealltanas a tugadh de bhun mhír (b)(i) d'fho-alt (10), nó de bhun mhír (a)(ii) nó ag comhlíonadh ceanglais faoi alt 15(6)(c), ainm an linbh a bhaint den chlár.

(13) I gcás ina mainneoidh nó ina ndiúltóidh tuismitheoir linbh—

(a) a thoiliú nó a toiliú a thabhairt le haghaidh measúnacht de réir fho-alt (5)(7) a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Bord, nó

(b) cibé cabhair a theastóidh ó dhuine údaraithe chun measúnacht a dhéanamh a thabhairt dó nó di,

déanfaidh an Bord—

(i) i gcás iarratais go ndéanfaí an leanbh sin a chlárú sa chlár, diúltú an leanbh a chlárú amhlaidh, nó

(ii) i gcás linbh chláraithe, a ainm nó a hainm a bhaint den chlár a bheidh á chothabháil faoin alt seo.

(14) I gcás ina gcinnfidh an Bord leanbh a chlárú faoi mhír (a) nó (b)(i) d'fho-alt (10), cuirfidh sé faoi deara ainm an linbh agus cibé sonraí eile a fhorordóidh an tAire a thaifeadadh sa chlár agus beidh an leanbh, air sin, cláraithe chun críocha an ailt seo.

(15) Déanfaidh tuismitheoir linbh chláraithe, i gcás ina scoirfidh sonra a bheidh taifeadta sa chlár de réir fho-alt (14) de bheith ceart, an méid sin a chur in iúl don Bhord a luaithe is féidir.

(16) Ní bhainfidh an Bord ainm linbh den chlár ar an aon fhoras amháin go bhfuil an leanbh lena mbaineann á chosc nó á cosc ar oideachas íosta áirithe a fháil de dheasca breoiteachta, cibé acu is de chineál buan nó sealadach í.

(17) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis leanbh atá cláraithe i scoil aitheanta a chlárú faoi mhír (a) nó (b)(i) d'fho-alt (10), an méid sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, do phríomhoide na scoile agus, ar an bhfógra sin a fháil, bainfidh an príomhoide lena mbaineann ainm an linbh den chlár a bheidh á chothabháil faoi alt 20 i leith na scoile lena mbaineann.

(18) Beidh aird ag an mBord, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo, ar cibé treoirlínte a eiseoidh an tAire, nó ar cibé moltaí a dhéanfaidh an tAire, faoi alt 16 .

(19) Níl feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le leanbh a bhfuil oideachas á thabhairt dó nó di i scoil lasmuigh den Stát, nó

(b) maidir le leanbh atá páirteach i gclár oideachais, oiliúna, teagaisc nó taithí oibre arna fhorordú ag an Aire.

(20) (a) San alt seo—

ciallaíonn “duine údaraithe” cigire, oifigeach leasa oideachais nó duine a bheidh ceaptha ag an mBord chun feidhmeanna duine údaraithe faoin alt seo a chomhlíonadh;

ciallaíonn “leanbh cláraithe” leanbh atá, de thuras na huaire, cláraithe sa chlár de réir an ailt seo.

(b) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh i gclárú linbh sa chlár a ainm nó a hainm, agus cibé sonraí eile a bhaineann leis an leanbh agus a chinnfidh an Bord, a thaifeadadh sa chlár.

Achomharc in aghaidh cinnidh ón mBord.

15. —(1) Más rud é, maidir leis an mBord—

(a) go ndiúltóidh sé, de réir mhír (b)(ii) d'fho-alt (10) d'alt 14, leanbh a chlárú sa chlár a bheidh á chothabháil faoin alt sin,

(b) go gcomhaontóidh sé an leanbh a chlárú sa chlár sin de réir mhír (b)(i) den fho-alt (10) sin,

(c) go mbainfidh sé ainm linbh den chlár sin de réir fho-alt (12) den alt sin, nó

(d) go gceanglóidh sé go dtabharfar gealltanas de réir mhír (a)(ii) den fho-alt (12) sin,

(dá ngairtear “cinneadh” ina dhiaidh seo san alt seo), cuirfidh sé an méid sin in iúl, trí fhógra i scríbhinn, do thuismitheoir an linbh lena mbaineann agus féadfaidh tuismitheoir an linbh lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh agus chun na críche sin seirbheálfaidh sé nó sí fógra achomhairc ar an Aire laistigh de 21 lá tar éis dó nó di an fógra céadluaite a fháil.

(2) Is i scríbhinn a bheidh fógra achomhairc faoi fho-alt (1) agus beidh sé i cibé foirm (más ann) a fhorordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh an tAire, laistigh de 14 lá tar éis fógra achomhairc a fháil faoi fho-alt (1), coiste a cheapadh chun achomharc faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh (dá ngairtear “coiste achomhairc” ina dhiaidh seo san alt seo).

(4) Is iad a bheidh ar choiste achomhairc cibé breitheamh den Chúirt Dúiche a ainmneoidh Uachtarán na Cúirte Dúiche, cibé cigire agus cibé duine eile (seachas oifigeach don Aire nó don Bhord) a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(5) Iarrfaidh coiste achomhairc ar thuismitheoir an linbh lena mbaineann, agus ar an duine údaraithe a rinne an tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird faoi fho-alt (8) d'alt 14, aighneachtaí a dhéanamh chuige maidir leis na nithe lena mbaineann an t-achomharc.

(6) Déanfaidh an coiste achomhairc, tar éis dó aon aighneachtaí a bheidh déanta chuige de bhun fho-alt (5) agus an tuarascáil dá dtagraítear san fho-alt sin a bhreithniú—

(a) cinneadh an Bhoird a dhaingniú,

(b) a cheangal ar an mBord an leanbh lena mbaineann a chlárú sa chlár a bheidh á chothabháil faoi alt 14 , nó

(c) a cheangal ar an mBord an leanbh lena mbaineann a chlárú sa chlár sin faoi réir gealltanais ó thuismitheoir an linbh go gcomhlíonfaidh sé nó sí cibé ceanglais is cuí leis an gcoiste achomhairc.

(7) Comhlíonfaidh an Bord ceanglas de chuid coiste achomhairc faoi fho-alt (6).

Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint agus moltaí a dhéanamh.

16. —Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus le cibé daoine eile (más ann) is cuí leis an Aire—

(a) treoirlínte a eisiúint, agus

(b) moltaí de chineál ginearálta a dhéanamh,

chuig an mBord, d'fhonn cabhrú leis an mBord a chinneadh an bhfuil oideachas íosta áirithe á fháil ag leanbh.

Tuismitheoir a chur faoi deara do leanbh freastal ar scoil.

17. —(1) Faoi réir fho-alt (2), cuirfidh tuismitheoir linbh faoi deara don leanbh lena mbaineann freastal ar scoil aitheanta gach lá scoile.

(2) Ní cheanglófar ar leanbh freastal ar scoil aitheanta más rud é—

(a) go bhfuil sé nó sí cláraithe sa chlár a bheidh á chothabháil faoi alt 14 ,

(b) go ndearnadh iarratas faoin alt sin i leith an linbh a sheirbheáil ar an mBord ach nach mbeidh cinneadh déanta ag an mBord i ndáil leis sin, nó go ndearnadh fógra achomhairc faoi alt 15 a sheirbheáil ar an Aire ach nach mbeidh cinneadh déanta ag coiste achomhairc i ndáil leis an achomharc,

(c) gur leanbh é nó í a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) d'alt 14 maidir leis nó léi agus nach mbeidh an tréimhse 3 mhí dá dtagraítear ann dulta in éag,

(d) go bhfuil an leanbh ag freastal go sealadach ar scoil lasmuigh den Stát agus go bhfuil an chúis atá lena neamhfhreastal ar an scoil ina bhfuil sé nó sí cláraithe curtha in iúl ag tuismitheoir an linbh don dara scoil a luaitear,

(e) gur leanbh é nó í dá dtagraítear i bhfo-alt (19) d'alt 14,

(f) go bhfuil oideachas íosta áirithe á fháil aige nó aici de bhun socrú arna dhéanamh ag an mBord faoi alt 27 (2), nó

(g) go bhfuil cúis leordhóthanach éigin eile ann nach bhfuil sé nó sí ag freastal amhlaidh.

Fógra maidir le leanbh a bheith as láthair ón scoil.

18. —I gcás ina mbeidh leanbh as láthair ón scoil ina bhfuil sé nó sí cláraithe ar feadh cuid de lá scoile nó ar feadh lae scoile nó níos mó ná lá scoile, cuirfidh tuismitheoir an linbh sin na cúiseanna go bhfuil an leanbh as láthair in iúl do phríomhoide na scoile, de réir na nósanna imeachta a bheidh sonraithe sa chód iompair a bheidh ullmhaithe ag an scoil faoi alt 23 .

Leanbh a ligean isteach i scoil aitheanta.

19. —(1) Ní dhiúltóidh bord bainistíochta scoile aitheanta leanbh a ligean isteach mar mhac léinn sa scoil sin, ar leanbh é nó í a mbeidh iarratas chun é nó í a ligean isteach amhlaidh déanta ina leith, ach amháin i gcás ina mbeidh an diúltú sin de réir bheartas na scoile aitheanta lena mbaineann, arna fhoilsiú faoi alt 15(2) (d) d'Acht 1998.

(2) Déanfaidh tuismitheoir linbh a mbeidh iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanta aige nó aici cibé faisnéis a fhorordóidh an tAire a chur ar fáil don scoil aitheanta lena mbaineann.

(3) A luaithe is indéanta, ach tráth nach déanaí ná 21 lá, tar éis do thuismitheoir cibé faisnéis a chur ar fáil, de réir fho-alt (2), a fhorordóidh an tAire faoin bhfo-alt sin, déanfaidh bord bainistíochta na scoile lena mbaineann cinneadh i leith an iarratais lena mbaineann agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl i scríbhinn don tuismitheoir.

Cláir scoile.

20. —(1) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo, a chur faoi deara clár de na mic léinn go léir a fhreastalaíonn ar an scoil sin a bhunú agus a chothabháil.

(2) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, an lá a fhreastalóidh an leanbh ar an scoil sin den chéad uair, ainm an linbh, an dáta a fhreastalaíonn sé nó sí amhlaidh den chéad uair agus cibé sonraí eile a fhorordóidh an tAire a thaifeadadh sa chlár a bheidh á chothabháil faoin alt seo i leith na scoile sin agus measfar, chun críocha an Achta seo, an leanbh lena mbaineann a bheith cláraithe sa scoil sin amhail ar an agus ón dáta sin.

(3) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, a luaithe is féidir tar éis ainm linbh atá cláraithe i scoil aitheanta eile a chlárú sa chlár a bheidh á chothabháil faoin alt seo i leith na chéad scoile a luaitear, an méid sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, do phríomhoide an dara scoil a luaitear.

(4) Déanfaidh príomhoide an dara scoil a luaitear agus dá dtagraítear i bhfo-alt (3), ar fhógra faoin bhfo-alt sin a fháil, ainm an linbh lena mbaineann a bhaint den chlár a bheidh á chothabháil faoin alt seo i leith an dara scoil sin a luaitear ach amháin i gcás ina leanfaidh an leanbh de bheith ag fáil cuid dá oideachas nó dá hoideachas sa scoil sin.

(5) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, ar fhógra faoi fho-alt (3) a fháil i leith linbh, na nithe seo a leanas a chur in iúl do phríomhoide na chéad scoile a luaitear san fho-alt sin—

(a) aon fhadhbanna i ndáil le freastal scoile a bhí ag an leanbh lena mbaineann le linn dó nó di a bheith ag freastal ar an dara scoil a luaitear agus dá dtagraítear ann, nó

(b) cibé nithe eile is cuí leis nó léi i ndáil le dul chun cinn oideachasúil an linbh.

(6) Ní bhainfidh príomhoide scoile aitheanta ainm linbh den chlár seachas—

(a) de réir fho-alt (4), nó

(b) i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn faighte aige nó aici ón mBord á rá go bhfuil an leanbh lena mbaineann cláraithe sa chlár a bheidh á chothabháil faoi alt 14 .

Taifid freastail scoile.

21. —(1) Cuirfidh príomhoide scoile aitheanta faoi deara go ndéanfar taifead ar fhreastal nó ar neamhfhreastal, gach lá scoile, ag gach mac léinn atá cláraithe sa scoil, a chothabháil i leith gach scoilbhliana.

(2) Sonrófar an méid seo a leanas i dtaifead a chothabhálfar faoi fho-alt (1), is é sin le rá:

(a) i gcás ina bhfreastalóidh mac léinn ar an scoil lena mbaineann ar lá scoile, gur fhreastail sé nó sí amhlaidh, nó

(b) i gcás ina mainneoidh mac léinn freastal amhlaidh, gur mhainnigh sé nó sí amhlaidh agus na cúiseanna a bhí leis an mainneachtain sin.

(3) Déanfar taifead a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis a chothabháil sa scoil aitheanta lena mbaineann agus beidh sé i cibé foirm a shonróidh an Bord.

(4) Más rud é—

(a) go gcuirfear mac léinn ar fionraí ó scoil aitheanta ar feadh tréimhse nach giorra ná 6 lá,

(b) nach lú ná 20 líon comhiomlán na laethanta scoile ar a mbeidh mac léinn as láthair ó scoil aitheanta le linn scoilbhliana,

(c) go ndéanfaidh príomhoide na scoile lena mbaineann, ar chúis ar bith, ainm mic léinn a bhaint den chlár dá dtagraítear in alt 20 ,

(d) nach bhfuil mac léinn, i dtuairim phríomhoide na scoile aitheanta ina bhfuil sé nó sí cláraithe, ag freastal ar scoil go rialta,

cuirfidh príomhoide na scoile lena mbaineann an méid sin in iúl láithreach, trí fhógra i scríbhinn, d'oifigeach leasa oideachais.

(5) Ar fhógra faoi fho-alt (4) a fháil, déanfaidh oifigeach leasa oideachais an méid seo a leanas—

(a) rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an mac léinn lena mbaineann, lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí, leis an bpríomhoide agus le cibé daoine eile is cuí leis nó léi, agus

(b) déanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil le haghaidh oideachas leantach an linbh agus le haghaidh rannpháirtíocht iomlán an linbh ar scoil.

(6) Déanfaidh bord bainistíochta scoile aitheanta, tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis dheireadh gach scoilbhliana, tuarascáil a chur faoina mbráid seo a leanas—

(a) an t-oifigeach leasa oideachais a mbeidh feidhmeanna faoin Acht seo i ndáil leis an scoil sin sannta dó nó di, agus

(b) cumann tuismitheoirí na scoile aitheanta lena mbaineann arna bhunú faoi alt 26 d'Acht 1998 (i gcás inar bunaíodh amhlaidh é),

maidir leis na leibhéil freastail ar an scoil sin le linn na scoilbhliana díreach roimhe sin.

(7) Beidh tuarascáil faoi fho-alt (6) i cibé foirm, agus comhlíonfaidh sí cibé ceanglais, a chinnfidh an Bord.

(8) Féadfaidh oifigeach leasa oideachais, le linn aon lá scoile, dul isteach i scoil aitheanta agus an clár a bheidh á chothabháil sa scoil sin faoi alt 20 nó taifead a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis a iniúchadh, agus cóipeanna a dhéanamh de shleachta as an gclár nó as an taifead sin.

(9) Chun críocha an ailt seo measfar nach bhfuil mac léinn as láthair ón scoil i gcás ina bhfuil aon tréimhse asláithreachta údaraithe ag an bpríomhoide agus go mbaineann sí le gníomhaíochtaí a bheidh eagraithe ag an scoil nó a bhfuil baint ag an scoil leo.

Straitéisí freastail scoile.

22. —(1) Déanfaidh bord bainistíochta scoile aitheanta, tar éis dul i gcomhairle le príomhoide na scoile sin, leis na múinteoirí atá ag múineadh inti, le tuismitheoirí mac léinn atá cláraithe inti, agus leis an oifigeach leasa oideachais a mbeidh feidhmeanna i ndáil léi sannta dó nó di, ráiteas a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird maidir leis na straitéisí agus leis na bearta a bheartaíonn sé a ghlacadh chun meas ar an bhfoghlaim a chothú i measc mac léinn atá ag freastal ar an scoil sin agus chun freastal rialta ar scoil ar thaobh na mac léinn sin a spreagadh (dá ngairtear “ráiteas straitéise” ina dhiaidh seo san alt seo).

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfar foráil i ráiteas straitéise maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) luaíocht a thabhairt do mhic léinn a bhfuil taifid freastail scoile maithe acu;

(b) mic léinn a bhfuil an baol ann go bhforbróidh fadhbanna freastail scoile iontu a aithint go luath;

(c) teagmhálacha níos dlúithe a bhunú idir an scoil lena mbaineann agus teaghlaigh mac léinn a bhfuil feidhm ag mír (b) maidir leo;

(d) an scoil do chothú, do chur chun cinn agus do bhunú teagmhálacha—

(i) le scoileanna eile a chuireann bunoideachas nó iarbhunoideachas ar fáil,

(ii) le comhlachtaí a bhíonn ag gabháil do chláir oibre don aos óg nó do sheirbhísí a bhaineann leo sin a chur ar fáil, nó a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí spóirt nó cultúir a eagrú, agus

(iii) le cibé comhlachtaí eile is cuí leis an mbord bainistíochta agus atá laistigh den limistéar ina bhfuil an scoil lena mbaineann suite;

(e) a mhéid is indéanta, cláir ghníomhaíochtaí a fhorbairt, tar éis dul i dteagmháil leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír (d), ar cláir iad a bheidh ceaptha chun rannpháirtíocht iomlán mac léinn i saol na scoile a spreagadh;

(f) a mhéid is indéanta, cláir a chomhordú le scoileanna eile, ar cláir iad arb aidhm dóibh dea-iompar a chur chun cinn i measc mac léinn agus freastal rialta ar scoil ag mic léinn a spreagadh, agus faisnéis i ndáil le nithe a bhaineann le hiompar agus le freastal scoile a mhalartú leis na scoileanna sin;

(g) na nithe seo a leanas a aithint—

(i) gnéithe d'oibriú agus de bhainistíocht na scoile agus de mhúineadh an churaclaim scoile a d'fhéadfadh cur le fadhbanna a bhaineann le freastal scoile ar thaobh mac léinn áirithe, agus

(ii) straitéisí—

(I) chun deireadh a chur leis na gnéithe sin a mhéid nach bhfuil siad riachtanach ná fóirsteanach chun an scoil a reáchtáil go cuí agus go héifeachtach ag féachaint, go háirithe, do riachtanais oideachais mac léinn, agus

(II) a spreagfaidh freastal níos rialta ar scoil ar thaobh na mac léinn sin.

(3) Beidh aird ag bord bainistíochta scoile aitheanta, le linn dó ráiteas straitéise a ullmhú, ar cibé treoirlínte a eiseoidh an Bord maidir le ráiteas straitéise a ullmhú agus a chur in éifeacht.

(4) Maidir le ráiteas straitéise a bheidh ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Bhoird ag bord bainistíochta scoile aitheanta de réir fho-alt (1), déanfaidh an bord bainistíochta sin é a chur i gcrích de réir a théarmaí.

(5) Féadfaidh bord bainistíochta scoile aitheanta, le toiliú an Aire, agus d'fhonn éifeacht a thabhairt do ráiteas straitéise a bheidh ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Bhoird aige de réir an ailt seo, cibé múinteoirí agus cibé líon múinteoirí atá fostaithe aige, agus is cuí leis, a cheapadh chun idirchaidreamh a dhéanamh le tuismitheoirí mac léinn atá cláraithe sa scoil lena mbaineann agus chun cibé cabhair is cuí leis an mbord bainistíochta lena mbaineann a thabhairt do theaghlaigh na mac léinn sin.

(6) Féadfaidh dhá bhord bainistíochta, nó níos mó, de chuid scoileanna aitheanta, más cuí leo, cur i gcrích na ráiteas straitéise a bheidh ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Bhoird acu, de réir fho-alt (1), a chomhordú agus comhoibriú lena chéile chun é sin a dhéanamh.

(7) Eiseoidh an Bord treoirlínte chuig boird bhainistíochta scoileanna aitheanta chun críocha an ailt seo.

(8) Déanfar an ráiteas straitéise a bheidh ullmhaithe ag bord bainistíochta scoile aitheanta a áireamh sa phlean a ullmhóidh sé faoi alt 21 d'Acht 1998.

Cód iompair.

23. —(1) Déanfaidh bord bainistíochta scoile aitheanta, tar éis dul i gcomhairle le príomhoide na scoile sin, leis na múinteoirí atá ag múineadh inti, le tuismitheoirí mac léinn atá cláraithe inti, agus leis an oifigeach leasa oideachais a mbeidh feidhmeanna i ndáil léi sannta dó nó di, cód iompair i leith na mac léinn atá cláraithe sa scoil (dá ngairtear “cód iompair” ina dhiaidh seo san alt seo) a ullmhú de réir fho-alt (2).

(2) Sonrófar na nithe seo a leanas i gcód iompair—

(a) na caighdeáin iompair a bheidh le hurramú ag gach mac léinn atá ag freastal ar an scoil;

(b) na bearta a fhéadfar a dhéanamh nuair a mhainneoidh nó nuair a dhiúltóidh mac léinn na caighdeáin sin a urramú;

(c) na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula bhféadfar mac léinn a chur ar fionraí nó a dhíbirt as an scoil lena mbaineann;

(d) na forais chun deireadh a chur le fionraí a forchuireadh i ndáil le mac léinn; agus

(e) na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i ndáil le fógra maidir le leanbh a bheith as láthair ón scoil.

(3) Ullmhófar cód impair de réir cibé treoirlínte a eiseoidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí.

(4) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, sula gcláróidh sé nó sí leanbh mar mhac léinn sa scoil sin de réir alt 20 , cóip den chód iompair i leith na scoile a chur ar fáil do thuismitheoirí an linbh sin agus féadfaidh sé nó sí, mar choinníoll a ghabhann leis an leanbh sin a chlárú amhlaidh, a cheangal ar a thuismitheoirí nó ar a tuismitheoirí a dhaingniú i scríbhinn go bhfuil an cód iompair a chuirtear ar fáil amhlaidh inghlactha acu agus go ndéanfaidh siad gach iarracht réasúnach chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an leanbh an cód sin.

(5) Déanfaidh príomhoide scoile aitheanta, ar mhac léinn atá cláraithe sa scoil nó ar thuismitheoir mic léinn den sórt sin iarraidh a dhéanamh, cóip den chód iompair i leith na scoile lena mbaineann a chur ar fáil don mhac léinn nó don tuismitheoir, de réir mar a bheidh.

Mac léinn a dhíbirt as scoil aitheanta.

24. —(1) I gcás ina mbeidh bord bainistíochta scoile aitheanta nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann den tuairim gur chóir mac léinn a dhíbirt as an scoil sin déanfaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí an mac léinn a dhíbirt amhlaidh, an tuairim atá aige nó aici agus na cúiseanna atá leis an tuairim sin a chur in iúl i scríbhinn don oifigeach leasa oideachais a mbeidh feidhmeanna faoin Acht seo sannta dó nó di.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach leasa oideachais lena mbaineann, a luaithe is féidir tar éis fógra a fháil faoi fho-alt (1), gach iarracht réasúnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil le haghaidh oideachas leantach an mhic léinn lena mbaineann an fógra.

(3) Chun críocha fho-alt (2), déanfaidh an t-oifigeach leasa oideachais lena mbaineann, a luaithe is féidir tar éis an fógra sin a fháil—

(a) gach iarracht réasúnach chun dul i gcomhairle le príomhoide na scoile lena mbaineann nó le duine a bheidh ainmnithe aige nó aici, leis an mac léinn lena mbaineann agus lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí, agus le cibé daoine eile is cuí leis an oifigeach leasa oideachais, agus

(b) cruinniú a thionól, ar a bhfreastalóidh sé nó sí, de cibé daoine díobh sin a aontóidh freastal ar an gcruinniú sin.

(4) Ní dhéanfar mac léinn a dhíbirt as scoil sula mbeidh 20 lá scoile caite tar éis d'oifigeach leasa oideachais fógra a fháil faoin alt seo.

(5) Ní dochar fo-alt (4) do cheart boird bainistíochta cibé bearta réasúnacha eile is cuí leis a dhéanamh chun a chinntiú go gcoinneofar dea-ord agus smacht sa scoil lena mbaineann agus go n-áiritheofar sábháilteacht na mac léinn.

Fógra freastail scoile.

25. —(1) Faoi réir alt 17 (2), déanfaidh an Bord, má bhíonn sé den tuairim go bhfuil tuismitheoir ag mainneachtain nó ag failliú a chur faoi deara dá leanbh freastal ar scoil aitheanta de réir an Achta seo, fógra (dá ngairtear “fógra freastail scoile” ina dhiaidh seo san alt seo) a sheirbheáil ar an tuismitheoir sin—

(a) á cheangal air nó uirthi ar dhul in éag do cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, a chur faoi deara dá leanbh, a bheidh ainmnithe san fhógra, freastal ar cibé scoil aitheanta a bheidh sonraithe san fhógra, agus freastal ansin gach lá scoile ar a mbeidh an fógra i bhfeidhm, agus

(b) á chur in iúl dó nó di go mbeidh sé nó sí ciontach i gcion má mhainníonn sé nó sí ceanglas faoi mhír (a) a chomhlíonadh.

(2) Fanfaidh fógra freastail scoile faoin alt seo i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó go dtí go ndéanfaidh an Bord é a chúlghairm.

(3) Sula ndéanfaidh an Bord fógra freastail scoile déanfaidh sé, ar cibé modh is cuí leis, gach iarracht réasúnach chun dul i gcomhairle leis na daoine seo a leanas—

(a) tuismitheoirí an linbh lena mbaineann, agus

(b) príomhoide na scoile aitheanta a bheartaíonn an Bord a shonrú san fhógra sin,

agus, nuair a shonróidh sé scoil aitheanta amhlaidh, beidh aird aige, a mhéid is indéanta, ar an roghnachas (más ann) a bheidh curtha in iúl ag na tuismitheoirí sin.

(4) Aon duine a sháróidh ceanglas i bhfógra freastail scoile beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4) beidh sé nó sí, ar gach lá tar éis é nó í a chiontú sa chion sin a leanfaidh sé nó sí de cheanglas san fhógra freastail scoile lena mbaineann an cion sin a shárú, ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.

(6) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo is cosaint é do thuismitheoir a shuíomh go ndearna sé nó sí gach iarracht réasúnach chun a chur faoi deara don leanbh lena mbaineann na himeachtaí freastal ar scoil aitheanta de réir an Achta seo.

(7) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo is ar an gcosantóir a bheidh an dualgas a chruthú—

(a) nach leanbh é nó í an duine lena mbaineann an t-ionchúiseamh,

(b) faoi alt 17 (2)(d) nó (g) nach gceanglaítear ar an leanbh lena mbaineann an t-ionchúiseamh freastal ar scoil aitheanta, nó

(c) go bhfuil oideachas á thabhairt don leanbh lena mbaineann an t-ionchúiseamh lasmuigh den Stát.

(8) Más rud é, maidir le tuismitheoir—

(a) go gciontófar é nó í i gcion faoin alt seo, nó

(b) in imeachtaí mar gheall ar chion den sórt sin, go suífidh sé nó sí, de réir fho-alt (6), go ndearna sé nó sí gach iarracht den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin,

cuirfidh an Bord an méid sin in iúl láithreach i scríbhinn do bhord sláinte an limistéir ina bhfuil cónaí ar an tuismitheoir sin.

Ceart an Bhoird cinneadh ó bhord bainistíochta faoi alt 29 d'Acht 1998 a achomharc etc.

26. —(1) Féadfaidh an Bord achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh a bhfuil feidhm ag mír (a) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 29 d'Acht 1998 maidir leis agus, dá réir sin, déanfar tagairt san fho-alt sin (1) do “tuismitheoir an mhic léinn” nó do “mac léinn” a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Bhord.

(2) Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1998 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(4A) Féadfaidh an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais, le linn achomharc a bheidh tionscanta ag tuismitheoir nó ag mac léinn in aghaidh cinnidh a bhfuil feidhm ag mír (a) nó (c) d'fho-alt (1) maidir leis a éisteacht, cibé aighneachtaí (cibé acu i scríbhinn nó ó bhéal) is cuí leis a dhéanamh chuig an gcoiste achomhairc.”.

Dualgais ilghnéitheacha an Bhoird i ndáil le leanaí áirithe agus le tuismitheoirí leanaí áirithe.

27. —(1) I gcás ina seasfaidh coiste achomhairc arna cheapadh faoi alt 29 d'Acht 1998 le cinneadh a bhfuil feidhm ag mír (a) nó (c) den alt sin maidir leis nó i gcás nach dtionscnófar aon achomharc in aghaidh cinnidh den sórt sin, déanfaidh an Bord gach iarracht réasúnach chun a chur faoi deara an leanbh lena mbaineann an cinneadh áirithe a rollú i scoil aitheanta eile.

(2) I gcás ina mainneoidh an Bord, tar éis dó gach iarracht réasúnach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhéanamh, a chur faoi deara an leanbh lena mbaineann a rollú i scoil aitheanta eile, déanfaidh sé, le toiliú thuismitheoirí an linbh agus an Aire, cibé socruithe eile is cuí leis chun a chinntiú go bhfaighidh an leanbh oideachas íosta áirithe agus déanfaidh sé faireachán ar dhul chun cinn oideachas an linbh.

(3) Aon tuismitheoir a bhfuil fadhbanna aige nó aici i dtaca lena chinntiú go bhfreastalaíonn a leanbh ar scoil go rialta, féadfaidh sé nó sí comhairle agus cabhair an Bhoird a iarraidh i ndáil leis sin, agus déanfaidh an Bord, ar iarraidh den sórt sin a fháil, gach comhairle agus cabhair is cuí leis a thabhairt don tuismitheoir lena mbaineann.

Sonraí pearsanta etc. a sholáthar do chomhlachtaí forordaithe.

28. —(1) Féadfaidh rialaitheoir sonraí comhlachta fhorordaithe sonraí pearsanta a bheidh á gcoimeád aige nó aici, nó faisnéis arna baint as sonraí den sórt sin, a sholáthar do rialaitheoir sonraí comhlachta fhorordaithe eile más deimhin leis nó léi gur chun críche iomchuí, agus chuige sin amháin, a úsáidfear iad.

(2) Féadfaidh rialaitheoir sonraí comhlachta fhorordaithe, chun críche iomchuí agus chuige sin amháin, sonraí pearsanta a sholáthrófar dó nó di faoin alt seo a choimeád agus a úsáid.

(3) San alt seo—

tá le “rialaitheoir sonraí” agus “sonraí pearsanta” na bríonna a shanntar dóibh leis an Acht um Chosaint Sonraí, 1988 ;

ciallaíonn “comhlacht forordaithe” comhlacht a bheidh forordaithe ag an Aire;

ciallaíonn “chun críche iomchuí”—

(a) chun stair oideachais nó oiliúna duine a thaifeadadh, nó chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn oideachasúil nó oiliúna an duine sin, d'fhonn a fháil amach conas is fearr is féidir cabhrú leis nó léi leas a bhaint as deiseanna oideachais nó oiliúna nó a lánphoitéinseal oideachasúil a fhorbairt, nó

(b) chun taighde a dhéanamh—

(i) ar a mhéid a chuireann daoine, a bhfuil oideachas íosta áirithe á fháil nó faighte acu, iad féin i láthair i gcomhair scrúduithe a bhfuil feidhm ag Cuid VIII d'Acht 1998 maidir leo, agus mar a chruthaíonn daoine a chuireann iad féin i láthair amhlaidh sna scrúduithe sin,

(ii) ar a mhéid a ghlacann daoine a bhfuil oideachas íosta áirithe faighte acu tuilleadh páirte i gcláir oideachais, oiliúna nó teagaisc, nó

(iii) ar éifeachtacht clár oideachais nó oiliúna i gcoitinne.

Clár de dhaoine óga atá i bhfostaíocht.

29. —(1) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis don alt seo teacht i ngníomh, a chur faoi deara clár de dhaoine óga (dá ngairtear “an clár” ina dhiaidh seo san alt seo) a bhunú agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh aon duine óg iarratas a dhéanamh chuig an mBord chun é nó í a chlárú sa chlár.

(3) Aon leanbh a scoirfidh, ag deireadh scoilbhliana, de bheith ina leanbh chun críocha an Achta seo, féadfaidh sé nó sí, le linn na scoilbhliana sin, iarratas a dhéanamh chuig an mBord chun é nó í a chlárú sa chlár.

(4) Beidh iarratas faoin alt seo i cibé foirm agus beidh cibé sonraí ann a fhorordóidh an tAire.

(5) Déanfaidh an Bord, a luaithe is indéanta tar éis dó iarratas a fháil faoin alt seo, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an leanbh nó leis an duine óg lena mbaineann, lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí agus le cibé daoine eile is cuí leis an mBord, plean a ullmhú chun cabhrú leis an leanbh nó leis an duine óg sin, de réir mar a bheidh, leas a bhaint as deiseanna oideachais agus oiliúna, agus déanfaidh sé, chun a chinntiú go gcuirfear an plean sin i gcrích, gach cabhair eile den sórt sin is cuí leis a thabhairt don leanbh nó don duine óg sin agus dá thuismitheoirí nó dá tuismitheoirí.

(6) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis dó plean a ullmhú faoi fho-alt (5)

(a) ainm an linbh nó an duine óig lena mbaineann, sonraí an phlean agus cibé sonraí eile is cuí leis an mBord, a thaifeadadh sa chlár, agus

(b) deimhniú clárúcháin a eisiúint chuig an leanbh sin nó chuig an duine óg sin, de réir mar a bheidh (dá ngairtear “deimhniú” ina dhiaidh seo san alt seo), ina mbeidh cibé sonraí is cuí leis an mBord.

(7) Más é tuairim an Bhoird go bhfuil duine óg, ar eisíodh deimhniú chuige nó chuici, ag mainneachtain gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun an plean a ullmhaíodh dó nó di faoi fho-alt (5) a chur i gcrích, féadfaidh sé, más deimhin leis nach mbeadh sé ar mhaithe le leas an duine óig leanúint i bhfostaíocht gan leanúint freisin den phlean a chur i gcrích, an deimhniú a eisíodh chuige nó chuici a tharraingt siar.

(8) Sula dtarraingeoidh an Bord siar deimhniú faoi fho-alt (7) déanfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn—

(a) a chur in iúl don duine óg lena mbaineann, dá thuismitheoirí nó dá tuismitheoirí agus dá fhostóir nó dá fostóir go bhfuil sé ar intinn aige an deimhniú a eisíodh chuige nó chuici a tharraingt siar, agus

(b) a iarraidh ar an duine óg lena mbaineann agus ar a thuismitheoirí nó ar a tuismitheoirí, laistigh de 21 lá ón bhfógra a sheirbheáil, uiríll a dhéanamh chun an Bhoird maidir leis an ní,

agus cuirfidh an Bord aon uiríll den sórt sin san áireamh le linn dó cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an ní.

(9) Ní fhostóidh fostóir duine óg ar aon obair mura sealbhóir é nó í an duine óg ar dheimhniú bailí, agus déanfaidh agus coimeádfaidh an fostóir cóip de gach deimhniú den sórt sin.

(10) Déanfaidh fostóir, a luaithe is indéanta ach in aon chás tráth nach déanaí ná mí tar éis don duine óg lena mbaineann tosú i bhfostaíocht leis an bhfostóir, an méid sin a chur in iúl don Bhord trí fhógra i scríbhinn, agus coimeádfaidh an fostóir cóip den fhógra sin.

(11) Déanfaidh fostóir, ar iarraidh chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici ag oifigeach leasa oideachais, cóip de dheimhniú nó d'fhógra faoi fho-alt (10) a bhaineann le cibé duine óg a shonróidh an t-oifigeach leasa oideachais a thabhairt ar aird don oifigeach leasa oideachais.

(12) Beidh, i bhfógra faoi fho-alt (10), cibé sonraí a fhorordóidh an tAire.

(13) Sula bhforordóidh sé nó sí aon ní faoin alt seo, déanfaidh an tAire an méid seo a leanas—

(a) rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,

(b) rachaidh sé nó sí i gcomhairle le cibé ionadaithe d'fhostóirí agus le cibé ionadaithe d'fhostaithe is cuí leis an Aire, le comhthoiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, agus

(c) foilseoidh sé nó sí, i cibé slí is cuí leis an Aire, fógra i dtaobh é a bheith ar intinn aige nó aici a fhorordú amhlaidh, agus ceadóidh sé nó sí d'aon duine uiríll a dhéanamh, laistigh de 21 lá ón bhfoilsiú sin, i ndáil leis na rialacháin bheartaithe.

(14) Aon fhostóir a sháróidh fo-alt (9)(10) nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh iarraidh faoi fho-alt (11) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air nó uirthi.

(15) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (14) beidh sé nó sí, ar gach lá a leanfaidh sé nó sí den sárú lena mbaineann an cion sin tar éis é nó í a chiontú sa chion sin, ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(16) Níl feidhm ag an alt seo maidir le duine óg—

(a) atá cláraithe i scoil aitheanta,

(b) atá ag gabháil do chúrsa staidéir (de réir bhrí Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 ), nó a bhfuil cúrsa den sórt sin críochnaithe aige nó aici (tar éis cibé caighdeán a bheidh forordaithe ag an Aire a bhaint amach), nó

(c) atá ag gabháil do chlár forordaithe oideachais, oiliúna nó teagaisc arna fhorordú ag an Aire, nó a bhfuil clár den sórt sin críochnaithe aige nó aici (tar éis cibé caighdeán a bheidh forordaithe ag an Aire a bhaint amach).

(17) San alt seo—

tá le “fostaí” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1996;

tá le “fostóir” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1996;

ciallaíonn “duine óg” duine (seachas leanbh) ag a bhfuil aois a bheidh forordaithe ag an Aire ach ní fholóidh sé duine a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici.

Feidhmeanna oifigeach leasa oideachais.

30. —(1) Féadfaidh oifigeach leasa oideachais, chun críocha alt 29 , gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach, faoi réir fho-alt (5), in aon áitreabh nó áit a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil aon duine óg fostaithe le hobair ann nó a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhfuil duine óg fostaithe chun iad a sheoladh á dtreorú nó á rialú uaidh nó uaithi (cibé acu i gcoitinne nó i leith nithe áirithe),

(b) cibé scrúdú nó fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forálacha alt 29 á gcomhlíonadh i leith aon duine óig atá fostaithe in aon áitreabh nó áit den sórt sin nó i leith aon duine óig a bhfuil na gníomhaíochtaí réamhráite dá chuid nó dá cuid á dtreorú nó á rialú ó aon áitreabh nó áit den sórt sin,

(c) a cheangal ar fhostóir aon duine óig nó ar ionadaí an fhostóra sin aon taifid a cheanglaítear ar an bhfostóir sin a choimeád a thabhairt ar aird dó nó di, agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh d'iontrálacha atá sna taifid sin (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóip den fhaisnéis sin, nó cóip de shliocht as an bhfaisnéis sin, i mbuanfhoirm inléite),

(d) a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige nó aici chun a chreidiúint gur fostaí, nó gur fostóir de chuid aon fhostaí, atá nó a bhí ann nó inti cibé faisnéis a thabhairt a iarrfaidh an t-oifigeach leasa oideachais le réasún,

(e) aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige nó aici chun a chreidiúint gur fostóir nó gur fostaí atá nó a bhí ann nó inti a cheistiú maidir le haon nithe faoi alt 29 agus a cheangal air nó uirthi freagra a thabhairt ar cibé ceisteanna (seachas ceisteanna a d'ionchoireodh é nó í) a chuirfidh an t-oifigeach air nó uirthi i ndáil leis na nithe sin agus dearbhú a dhéanamh go bhfuil na freagraí ar na ceisteanna sin fíor.

(2) Ní rachaidh oifigeach leasa oideachais isteach i dteaghais phríobháideach (seachas cuid de theaghais a úsáidtear mar áit oibre)—

(a) gan toiliú an áititheora, nó

(b) de réir barántais arna eisiúint faoi fho-alt (5).

(3) I gcás ina gcoiscfear ar oifigeach leasa oideachais, i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo, dul isteach in aon áitreabh, féadfar iarratas a dhéanamh ar bharántas faoi fho-alt (5) á údarú dul isteach amhlaidh.

(4) Féadfaidh oifigeach leasa oideachais, má mheasann sé nó sí é a bheith riachtanach, comhalta den Gharda Síochána a bheith ina theannta nó ina teannta nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar d'oifigeach leasa oideachais leis an alt seo á feidhmiú aige nó aici.

(5) Ar iarratas ó oifigeach leasa oideachais, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, más deimhin leis nó léi go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis a theastaíonn ó oifigeach leasa oideachais faoin alt seo á sealbhú in aon áitreabh nó in aon chuid d'aon áitreabh, barántas a eisiúint á údarú d'oifigeach leasa oideachais ainmnithe, agus cibé oifigigh leasa oideachais eile nó comhaltaí den Gharda Síochána is gá in éineacht leis nó léi, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ón dáta a eiseofar an barántas, ar an mbarántas a thabhairt ar aird (má iarrtar amhlaidh air nó uirthi é), dul isteach san áitreabh (trí forneart réasúnach a úsáid más gá) agus gach ceann nó aon cheann d'fheidhmeanna oifigigh leasa oideachais faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh.

(6) Aon duine—

(a) a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach leasa oideachais le linn dó nó di aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach leasa oideachais faoin alt seo a fheidhmiú,

(b) a dhiúltóidh aon taifead a thabhairt ar aird a cheanglóidh oifigeach leasa oideachais go dleathach air nó uirthi a thabhairt ar aird,

(c) a thabharfaidh ar aird, nó a chuirfidh faoi deara go dtabharfar ar aird, nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird, d'oifigeach leasa oideachais aon taifead atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nuair is eol dó nó di é a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh,

(d) a thabharfaidh d'oifigeach leasa oideachais aon fhaisnéis atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nuair is eol dó nó di í a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh, nó

(e) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon cheanglas dleathach ó oifigeach leasa oideachais faoi fho-alt (1)(c) a chomhlíonadh,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Leasú ar Acht 1996.

31. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1996—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh”:

“ciallaíonn ‘leanbh’ duine nach bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici;”,

(b) tríd an míniú ar “aois fágála scoile” a scriosadh, agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “duine óg”:

“ciallaíonn ‘duine óg’ duine a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici ach nach bhfuil 18 bliana d'aois slánaithe aige nó aici.”.