Ar Aghaidh (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta )

7 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2008


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Léiriú (ginearálta).

3 . Srian ginearálta ar chúnamh a sholáthar.

4 . Stát ainmnithe.

5 . Feidhm dlí a bheith ag Airteagail áirithe de Choinbhinsiún 2000 agus den Dara Prótacal Breise.

6 . Iarrataí (ginearálta).

7 . Fianaise a tharchur chuig stát ainmnithe (ginearálta).

8 . Údarás Lárnach.

9 . Malartú spontáineach faisnéise.

10 . Aisghairm.

11 . Cosaint.

CUID 2

Faisnéis faoi Idirbhearta Airgeadais chun críocha Imscrúdaithe Choiriúil

12 . Léiriú (Cuid 2).

Faisnéis faoi idirbhearta airgeadais ar faisnéis í atá le húsáid sa Stát

13 . Ordú um fhaisnéis chuntais agus ordú um fhaireachán cuntais.

14 . Iarraidh chuig stát ainmnithe ar fhaisnéis faoi idirbhearta airgeadais.

Faisnéis faoi idirbhearta airgeadais ar faisnéis í atá le húsáid i stát ainmnithe

15 . Iarraidh ó stát ainmnithe ar fhaisnéis faoi idirbhearta airgeadais.

16 . Gníomhú tar éis iarraidh a fháil.

17 . Ordú um fhaisnéis chuntais agus ordú um fhaireachán cuntais ar scór iarrata.

18 . Faisnéis a fhaightear a tharchur chuig údarás iarrthach.

19 . Fógra faoi imscrúduithe ionchasacha breise a chur in iúl don údarás iarrthach.

Forlíontach

20 . Ordú um fhaisnéis chuntais nó ordú um fhaireachán cuntais a athrú nó a urscaoileadh.

21 . Cionta faoin gCuid seo.

CUID 3

Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh

Réamhráiteach

22 . Léiriú (Cuid 3).

Iarrataí ar thascradh i gcás inar gá cúnamh teicniúil

23 . Iarraidh chuig ballstát ar thascradh.

24 . Iarraidh chuig an Stát ar thascradh.

25 . Gníomhú tar éis iarraidh a fháil.

Fógraí faoi thascarthaí eile

26 . Fógra a thabhairt don bhallstát maidir le tascradh.

27 . Fógra ó bhallstát maidir le tascradh.

Ilghnéitheach

28 . Teachtaireachtaí teileachumarsáide a thascradh go neamhdhíreach.

29 . Feidhm Acht 1993 i ndáil leis an gCuid seo.

30 . Leasú ar alt 110 d’Acht 1983.

CUID 4

Maoin a Chalcadh, a Choigistiú agus a Fhorghéilleadh

Caibidil 1

Léiriú

31 . Léiriú (Cuid 4).

Caibidil 2

Maoin a chalcadh

32 . Ordú calctha i ndáil le fianaise.

33 . Ordú calctha a tharchur lena fhorfheidhmiú lasmuigh den Stát.

34 . Orduithe calctha seachtracha a tharchur chuig an Stát lena bhforfheidhmiú.

35 . Orduithe calctha seachtracha a aithint agus a fhorfheidhmiú.

36 . Feidhm, etc., orduithe um chomhar i dtaca le calcadh.

37 . Clárú orduithe um chomhar i dtaca le calcadh.

38 . An Ard-Chúirt nó glacadóir d’fheidhmiú cumhachtaí faoin gCaibidil seo.

39 . Glacadóirí: forálacha forlíontacha.

40 . Féimheacht cosantóra, etc.

41 . An Sannaí Oifigiúil do dhéileáil le maoin atá ina hábhar d’ordú um chomhar i dtaca le calcadh.

42 . Fáltais ó réadú a úsáid.

43 . Cuideachta a shealbhaíonn maoin inréadaithe a fhoirceannadh.

44 . Ré ordaithe um chomhar i dtaca le calcadh.

45 . Ordú um chomhar i dtaca le calcadh a athrú nó a urscaoileadh.

46 . Diúltú ordú um chomhar i dtaca le calcadh a dhéanamh.

47 . Ordú um chomhar i dtaca le calcadh a iarchur.

48 . Mar a dhéileálfar le maoin chalctha ina dhiaidh sin.

Caibidil 3

Maoin a Choigistiú

49 . Iarraidh ar mhaoin i stát ainmnithe a choigistiú.

50 . Ordú coigistíochta seachtrach a tharchur chuig an Stát.

51 . Ordú um chomhar coigistíochta.

52 . Orduithe um chomhar coigistíochta a fhorfheidhmiú, etc.

53 . Réadú maoine atá ina hábhar d’ordú um chomhar coigistíochta.

54 . Ús ar shuimeanna gan íoc faoi orduithe um chomhar coigistíochta.

55 . Íocaíochtaí faoi orduithe um chomhar coigistíochta a bheith le sloinneadh san euro.

56 . An Ard-Chúirt nó glacadóir d’fheidhmiú cumhachtaí faoin gCaibidil seo.

57 . Feidhm forálacha áirithe a bhaineann le horduithe um chomhar i dtaca le calcadh maidir le horduithe um chomhar coigistíochta.

Caibidil 4

Maoin a Fhorghéilleadh

58 . Ordú forghéillte seachtrach a tharchur chuig stát ainmnithe lena fhorfheidhmiú.

59 . Ordú forghéillte seachtrach a tharchur chuig an Stát lena fhorfheidhmiú.

60 . Ordú um chomhar i dtaca le forghéilleadh.

CUID 5

Fianaise a Sholáthar

Caibidil 1

Léiriú

61 . Léiriú (Cuid 5).

Caibidil 2

Fianaise a Ghlacadh

62 . Fianaise ó dhuine i stát ainmnithe.

63 . Fianaise atá le húsáid i stát ainmnithe.

64 . Pribhléid finnéithe.

Fianaise ó phríosúnaigh

65 . Príosúnach a aistriú chun fianaise a thabhairt nó chun cúnamh a thabhairt maidir le himscrúdú coiriúil sa Stát.

66 . Príosúnach a aistriú chun fianaise nó cúnamh a thabhairt in imscrúdú lasmuigh den Stát.

Fianaise trí nasc teilifíse

67 . Fianaise trí nasc teilifíse lena húsáid sa Stát.

68 . Iarraidh ar fhianaise trí nasc teilifíse lena húsáid lasmuigh den Stát.

69 . Gníomhú tar éis iarraidh a fháil.

70 . An fhianaise a ghlacadh.

Fianaise trí nasc teileafóin lena húsáid lasmuigh den Stát

71 . Iarraidh ar fhianaise trí nasc teileafóin.

72 . Fianaise a ghlacadh.

Fianaise a chuardach

73 . Fianaise a chuardach in áit i stát ainmnithe.

74 . Fianaise a chuardach lena húsáid lasmuigh den Stát (ginearálta).

75 . Fianaise áirithe a chuardach lena húsáid lasmuigh den Stát.

Caibidil 3

Fianaise maidir le céannú

76 . Mínithe (Caibidil 3).

77 . Fianaise maidir le céannú lena húsáid sa Stát.

78 . Fianaise maidir le céannacht lena húsáid lasmuigh den Stát.

79 . Gníomhú tar éis iarraidh a fháil.

CUID 6

Foirmeacha Eile Cúnaimh

Caibidil 1

Doiciméid a sheirbheáil

80 . Doiciméid atá le seirbheáil lasmuigh den Stát.

81 . An modh seirbheála.

82 . Doiciméid a sheirbheáil sa Stát.

Caibidil 2

Rudaí agus láithreáin a scrúdú

83 . Rudaí agus láithreáin a scrúdú.

Caibidil 3

Aiseag

84 . Aiseag maoine a goideadh ó stát ainmnithe.

85 . Iarraidh chuig an Stát ar aiseag maoine goidte.

86 . Gníomhú tar éis iarraidh a fháil.

87 . Ordú maidir le haiseag.

Caibidil 4

Seachadadh rialaithe

88 . Léiriú (Caibidil 4).

89 . Seachadadh rialaithe i stát ainmnithe.

90 . Seachadadh rialaithe sa Stát.

91 . Leasú ar Acht an Gharda Síochána 2005.

92 . Feidhm an Achta um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004 i ndáil le seachadadh rialaithe.

CUID 7

Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir an Stát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

93 . Mínithe (Cuid 7).

94 . Feidhm Chonradh na hÉireann-Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Stát.

CUID 8

Ilghnéitheach

95 . Faisnéis a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a mhalartú idir Europol, Eurojust agus ballstáit.

96 . Feidhm an Achta um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004 agus leasú air.

97 . Ionadaithe stáit iarrthaigh a bheith i láthair le linn iarraidh a fhorghníomhú.

98 . Comhaltaí den Gharda Síochána a bheith i láthair le linn iarraidh a fhorghníomhú i stát ainmnithe.

99 . Úsáid faisnéise nó fianaise a fhaightear mar fhreagra ar iarraidh i stát ainmnithe.

100 . Nochtadh do dhéanamh dochair d'imscrúdú.

101 . Dliteanas oifigeach de chuid comhlachta chorpraithe.

102 . Fianaise in imeachtaí (ginearálta).

103 . Bearta sealadacha.

104 . Aitheantas a thabhairt do chearta tríú páirtithe.

105 . Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil 1994.

106 . Leasú ar alt 8(7) den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996.

107 . Sonraí pearsanta a chosaint.

108 . Breitheamh den Chúirt Dúiche d’fheidhmiú cumhachtaí lasmuigh de dhúiche chúirte dúiche.

109 . Rialacháin.

110 . Caiteachais.

111 . Orduithe nó rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

SCEIDEAL 1

Téacs Choinbhinsiún 2000

SCEIDEAL 2

Téacs Phrótacal 2001

SCEIDEAL 3

Téacs an Chomhaontaithe leis an Íoslainn agus leis an Iorua

SCEIDEAL 4

Téacs Airteagail 49 agus 51 de Choinbhinsiún Schengen

SCEIDEAL 5

Téacs an Chreat-Chinnidh

SCEIDEAL 6

Téacs Theideal III de Chomhaontú CE/Chónaidhm na hEilvéise

SCEIDEAL 7

Téacs Chinneadh 2005 ón gComhairle

SCEIDEAL 8

CUID 1

Téacs Choinbhinsiún 1959

CUID 2

Téacs an Chéad Phrótacail Bhreise a ghabhann le Coinbhinsiún 1959

SCEIDEAL 9

Téacs an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún 1959

SCEIDEAL 10

Téacs Chaibidil IV de Choinbhinsiún 2005

SCEIDEAL 11

Téacs Airteagail 13, 14, 18, 19 agus 20 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 15 Samhain 2000.

SCEIDEAL 12

Téacs Airteagail 46, 49, 50 agus 54 go 57 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 31 Deireadh Fómhair 2003

SCEIDEAL 13

Téacs Chomhaontú an Aontais Eorpaigh/Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Cúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach

SCEIDEAL 14

Téacs Chonradh na hÉireann/Stáit Aontaithe Mheiriceá dar dáta an 18 Eanáir 2001, arna chur i bhfeidhm le hIonstraim an 14 Iúil 2005


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí 1997

1997, Uimh. 16

Bankers’ Books Evidence Act 1879

1879, 42 & 43 Vic., c. 11

An tAcht Féimheachta 1988

1988, Uimh. 27

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

Acht na Leanaí 2001

2001, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2006

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996

1996, Uimh. 31

An tAcht um Cheartas Coiriúil 1994

1994, Uimh. 15

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006

2006, Uimh. 26

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú) 2004

2004, Uimh. 20

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997

1997, Uimh. 4

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005

2005, Uimh. 2

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001

2001, Uimh. 50

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000

2000, Uimh. 11

An tAcht um Chosaint Sonraí 1988

1988, Uimh. 25

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003

Acht na bhFiaclóirí 1985

1985, Uimh. 9

An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003

2003, Uimh. 45

An tAcht um Europol 1997

1997, Uimh. 38

Na hAchtanna um Eiseachadadh 1965 go 2001

An tAcht um Eiseachadadh (Leasú) 1994

1994, Uimh. 6

An tAcht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur) 1987

1987, Uimh. 1

An tAcht um Eiseachadadh (Coinbhinsiúin an Aontais Eorpaigh) 2001

2001, Uimh. 49

Acht an Gharda Síochána 2005

2005, Uimh. 20

An tAcht Inimirce 1999

1999, Uimh. 22

An tAcht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialáil) 1993

1993, Uimh. 10

Acht na Lia-Chleachtóirí 1978

1978, Uimh. 4

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1977

1977, Uimh. 12

Acht na nAltraí 1985

1985, Uimh. 18

An tAcht um Rúin Oifigiúla 1963

1963, Uimh. 1

Police Property Act 1897

1897, 60 & 61 Vic., c. 30

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983

1983, Uimh. 24

Acht na bPríosún 1970

1970, Uimh. 11

Acht na bPríosún 1972

1972, Uimh. 7

Probation of Offenders Act 1907

1907, 7 Edw., 7., c. 17

An tAcht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006

2006, Uimh. 12

Na hAchtanna um Chlárú Gníomhas agus Teidil 1964 agus 2006

An tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938

1938, Uimh. 37

An tAcht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu 1995

1995, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2008


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT—

(a) DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT SA STÁT DO CHOMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA ÁIRITHE NÓ D’FHORÁLACHA DE CHUID NA gCOMHAONTUITHE SIN, IDIR AN STÁT AGUS STÁIT EILE A BHAINEANN LE CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA;

(b)DO DHÉANAMH AISGHAIRM AGUS ATHACHTÚ, MAILLE LE LEASUITHE, AR CHUID VII (COMHAR IDIRNÁISIÚNTA) DEN ACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL 1994;

AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[28 Aibreán, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: