An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Fianaise maidir le céannú ) Ar Aghaidh (Caibidil 2 Rudaí agus láithreáin a scrúdú )

7 2008

TODO

CUID 6

Foirmeacha Eile Cúnaimh

Caibidil 1

Doiciméid a sheirbheáil

Doiciméid atá le seirbheáil lasmuigh den Stát.

80 .— (1) Féadfaidh cúirt sa Stát doiciméad a eisiúint chun críocha imeachtaí coiriúla nó i dtaca le himeachtaí coiriúla d’ainneoin go mbeidh an duine ar a seirbheálfar é i stát eile.

(2) Más rud é nach bhfuil an doiciméad i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an stáit sin, déanfaidh an duine ar eisíodh é ar iarraidh uaidh nó uaithi aistriúchán ar an doiciméad, nó ar na codanna ábhartha den doiciméad, a sholáthar don chúirt sa teanga sin nó i gceann de na teangacha sin, mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (3).

(3) I gcás ina gcreideann duine den sórt sin nach dtuigeann an duine a bhfuil sé le seirbheáil air nó uirthi Gaeilge, Béarla nó teanga eile arb í teanga oifigiúil an stáit sin í, nó ar ceann de theangacha oifigiúla an stáit sin í, déanfaidh sé nó sí—

(a) a chur in iúl don chúirt go gcreideann sé nó sí amhlaidh, agus

(b) aistriúchán ar an doiciméad, nó ar na codanna ábhartha de, a sholáthar i dteanga a gcreideann sé nó sí ina leith go dtuigeann an duine í.

(4) Maidir leis an doiciméad—

(a) má cheanglaítear ar an bhfaighteoir leis láithriú in imeachtaí, ní dhéanfar aon tagairt ann do phionós mar gheall ar neamhláithriú, agus

(b) beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis—

(i) fógra á rá—

(I) nach bhféadfaidh an chúirt aon bheart sriantachta nó pionós a fhorfheidhmiú go díreach i gcríoch an stáit eile, agus

(II) go bhféadfaidh an duine a bhfuil seirbheáil le déanamh air nó uirthi faisnéis maidir lena chearta nó lena cearta nó lena oibleagáidí nó lena hoibleagáidí i dtaobh an doiciméid a fháil ón gcúirt nó ó dhuine sonraithe nó ó údarás sonraithe,

(ii) fógra ina dtugtar aon fhaisnéis eile a cheanglaítear a thabhairt le rialacha cúirte, agus

(iii) i gcás inar gá sin, aistriúchán ar an doiciméad, nó ar na codanna ábhartha de, go teanga chuí.

(5) Faoi réir fho-alt (6), ní díspeagadh cúirte é, nó ní foras é le barántas a eisiúint chun iallach a chur ar dhuine a bheith i láthair ag na himeachtaí lena mbaineann, neamhchomhlíonadh ar thaobh duine maidir le ceanglas a shonraítear sa doiciméad.

(6) Níl feidhm ag fo-alt (5) má sheirbheáiltear an doiciméad ar an duine sa Stát dá éis sin.

(7) Faoi réir fho-alt (9), ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne duine atá sa Stát i gcomhlíonadh ceanglais sa doiciméad chun láithriú mar chosantóir in imeachtaí coiriúla, pianbhreith a ghearradh air nó uirthi, é nó í a choinneáil nó a shrianadh ar shlí eile maidir lena shaoirse phearsanta nó maidir lena saoirse phearsanta i leith aon chiona a rinneadh sular tháinig sé nó sí go dtí an Stát seachas cion nó cionta a shonraítear sa doiciméad.

(8) Faoi réir fho-alt (9), ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne duine atá i láthair sa Stát i gcomhlíonadh ceanglais sa doiciméad chun láithriú mar chosantóir in imeachtaí coiriúla, pianbhreith a ghearradh air nó uirthi, é nó í a choinneáil nó a shrianadh ar shlí eile maidir lena shaoirse phearsanta nó maidir lena saoirse phearsanta i leith aon chiona a rinneadh sular tháinig sé nó sí go dtí an Stát.

(9) Scoireann an díolúine dá bhforáiltear i bhfo-ailt (7) agus (8)

(a) nuair atá tréimhse 15 lá caite ón dáta nach dteastaíonn a thuilleadh ón gcúirt lena mbaineann go mbeidh an duine i láthair sa Stát, agus nach mbeidh an duine, agus deis aige nó aici imeacht ón Stát le linn na tréimhse sin, tar éis déanamh amhlaidh, nó

(b) nuair a fhilleann an duine ar an Stát tar éis dó nó di imeacht uaidh le linn na tréimhse sin.

An modh seirbheála.

81 .— (1) Féadfar doiciméad dá dtagraítear in alt 80 a sheirbheáil leis an bpost i stát ainmnithe.

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar é a tharchur chuig stát ainmnithe agus iarraidh ar sheirbheáil ina theannta ar shlí seachas leis an bpost de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí.

(3) I gcás an duine a bhfuil seirbheáil le déanamh air nó uirthi a bheith i mballstát, ní fhéadfar seirbheáil ar shlí seachas leis an bpost a iarraidh ach amháin—

(a) i gcás nach eol nó nach deimhin cad é seoladh an duine,

(b) i gcás nárbh fhéidir an doiciméad a sheirbheáil leis an bpost, nó

(c) i gcás ina bhfuil cúis mhaith ag an duine ar eisíodh an doiciméad de réir a iarrata nó a hiarrata chun a chreidiúint nach mbeadh seirbheáil leis an bpost éifeachtach nó go bhfuil sí míchuí.

(4) Féadfar doiciméad den sórt sin a sheirbheáil i stát seachas stát ainmnithe de réir socruithe arna ndéanamh ag an Aire.

Doiciméid a sheirbheáil sa Stát.

82 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh na doiciméid seo a leanas a sheirbheáil ar dhuine sa Stát—

(a) doiciméad lena gceanglaítear ar an duine láithriú mar chosantóir nó a bheith i láthair mar fhinné in imeachtaí coiriúla i stát ainmnithe, agus

(b) aon doiciméad eile arna eisiúint ag cúirt nó ag údarás (lena n-áirítear údarás ionchúisimh) sa stát sin in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear doiciméad a bhaineann le pianbhreith nó beart coisctheach a fhorfheidhmiú, le fíneáil a fhorchur nó le costais imeachtaí a íoc.

(2) Mura rud é gur iarraidh i gcomhair seirbheála pearsanta í an iarraidh, féadfaidh an tAire a chur faoi deara go ndéanfar an doiciméad, mar aon leis an bhfógra dá dtagraítear i bhfo-alt (11), a sheirbheáil leis an bpost ar an duine lena mbaineann.

(3) Más rud é gur iarraidh i gcomhair seirbheála pearsanta í an iarraidh, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an doiciméad, más rud é nach bhfuil sé i nGaeilge nó i mBéarla—

(a) aistriúchán ar an doiciméad, nó ar na codanna ábhartha de, go ceachtar de na teangacha sin, agus

(b) más eol nach dtuigeann an duine ach teanga nó teangacha áirithe eile, agus i gcás nach bhfuil an doiciméad sa teanga sin, nó i gceann de na teangacha sin, aistriúchán den sórt sin go dtí an teanga eile sin nó go dtí ceann de na teangacha eile sin.

(4) Más rud é gur iarraidh i gcomhair seirbheála pearsanta í an iarraidh, déanfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (5), a ordú do Choimisinéir an Gharda Síochána a chur faoi deara go ndéanfar an doiciméad a sheirbheáil go pearsanta ar an duine lena mbaineann.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (4) maidir le hiarraidh ar sheirbheáil phearsanta ó bhallstát mura rud é—

(a) nach eol nó nach deimhin seoladh an duine lena mbaineann,

(b) faoi dhlí an bhallstáit, go gceanglaítear cruthúnas ar sheirbheáil ar an duine, seachas cruthúnas ar féidir é a fháil leis an bpost,

(c) nárbh fhéidir an doiciméad a sheirbheáil leis an bpost, nó

(d) go bhfuil cúis mhaith ag an iarratasóir ar eisiúint an doiciméid nó ag an údarás eisiúna chun a chreidiúint nach mbeadh seirbheáil leis an bpost éifeachtach nó go bhfuil sí míchuí.

(6) Déanfaidh an Coimisinéir—

(a) a chur faoi deara go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána an doiciméad, mar aon leis an bhfógra dá dtagraítear i bhfo-alt (11), a sheirbheáil de réir na hiarrata agus cuirfidh sé nó sí cruthúnas ar an tseirbheáil chuig an Aire lena tharchur chuig an údarás iarrthach lena mbaineann, nó

(b) más rud é nach féidir seirbheáil a dhéanamh, a chur faoi deara go gcuirfear an méid sin in iúl don Aire, agus an chúis leis an neamhsheirbheáil a lua.

(7) Níl aon duine ar a seirbheáiltear doiciméad faoin alt seo faoi aon oibleagáid faoi dhlí an Stáit aon cheanglas atá sa doiciméad a chomhlíonadh.

(8) Maidir le doiciméad lena gceanglaítear ar dhuine láithriú mar chosantóir in imeachtaí coiriúla i stát ainmnithe, ní fhéadfar é a sheirbheáil faoin alt seo mura rud é go dtugann an t-údarás iarrthach lena mbaineann dearbhú á rá, má láithríonn an duine amhlaidh, nach ndéanfar, faoi réir fho-alt (10), imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne, pianbhreith a ghearradh air nó uirthi, é nó í a choinneáil nó é nó í a shrianadh ar shlí eile maidir lena shaoirse phearsanta nó maidir lena saoirse phearsanta sa stát sin i leith aon iompair a tharla sular imigh sé nó sí ón Stát, seachas an t-iompar arb éard é nó iad an cion nó na cionta a shonraítear sa doiciméad.

(9) Maidir le doiciméad lena gceanglaítear ar dhuine láithriú mar fhinné in imeachtaí coiriúla i stát ainmnithe, ní fhéadfar é a sheirbheáil faoin alt seo mura rud é go dtugann an t-údarás iarrthach lena mbaineann dearbhú á rá, má láithríonn an duine amhlaidh, nach ndéanfar, faoi réir fho-alt (10), imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne, pianbhreith a ghearradh air nó uirthi, é nó í a choinneáil nó é nó í a shrianadh ar shlí eile maidir lena shaoirse phearsanta nó maidir lena saoirse phearsanta sa stát sin i leith aon chiona a rinneadh sular imigh sé nó sí ón Stát.

(10) Scoireann an díolúine dá bhforáiltear i bhfo-ailt (8) agus (9)

(a) nuair atá tréimhse 15 lá ar a laghad caite ón dáta nach dteastaíonn a thuilleadh ó na húdaráis bhreithiúnacha lena mbaineann go mbeidh an duine i láthair sa stát ainmnithe, agus nach mbeidh an duine, agus deis aige nó aici imeacht ón stát ainmnithe le linn na tréimhse sin, tar éis déanamh amhlaidh, nó

(b) nuair a fhilleann an duine ar an stát tar éis dó nó di imeacht uaidh le linn na tréimhse sin.

(11) Maidir leis an bhfógra atá le bheith ag gabháil le doiciméad arna sheirbheáil faoin alt seo—

(a) luafar ann ábhar fho-alt (7), (8)(9), de réir mar is cuí, agus fho-alt (10),

(b) cuirfear in iúl ann go bhféadfadh sé gur mhian leis an duine ar a seirbheáiltear an doiciméad comhairle a lorg maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, faoi dhlí an stáit inar eisíodh é, mar gheall ar mhainneachtain é a chomhlíonadh, agus

(c) cuirfear in iúl ann go bhféadfadh sé, faoin dlí sin, nach mbeidh na cearta agus na pribhléidí céanna ag an duine, mar chosantóir nó mar fhinné, a bheadh aige nó aici sa cháil sin in imeachtaí coiriúla sa Stát.

(12) Má tá cúis ann lena chreidiúint nach dtuigeann an duine ach teanga nó teangacha áirithe seachas Gaeilge nó Béarla, déanfar an fógra a aistriú go dtí an teanga eile sin nó go dtí ceann de na teangacha eile sin.