Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL AN CONRADH UM CHOSC CUIMSITHEACH AR THRIALACHA NÚICLÉACHA)

16 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2008


AN tACHT UM CHOSC AR THRIALACHA NÚICLÉACHA 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Toirmeasc ar phléascthaí núicléacha.

3 . Údarás Náisiúnta a ainmniú.

4 . Doiciméid a sheirbheáil.

5 . Cigirí idirnáisiúnta.

6 . Breathnadóirí.

7 . Pribhléidí agus díolúintí.

8 . Oifigigh údaraithe.

9 . Cumhachtaí oifigigh údaraithe.

10 . Cumhachtaí an Gharda Síochána.

11 . Faisnéis a chur ar fáil don Údarás Náisiúnta nó don Aire.

12 . Toirmeasc ar nochtadh faisnéise.

13 . Faisnéis bhréagach nó mhíthreorach.

14 . Forghéilleadh.

15 . Cionta achoimre a ionchúiseamh.

16 . Caiteachais an Aire.

17 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

AN CONRADH UM CHOSC CUIMSITHEACH AR THRIALACHA NÚICLÉACHA


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht chun Airm Núicléacha a Imshrianadh 2003

2003, Uimh. 35

Achtanna na gCuideachtaí

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2008


AN tACHT UM CHOSC AR THRIALACHA NÚICLÉACHA 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT DON CHONRADH UM CHOSC CUIMSITHEACH AR THRIALACHA NÚICLÉACHA ARNA GHLACADH AG COMHTHIONÓL GINEARÁLTA NA NÁISIÚN AONTAITHE AN 10 MEÁN FÓMHAIR 1996; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[16 Iúil, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 8 ;

ciallaíonn “foireann iniúchta” foireann iniúchta arna hainmniú faoi mhír 53 d’Airteagal IV den Chonradh chun iniúchadh ar an láthair a dhéanamh sa Stát;

ciallaíonn “cigire idirnáisiúnta” comhalta d’fhoireann iniúchta a bhfuil deimhniú arna eisiúint faoi alt 5 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire;

ciallaíonn “Aire” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

déanfar “Údarás Náisiúnta” a fhorléiriú de réir alt 3 ;

ciallaíonn “breathnadóir” ionadaí de Stát is páirtí sa Chonradh a chuirtear, de réir mhír 61 d’Airteagal IV den Chonradh, chun seoladh iniúchta ar an láthair a bhreathnú, agus a bhfuil deimhniú arna eisiúint faoi alt 6 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire;

ciallaíonn “ iniúchadh ar an láthair ” iniúchadh in áit sa Stát arna dhéanamh de réir an Chonartha;

folaíonn “áit” aon mhodh iompair agus aon fhoirgneamh nó déanmhas ar thalamh, lena n-áirítear talamh faoi uisce;

ciallaíonn “Conradh” an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Meán Fómhair 1996, a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Sceideal;

ciallaíonn “forálacha iniúchta an Chonartha” forálacha Airteagal IV den Chonradh agus forálacha Chuid II den Phrótacal a ghabhann leis an gConradh.

Toirmeasc ar phléascthaí núicléacha.

2 .— (1) Aon duine a dhéanfaidh pléascadh núicléach, nó a chuirfidh faoi deara pléascadh núicléach a dhéanamh, sa Stát, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon saoránach Éireannach a dhéanfaidh pléascadh núicléach, nó a chuirfidh faoi deara pléascadh núicléach a dhéanamh, lasmuigh den Stát, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine—

(a) a fhéachfaidh le cion a dhéanamh, nó

(b) a dhéanfaidh comhcheilg le duine, nó a ghríosóidh duine, chun cion a dhéanamh,

ar cion é faoi fho-alt (1)(2), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) fíneáil, nó

(b) príosúnacht saoil nó cibé téarma is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt,

nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) San alt seo folaíonn “pléascadh núicléach” pléascadh trialach airm núicléach.

Údarás Náisiúnta a ainmniú.

3 .— Ainmnítear an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch mar an tÚdarás Náisiúnta sa Stát chun críocha an Achta seo agus an Chonartha, agus déanfar “Údarás Náisiúnta” a fhorléiriú dá réir sin.

Doiciméid a sheirbheáil.

4 .— (1) Déanfar fógra nó doiciméad eile faoin Acht seo a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm, agus féadfar é a sheirbheáil ar an duine nó a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin; nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe daoine ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó sa Stát.

Cigirí idirnáisiúnta.

5 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta deimhniú a eisiúint d’aon duine is comhalta d’fhoireann iniúchta, ar deimhniú é—

(a) ina sainaithneofar an duine faoina ainm nó faoina hainm agus ina léireofar a stádas agus a údarás nó a húdarás chun iniúchadh ar an láthair a sheoladh nó a bhreathnú,

(b) ina sainaithneofar an láithreán, agus ina dtabharfar tuairisc an láithreáin, a bheidh le hiniúchadh aige nó aici, agus

(c) ina leagfar amach cibé faisnéis agus coinníollacha eile (más ann) is infheidhme maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí iniúchta agus a mheasfaidh an tÚdarás Náisiúnta is cuí.

(2) Beidh ag cigire idirnáisiúnta cumhachtaí oifigigh údaraithe faoin Acht seo agus féadfaidh sé nó sí iad a fheidhmiú, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is infheidhme maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí iniúchta agus a shonrófar sa deimhniú a eiseofar dó nó di faoin alt seo.

(3) Féadfaidh cigire idirnáisiúnta cibé cearta rochtana, dul isteach agus iniúchta gan bhac in áit atá faoi réir iniúchta ar an láthair a thugtar dó nó di le forálacha iniúchta an Chonartha a fheidhmiú.

(4) Féadfaidh cigire idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh in áit atá faoi réir iniúchta ar an láthair atá sé nó sí i dteideal a dhéanamh de réir fhorálacha iniúchta an Chonartha.

(5) Déanfaidh cigire idirnáisiúnta, le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú, má iarrann duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, deimhniú arna eisiúint dó nó di faoin alt seo a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

Breathnadóirí.

6 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta deimhniú a eisiúint d’aon duine is breathnadóir, ar deimhniú é—

(a) ina sainaithneofar an duine faoina ainm nó faoina hainm agus ina léireofar a stádas agus a údarás nó a húdarás chun iniúchadh ar an láthair a bhreathnú,

(b) ina sainaithneofar an láithreán, agus ina dtabharfar tuairisc an láithreáin, ina ngníomhóidh sé nó sí mar bhreathnadóir, agus

(c) ina leagfar amach cibé faisnéis agus coinníollacha eile (más ann) is infheidhme maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí breathnadóireachta agus a mheasfaidh an tÚdarás Náisiúnta is cuí.

(2) Féadfaidh breathnadóir cibé cearta rochtana agus dul isteach in áit atá faoi réir iniúchta ar an láthair a thugtar dó nó di le forálacha iniúchta an Chonartha a fheidhmiú.

(3) Déanfaidh breathnadóir, le linn dó nó di cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, deimhniú arna eisiúint dó nó di faoin alt seo a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

Pribhléidí agus díolúintí.

7 .— Beidh ag comhaltaí d’fhoireann iniúchta agus ag breathnadóirí, agus teachtfaidh siad, na pribhléidí agus na díolúintí sin go léir a thugtar dóibh le míreanna 26, 27, 28, 29, 30 agus 31 de Chuid II den Phrótacal a ghabhann leis an gConradh, faoi réir cibé coinníollacha a shonraítear sna míreanna sin.

Oifigigh údaraithe.

8 .— (1) Ceapfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine, is cuí leis nó léi, chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Ceapfaidh an tÚdarás Náisiúnta cibé daoine agus cibé líon daoine, is cuí leis, chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(3) Maidir le duine a cheapfar chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe faoin alt seo, an tráth a cheapfar é nó í—

(a) i gcás duine a cheapfar faoi fho-alt (1), déanfaidh an Aire, agus

(b) i gcás duine a cheapfar faoi fho-alt (2), déanfaidh an tÚdarás Náisiúnta,

barántas a cheaptha nó a ceaptha a thabhairt dó nó di, agus le linn don duine sin cumhacht a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an barántas sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

(4) Féadfaidh an tAire ceapachán oifigigh údaraithe arna dhéanamh aige nó aici faoin alt seo a chúlghairm.

(5) Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta ceapachán oifigigh údaraithe arna dhéanamh aige faoi alt seo chúlghairm.

Cumhachtaí oifigigh údaraithe.

9 .— (1) Chun críocha an Achta seo agus an Chonartha, féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) faoi réir fho-alt (4), dul isteach (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá), gach tráth réasúnach, in aon áit —

(i) a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go gcoimeádtar ann faisnéis nó doiciméadacht a bhfuil feidhm ag fógra faoi alt 11 maidir léi, nó leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear doiciméid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) a bhaineann le nithe a bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leo,

(ii) a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh nó déanta ann, nó

(iii) a bhfuil imscrúdú ar an láthair á sheoladh ann,

(b) aon leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear doiciméid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) nó sleachta astu a gheobhaidh sé nó sí i gcúrsa a iniúchta nó a hiniúchta a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh san áit sin,

(c) aon leabhair, taifid nó doiciméid den sórt sin a thabhairt chun siúil ón áit sin agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(d) aon chóras faisnéise leictreonach a choimeádtar san áit a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as agus aon trealamh a úsáidtear sa chóras sin, lena n-áirítear ríomhairí, tiomántáin chrua agus meáin stórála iniompair ach gan a bheith teoranta dóibh sin, a thabhairt chun siúil agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(e) cibé scrúduithe, trialacha, iniúchtaí agus seiceálacha a dhéanamh nó a chur faoi deara iad a dhéanamh—

(i) ar an áit,

(ii) ar aon choimeádán, táirge, airteagal nó substaint a gheofar san áit, nó

(iii) ar aon trealamh, innealra nó gléasra a gheofar san áit,

a mheasfaidh sé nó sí le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(f) a cheangal ar aon duine san áit nó ar úinéir na háite nó ar an duine a bheidh i bhfeighil na háite agus ar aon duine a bheidh fostaithe ann cibé cúnamh agus faisnéis a thabhairt dó nó di agus cibé leabhair, doiciméid nó taifid eile a thabhairt ar aird dó nó di (agus i gcás doiciméid nó taifid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite, atáirgeadh inléite orthu a thabhairt ar aird dó nó di) a bheidh faoi chumhacht an duine sin nó ar fáil aige nó aici, a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(g) samplaí d’aon táirge, airteagal nó substaint a gheofar san áit a thógáil chun críocha anailíse agus scrúdaithe,

(h) a ordú, maidir le cibé coimeádáin, táirgí, airteagail nó substaintí a gheofar san áit agus a gcreidfidh sé nó sí, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil siad á n-úsáid chun foráil den Acht seo a shárú, nach ndéanfar iad a dhíol nó a dháileadh nó a thabhairt chun siúil as an áit, gan a thoiliú nó a toiliú,

(i) aon áit nó cuid d’aon áit a dhaingniú lena hiniúchadh níos faide anonn ar feadh cibé tréimhse is gá le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(j) seilbh a ghlacadh ar aon choimeádán, táirge, airteagal nó substaint a gheofar san áit agus é nó í a thabhairt chun siúil as an áit lena scrúdú agus lena anailísiú nó lena hanailísiú agus é nó í a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí is gá le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(k) fótagraif den áit nó d’aon ní a gheofar san áit a thógáil nó a chur faoi deara iad a thógáil,

(l) cibé ionstraimí faireacháin, córais agus séalaí a shuiteáil, a úsáid agus a chothabháil ag an áitreabh, is gá nó is fóirsteanach chun a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo nó an Conradh nó chun cion faoin Acht seo a chosc,

(m) a cheangal ar aon duine san áit nó ar úinéir na háite nó ar an duine a bheidh i bhfeighil na háite nó ar aon duine a bheidh fostaithe ann samplaí d’aon táirge nó d’aon airteagal nó substaint a úsáidtear le linn táirge a mhonarú is táirge a gheofar san áit a sholáthar gan íocaíocht lena dtriail, lena scrúdú nó lena n-anailísiú,

(n) aon táirge, nó aon airteagal nó substaint a úsáidtear le linn aon táirge a mhonarú is táirge a gheofar san áit, a dhíchóimeáil nó a chur faoi aon phróiseas nó triail,

(o) seilbh a ghlacadh ar aon choimeádán, táirge, airteagal nó substaint a gheofar san áit agus é nó í a choinneáil ar feadh cibé tréimhse is gá—

(i) chun gur féidir é nó í a scrúdú,

(ii) chun a chinntiú nach mbainfear leis nó léi sula mbeidh an scrúdú críochnaithe, nó

(iii) chun a chinntiú go mbeidh sé nó sí ar fáil lena thabhairt nó lena tabhairt ar aird mar fhianaise in aon imeachtaí,

(p) a cheangal ar aon duine san áit nó ar úinéir na háite nó ar an duine a bheidh i bhfeighil na háite agus ar aon duine a bheidh fostaithe ann cibé saoráidí a bheidh faoi chumhacht an duine agus a éileoidh an t-oifigeach údaraithe chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a thabhairt dó nó di.

(2) Sula bhfeidhmeoidh sé nó sí an chumhacht a thugtar le fo-alt (1)(j) i gcás aon choimeádáin, táirge, airteagail nó substainte, rachaidh oifigeach údaraithe i gcomhairle, a mhéid is indéanta le réasún, le cibé daoine is dealraitheach dó nó di is cuí chun a fhionnadh cén chontúirt, más ann, a bhainfeadh le haon ní a dhéanamh a bheartaíonn sé nó sí a dhéanamh faoin gcumhacht sin.

(3) Faoi réir aon bharántais faoi fho-alt (5), féadfaidh cibé líon oifigeach údaraithe nó comhaltaí den Gharda Síochána is cuí leis nó léi a bheith i dteannta oifigigh údaraithe le linn feidhm faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(4) Faoi réir fho-alt (10), ní rachaidh oifigeach údaraithe isteach i dteaghais, ach amháin—

(a) le toiliú an áititheora, nó

(b) de réir barántais arna eisiúint faoi fho-alt (5).

(5) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, ar iarratas a fháil ó oifigeach údaraithe, más deimhin leis an mbreitheamh go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint—

(a) go bhfuil faisnéis nó doiciméadacht a bhfuil feidhm ag fógra faoi alt 11 maidir léi, nó leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear doiciméid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) a bhaineann le nithe a bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leo le fáil,

(b) go bhfuil fianaise go ndearnadh cion faoin Acht seo le fáil, nó

(c) go bhfuil táirge, airteagal nó substaint a theastaíonn ó oifigeach údaraithe a iniúchadh chun críocha an Achta seo le fáil,

ag an teaghais lena mbaineann an t-iarratas, barántas a eisiúint á údarú d’oifigeach údaraithe ainmnithe, agus cibé oifigigh údaraithe eile nó comhaltaí den Gharda Síochána is gá ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, dul isteach sa teaghais (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá) agus feidhmeanna oifigigh údaraithe faoi mhíreanna (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h), (i), (j), (k), (l), (m), (n), (o) agus (p) d’fho-alt (1) a chomhlíonadh.

(6) I gcás ina gcreideann oifigeach údaraithe, ar fhorais réasúnacha, go ndearna duine cion faoin Acht seo, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin a ainm nó a hainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a thabhairt dó nó di.

(7) Aon duine a thabharfaidh le fios go bréagach gur oifigeach údaraithe é nó í, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(8) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe nó ar chomhalta den Gharda Síochána agus é nó í ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó le barántas faoi fho-alt (5) nó a chuirfidh cosc le feidhmiú na cumhachta sin ag an oifigeach nó ag an gcomhalta, de réir mar a bheidh, nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh iarratas nó ceanglas de chuid an oifigigh nó an chomhalta de bhun an ailt seo a chomhlíonadh nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceist a fhreagairt a chuirfidh an t-oifigeach nó an comhalta de bhun an ailt seo, nó a thabharfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe na hiarrata sin nó an cheanglais sin nó mar fhreagra ar an gceist sin, faisnéis don oifigeach nó don chomhalta is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(9) Ní bheidh ráiteas nó admháil a dhéanfaidh duine de bhun ceanglais faoi fho-alt (1)(f) inghlactha mar fhianaise in imeachtaí a thionscnófar i gcoinne an duine sin mar gheall ar chion (seachas cion faoi fho-alt (8)).

(10) Ní gá barántas faoi fho-alt (5) le go bhfeidhmeoidh oifigeach údaraithe aon chumhacht faoin alt seo más rud é, mar gheall ar imthosca práinneacha, nach mbeadh sé indéanta ag an oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh ar bharántas den sórt sin agus é a fháil.

(11) San alt seo folaíonn “taifead”, i dteannta taifid i scríbhinn—

(a) diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile ina gcorpraítear faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste,

(b) scannán, téip nó feiste eile ina gcorpraítear amharcíomhánna ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh in amharcfhoirm, agus

(c) fótagraf;

agus folaíonn aon tagairt do chóip de thaifead—

(i) i gcás taifid lena mbaineann mír (a), trascríbhinn ar na fuaimeanna nó ar na comharthaí atá corpraithe ann,

(ii) i gcás taifid lena mbaineann mír (b), atáirgeadh neamhbheo de na híomhánna atá corpraithe ann, agus

(iii) i gcás taifid lena mbaineann míreanna (a) agus (b), trascríbhinn den sórt sin agus atáirgeadh neamhbheo den sórt sin.

Cumhachtaí an Gharda Síochána.

10 .— I gcás ina bhfuil drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh in aon áit nó ag aon duine, beidh ag an gcomhalta, agus beidh infheidhmithe aige nó aici, i dteannta aon chumhachtaí a bheidh aige nó aici de bhua a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Gharda Síochána, cumhachtaí oifigigh údaraithe faoin Acht seo i ndáil leis an áit nó leis an duine sin.

Faisnéis a chur ar fáil don Údarás Náisiúnta nó don Aire.

11 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis aige lena chreidiúint go bhfuil faisnéis nó doiciméid aige nó aici atá ábhartha maidir leis an Acht seo a chur i bhfeidhm, an fhaisnéis nó na doiciméid lena mbaineann a chur ar fáil don Údarás Náisiúnta laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra.

(2) Féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis aige nó aici lena chreidiúint go bhfuil faisnéis nó doiciméid aige nó aici atá ábhartha maidir leis an Acht seo a chur i bhfeidhm, an fhaisnéis nó na doiciméid lena mbaineann a chur ar fáil dó nó di laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra.

(3) Aon duine a mhainneoidh ceanglas faoi fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Toirmeasc ar nochtadh faisnéise.

12 .— (1) Aon duine a mbeidh faisnéis nó doiciméad a fuarthas faoin Acht seo ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici, ní dhéanfaidh sé nó sí, gan toiliú an duine óna bhfuarthas í nó é, an fhaisnéis nó an doiciméad a nochtadh, nó a chur faoi deara í nó é a nochtadh d’aon duine eile, ach amháin—

(a) chun a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo nó chun éifeacht a thabhairt don Chonradh,

(b) chun oibleagáid de chuid an Stáit faoin gConradh a chomhlíonadh, nó

(c) a mhéid is gá í nó é a nochtadh chun críocha éigeandála lena mbaineann sábháilteacht an phobail.

(2) D’ainneoin aon achtacháin eile nó rialach dlí, ní cheanglófar ar dhuine—

(a) faisnéis nó doiciméad a fuarthas faoin Acht seo a nochtadh ach amháin chun críocha imeachtaí faoin Acht seo, nó

(b) aon fhaisnéis nó doiciméad den sórt sin a thabhairt ar aird do chúirt nó fianaise a thabhairt i ndáil léi nó leis in aon imeachtaí (sibhialta nó coiriúla) mura faoin Acht seo a thionscnaítear na himeachtaí.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Faisnéis bhréagach nó mhíthreorach.

13 .— Aon duine a dhéanfaidh go feasach nó go meargánta ráiteas a thabhairt—

(a) don Údarás Náisiúnta, don Aire nó d’oifigeach údaraithe atá ag comhlíonadh feidhmeanna faoin Acht seo, nó

(b) do chigire idirnáisiúnta atá ag feidhmiú cumhachtaí faoi alt 5 nó 9,

ar ráiteas é atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Forghéilleadh.

14 .— I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 2 , déanfar aon ní a úsáideadh chun an cion a dhéanamh, nó i dtaca leis an gcion a dhéanamh, a fhorghéilleadh don Stát agus, faoi réir an Achta chun Airm Núicléacha a Imshrianadh 2003, déanfar an ní sin a dhiúscairt ar cibé slí a ordóidh an tÚdarás Náisiúnta.

Cionta achoimre a ionchúiseamh.

15 .— Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta nó an tAire imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Caiteachais an Aire.

16 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

17 .— (1) Féadfar an tAcht um Chosc ar Thrialacha Núicléacha 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.