An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (TODO)

16 2008

TODO

AN SCEIDEAL

AN CONRADH UM CHOSC CUIMSITHEACH AR THRIALACHA NÚICLÉACHA

Alt 1 .

BROLLACH

Tá na Stáit is Páirtithe sa Chonradh seo (dá ngairtear “na Stáit is Páirtithe” anseo ina dhiaidh seo),

Ag fáiltiú dóibh roimh na comhaontuithe idirnáisiúnta agus na bearta dearfacha eile a rinneadh le blianta beaga anuas i réimse na dí-armála núicléiche, lena n-áirítear laghduithe ar stórtha arm núicléach, mar aon leis an réimse a bhaineann le leathadh núicléach a chosc faoi gach gné,

Ag cur béime dóibh ar an tábhacht a bhaineann le comhaontuithe agus bearta den sórt sin a fhorfheidhmiú go hiomlán agus go pras,

Ós deimhin leo go bhfuil deis ar fáil faoin staid idirnáisiúnta láithreach bearta éifeachtacha breise a dhéanamh faoi chomhair na dí-armála núicléiche agus in aghaidh leathadh arm núicléach faoi gach gné, agus á dhearbhú dóibh go bhfuil ar intinn acu bearta den sórt sin a dhéanamh,

Á chur i bhfios dóibh mar sin an gá atá le hiarrachtaí leanúnacha atá córasach agus forásach chun airm núicléacha a laghdú ar fud an domhain, agus arb í an sprioc atá leo deireadh a chur leis na hairm sin, agus dí-armáil choitianta iomlán a dhéanamh faoi rialú idirnáisiúnta dian éifeachtach, faoi dheoidh,

Á aithint dóibh gur beart éifeachtach dí-armála núicléiche agus neamhleata faoi gach gné é scor den uile phléascadh trialach airm núicléach agus den uile phléascadh núicléach eile, trí shrian a chur le forbairt agus le feabhsú cáilíochtúil arm núicléach agus trí dheireadh a chur le forbairt cineálacha nua ardchéime arm núicléach,

Á aithint dóibh freisin gur beart fiúntach maidir le próiseas córasach a fhíorú chun dí-armáil núicléach a bhaint amach a bheidh i ndeireadh a chur leis an uile phléascadh núicléach den sórt sin,

Ós deimhin leo gurb é an chaoi is éifeachtaí chun deireadh a chur le triail núicléach ná conradh um chosc uilechoiteann cuimsitheach ar thrialacha núicléacha a bheidh infhíoraithe go hidirnáisiúnta agus go héifeachtach a dhéanamh, rud atá le fada ar na cuspóirí is mó tosaíocht atá ag an gcomhphobal idirnáisiúnta i réimse na dí-armála agus an neamhleata,

Á thabhairt dá n-aire na meanmarca a chuir na Páirtithe i gConradh 1963 ag Cur Coisc ar Thrialacha Arm Núicléach san Atmaisféar, sa Spás Amuigh agus Faoi Uisce in iúl chun féachaint le scor den uile phléascadh trialach arm núicléach go deo,

Á thabhairt dá n-aire freisin na tuairimí a cuireadh in iúl go bhféadfadh an Conradh seo cur le caomhnú an chomhshaoil,

Á dhearbhú dóibh an chríoch go meallfar na Stáit go léir chun cloí leis an gConradh seo agus leis an gcuspóir atá leis cur go héifeachtach le leathadh arm núicléach faoi gach gné a chosc, le próiseas na dí-armála núicléiche agus dá bhrí sin le feabhsú na síochána agus na slándála idirnáisiúnta,

Tar éis comhaontú mar a leanas:

AIRTEAGAL I

BUN-OIBLEAGÁIDÍ

1. Gabhann gach Stát is Páirtí air féin gan aon phléascadh trialach airm núicléach nó aon phléascadh núicléach eile a dhéanamh, agus aon phléascadh núicléach den sórt sin a thoirmeasc agus a chosc in aon áit atá faoina dhlínse nó faoina rialú.

2. Ina theannta sin, gabhann gach Stát is Páirtí air féin staonadh ó chur faoi deara go ndéanfar aon phléascadh trialach airm núicléach nó aon phléascadh núicléach eile, ón gcéanna a spreagadh, nó ó pháirt a ghlacadh ann ar aon slí.

AIRTEAGAL II

AN EAGRAÍOCHT

A. FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. Bunaíonn na Stáit is Páirtithe leis seo Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (dá ngairtear “an Eagraíocht” anseo ina dhiaidh seo) chun cuspóir agus críoch an Chonartha seo a bhaint amach, chun a chinntiú go bhforfheidhmeofar a fhorálacha, lena n-áirítear na forálacha sin maidir le fíorú idirnáisiúnta go bhfuiltear á chomhlíonadh, agus chun fóram le haghaidh comhchomhairle agus comhoibriú idir Stáit is Páirtithe a chur ar fáil.

2. Beidh gach Stát is Páirtí ina chomhalta den Eagraíocht. Ní bhainfear a chomhaltas san Eagraíocht de Stát is Páirtí.

3. Is i Vín, Poblacht na hOstaire, a bheidh suíomh na hEagraíochta.

4. Bunaítear leis seo, mar orgain den Eagraíocht: Comhdháil na Stát is Páirtithe, an Chomhairle Feidhmiúcháin agus an Rúnaíocht Theicniúil, a mbeidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí ar áireamh inti.

5. Comhoibreoidh gach Stát is Páirtí leis an Eagraíocht le linn di a feidhmeanna a fheidhmiú de réir an Chonartha seo. Rachaidh na Stáit is Páirtithe i gcomhairle lena chéile go díreach, nó tríd an Eagraíocht nó trí nósanna imeachta cuí idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear nósanna imeachta laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe agus de réir a gCairte, faoi aon ní a ardófar maidir le cuspóir agus críoch an Chonartha seo nó maidir lena fhorálacha a fhorfheidhmiú.

6. Déanfaidh an Eagraíocht a gníomhaíochtaí fíoraithe, a bhforáiltear dóibh faoin gConradh seo, a sheoladh ar an modh a dhéanfaidh a laghad cuir isteach is féidir i gcomhréir le cuspóirí na hEagraíochta a bhaint amach go tráthúil éifeachtúil. Ní iarrfaidh sí ach an fhaisnéis agus na sonraí is gá chun a freagrachtaí faoin gConradh seo a chomhlíonadh. Glacfaidh sí gach réamhchúram chun rúndacht faisnéise a chosaint i ndáil le gníomhaíochtaí agus saoráidí sibhialta agus míleata a thiocfaidh ar a hiúl le linn an Conradh seo a fhorfheidhmiú agus, go háirithe, cloífidh sí leis na forálacha rúndachta a leagtar amach sa Chonradh seo.

7. Déileálfaidh gach Stát is Páirtí i modh rúin le faisnéis agus sonraí a gheobhaidh sé faoi rún ón Eagraíocht i dtaca leis an gConradh seo a fhorfheidhmiú agus láimhseálfaidh sé iad ar mhodh speisialta. Ní dhéileálfaidh sé le faisnéis agus sonraí den sórt sin ach amháin i dtaca lena chearta agus lena oibleagáidí faoin gConradh seo.

8. Féachfaidh an Eagraíocht, mar chomhlacht neamhspleách, le húsáid a bhaint as saineolas láithreach agus saoráidí láithreacha, de réir mar is cuí, agus le héifeachtacht costais a uasmhéadú trí shocruithe comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile amhail an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach. Déanfar socruithe den sórt sin, gan socruithe a áireamh nach bhfuil ach miontábhacht nó gnáth-thábhacht tráchtála agus chonarthach leo, a leagan amach i gcomhaontuithe a chuirfear faoi bhráid Chomhdháil na Stát is Páirtithe lena gceadú.

9. Íocfaidh na Stáit is Páirtithe costais ghníomhaíochtaí na hEagraíochta gach bliain de réir scála measúnachtaí na Náisiún Aontaithe arna choigeartú chun éagsúlachtaí i gcomhaltas idir na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht a chur i gcuntas.

10. Déanfar ranníocaí airgid na Stát is Páirtithe leis an gCoimisiún Ullmhúcháin a asbhaint ar mhodh cuí as a gcuid ranníocaí leis an ngnáthbhuiséad.

11. Aon chomhalta den Eagraíocht a bheidh i riaráiste i leith a ranníoc measúnaithe a íoc leis an Eagraíocht, ní bheidh aon vóta aige san Eagraíocht má bhíonn méid a riaráistí comhionann le méid an ranníoca a bheidh dlite de don dá bhliain iomlána roimhe sin, nó más mó ná an méid sin é. Féadfaidh Comhdháil na Stát is Páirtithe, mar sin féin, ceadú do chomhalta den sórt sin vótáil más deimhin léi gur mainníodh an íocaíocht a dhéanamh de dheasca dálaí nach raibh neart ag an gcomhalta orthu.

B. COMHDHÁIL NA STÁT IS PÁIRTITHE

Comhdhéanamh, Nósanna Imeachta agus Cinntí a dhéanamh

12. Beidh Comhdháil na Stát is Páirtithe (dá ngairtear “an Chomhdháil” anseo ina dhiaidh seo) comhdhéanta de na Stáit is Páirtithe go léir. Beidh ionadaí amháin sa Chomhdháil ag gach Stát is Páirtí agus féadfaidh malartaigh agus comhairleoirí a bheith ina theannta nó ina teannta.

13. Déanfaidh an Taiscí an seisiún tosaigh den Chomhdháil a thionól tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis teacht i bhfeidhm don Chonradh seo.

14. Tiocfaidh an Chomhdháil le chéile ag seisiúin rialta a thionólfar in aghaidh na bliana, mura gcinnfidh sí a mhalairt.

15. Tionólfar seisiún speisialta den Chomhdháil:

(a) Nuair a chinnfidh an Chomhdháil é;

(b) Nuair a iarrfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin é; nó

(c) Nuair a iarrfaidh aon Stát is Páirtí é agus tacaíocht aige ó thromlach de na Stáit is Páirtithe.

Tionólfar an seisiún speisialta tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chinneadh na Comhdhála, iarraidh na Comhairle Feidhmiúcháin, nó an tacaíocht is gá a bhaint amach, mura sonrófar a mhalairt sa chinneadh nó san iarraidh.

16. Féadfar an Chomhdháil a thionól freisin i bhfoirm Comhdhála um Leasú, de réir Airteagal VII.

17. Féadfar an Chomhdháil a thionól freisin i bhfoirm Comhdhála Athbhreithnithe, de réir Airteagal VIII.

18. Beidh na Seisiúin ar siúl ag suíomh na hEagraíochta mura gcinnfidh an Chomhdháil a mhalairt.

19. Glacfaidh an Chomhdháil a rialacha nóis imeachta. Ag tús gach seisiúin, toghfaidh sí a hUachtarán agus cibé oifigigh eile is gá. Beidh siad i seilbh oifige go dtí go dtoghfar Uachtarán nua agus oifigigh eile ag an gcéad seisiún eile.

20. Is é a bheidh i gcóram tromlach de na Stáit is Páirtithe.

21. Beidh vóta amháin ag gach Stát is Páirtí.

22. Glacfaidh an Chomhdháil cinntí ar nithe a bhaineann le nós imeachta le tromlach de na comhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh. Glacfar cinntí ar nithe substainte a oiread is féidir le comhthoil. Mura féidir teacht ar chomhthoil nuair a bheidh saincheist le cinneadh, déanfaidh Uachtarán na Comhdhála aon vóta a iarchur go ceann 24 uair a chloig agus le linn tréimhse seo an iarchurtha déanfaidh sé nó sí gach iarracht chun aimsiú comhthola a éascú, agus tabharfaidh sé nó sí tuairisc don Chomhdháil roimh dheireadh na tréimhse seo. Murar féidir teacht ar chomhthoil ag deireadh 24 uair a chloig, glacfaidh an Chomhdháil cinneadh le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh mura sonrófar a mhalairt sa Chonradh seo. Nuair a éireoidh an tsaincheist i dtaobh an ceist substainte an cheist nó nach ea, déileálfar leis an gceist sin mar ní substainte mura gcinnfidh an tromlach is gá le haghaidh cinntí ar nithe substainte a mhalairt.

23. Le linn a feidhm faoi mhír 26(k) a fheidhmiú, glacfaidh an Chomhdháil cinneadh aon Stát a chur leis an liosta Stát atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gConradh seo de réir an nóis imeachta i gcomhair cinntí ar nithe substainte atá leagtha amach i mír 22. D’ainneoin mhír 22, glacfaidh an Chomhdháil cinntí ar aon athrú eile ar Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gConradh seo le comhthoil.

Cumhachtaí agus Feidhmeanna

24. Is í an Chomhdháil príomhorgan na hEagraíochta. Déanfaidh sí aon cheisteanna, nithe nó saincheisteanna atá faoi raon an Chonartha seo a bhreithniú, lena n-áirítear na ceisteanna, na nithe agus na saincheisteanna a bhaineann le cumhachtaí agus feidhmeanna na Comhairle Feidhmiúcháin agus na Rúnaíochta Teicniúla, de réir an Chonartha seo. Féadfaidh sí moltaí a dhéanamh agus cinntí a ghlacadh maidir le haon cheisteanna, nithe nó saincheisteanna atá faoi raon an Chonartha seo a ardóidh Stát is Páirtí nó a ndíreoidh an Chomhairle Feidhmiúcháin aird na Comhdhála orthu.

25. Déanfaidh an Chomhdháil maoirsiú ar fhorfheidhmiú an Chonartha seo, agus athbhreithniú ar chomhlíonadh an Chonartha seo, agus gníomhóidh sí chun a chuspóir agus a chríoch a chur chun cinn. Déanfaidh sí maoirsiú freisin ar ghníomhaíochtaí na Comhairle Feidhmiúcháin agus na Rúnaíochta Teicniúla agus féadfaidh sí treoirlínte a eisiúint chuig ceachtar acu maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna.

26. Déanfaidh an Chomhdháil:

(a) Tuarascáil na hEagraíochta maidir le forfheidhmiú an Chonartha seo agus maidir le clár bliantúil agus buiséad bliantúil na hEagraíochta, a bheidh curtha faoi bhráid na Comhdhála ag an gComhairle Feidhmiúcháin, a bhreithniú agus a ghlacadh, chomh maith le tuarascálacha eile a bhreithniú;

(b) Scála na ranníocaí airgid a bheidh le híoc ag Stáit is Páirtithe a chinneadh de réir mhír 9;

(c) Comhaltaí na Comhairle Feidhmiúcháin a thoghadh;

(d) Ard-Stiúrthóir na Rúnaíochta Teicniúla (dá ngairtear “an tArd-Stiúrthóir” anseo ina dhiaidh seo) a cheapadh;

(e) Rialacha nós imeachta na Comhairle Feidhmiúcháin, arna gcur faoi bhráid na Comhdhála ag an gComhairle Feidhmiúcháin, a bhreithniú agus a cheadú;

(f) Forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú an Chonartha seo a bhreithniú agus a athbhreithniú. Sa chomhthéacs seo, féadfaidh an Chomhdháil a ordú don Ard-Stiúrthóir Bord Comhairleach Eolaíochta a bhunú chun a chumasú dó nó di, le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, comhairle speisialta i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta is iomchuí maidir leis an gConradh seo a thabhairt don Chomhdháil, don Chomhairle Feidhmiúcháin nó do Stáit is Páirtithe. Sa chás sin is iad a bheidh ar an mBord Comhairleach Eolaíochta saineolaithe neamhspleácha a bheidh ag fónamh ina gcáil aonair agus a cheapfar, de réir téarmaí tagartha arna nglacadh ag an gComhdháil, ar bhonn a gcuid saineolais agus taithí sna réimsí eolaíochta áirithe is iomchuí maidir le forfheidhmiú an Chonartha seo;

(g) Na bearta is gá a ghlacadh chun a chinntiú go gcomhlíonfar an Conradh seo agus chun aon chor ina ndéanfar sárú ar fhorálacha an Chonartha seo a choigeartú agus a leigheas, de réir Airteagal V;

(h)Aon dréacht-chomhaontuithe, dréachtsocruithe, dréachtfhorálacha, dréachtnósanna imeachta, dréacht-lámhleabhair oibríochta, dréacht-treoirlínte agus aon doiciméid eile arna bhforbairt agus arna moladh ag an gCoimisiún Ullmhúcháin a bhreithniú agus a cheadú ag a seisiún tosaigh;

(i) Comhaontuithe nó socruithe a bhreithniú agus a cheadú is comhaontuithe nó socruithe arna gcaibidil ag an Rúnaíocht Theicniúil le Stáit is Páirtithe, le Stáit eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus a dhéanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin thar ceann na hEagraíochta de réir mhír 38(h);

(j) Cibé fo-orgain a bhunú a chinnfidh sí is gá chun a cuid feidhmeanna a fheidhmiú de réir an Chonartha seo; agus

(k)Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gConradh seo a thabhairt cothrom le dáta, mar is cuí, de réir mhír 23.

C. AN CHOMHAIRLE FEIDHMIÚCHÁIN

Comhdhéanamh, Nósanna Imeachta agus Cinntí a dhéanamh

27. 51 chomhalta a bheidh ar an gComhairle Feidhmiúcháin. Beidh an ceart ag gach Stát is Páirtí, de réir fhorálacha an Airteagail seo, fónamh ar an gComhairle Feidhmiúcháin.

28. Is iad a bheidh ar an gComhairle Feidhmiúcháin agus an gá atá le dáileadh geografach cothromasach á chur i gcuntas:

(a) Deich Stát is Páirtithe ón Afraic;

(b) Seacht Stát is Páirtithe ó Oirthear na hEorpa;

(c) Naoi Stát is Páirtithe ó Mheiriceá Laidineach agus ón gCairib;

(d) Seacht Stát is Páirtithe ón Meán-Oirthear agus ón Áise Theas;

(e) Deich Stát is Páirtithe ó Mheiriceá Thuaidh agus ó Iarthar na hEorpa; agus

(f) Ocht Stát is Páirtithe ón Áise Thoir-Theas, ó Chríocha an Aigéin Chiúin agus ón gCian-Oirthear.

Tá an uile Stát i ngach ceann de na réigiúin gheografacha thuas liostaithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gConradh seo. Déanfaidh an Chomhdháil Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gConradh seo a thabhairt cothrom le dáta, mar is cuí, de réir mhíreanna 23 agus 26(k). Ní bheidh sí faoi réir leasuithe nó athruithe faoi na nósanna imeachta atá in Airteagal VII.

29. Is í an Chomhdháil a dhéanfaidh comhaltaí na Comhairle Feidhmiúcháin a thoghadh. I dtaca leis seo, déanfaidh gach réigiún geografach Stáit is Páirtithe ón réigiún sin a ainmniú lena dtoghadh mar chomhaltaí den Chomhairle Feidhmiúcháin mar a leanas:

(a) Déanfar aon trian ar a laghad de na suíocháin arna leithroinnt ar gach réigiún geografach a líonadh, agus leasanna polaitiúla agus slándála á gcur i gcuntas, le Stáit is Páirtithe sa réigiún sin arna n-ainmniú ar bhonn na gcumas núicléach is iomchuí maidir leis an gConradh mar a chinnfear le sonraí idirnáisiúnta mar aon le gach ceann nó aon cheann de na critéir tháscacha seo a leanas san ord tosaíochta a chinnfidh gach réigiún:

(i) An líon saoráidí faireacháin de chuid an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta;

(ii) An saineolas agus an taithí i dteicneolaíocht faireacháin; agus

(iii) An ranníoc le buiséad bliantúil na hEagraíochta;

(b) Déanfar ceann amháin de na suíocháin arna leithroinnt ar gach réigiún geografach a líonadh ar bhonn uainíochta ag an Stát is Páirtí is túisce in ord aibítre an Bhéarla as measc na Stát is Páirtithe sa réigiún sin nár fhóin mar chomhaltaí den Chomhairle Feidhmiúcháin leis an tréimhse ama is faide ó tháinig siad chun bheith ina Stáit is Páirtithe nó óna dtéarma deireanach, cibé acu is giorra. Féadfaidh Stát is Páirtí arna ainmniú ar an mbonn seo cinneadh a shuíochán a sheachligean. Sa chás sin, cuirfidh Stát is Páirtí den sórt sin litir thréigin faoi bhráid an Ard-Stiúrthóra, agus déanfaidh an chéad Stát is Páirtí eile a leanann de réir oird é de réir na fomhíre seo an suíochán a líonadh; agus

(c) Déanfar na suíocháin eile arna leithroinnt ar gach réigiún geografach a líonadh le Stáit is Páirtithe a ainmneofar as measc na Stát is Páirtithe sa réigiún sin trí uainíocht nó le toghcháin.

30. Beidh ionadaí amháin ag gach comhalta den Chomhairle Feidhmiúcháin ar an gComhairle Feidhmiúcháin agus féadfaidh malartaigh agus comhairleoirí a bheith ina theannta nó ina teannta.

31. Beidh gach comhalta den Chomhairle Feidhmiúcháin i seilbh oifige ó dheireadh sheisiún na Comhdhála ag a dtoghfar an comhalta sin go dtí deireadh an dara seisiún bliantúil rialta a bheidh ag an gComhdháil dá éis sin, ach amháin go ndéanfar, do chéad toghchán na Comhairle Feidhmiúcháin, 26 chomhalta a thoghadh chun bheith i seilbh oifige go dtí deireadh an tríú seisiún bliantúil rialta a bheidh ag an gComhdháil, ag féachaint go cuí do na cionmhaireachtaí uimhriúla bunaithe mar a thuairiscítear i mír 28.

32. Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta a leagan amach go mion agus a chur faoi bhráid na Comhdhála lena gceadú.

33. Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin a Cathaoirleach a thoghadh as measc a comhaltaí.

34. Tiocfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin le chéile do sheisiúin rialta. Tiocfaidh sí le chéile idir sheisiúin rialta de réir mar is gá chun a cumhachtaí agus a feidhmeanna a chomhlíonadh.

35. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle Feidhmiúcháin.

36. Is le tromlach a comhaltaí uile a ghlacfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin cinntí ar nithe a bhaineann le nós imeachta. Is le tromlach dhá thrian dá comhaltaí uile a ghlacfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin cinntí ar nithe substainte mura sonrófar a mhalairt sa Chonradh seo. Nuair a éireoidh an tsaincheist i dtaobh an ceist substainte an cheist nó nach ea, déileálfar leis an gceist sin mar ní substainte mura gcinnfidh an tromlach is gá le haghaidh cinntí ar nithe substainte a mhalairt.

Cumhachtaí agus Feidhmeanna

37. Is í an Chomhairle Feidhmiúcháin organ feidhmiúcháin na hEagraíochta. Beidh sí freagrach don Chomhdháil. Comhallfaidh sí na cumhachtaí agus na feidhmeanna a chuirfear ar a hiontaoibh de réir an Chonartha seo. Le linn di déanamh amhlaidh, gníomhóidh sí i gcomhréir le moltaí, cinntí agus treoirlínte na Comhdhála agus cinnteoidh sí go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go leanúnach agus go cuí.

38. Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin:

(a) Forfheidhmiú éifeachtach an Chonartha seo agus comhlíonadh an Chonartha seo a chur chun cinn;

(b) Gníomhaíochtaí na Rúnaíochta Teicniúla a mhaoirsiú;

(c) Moltaí, de réir mar is gá, don Chomhdháil lena mbreithniú maidir le tograí breise chun cuspóir agus críoch an Chonartha seo a chur chun cinn;

(d) Comhoibriú le hÚdarás Náisiúnta gach Stáit is Páirtí;

(e) Dréachtchlár bliantúil agus buiséad na hEagraíochta, dréacht-tuarascáil na hEagraíochta maidir le forfheidhmiú an Chonartha seo, an tuarascáil maidir le comhlíonadh a gníomhaíochtaí féin agus cibé tuarascálacha eile a mheasfaidh sí is gá nó a iarrfaidh an Chomhdháil, a bhreithniú agus a chur faoi bhráid na Comhdhála;

(f) Socruithe le haghaidh sheisiúin na Comhdhála, lena n-áirítear ullmhú an dréachtchláir;

(g) Tograí le haghaidh athruithe, maidir le nithe de chineál riaracháin nó teicniúil, ar an bPrótacal nó ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis, de bhun Airteagal VII, a iniúchadh agus moltaí a dhéanamh do na Stáit is Páirtithe maidir lena nglacadh;

(h) Faoi réir ceadú roimh ré ón gComhdháil, comhaontuithe nó socruithe le Stáit is Páirtithe, le Stáit eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta thar ceann na hEagraíochta agus a bhforfheidhmiú a mhaoirsiú, seachas comhaontuithe agus socruithe dá dtagraítear i bhfomhír (i);

(i) Oibriú comhaontuithe nó socruithe a bhaineann le forfheidhmiú gníomhaíochtaí fíoraithe le Stáit is Páirtithe agus le Stáit eile a cheadú agus a mhaoirsiú; agus

(j) Aon lámhleabhair oibríochta nua agus aon athruithe ar na lámhleabhair oibríochta láithreacha a mholfaidh an Rúnaíocht Theicniúil a cheadú.

39. Féadfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin seisiún speisialta den Chomhdháil a iarraidh.

40. Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin:

(a) Comhoibriú a éascú i measc Stát is Páirtithe, agus idir Stáit is Páirtithe agus an Rúnaíocht Theicniúil, maidir le forfheidhmiú an Chonartha seo trí mhalartuithe faisnéise;

(b) Comhchomhairle agus soiléiriú a éascú i measc Stát is Páirtithe de réir Airteagal IV; agus

(c) Iarrataí agus tuarascálacha ar iniúchtaí ar an láthair a ghlacadh agus a bhreithniú agus gníomh a dhéanamh ina leith de réir Airteagal IV.

41. Breithneoidh an Chomhairle Feidhmiúcháin aon imní a ardóidh Stát is Páirtí maidir le neamhchomhlíonadh féideartha ar an gConradh seo agus maidir le mí-úsáid fhéideartha na gceart a bhunaítear leis an gConradh seo. Le linn don Chomhairle Feidhmiúcháin déanamh amhlaidh, rachaidh sí i gcomhairle leis na Stáit is Páirtithe lena mbaineann, agus de réir mar is cuí, iarrfaidh sí ar Stát is Páirtí bearta a ghlacadh chun an cor a choigeartú laistigh de thréimhse ama shonraithe. A mhéid a mheasfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin gur gá gníomh breise, déanfaidh sí, inter alia ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a) An tsaincheist nó an ní a chur in iúl don uile Stát is Páirtí;

(b) Aird na Comhdhála a tharraingt ar an tsaincheist nó ar an ní;

(c) Moltaí a dhéanamh don Chomhdháil nó gníomh a dhéanamh, de réir mar is cuí, maidir le bearta chun an cor a choigeartú agus chun comhlíonadh a chinntiú de réir Airteagal V.

D. AN RÚNAÍOCHT THEICNIÚIL

42. Cabhróidh an Rúnaíocht Theicniúil le Stáit is Páirtithe i bhforfheidhmiú an Chonartha seo. Cabhróidh an Rúnaíocht Theicniúil leis an gComhdháil agus leis an gComhairle Feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna. Comhallfaidh an Rúnaíocht Theicniúil na feidhmeanna fíoraithe agus na feidhmeanna eile a chuirtear ar a hiontaoibh leis an gConradh seo, mar aon leis na feidhmeanna sin a bheidh tarmligthe chuici ag an gComhdháil nó ag an gComhairle Feidhmiúcháin de réir an Chonartha seo. Beidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí ar áireamh, mar chuid dhílis, sa Rúnaíocht Theicniúil.

43. Áireofar inter alia na nithe seo a leanas ar fheidhmeanna na Rúnaíochta Teicniúla maidir le comhlíonadh an Chonartha seo a fhíorú, de réir Airteagal IV agus an Phrótacail:

(a) A bheith freagrach as oibriú an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta a mhaoirsiú agus a chomhordú;

(b) An Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí a oibriú;

(c) Sonraí ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a ghlacadh, a phróiseáil agus a anailísiú agus tuarascáil a thabhairt orthu, ar bhonn gnáthaimh;

(d) Cúnamh teicniúil agus tacaíocht a sholáthar maidir le stáisiúin faireacháin a shuiteáil agus a oibriú;

(e) Cabhrú leis an gComhairle Feidhmiúcháin i dtaca le comhchomhairle agus soiléiriú a éascú i measc Stát is Páirtithe;

(f) Iarrataí ar iniúchtaí ar an láthair a ghlacadh agus iad a phróiseáil, éascú don Chomhairle Feidhmiúcháin na hiarrataí sin a bhreithniú, na hullmhúcháin le haghaidh seoladh iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh agustacaíocht theicniúil a sholáthar le linn iad a sheoladh, agus tuarascáil a thabhairt don Chomhairle Feidhmiúcháin;

(g) Comhaontuithe nó socruithe a chaibidil le Stáit is Páirtithe, le Stáit eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón gComhairle Feidhmiúcháin, aon chomhaontuithe nó socruithe den sórt sin a bhaineann le gníomhaíochtaí fíoraithe a dhéanamh le Stáit is Páirtithe nó le Stáit eile; agus

(h) Cabhrú leis na Stáit is Páirtithe trína nÚdaráis Náisiúnta maidir le saincheisteanna eile fíoraithe faoin gConradh seo.

44. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil, faoi réir ceadú a fháil ón gComhairle Feidhmiúcháin, lámhleabhair oibríochta a fhorbairt agus a chothabháil chun oibriú chuidithe éagsúla an réimis fíoraithe a threorú, de réir Airteagal IV agus an Phrótacail. Ní codanna dílse den Chonradh seo nó den Phrótacal na lámhleabhair seo agus féadfaidh an Rúnaíocht Theicniúil iad a athrú faoi réir ceadú a fháil ón gComhairle Feidhmiúcháin. Tabharfaidh an Rúnaíocht Theicniúil scéala go pras do na Stáit is Páirtithe i dtaobh aon athruithe sna lámhleabhair oibríochta.

45. Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh i bhfeidhmeanna na Rúnaíochta Teicniúla maidir le nithe riaracháin:

(a)Dréachtchlár agus buiséad na hEagraíochta a ullmhú agus a chur faoi bhráid na Comhairle Feidhmiúcháin;

(b)Dréacht-tuarascáil na hEagraíochta maidir le forfheidhmiú an Chonartha seo agus cibé tuarascálacha eile a iarrfaidh an Chomhdháil nó an Chomhairle Feidhmiúcháin a ullmhú agus a chur faoi bhráid na Comhairle Feidhmiúcháin;

(c) Tacaíocht riaracháin agus theicniúil a sholáthar don Chomhdháil, don Chomhairle Feidhmiúcháin agus d’fho-orgain eile;

(d) Cumarsáidí a dhíriú agus a ghlacadh thar ceann na hEagraíochta maidir leis an gConradh a fhorfheidhmiú; agus

(e) Na freagrachtaí riaracháin a bhaineann le haon chomhaontuithe idir an Eagraíocht agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile a chomhall.

46. Déanfar gach iarraidh agus fógra ó Stáit is Páirtithe san Eagraíocht a tharchur trína nÚdaráis Náisiúnta chuig an Ard-Stiúrthóir. Beidh iarrataí agus fógraí i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Chonartha seo. Mar fhreagra úsáidfidh an tArd-Stiúrthóir teanga na hiarrata tarchurtha nó an fhógra tharchurtha.

47. Maidir le freagrachtaí na Rúnaíochta Teicniúla as dréachtchlár agus buiséad na hEagraíochta a ullmhú agus a chur faoi bhráid na Comhairle Feidhmiúcháin, cinnfidh an Rúnaíocht Theicniúil na costais go léir i leith gach saoráide a bhunófar mar chuid den Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta agus coimeádfaidh sí cuntasaíocht shoiléir orthu. Déileálfar mar a chéile sa dréachtchlár agus sa bhuiséad le gníomhaíochtaí eile go léir na hEagraíochta.

48. Tabharfaidh an Rúnaíocht Theicniúil scéala go pras don Chomhairle Feidhmiúcháin i dtaobh aon fhadhbanna a bheidh tagtha chun cinn maidir le feidhmeanna na Rúnaíochta Teicniúla a chomhall agus a bheidh tagtha ar a hiúl le linn di a gníomhaíochtaí a chomhlíonadh agus nach raibh sí in ann a réiteach trí dhul i gcomhairle leis an Stát is Páirtí lena mbaineann.

49. Is é a bheidh sa Rúnaíocht Theicniúil Ard-Stiúrthóir, arb é nó í a ceannaire agus a príomhoifigeach riaracháin é nó í, agus cibé pearsanra eolaíochta, teicniúil agus pearsanra eile is gá. Is í an Chomhdháil a cheapfaidh an tArd-Stiúrthóir ar mholadh ón gComhairle Feidhmiúcháin ar feadh téarma ceithre bliana a bheidh in-athnuaite ar feadh téarma amháin eile, ach ní ina dhiaidh sin. Ceapfaidh an Chomhdháil an chéad Ard-Stiúrthóir ag a seisiún tosaigh ar mholadh ón gCoimisiún Ullmhúcháin.

50. Beidh an tArd-Stiúrthóir freagrach don Chomhdháil agus don Chomhairle Feidhmiúcháin as an bhfoireann a cheapadh agus as eagrú agus feidhmiú na Rúnaíochta Teicniúla. Is é an ní is tábhachtaí, le linn an fhoireann a fhostú agus na coinníollacha seirbhíse a chinneadh, an gá atá ann na caighdeáin is airde a áirithiú i ndáil le saineolas gairmiúil, taithí, éifeachtúlacht, inniúlacht agus ionracas. Saoránaigh de Stáit is Páirtithe agus iad sin amháin a fhónfaidh mar Ard-Stiúrthóir, mar chigirí nó mar chomhaltaí den fhoireann ghairmiúil agus chléireachais. Tabharfar aird chuí ar an tábhacht atá le foireann a earcú ar an mbonn is fairsinge is féidir de thíortha. Beidh mar threoir maidir le hearcaíocht an prionsabal nach bhfostófar ach an líon íosta foirne is gá chun freagrachtaí na Rúnaíochta Teicniúla a chomhall mar is cuí.

51. Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, de réir mar is cuí, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Feidhmiúcháin, gasraí oibre sealadacha de shaineolaithe eolaíochta a bhunú chun moltaí a sholáthar ar shaincheisteanna sonracha.

52. Le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, ní dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir, na cigirí, na cúntóirí iniúchta agus na comhaltaí den fhoireann treoracha a iarraidh nó a ghlacadh ó aon Rialtas nó ó aon fhoinse eile lasmuigh den Eagraíocht. Staonfaidh siad ó ghníomh ar bith a d’fhéadfadh drochmheas a tharraingt ar a seasamh mar oifigigh idirnáisiúnta nach bhfuil freagrach ach don Eagraíocht amháin. Gabhfaidh an tArd-Stiúrthóir freagracht air féin nó uirthi féin i leith gníomhaíochtaí foirne iniúchta.

53. Tabharfaidh gach Stát is Páirtí d’aitheantas gur freagrachtaí idirnáisiúnta go huile is go hiomlán na freagrachtaí a bheidh ar an Ard-Stiúrthóir, ar na cigirí, ar na cúntóirí iniúchta agus ar na comhaltaí den fhoireann agus ní fhéachfaidh sé le tionchar a imirt orthu i gcomhall a ndualgas dóibh.

E. PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ

54. Teachtfaidh an Eagraíocht i gcríoch Stáit is Páirtí agus in aon áit eile a bheidh faoi dhlínse nó faoi rialú Stáit is Páirtí cibé inniúlacht dhlíthiúil agus cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun a feidhmeanna a fheidhmiú.

55. Teachtfaidh toscairí de chuid Stát is Páirtithe, mar aon lena malartaigh agus a gcomhairleoirí, ionadaithe ball a thoghfar chun na Comhairle Feidhmiúcháin, mar aon lena malartaigh agus a gcomhairleoirí, an tArd-Stiúrthóir, na cigirí, na cúntóirí iniúchta agus na comhaltaí d’fhoireann na hEagraíochta cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun a bhfeidhmeanna i dtaca leis an Eagraíocht a fheidhmiú go neamhspleách.

56. Déanfar an inniúlacht dhlíthiúil, na pribhléidí agus na díolúintí dá dtagraítear san Airteagal seo a mhíniú i gcomhaontuithe idir an Eagraíocht agus na Stáit is Páirtithe agus i gcomhaontú chomh maith idir an Eagraíocht agus an Stát ina mbeidh suíomh na hEagraíochta. Déanfar na comhaontuithe sin a bhreithniú agus a cheadú de réir mhír 26(h) agus (i).

57. D’ainneoin mhíreanna 54 agus 55, is iad na pribhléidí agus na díolúintí atá leagtha amach sa Phrótacal na pribhléidí agus na díolúintí a theachtfaidh an tArd-Stiúrthóir, na cigirí, na cúntóirí iniúchta agus na comhaltaí d’fhoireann na Rúnaíochta Teicniúla le linn gníomhaíochtaí fíoraithe a sheoladh.

AIRTEAGAL III

BEARTA FORFHEIDHMITHE NÁISIÚNTA

1. Déanfaidh gach Stát is Páirtí, de réir a phróiseas bunreachtúil, aon bhearta is gá chun a oibleagáidí faoin gConradh seo a fhorfheidhmiú. Go háirithe, déanfaidh sé aon bhearta is gá:

(a) Chun toirmeasc ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha in aon áit ina chríoch nó in aon áit eile atá faoina dhlínse, mar a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta, aon ghníomhaíocht a ghabháil de láimh a thoirmisctear ar Stát is Páirtí faoin gConradh seo;

(b) Chun toirmeasc ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha aon ghníomhaíocht den sórt sin a ghabháil de láimh in aon áit a bheidh faoina rialú; agus

(c) Chun toirmeasc, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ar dhaoine nádúrtha is náisiúnaigh dá chuid, aon ghníomhaíocht den sórt sin a ghabháil de láimh áit ar bith.

2. Comhoibreoidh gach Stát is Páirtí le Stáit eile is Páirtithe agus tabharfaidh sé an fhoirm chuí cúnaimh dhlíthiúil chun forfheidhmiú na n-oibleagáidí faoi mhír 1 a éascú.

3. Cuirfidh gach Stát is Páirtí na bearta a rinneadh de bhun an Airteagail seo in iúl don Eagraíocht.

4. Chun a oibleagáidí faoin gConradh a chomhlíonadh, déanfaidh gach Stát is Páirtí Údarás Náisiúnta a ainmniú nó a bhunú agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Eagraíocht ar theacht i bhfeidhm an Chonartha ina leith. Gníomhóidh an tÚdarás Náisiúnta mar phointe fócasach náisiúnta le haghaidh idirchaidrimh leis an Eagraíocht agus le Stáit eile is Páirtithe.

AIRTEAGAL IV

FÍORÚ

A. FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. D’fhonn comhlíonadh an Chonartha seo a fhíorú, bunófar córas fíoraithe a mbeidh na gnéithe seo ann:

(a) Córas Faireacháin Idirnáisiúnta;

(b) Comhchomhairle agus soiléiriú;

(c) Iniúchtaí ar an láthair; agus

(d) Bearta chun muinín a chothú.

Ar theacht i bhfeidhm don Chonradh seo, beidh an córas fíoraithe in ann freastal ar riachtanais fíoraithe an Chonartha seo.

2. Maidir le gníomhaíochtaí fíoraithe, beidh siad bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, ní bhainfidh siad ach le hábhar an Chonartha seo, agus seolfar iad ar an mbonn go ndéanfar ceannasacht Stát is Páirtí a urramú go hiomlán agus ar an modh a dhéanfaidh a laghad cuir isteach is féidir i gcomhréir lena gcuspóirí a bhaint amach go héifeachtach tráthúil. Staonfaidh gach Stát is Páirtí ó aon mhí-úsáid a bhaint as an gceart fíoraithe.

3. Gabhann gach Stát is Páirtí air féin de réir an Chonartha seo comhoibriú leis an Eagraíocht agus le Stáit eile is Páirtithe trína Údarás Náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal III, mír 4, chun fíorú chomhlíonadh an Chonartha seo a éascú trí, inter alia, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) Na saoráidí is gá chun páirt a ghlacadh sna bearta fíoraithe seo a bhunú agus an chumarsáid is gá a bhunú;

(b) Sonraí a gheofar ó stáisiúin náisiúnta is cuid den Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta a sholáthar;

(c) Páirt a ghlacadh, de réir mar is cuí, i bpróiseas comhchomhairle agus soiléirithe;

(d) Iniúchtaí ar an láthair a cheadú; agus

(e) Páirt a ghlacadh, de réir mar is cuí, i mbearta chun muinín a chothú.

4. Teachtfaidh gach Stát is Páirtí, is cuma cad iad a gcumais teicneolaíocha nó airgeadais, ceart comhionann fíoraithe agus gabhfaidh siad orthu féin an uile oibleagáid chomhionann glacadh le fíorú.

5. Chun críocha an Chonartha seo, ní choiscfear ar aon Stát is Páirtí leas a bhaint as faisnéis a fuarthas trí bhealaí fíoraithe teicniúla náisiúnta ar mhodh a bheidh i gcomhréir le prionsabail dlí idirnáisiúnta a aithnítear i gcoitinne, lena n-áirítear ceannasacht Stát a urramú.

6. Gan dochar do chearta Stát is Páirtithe suiteálacha, gníomhaíochtaí nó suímh íogaire nach mbaineann leis an gConradh seo a chosaint, ní chuirfidh na Stáit is Páirtithe isteach ar ghnéithe de chóras fíoraithe an Chonartha seo nó ar bhealaí fíoraithe teicniúla náisiúnta a oibrítear de réir mhír 5.

7. Beidh ceart ag gach Stát is Páirtí bearta a dhéanamh chun suiteálacha íogaire a chosaint agus chun nochtadh faisnéise agus sonraí rúnda nach mbaineann leis an gConradh a chosc.

8. Ina theannta sin, déanfar gach beart is gá chun rúndacht aon fhaisnéise a bhaineann le gníomhaíochtaí agus le saoráidí sibhialta agus míleata agus a gheofar le linn gníomhaíochta fíoraithe a chosaint.

9. Faoi réir mhír 8, déanfar faisnéis a gheobhaidh an Eagraíocht tríd an gcóras fíoraithe a bhunófar leis an gConradh seo a chur ar fáil don uile Stát is Páirtí de réir fhorálacha iomchuí an Chonartha seo agus an Phrótacail.

10. Ní fhorléireofar forálacha an Chonartha seo mar ní a shrianfaidh malartú idirnáisiúnta sonraí chun críoch eolaíochta.

11. Gabhann gach Stát is Páirtí air féin comhoibriú leis an Eagraíocht agus le Stáit eile is Páirtithe i ndáil leis an gcóras fíoraithe a fheabhsú, agus i ndáil le scrúdú a dhéanamh ar phoitéinseal fíoraithe teicneolaíochtaí faireacháin breise amhail faireachán bíge leictreamaighnéadaí nó faireachán satailíte, d’fhonn bearta sonraithe a fhorbairt, nuair is cuí, a chuirfidh le fíorú éifeachtach agus cost-éifeachtach an Chonartha seo. Corprófar na bearta sin, nuair a dhéanfar iad a chomhaontú, i bhforálacha láithreacha sa Chonradh seo, sa Phrótacal nó mar ailt bhreise den Phrótacal, de réir Airteagal VII, nó, más cuí, léireofar iad sna lámhleabhair oibríochta de réir Airteagal II, mír 44.

12. Gabhann na Stáit is Páirtithe orthu féin comhoibriú a chur chun cinn eatarthu féin chun an malartú is mó is féidir maidir leis na teicneolaíochtaí a úsáidtear i bhfíorú an Chonartha seo a éascú agus chun páirt a ghlacadh sa mhalartú sin chun a chumasú don uile Stát is Páirtí forfheidhmiú náisiúnta a mbeart fíoraithe a neartú agus tairbhe a bhaint as feidhmiú na dteicneolaíochtaí sin chun críocha síochánta.

13. Déanfar forálacha an Chonartha seo a fhorfheidhmiú ar mhodh nach ndéanfaidh bacainn a chur ar fhorbairt eacnamaíochta agus teicneolaíochta na Stát is Páirtithe chun úsáid fuinnimh adamhaigh chun críocha síochánta a fhorbairt tuilleadh.

Freagrachtaí Fíoraithe na Rúnaíochta Teicniúla

14. Le linn a freagrachtaí a chomhall sa réimse fíoraithe a shonraítear sa Chonradh seo agus sa Phrótacal, i gcomhar leis na Stáit is Páirtithe, déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil, chun críche an Chonartha seo:

(a) Socruithe chun sonraí agus táirgí tuairisceoireachta is iomchuí maidir le fíorú an Chonartha seo de réir a fhorálacha a ghlacadh agus a dháileadh, agus chun bonneagar domhanda cumarsáide a bheidh cuí don tasc seo a chothabháil;

(b) Ar bhonn gnáthaimh, trína Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, arb éard é, i bprionsabal, an pointe fócasach laistigh den Rúnaíocht Theicniúil le haghaidh sonraí a stóráil agus sonraí a phróiseáil:

(i) Iarrataí ar shonraí ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a ghlacadh agus a thionscnamh;

(ii) Sonraí a ghlacadh, de réir mar is cuí, a thig as an bpróiseas comhchomhairle agus soiléirithe, as iniúchtaí ar an láthair, agus as bearta chun muinín a chothú; agus

(iii) Sonraí iomchuí eile a ghlacadh ó Stáit is Páirtithe agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta de réir an Chonartha seo agus an Phrótacail;

(c) Oibriú an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta agus a ghnéithe cuidí, agus an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí a mhaoirsiú, a chomhordú agus a chinntiú, de réir na lámhleabhar oibríochta iomchuí;

(d) Sonraí ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a phróiseáil, a ainilísiú agus tuarascáil a thabhairt orthu ar bhonn gnáthaimh de réir nósanna imeachta comhaontaithe chun fíorú idirnáisiúnta éifeachtach an Chonartha seo a cheadú agus chun cuidiú le hábhair imní maidir le comhlíonadh a réiteach go luath;

(e) Na sonraí go léir, idir shonraí amha agus shonraí próiseáilte, agus aon táirgí tuairisceoireachta, a chur ar fáil don uile Stát is Páirtí, agus gach Stát is Páirtí ag glacadh freagrachta as sonraí ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a úsáid de réir Airteagal II, mír 7, agus de réir mhíreanna 8 agus 13 den Airteagal seo;

(f) Rochtain chomhionann, oscailte, chaoithiúil agus thráthúil ar na sonraí stóráilte go léir a chur ar fáil don uile Stát is Páirtí;

(g) Na sonraí go léir, idir shonraí amha agus shonraí próiseáilte, agus na táirgí tuairisceoireachta go léir a stóráil;

(h) Iarrataí ar shonraí breise ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a chomhordú agus a éascú;

(i) Iarrataí ar shonraí breise ó Stát amháin is Páirtí ar Stát eile is Páirtí a chomhordú;

(j) Cúnamh teicniúil a sholáthar chun saoráidí faireacháin agus meáin chumarsáide ar leith a shuiteáil agus a oibriú, agus tacaíocht a sholáthar ina leith, i gcás ina dteastóidh an cúnamh agus an tacaíocht sin ón Stát lena mbaineann;

(k) Teicníochtaí a úsáideann an Rúnaíocht Theicniúil agus a Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí le linn sonraí ón gcóras fíoraithe a thiomsú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus tuarascáil a thabhairt ina dtaobh a chur ar fáil d’aon Stát is Páirtí, ar iarraidh uaidh; agus

(l) Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta agus an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí agus tuarascáil a thabhairt ar an bhfeidhmiú sin.

15. Maidir leis na nósanna imeachta comhaontaithe a úsáidfidh an Rúnaíocht Theicniúil le linn na freagrachtaí fíoraithe dá dtagraítear i mír 14 agus a shonraítear sa Phrótacal a chomhall, déanfar iad a leagan amach go mion sna lámhleabhair oibríochta iomchuí.

B. AN CÓRAS FAIREACHÁIN IDIRNÁISIÚNTA

16. Is é a bheidh sa Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta saoráidí le haghaidh faireacháin sheismeolaíoch, faireacháin radanúiclídí lena n-áirítear saotharlanna deimhnithe, faireacháin hidreafhuaimníoch, faireacháin infreafhuaime, agus meáin chumarsáide ar leith, agus tacóidh Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí na Rúnaíochta Teicniúla leis.

17. Cuirfear an Córas Faireacháin Idirnáisiúnta faoi údarás na Rúnaíochta Teicniúla. Beidh saoráidí faireacháin uile an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta faoi úinéireacht na Stát, agus á n-oibriú ag na Stáit, is ósta dóibh nó a bheidh ag glacadh freagracht ar shlí eile ina leith de réir an Phrótacail.

18. Beidh an ceart ag gach Stát is Páirtí chun páirt a ghlacadh i malartú idirnáisiúnta sonraí agus rochtain a bheith aige ar na sonraí go léir a chuirfear ar fáil don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí. Comhoibreoidh gach Stát is Páirtí leis an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí trína Údarás Náisiúnta.

An Córas Faireacháin Idirnáisiúnta a Mhaoiniú

19. Le haghaidh saoráidí a chorpraítear sa Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta agus a shonraítear i dTáblaí 1-A, 2-A, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal, agus le haghaidh a bhfeidhmithe, a mhéid a chomhaontóidh an Stát iomchuí agus an Eagraíocht ar shaoráidí den sórt sin chun sonraí a sholáthar don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí de réir cheanglais theicniúla an Phrótacail agus na lámhleabhar oibríochta iomchuí, déanfaidh an Eagraíocht, de réir mar a shonraítear i gcomhaontuithe nó i socruithe de bhun Chuid I, mír 4 den Phrótacal, costas na nithe seo a leanas a íoc:

(a) Aon saoráidí nua a bhunú agus saoráidí atá ann a uasghrádú, mura n-íocfaidh an Stát atá freagrach as na saoráidí sin na costais seo é féin;

(b) Saoráidí an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta a oibriú agus a chothabháil, lena n-áirítear slándáil fhisiciúil saoráide más cuí, agus nósanna imeachta comhaontaithe fíordheimhnithe sonraí a chur chun feidhme;

(c) Sonraí (amh nó próiseáilte) ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a tharchur chuig an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí ar an tslí is dírí agus is cost-éifeachtaí atá ar fáil, lena n-áirítear, más gá, trí nóid chumarsáide chuí, ó stáisiúin faireacháin, ó shaotharlanna, ó shaoráidí anailíse nó ó lárionaid náisiúnta sonraí; nó sonraí den sórt sin (lena n-áirítear samplaí más cuí) a tharchur chuig saoráidí saotharlainne agus saoráidí anailíse ó stáisiúin faireacháin; agus

(d) Samplaí a anailísiú thar ceann na hEagraíochta.

20. Maidir le stáisiúin sheismeacha líonra chúnta a shonraítear i dTábla 1-B d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal ní íocfaidh an Eagraíocht, mar a shonraítear i gcomhaontuithe nó i socruithe de bhun Chuid I, mír 4 den Phrótacal, ach costais na nithe seo a leanas:

(a) Sonraí a tharchur chuig an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí;

(b) Sonraí ó na stáisiúin sin a fhíordheimhniú;

(c) Stáisiúin a uasghrádú chun an chaighdeáin theicniúil is gá, mura n-íocfaidh an Stát atá freagrach as na saoráidí sin na costais seo é féin;

(d) Más gá, stáisiúin nua a bhunú chun críocha an Chonartha seo i gcás nach bhfuil aon saoráidí cuí ann faoi láthair, mura n-íocfaidh an Stát atá freagrach as na saoráidí sin na costais seo é féin; agus

(e) Aon chostais eile a bhaineann le sonraí a iarrfaidh an Eagraíocht mar a shonraítear sna lámhleabhair oibríochta iomchuí a sholáthar.

21. Íocfaidh an Eagraíocht freisin an costas a ghabhann leis an rogha a iarrann gach Stát is Páirtí ón réimse caighdeánach táirgí agus seirbhísí tuairisceoireachta de chuid an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí a sholáthar dó, mar a shonraítear i gCuid I, Alt F den Phrótacal. Maidir le haon sonraí nó táirgí breise a ullmhú agus a tharchur, íocfaidh an Stát iarrthach is Páirtí an costas a ghabhann leis sin.

22. Maidir leis na comhaontuithe nó, más cuí, leis na socruithe a dhéantar le Stáit is Páirtithe nó le Stáit is ósta do shaoráidí de chuid an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta nó a bheidh ag glacadh freagracht ar shlí eile ina leith, beidh forálacha iontu i dtaca leis na costais seo a íoc. Féadfaidh módúlachtaí a bheith sna forálacha sin trína n-íocfaidh Stát is Páirtí aon chostais de na costais dá dtagraítear i míreanna 19(a) agus 20(c) agus (d) i gcomhair saoráidí ar ósta dóibh é nó a bhfuil sé freagrach astu, agus trína gcúiteofar é trí laghdú cuí ar a ranníoc airgid measúnaithe leis an Eagraíocht. Ní mó ná 50 faoin gcéad den ranníoc airgid measúnaithe bliantúil de chuid Stáit is Páirtí an laghdú sin, ach féadfar é a chur i leith blianta comhleanúnacha. Féadfaidh Stát is Páirtí laghdú den sórt sin a roinnt le Stát eile is Páirtí trí chomhaontú nó socrú eatarthu féin agus le comhthoiliú na Comhairle Feidhmiúcháin. Déanfar na comhaontuithe nó na socruithe dá dtagraítear sa mhír seo a cheadú de réir Airteagal II, míreanna 26(h) agus 38(i).

Athruithe ar an gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta

23. Aon bhearta dá dtagraítear i mír 11 agus a dhéanann difear don Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta trí theicneolaíocht faireacháin a chur leis nó a scriosadh as, déanfar iad a chorprú sa Chonradh seo agus sa Phrótacal de bhun Airteagal VII, míreanna 1 go 6, nuair a bheidh siad comhaontaithe.

24. Déanfar na hathruithe seo a leanas ar an gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta, faoi réir chomhaontú na Stát sin a ndéanfar difear dóibh go díreach, a mheas mar nithe de chineál riaracháin nó teicniúil de bhun Airteagal VII, míreanna 7 agus 8:

(a) Athruithe ar an líon saoráidí a shonraítear sa Phrótacal le haghaidh teicneolaíochta faireacháin áirithe; agus

(b) Athruithe ar mhionsonraí eile maidir le saoráidí áirithe a léirítear i dTáblaí Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal (lena n-áirítear, inter alia, an Stát atá freagrach as an tsaoráid; an suíomh; ainm na saoráide; cineál na saoráide; agus saoráid a chur síos do na líonraí seismeacha príomha nó cúnta).

Más rud é go molfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin, de bhun Airteagal VII, mír 8(d), go nglacfar leis na hathruithe sin, de ghnáth molfaidh sí freisin de bhun Airteagal VII, mír 8(g), go dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm ar an Ard-Stiúrthóir do thabhairt fógra i dtaobh a gceadaithe.

25. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, le linn dó nó di faisnéis agus meastóireacht a chur faoi bhráid na Comhairle Feidhmiúcháin agus na Stát is Páirtithe de réir Airteagal VII, mír 8(b), na nithe seo a leanas a chur san áireamh i gcás aon togra arna dhéanamh de bhun mhír 24:

(a) Meastóireacht theicniúil ar an togra;

(b) Ráiteas ar thionchar riaracháin agus airgeadais an togra; agus

(c) Tuarascáil ar chomhchomhairle le Stáit a ndéanann an togra difear dóibh go díreach, lena n-áirítear a gcomhaontú a chur in iúl.

Socruithe Sealadacha

26. I gcásanna ina dtarlaíonn cliseadh suntasach nó doleigheasta ar shaoráid faireacháin a shonraítear i dTáblaí Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal, nó d’fhonn laghduithe sealadacha eile ar an gcumhdach faireacháin a chumhdach, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, i gcomhairle agus i gcomhaontú leis na Stáit sin a ndéantar difear dóibh go díreach, agus le ceadú na Comhairle Feidhmiúcháin, socruithe sealadacha nach mairfidh thar bhliain amháin a thionscnamh, is socruithe a bheidh inathnuaite go ceann bliana eile más gá trí chomhaontú na Comhairle Feidhmiúcháin agus na Stát a ndéantar difear dóibh go díreach. Ní fhágfaidh na socruithe sin go rachaidh líon saoráidí oibríochta an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta thar an líon a shonraítear don líonra iomchuí; comhlíonfaidh siad, a mhéid is féidir, na riachtanais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sa lámhleabhar oibríochta don líonra iomchuí; agus déanfar iad a sheoladh de réir bhuiséad na hEagraíochta. Ina theannta sin, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir bearta chun an cor a chur ina cheart agus déanfaidh sé nó sí tograí chun réiteach buan a fháil air. Tabharfaidh an tArd-Stiúrthóir fógra don uile Stát is Páirtí faoi aon chinneadh a dhéanfar de bhun na míre seo.

Saoráidí Náisiúnta Comhair

27. Féadfaidh Stáit is Páirtithe socruithe comhair a bhunú ar leithligh freisin leis an Eagraíocht d’fhonn sonraí forlíontacha ó stáisiúin faireacháin náisiúnta nach cuid iad go foirmiúil den Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta a chur ar fáil don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí.

28. Féadfar socruithe comhair den sórt sin a bhunú mar a leanas:

(a) Ar iarraidh ó Stát is Páirtí, agus ar chostas an Stáit sin, déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil na bearta is gá chun a dheimhniú go bhfreagraíonn saoráid faireacháin áirithe do na riachtanais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sna lámhleabhair oibríochta iomchuí do shaoráid de chuid an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, agus déanfaidh sí socruithe chun a sonraí a fhíordheimhniú. Faoi réir chomhaontú na Comhairle Feidhmiúcháin, déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil saoráid den sórt sin a ainmniú go foirmiúil ansin mar shaoráid náisiúnta comhair. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil na bearta is gá chun a deimhniúchán a athbhailíochtú de réir mar is cuí;

(b) Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil liosta reatha de shaoráidí náisiúnta comhair a chothabháil agus dáilfidh sí é ar an uile Stát is Páirtí; agus

(c) Bainfidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí úsáid as sonraí ó shaoráidí náisiúnta comhair, má iarrann Stát is Páirtí air déanamh amhlaidh, chun go n-éascófar comhchomhairle agus soiléiriú agus breithniú ar iarrataí ar iniúchtaí ar an láthair, agus is é an Stát sin is Páirtí a íocfaidh na costais a bhainfidh leis na sonraí a tharchur.

Maidir leis na coinníollacha faoina ndéanfar sonraí forlíontacha ó shaoráidí den sórt sin a chur ar fáil, agus faoina bhféadfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí tuairisciú breise nó brostaithe, nó soiléirithe, a iarraidh, déanfar iad a leagan amach go mion sa lámhleabhar oibríochta don líonra faireacháin ar leith.

C. COMHCHOMHAIRLE AGUS SOILÉIRIÚ

29. Gan dochar do cheart aon Stáit is Páirtí iniúchadh ar an láthair a iarraidh, ba chóir do Stáit is Páirtithe, nuair is féidir é, gach iarracht a dhéanamh ar dtús aon ní a d’fhéadfadh a bheith ina chúis imní maidir le neamhchomhlíonadh féideartha bhunoibleagáidí an Chonartha seo a shoiléiriú agus a réiteach eatarthu féin nó in éineacht leis an Eagraíocht nó trí mheán na hEagraíochta.

30. Déanfaidh Stát is Páirtí a gheobhaidh iarraidh de bhun mhír 29 go díreach ó Stát eile is Páirtí an soiléiriú a sholáthar don Stát iarrthach is Páirtí a luaithe is féidir, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis na hiarrata. Féadfaidh an Stát iarrthach is Páirtí agus an Stát is Páirtí ar a ndéanfar an iarraidh an Chomhairle Feidhmiúcháin agus an tArd-Stiúrthóir a choimeád ar an eolas maidir leis an iarraidh agus maidir leis an bhfreagra.

31. Beidh an ceart ag Stát is Páirtí a iarraidh ar an Ard-Stiúrthóir cabhair a thabhairt i dtaca le haon ní a shoiléiriú a d’fhéadfadh a bheith ina chúis imní maidir le neamhchomhlíonadh féideartha bhunoibleagáidí an Chonartha seo. Soláthróidh an tArd-Stiúrthóir faisnéis chuí a bheidh i seilbh na Rúnaíochta Teicniúla agus is iomchuí maidir le hábhar imní den sórt sin. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir an iarraidh agus an fhaisnéis a sholáthrófar mar fhreagra a chur in iúl don Chomhairle Feidhmiúcháin, má iarrann an Stát iarrthach is Páirtí amhlaidh.

32. Beidh an ceart ag Stát is Páirtí a iarraidh ar an gComhairle Feidhmiúcháin soiléiriú a fháil ó Stát eile is Páirtí maidir le haon ní a d’fhéadfadh a bheith ina chúis imní maidir le neamhchomhlíonadh féideartha bhunoibleagáidí an Chonartha seo. I gcás den sórt sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin an iarraidh ar shoiléiriú a chur ar aghaidh chuig an Stát is Páirtí ar a ndéanfar an iarraidh tríd an Ard-Stiúrthóir tráth nach déanaí ná 24 huaire an chloig tar éis í a fháil;

(b) Soláthróidh an Stát is Páirtí ar a ndéanfar an iarraidh an soiléiriú don Chomhairle Feidhmiúcháin a luaithe is féidir, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis an iarraidh a fháil;

(c) Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin an soiléiriú a thabhairt dá haire agus a chur ar aghaidh chuig an Stát iarrthach is Páirtí tráth nach déanaí ná 24 huaire an chloig tar éis é a fháil;

(d) Má mheasann an Stát iarrthach is Páirtí nach leor an soiléiriú, beidh an ceart aige a iarraidh ar an gComhairle Feidhmiúcháin soiléiriú breise a fháil ón Stát is Páirtí ar a ndéanfar an iarraidh.

Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin aon iarraidh ar shoiléiriú de bhun na míre seo, mar aon le haon fhreagra a thabharfaidh an Stát is Páirtí ar a ndéanfar an iarraidh, a chur in iúl gan mhoill don uile Stát eile is Páirtí.

33. Más dóigh leis an Stát iarrthach is Páirtí nach bhfuil an soiléiriú a gheofar faoi mhír 32(d) sásúil, beidh an ceart aige cruinniú den Chomhairle Feidhmiúcháin a iarraidh a mbeidh teideal ag Stáit is Páirtithe nach comhaltaí den Chomhairle Feidhmiúcháin iad páirt a ghlacadh ann. Ag cruinniú den sórt sin, breithneoidh an Chomhairle Feidhmiúcháin an ní agus féadfaidh sí aon bheart a mholadh de réir Airteagal V.

D. INIÚCHTAÍ AR AN LÁTHAIR

Iarraidh ar Iniúchadh ar an Láthair

34. Tá an ceart ag gach Stát is Páirtí iniúchadh ar an láthair a iarraidh de réir fhorálacha an Airteagail seo agus Chuid II den Phrótacal i gcríoch aon Stáit is Páirtí nó in aon áit eile atá faoi dhlínse nó faoi rialú aon Stáit is Páirtí, nó in aon limistéar atá lasmuigh de dhlínse nó de rialú aon Stáit.

35. Is é an t-aon chríoch amháin a bheidh le hiniúchadh ar an láthair a shoiléiriú an ndearnadh pléascadh trialach airm núicléach nó aon phléascadh núicléach eile de shárú ar Airteagal I agus, a mhéid is féidir, aon fhíorais a bhailiú a chabhródh chun aon sáraitheoir féideartha a shainaithint.

36. Beidh d’oibleagáid ar an Stát iarrthach is Páirtí an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a choimeád faoi raon an Chonartha seo agus faisnéis de réir mhír 37 a sholáthar san iarraidh. Staonfaidh an Stát iarrthach is Páirtí ó iarrataí ar iniúchadh a bheidh gan bhunús nó ar mí-úsáid iad.

37. Déanfar an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a bhunú ar fhaisnéis arna bailiú ag an gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta, ar aon fhaisnéis theicniúil iomchuí a gheofar trí shásanna teicniúla náisiúnta fíoraithe ar mhodh a bheidh ar comhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta a aithnítear go coitianta, nó ar theaglaim den dá chineál faisnéise sin. Beidh faisnéis de bhun Chuid II, mír 41 den Phrótacal san iarraidh.

38. Déanfaidh an Stát iarrthach is Páirtí an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a thíolacadh don Chomhairle Feidhmiúcháin agus don Ard-Stiúrthóir an tráth céanna chun go dtosóidh an tArd-Stiúrthóir an phróiseáil láithreach.

Bearta Leantacha Tar Éis Iarraidh ar Iniúchadh ar an Láthair a Chur faoi bhráid na Comhairle Feidhmiúcháin agus an Ard-Stiúrthóra

39. Tosóidh an Chomhairle Feidhmiúcháin ar a breithniú a dhéanamh láithreach ar an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a fháil.

40. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, tar éis an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a fháil, a admháil, laistigh de dhá uair an chloig, don Stát iarrthach is Páirtí go bhfuarthas an iarraidh agus déanfaidh sé nó sí, laistigh de shé huaire an chloig, an iarraidh a chur in iúl don Stát is Páirtí a n-iarrtar iniúchadh a dhéanamh air. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir a chinntiú go gcomhlíonann an iarraidh na ceanglais a shonraítear i gCuid II, mír 41 den Phrótacal, agus, más gá, cabhróidh sé nó sí leis an Stát iarrthach is Páirtí an iarraidh a chomhdú dá réir sin, agus déanfaidh sé nó sí, laistigh de 24 huaire an chloig, an iarraidh a chur in iúl don Chomhairle Feidhmiúcháin agus don uile Stát eile is Páirtí.

41. Nuair a chomhlíonann an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair na ceanglais, tosóidh an Rúnaíocht Theicniúil gan mhoill ar ullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh an iniúchta ar an láthair.

42. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, ar iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a fháil is iarraidh a thagraíonn do limistéar cigireachta atá faoi dhlínse nó rialú Stáit is Páirtí, soiléiriú a lorg láithreach ón Stát is Páirtí a n-iarrtar iniúchadh a dhéanamh air d’fhonn an t-ábhar imní a ardaítear san iarraidh a shoiléiriú agus a réiteach.

43. Déanfaidh Stát is Páirtí a gheobhaidh iarraidh ar shoiléiriú de bhun mhír 42 mínithe agus faisnéis iomchuí eile a bheidh ar fáil a sholáthar don Ard-Stiúrthóir a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an iarraidh ar shoiléiriú a fháil.

44. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, sula nglacfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin cinneadh maidir leis an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair, aon fhaisnéis bhreise a bheidh ar fáil ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta nó a sholáthróidh aon Stát is Páirtí maidir leis an teagmhas a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear aon soiléiriú a sholáthrófar de bhun mhíreanna 42 agus 43, mar aon le haon fhaisnéis eile ó laistigh den Rúnaíocht Theicniúil a mheasfaidh an tArd-Stiúrthóir a bheith iomchuí nó a iarrfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin, a tharchur láithreach chuig an gComhairle Feidhmiúcháin.

45. Mura rud é go measfaidh an Stát iarrthach is Páirtí an t-ábhar imní a ardaítear san iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a bheith réitithe agus go dtarraingeoidh sé siar an iarraidh, glacfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin cinneadh maidir leis an iarraidh de réir mhír 46.

Cinntí ón gComhairle Feidhmiúcháin

46. Glacfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin cinneadh maidir leis an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair tráth nach déanaí ná 96 huaire an chloig tar éis an iarraidh a fháil ón Stát iarrthach is Páirtí. Déanfar an cinneadh chun an t-iniúchadh ar an láthair a cheadú le 30 vóta dearfach ar a laghad ó chomhaltaí den Chomhairle Feidhmiúcháin. Mura gceadóidh an Chomhairle Feidhmiúcháin an t-iniúchadh, scoirfear d’ullmhúcháin a dhéanamh agus ní dhéanfar aon bheart eile maidir leis an iarraidh.

47. Tráth nach déanaí ná 25 lá tar éis an t-iniúchadh ar an láthair a cheadú de réir mhír 46, déanfaidh an fhoireann iniúchta tuarascáil faoi dhul chun cinn an iniúchta a tharchur chuig an gComhairle Feidhmiúcháin, tríd an Ard-Stiúrthóir. Measfar gur ceadaíodh leanúint den iniúchadh mura gcinnfidh an Chomhairle Feidhmiúcháin, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an tuarascáil faoi dhul chun cinn an iniúchta a fháil, le tromlach dá comhaltaí uile gan leanúint den iniúchadh. Má chinneann an Chomhairle Feidhmiúcháin gan leanúint den iniúchadh, déanfar an t-iniúchadh a fhoirceannadh, agus imeoidh an fhoireann iniúchta as an limistéar iniúchta agus críoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh a luaithe is féidir de réir Chuid II, míreanna 109 agus 110 den Phrótacal.

48. Féadfaidh an fhoireann iniúchta, i gcúrsa an iniúchta ar an láthair, togra a chur faoi bhráid na Comhairle Feidhmiúcháin chun tolladh a dhéanamh. Glacfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin cinneadh maidir le togra den sórt sin tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an togra a fháil. Déanfar an cinneadh chun tolladh a cheadú le tromlach de chomhaltaí uile na Comhairle Feidhmiúcháin.

49. Féadfaidh an fhoireann iniúchta a iarraidh ar an gComhairle Feidhmiúcháin, tríd an Ard-Stiúrthóir, ré an iniúchta a fhadú d’uasmhéid 70 lá thar an gcreat ama 60 lá a shonraítear i gCuid II, mír 4 den Phrótacal, má mheasann an fhoireann iniúchta go bhfuil fadú den sórt sin riachtanach chun a chumasú di a sainordú a chomhlíonadh. Cuirfidh an fhoireann iniúchta in iúl ina hiarraidh cé acu de na gníomhaíochtaí agus de na teicníochtaí atá liostaithe i gCuid II, mír 69 den Phrótacal a bheartaíonn sí a dhéanamh le linn thréimhse an fhadaithe. Déanfar an cinneadh fadú ar ré an iniúchta a cheadú le tromlach de chomhaltaí uile na Comhairle Feidhmiúcháin.

50. Féadfaidh an fhoireann iniúchta, aon tráth tar éis ceadú a bheith tugtha leanúint den iniúchadh ar an láthair de réir mhír 47, moladh a chur faoi bhráid na Comhairle Feidhmiúcháin, tríd an Ard-Stiúrthóir, an t-iniúchadh a fhoirceannadh. Measfar moladh den sórt sin a bheith ceadaithe mura gcinnfidh an Chomhairle Feidhmiúcháin, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an moladh a fháil, le tromlach dhá thrian dá comhaltaí uile, gan foirceannadh an iniúchta a cheadú. I gcás an t-iniúchadh a fhoirceannadh, imeoidh foireann an iniúchta as limistéar an iniúchta agus as críoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh, a luaithe is féidir de réir Chuid II, míreanna 109 agus 110 den Phrótacal.

51. Féadfaidh an Stát iarrthach is Páirtí agus an Stát is Páirtí a n-iarrtar iniúchadh a dhéanamh air páirt a ghlacadh gan vótáil i bpléití na Comhairle Feidhmiúcháin maidir leis an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair. Féadfaidh an Stát iarrthach is Páirtí agus an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh páirt a ghlacadh freisin gan vótáil in aon phléití dá éis sin de chuid na Comhairle Feidhmiúcháin a bhaineann leis an iniúchadh.

52. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir aon chinneadh ón gComhairle Feidhmiúcháin agus aon tuarascálacha, tograí, iarrataí agus moltaí chuig an gComhairle Feidhmiúcháin de bhun mhíreanna 46 go 50 a chur in iúl don uile Stát is Páirtí laistigh de 24 huaire an chloig.

Bearta Leantacha Tar Éis an Chomhairle Feidhmiúcháin do Cheadú Iniúchadh ar an Láthair

53. Déanfaidh foireann iniúchta a ainmneoidh an tArd-Stiúrthóir iniúchadh ar an láthair a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Feidhmiúcháin a sheoladh gan mhoill agus de réir fhorálacha an Chonartha seo agus an Phrótacail. Sroichfidh an fhoireann iniúchta an pointe iontrála tráth nach déanaí ná sé lá tar éis don Chomhairle Feidhmiúcháin an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair a fháil ón Stát iarrthach is Páirtí.

54. Eiseoidh an tArd-Stiúrthóir sainordú iniúchta maidir leis an iniúchadh ar an láthair a sheoladh. Beidh an fhaisnéis a shonraítear i gCuid II, mír 42 den Phrótacal sa sainordú iniúchta.

55. Tabharfaidh an tArd-Stiúrthóir fógra i dtaobh an iniúchta don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh tráth nach lú ná 24 huaire an chloig roimh an tráth a mbeartaíonn an fhoireann iniúchta an pointe iontrála a shroicheadh, de réir Chuid II, mír 43 den Phrótacal.

Iniúchadh ar an Láthair a Sheoladh

56. Ceadóidh gach Stát is Páirtí don Eagraíocht iniúchadh ar an láthair a sheoladh ina chríoch nó in áiteanna atá faoina dhlínse nó faoina rialú de réir fhorálacha an Chonartha seo agus an Phrótacail. Ní bheidh ar aon Stát is Páirtí, áfach, glacadh le hiniúchtaí comhuaineacha ar an láthair ina chríoch nó in áiteanna atá faoina dhlínse nó faoina rialú.

57. De réir fhorálacha an Chonartha seo agus an Phrótacail, beidh ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh:

(a) An ceart agus an oibleagáid gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun a léiriú go bhfuil an Conradh seo á chomhlíonadh aige agus, chuige sin, a chumasú don fhoireann iniúchta a sainordú a chomhlíonadh;

(b) An ceart bearta a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá chun leasanna slándála náisiúnta a chosaint agus chun nochtadh faisnéise rúnda nach mbaineann le críoch an iniúchta a chosc;

(c) An oibleagáid rochtain a cheadú laistigh den limistéar iniúchta d’aon toisc chun fíorais a chinneadh is iomchuí maidir le críoch an iniúchta, agus fhomhír (b) agus aon oibleagáidí bunreachtúla a bheidh air maidir le cearta dílseánaigh nó le cuardaigh agus le hurghabhálacha á gcur i gcuntas aige;

(d) An oibleagáid gan an mhír seo nó Cuid II, mír 88 den Phrótacal a agairt chun aon sárú ar a oibleagáidí faoi Airteagal I a cheilt; agus

(e) An oibleagáid gan bac a chur ar chumas na foirne iniúchta gluaiseacht laistigh den limistéar iniúchta agus gníomhaíochtaí iniúchta a dhéanamh de réir an Chonartha seo agus an Phrótacail.

Ciallaíonn rochtain, i gcomhthéacs iniúchta ar an láthair, rochtain fhisiciúil ag an bhfoireann iniúchta agus ag an trealamh iniúchta ar an limistéar iniúchta, agus gníomhaíochtaí iniúchta a sheoladh laistigh den limistéar iniúchta.

58. Seolfar an t-iniúchadh ar an láthair ar an modh a dhéanfaidh a laghad cur isteach is féidir i gcomhréir leis an sainordú iniúchta a bhaint amach go héifeachtúil, tráthúil, agus de réir na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Phrótacal. Aon uair is féidir, tosóidh an fhoireann iniúchta leis na nósanna imeachta is lú cur isteach agus ní leanfaidh sí ar aghaidh ansin chuig nósanna imeachta is mó cur isteach ach amháin de réir mar a mheasfaidh sí is gá chun faisnéis leordhóthanach a bhailiú chun an t-ábhar imní i dtaobh neamhchomhlíonadh an Chonartha seo a shoiléiriú. Ní lorgóidh na cigirí ach an fhaisnéis agus na sonraí is gá chun críocha an iniúchta agus féachfaidh siad leis an gcur isteach ar ghnáthoibríochtaí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh a íoslaghdú.

59. Cabhróidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh leis an bhfoireann iniúchta i gcaitheamh an iniúchta ar an láthair agus déanfaidh sé a tasc a éascú.

60. Má dhéanann an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, ag gníomhú dó de réir Chuid II, míreanna 86 go 96 den Phrótacal, srian a chur le rochtain laistigh de limistéar an iniúchta, déanfaidh sé gach iarracht réasúnach i gcomhchomhairle leis an bhfoireann iniúchta chun a léiriú ar shlí eile go bhfuil an Conradh seo á chomhlíonadh aige.

Breathnadóir

61. Maidir le breathnadóir, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) Féadfaidh an Stát iarrthach is Páirtí, faoi réir chomhaontú an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh, ionadaí is náisiúnach den Stát iarrthach is Páirtí nó de thríú Stát is Páirtí, a chur chun breathnadóireacht a dhéanamh ar sheoladh an iniúchta ar an láthair;

(b) Cuirfidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh in iúl don Ard-Stiúrthóir, laistigh de 12 uair an chloig tar éis don Chomhairle Feidhmiúcháin an t-iniúchadh ar an láthair a cheadú, go nglacann nó nach nglacann sé leis an mbreathnadóir a mholtar;

(c) I gcás ina nglacfar leis an mbreathnadóir, deonóidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh rochtain don bhreathnadóir de réir an Phrótacail;

(d) De ghnáth, glacfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh leis an mbreathnadóir a mholtar ach má dhiúltaíonn an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, taifeadfar an méid sin sa tuarascáil ar an iniúchadh.

Ní mó ná triúr líon na mbreathnadóirí as comhiomlán de na Stáit iarrthacha is Páirtithe.

Tuarascálacha ar Iniúchadh ar an Láthair

62. Beidh i dtuarascálacha ar iniúchadh:

(a) Tuairisc ar na gníomhaíochtaí a sheol an fhoireann iniúchta;

(b) Fionnachtana fíorais fhoireann an iniúchta is iomchuí maidir le críoch an iniúchta;

(c) Cuntas ar an gcomhar a deonaíodh i rith an iniúchta ar an láthair;

(d) Tuairisc fhíorasach ar mhéid na rochtana a deonaíodh, lena n-airítear na slite malartacha a cuireadh ar fáil don fhoireann, i rith an iniúchta ar an láthair; agus

(e) Aon mhionsonraí eile is iomchuí maidir le críoch an iniúchta. Féadfar tuairimí arna dtabhairt ag cigirí agus nach ionann dóibh a chur i gceangal leis an tuarascáil.

63. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir dréacht-tuarascálacha ar an iniúchadh ar fáil don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh a thráchtanna agus a mhínithe a sholáthar don Ard-Stiúrthóir laistigh de 48 n-uaire an chloig, agus aon fhaisnéis agus sonraí a shainaithint nach mbaineann, dar leis, le críoch an iniúchta agus nár chóir a scaipeadh lasmuigh den Rúnaíocht Theicniúil. Breithneoidh an tArd-Stiúrthóir na moltaí a dhéanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh maidir le hathruithe ar an dréacht-tuarascáil ar an iniúchadh agus i ngach cás inar féidir ionchorpróidh sé nó sí iad. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir freisin na tráchtanna agus na mínithe a sholáthróidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh a chur ag gabháil leis an tuarascáil ar an iniúchadh mar iarscríbhinn.

64. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir an tuarascáil ar an iniúchadh a tharchur go pras chuig an Stát iarrthach is Páirtí, chuig an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, chuig an gComhairle Feidhmiúcháin agus chuig an uile Stát eile is Páirtí. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir thairis sin aon torthaí ar anailís samplaí i saotharlanna ainmnithe de réir Chuid II, mír 104 den Phrótacal, sonraí iomchuí ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta, na measúnuithe ó na Stáit iarrthacha is Páirtithe agus ó na Stáit is Páirtithe atá faoi iniúchadh, mar aon le haon fhaisnéis eile a mheasfaidh an tArd-Stiúrthóir is iomchuí a tharchur go pras chuig an gComhairle Feidhmiúcháin agus chuig an uile Stát eile is Páirtí. I gcás na tuarascála faoi dhul chun cinn an iniúchta dá dtagraítear in alt 47, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir an tuarascáil a tharchur chuig an gComhairle Feidhmiúcháin laistigh den chreat ama a shonraítear sa mhír sin.

65. Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin athbhreithniú, de réir a cumhachtaí agus a feidhmeanna, ar an tuarascáil ar an iniúchadh agus ar aon ábhar a sholáthrófar de bhun mhír 64, agus tabharfaidh sí aghaidh ar aon ábhair imní maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) Ar tharla aon neamhchomhlíonadh ar an gConradh seo; agus

(b) Ar baineadh mí-úsáid as an gceart chun iniúchadh ar an láthair a iarraidh.

66. Má thagann an Chomhairle Feidhmiúcháin ar an tátal, de réir a cumhachtaí agus a feidhmeanna, go bhféadfaí gur gá gníomhaíocht bhreise maidir le mír 65, déanfaidh sé na bearta cuí de réir Airteagal V.

Iarrataí ar Iniúchtaí ar an Láthair atá Suaibhreosach nó ar Mí-Úsáid iad

67. Mura gceadóidh an Chomhairle Feidhmiúcháin an t-iniúchadh ar an láthair ar an mbonn go bhfuil an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair suaibhreosach nó gur mí-úsáid í, nó má fhoirceanntar an t-iniúchadh ar na cúiseanna céanna, déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin breithniú agus cinneadh maidir le bearta iomchuí a chur i ngníomh chun an cor a choigeartú, lena n-áirítear na bearta seo a leanas:

(a) Ceangal a chur ar an Stát iarrthach is Páirtí íoc as costas aon ullmhúchán a rinne an Rúnaíocht Theicniúil;

(b) Fionraí a dhéanamh ar an gceart atá ag an Stát iarrthach is Páirtí iniúchadh ar an láthair a iarraidh go ceann tréimhse ama, arna cinneadh ag an gComhairle Feidhmiúcháin; agus

(c) Fionraí a dhéanamh ar an gceart atá ag an Stát iarrthach is Páirtí fónamh ar an gComhairle Feidhmiúcháin go ceann tréimhse ama.

E. BEARTA CHUN MUINÍN A CHOTHÚ

68. D’fhonn:

(a) Cuidiú le réiteach tráthúil aon ábhair imní faoi chomhlíonadh a éireoidh as míthuiscint fhéideartha ar shonraí fíoraithe a bhaineann le pléascthaí ceimiceacha; agus

(b) Cabhrú le calabrú na stáisiún ar cuid iad de ghréasáin chuidí an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta,

gabhann gach Stát is Páirtí air féin comhoibriú leis an Eagraíocht agus le Stáit eile is Páirtithe i mbearta iomchuí a chur i ngníomh mar atá leagtha amach i gCuid III den Phrótacal.

AIRTEAGAL V

BEARTA CHUN COR A CHOIGEARTÚ AGUS CHUN COMHLÍONADH A CHINNTIÚ, LENA nÁIRÍTEAR SMACHTBHANNAÍ

1. Tar éis moltaí na Comhairle Feidhmiúcháin, inter alia, a chur i gcuntas, déanfaidh an Chomhdháil na bearta is gá, mar atá leagtha amach i míreanna 2 agus 3, chun a chinntiú go gcomhlíonfar an Conradh seo agus chun aon chor a sháraíonn forálacha an Chonartha seo a choigeartú agus a leigheas.

2. I gcásanna inar iarr an Chomhdháil nó an Chomhairle Feidhmiúcháin ar Stát is Páirtí cor a n-éiríonn fadhbanna maidir lena chomhlíonadh as a choigeartú agus ina mainneoidh sé an iarraidh a chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe, féadfaidh an Chomhdháil a chinneadh, inter alia, an Stát is Páirtí a shrianadh nó a fhionraí óna chearta agus a phribhléidí faoin gConradh seo a fheidhmiú go dtí go gcinnfidh an Chomhdháil a mhalairt.

3. I gcásanna ina bhféadfadh dochar do chuspóir agus do chríoch an Chonartha seo teacht as neamhchomhlíonadh bhunoibleagáidí an Chonartha seo, féadfaidh an Chomhdháil comhbhearta a bheidh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta a mholadh do Stáit is Páirtithe.

4. Féadfaidh an Chomhdháil nó, de rogha air sin, má bhíonn an cás práinneach, féadfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin, an tsaincheist, lena n-áirítear faisnéis agus tátail iomchuí, a chur in iúl do na Náisiúin Aontaithe.

AIRTEAGAL VI

DÍOSPÓIDÍ A RÉITEACH

1. Déanfar díospóidí a éireoidh maidir le feidhm nó léiriú an Chonartha seo a shocrú de réir fhorálacha iomchuí an Chonartha seo agus i gcomhréir le forálacha Chairt na Náisiún Aontaithe.

2. Nuair a éireoidh díospóid idir dhá Stát is Páirtithe nó níos mó, nó idir Stát amháin is Páirtí nó níos mó agus an Eagraíocht, maidir le feidhm nó léiriú an Chonartha seo, rachaidh na páirtithe lena mbaineann i gcomhairle le chéile d’fhonn an díospóid a réiteach go dlúsúil trí chaibidlíocht nó trí mhodhanna síochánta eile de rogha na bpáirtithe, lena n-áirítear feidhm a bhaint as orgain chuí de chuid an Chonartha seo agus, de chomhthoiliú, í a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta i gcomhréir le Reacht na Cúirte. Coimeádfaidh na páirtithe a mbeidh baint acu leis an díospóid an Chomhairle Feidhmiúcháin ar an eolas i dtaobh na ngníomhartha a dhéanfar.

3. Féadfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin cuidiú le réiteach díospóide a éireoidh maidir le feidhm nó léiriú an Chonartha seo ar cibé modh a mheasfaidh sí a bheith cuí, lena n-áirítear a cuidiú a thairiscint, glaoch ar na Stáit is Páirtithe i ndíospóid réiteach a lorg trí phróiseas dá rogha féin, an ní a chur in iúl don Chomhdháil agus teorainn ama a mholadh i gcomhair aon nóis imeachta ar a gcomhaontófar.

4. Breithneoidh an Chomhdháil ceisteanna a bhaineann le díospóidí arna dtógáil ag Stáit is Páirtithe nó arna gcur in iúl di ag an gComhairle Feidhmiúcháin. Déanfaidh an Chomhdháil, i gcomhréir le hAirteagal II, mír 26(j), de réir mar a mheasfaidh sí is gá, orgain a bhunú agus tascanna a bhaineann le réiteach na ndíospóidí seo a chur ar n-iontaoibh.

5. Cumhachtaítear don Chomhdháil agus don Chomhairle Feidhmiúcháin ar leithligh, faoi réir údarú ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta tuairim chomhairleach a thabhairt maidir le haon cheist dlí a éireoidh faoi réim ghníomhaíochtaí na hEagraíochta. Cuirfear comhaontú i gcrích idir an Eagraíocht agus na Náisiúin Aontaithe chun na críche seo de réir Airteagal II, mír 38(h).

6. Ní dochar an tAirteagal seo d’Airteagail IV agus V.

AIRTEAGAL VII

LEASUITHE

1. Féadfaidh aon Stát is Páirtí, tráth ar bith tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm, leasuithe a mholadh ar an gConradh seo, ar an bPrótacal, nó ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal. Féadfaidh aon Stát is Páirtí athruithe a mholadh freisin, de réir mhír 7, ar an bPrótacal nó ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Beidh tograí i gcomhair leasuithe faoi réir na nósanna imeachta i míreanna 2 go 6. Beidh tograí i gcomhair athruithe, de réir mhír 7, faoi réir na nósanna imeachta i mír 8.

2. Ní dhéanfar an leasú beartaithe a bhreithniú agus a ghlacadh ach amháin trí Chomhdháil um Leasú.

3. Déanfar aon togra i gcomhair leasú a chur i bhfios don Ard-Stiúrthóir agus scaipfidh an tArd-Stiúrthóir é ar an uile Stát is Páirtí agus ar an Taiscí agus lorgóidh an tArd-Stiúrthóir tuairimí na Stát is Páirtithe i dtaobh ar chóir Comhdháil um Leasú a thionól chun an togra a bhreithniú. Má thugann tromlach de na Stáit is Páirtithe fógra don Ard-Stiúrthóir tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis é a scaipeadh á rá go dtacaíonn siad le breis breithnithe ar an togra, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir Comhdháil um Leasú a thionól a dtabharfar cuireadh don uile Stát is Páirtí chuici.

4. Tionólfar an Chomhdháil um Leasú díreach i ndiaidh seisiúin rialta de chuid na Comhdhála mura n-iarrfaidh an uile Stát is Páirtí a thacaíonn le tionól Comhdhála um Leasú í a thionól roimhe sin. Ní thionólfar Comhdháil um Leasú i gcás ar bith tráth is luaithe ná 60 lá tar éis an leasú beartaithe a scaipeadh.

5. Déanfaidh an Chomhdháil um Leasú leasuithe a ghlacadh le vóta deimhneach ó thromlach na Stát is Páirtithe agus gan aon vóta diúltach a bheith caite ag aon Stát is Páirtí.

6. Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm don uile Stát is Páirtí 30 lá tar éis don uile Stát sin is Páirtí a chaith vóta deimhneach ag an gComhdháil um Leasú na hionstraimí daingniúcháin nó glactha a thaisceadh.

7. D’fhonn inmharthanacht agus éifeachtacht an Chonartha seo a chinntiú, beidh Codanna I agus III den Phrótacal agus Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an bPrótacal faoi réir athruithe de réir mhír 8, más rud é go mbeidh na hathruithe beartaithe bainteach le nithe de chineál riaracháin nó teicniúil agus le nithe den chineál sin amháin. Ní bheidh na forálacha eile go léir den Phrótacal agus de na hIarscríbhinní a ghabhann leis, faoi réir athruithe de réir mhír 8.

8. Is de réir na nósanna imeachta seo a leanas a dhéanfar na hathruithe beartaithe dá dtagraítear i mír 7:

(a) Tarchuirfear téacs na n-athruithe beartaithe mar aon leis an bhfaisnéis is gá chuig an Ard-Stiúrthóir. Féadfaidh aon Stát is Páirtí agus an tArd-Stiúrthóir faisnéis bhreise a sholáthar chun meastóireacht a dhéanamh ar an togra. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir aon tograí agus aon fhaisnéis den sórt sin in iúl don uile Stát is Páirtí, don Chomhairle Feidhmiúcháin agus don Taiscí;

(b) Tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an togra a fháil, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir meastóireacht air chun na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aige maidir le forálacha an Chonartha seo agus cur i ngníomh an Chonartha a chinneadh agus cuirfidh sé nó sí aon fhaisnéis den sórt sin in iúl don uile Stát is Páirtí agus don Chomhairle Feidhmiúcháin;

(c) Déanfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin an togra a scrúdú faoi threoir na faisnéise go léir a bheidh ar fáil di lena n-áirítear an gcomhlíonann an togra ceanglais mhír 7. Tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an togra a fháil, cuirfidh an Chomhairle Feidhmiúcháin a moladh, maille le mínithe cuí, in iúl don uile Stát is Páirtí lena bhreithniú. Déanfaidh Stáit is Páirtithe a admháil go bhfuarthas an moladh laistigh de 10 lá;

(d) Má mholann an Chomhairle Feidhmiúcháin don uile Stát is Páirtí glacadh leis an togra, measfar é a bheith ceadaithe, mura gcuireann aon Stát is Páirtí ina choinne laistigh de 90 lá tar éis dó an moladh a fháil. Má mholann an Chomhairle Feidhmiúcháin diúltú don togra, measfar é a bheith diúltaithe mura gcuireann aon Stát is Páirtí i gcoinne an diúltaithe laistigh de 90 lá tar éis dó an moladh a fháil;

(e) I gcás nach nglacfar le moladh ón gComhairle Feidhmiúcháin de réir mar a cheanglaítear faoi fhomhír (d), déanfaidh an Chomhdháil cinneadh ar an togra, lena n-áirítear an gcomhlíonann sé ceanglais mhír 7, mar ní substainte ag a chéad seisiún eile;

(f) Tabharfaidh an tArd-Stiúrthóir fógra i dtaobh aon chinnidh faoin mír seo don uile Stát is Páirtí agus don Taiscí;

(g) Tiocfaidh athruithe a cheadófar faoin nós imeachta seo i bhfeidhm i gcomhair an uile Stát is Páirtí 180 lá tar éis dháta an fhógra ón Ard-Stiúrthóir faoina gceadú mura molfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin nó mura gcinnfidh an Chomhdháil tréimhse ama eile.

AIRTEAGAL VIII

AN CONRADH A ATHBHREITHNIÚ

1. Mura gcinnfidh tromlach de na Stáit is Páirtithe a mhalairt, déanfar, deich mbliana tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm, Comhdháil de na Stáit is Páirtithe a thionól chun oibríocht agus éifeachtúlacht an Chonartha seo a athbhreithniú, d’fhonn a dheimhniú di féin go bhfuil na cuspóirí agus na críocha sa Bhrollach agus forálacha an Chonartha á dtabhairt i gcrích. Déanfaidh an t-athbhreithniú sin aon fhorbairtí nua eolaíochta agus teicneolaíochta is iomchuí maidir leis an gConradh seo a chur i gcuntas. Ar bhonn iarrata ó aon Stát is Páirtí, breithneoidh an Chomhdháil Athbhreithnithe an bhféadfar pléascthaí núicléacha faoi thalamh chun críoch síochánta a cheadú. Má chinneann an Chomhdháil Athbhreithnithe le comhthoil go bhféadfar pléascthaí núicléacha den sórt sin a cheadú, tosóidh sí ag obair gan mhoill, d’fhonn leasú cuí ar an gConradh seo a mholadh do Stáit is Páirtithe is leasú a chuirfidh cosc ar aon leasanna míleata de chuid na bpléascthaí núicléacha sin. Cuirfidh aon Stát is Páirtí aon leasú beartaithe den sórt sin in iúl don Ard-Stiúrthóir agus déileálfar leis de réir fhorálacha Airteagal VII.

2. I gceann tréimhsí deich mbliana ina dhiaidh sin, féadfar Comhdhálacha Athbhreithnithe breise a thionól agus an cuspóir céanna leo, má chinneann an Chomhdháil amhlaidh mar ní a bhaineann le nós imeachta sa bhliain roimhe sin. Féadfar Comhdhálacha den sórt sin a thionól tar éis tréimhse is lú ná deich mbliana má chinneann an Chomhdháil amhlaidh mar ní substainte.

3. De ghnáth, tionólfar aon Chomhdháil Athbhreithnithe díreach tar éis ghnáthsheisiún bliantúil na Comhdhála dá bhforáiltear in Airteagal II.

AIRTEAGAL IX

RÉ AGUS AISTARRAINGT

1. Beidh ré neamhtheoranta leis an gConradh seo.

2. Beidh an ceart ag gach Stát is Páirtí, i bhfeidhmiú a fhlaithis náisiúnta, aistarraingt as an gConradh seo má chinneann sé go ndearna teagmhais urghnácha a bhaineann le hábhar an Chonartha seo a leasanna ardcheannasacha a chur i gcontúirt.

3. Cuirfear aistarraingt i gcrích trí fhógra a thabhairt sé mhí roimh ré don uile Stát eile is Páirtí, don Chomhairle Feidhmiúcháin, don Taiscí agus do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Beidh ráiteas i bhfógra aistarraingthe maidir leis an teagmhas urghnách nó na teagmhais urghnácha a mheasfaidh Stát is Páirtí is teagmhas nó teagmhais a chuireann a leasanna ardcheannasacha i gcontúirt.

AIRTEAGAL X

STÁDAS AN PHRÓTACAIL AGUS NA nIARSCRÍBHINNÍ

Is cuid dhílis den Chonradh na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gConradh seo, an Prótacal agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal. Aon tagairt don Chonradh seo, folaíonn sí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gConradh seo, an Prótacal agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal.

AIRTEAGAL XI

SÍNIÚ

Beidh an Conradh seo ar oscailt lena shíniú ag gach Stát sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

AIRTEAGAL XII

DAINGNIÚ

Beidh an Conradh seo faoi réir a dhaingnithe ag Stáit is Sínitheoirí de réir a bpróiseas bunreachtúil faoi seach.

AIRTEAGAL XIII

AONTACHAS

Aon Stát nach síneoidh an Conradh seo sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm féadfaidh sé aontú dó tráth ar bith dá éis sin.

AIRTEAGAL XIV

TEACHT I bhFEIDHM

1. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm 180 lá tar éis an dáta a dhéanfaidh an uile Stát atá liostaithe in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gConradh seo na hionstraimí daingniúcháin a thaisceadh, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith tráth is luaithe ná dhá bhliain tar éis é a oscailt lena shíniú.

2. Mura mbeidh an Conradh seo tagtha i bhfeidhm trí bliana tar éis chothromdháta a oscailte lena shíniú, comórfaidh an Taiscí Comhdháil de na Stáit a mbeidh a n-ionstraimí daingniúcháin taiscthe acu cheana féin ar iarraidh ó thromlach na Stát sin. Scrúdóidh an Chomhdháil sin a mhéid a comhlíonadh an ceanglas atá leagtha amach i mír 1 agus breithneoidh sí agus cinnfidh sí le comhthoil cé na bearta ar comhréir leis an dlí idirnáisiúnta a fhéadfar a ghabháil de láimh chun an próiseas daingnithe a thapú d’fhonn teacht i bhfeidhm an Chonartha seo go luath a éascú.

3. Mura gcinnfidh an Chomhdháil dá dtagraítear i mír 2 nó comhdhálacha eile den sórt sin a mhalairt, déanfar an próiseas seo arís ar chothromdhátaí dá éis sin den dáta a osclaíodh an Conradh seo lena shíniú, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

4. Tabharfar cuireadh don uile Stát is Sínitheoir freastal ar an gComhdháil dá dtagraítear i mír 2 agus ar aon chomhdhálacha dá éis sin dá dtagraítear i mír 3 mar bhreathnadóirí.

5. Aon Stáit a ndéanfar a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais a thaisceadh tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm, tiocfaidh sé i bhfeidhm maidir leo an 30ú lá tar éis an dáta a thaiscfear a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais.

AIRTEAGAL XV

FORCHOIMEÁDAIS

Ní bheidh Airteagail an Chonartha seo nó na hIarscríbhinní a ghabhann leis faoi réir forchoimeádas. Ní bheidh forálacha an Phrótacail a ghabhann leis an gConradh seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal faoi réir forchoimeádas atá ar neamhréir le cuspóir agus críoch an Chonartha seo.

AIRTEAGAL XVI

TAISCÍ

1. Is é nó is í Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Taiscí an Chonartha seo agus glacfaidh sé nó sí sínithe, ionstraimí daingniúcháin agus ionstraimí aontachais.

2. Déanfaidh an Taiscí dáta gach sínithe, dáta taiscthe gach ionstraime daingniúcháin nó aontachais, an dáta a thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm agus aon leasuithe nó athruithe air, agus aon fhógraí eile a gheofar a chur in iúl go pras don uile Stát is Sínitheoir agus don uile Stát aontach.

3. Déanfaidh an Taiscí cóipeanna den Chonradh seo arna ndeimhniú go cuí, a chur chuig Rialtais na Stát is Sínitheoirí agus chuig na Stáit aontacha.

4. Déanfaidh an Taiscí an Conradh seo a chlárú de bhun Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

AIRTEAGAL XVII

TÉACSANNA FÍORDHEIMHNEACHA

Déanfar an Conradh seo, a bhfuil comhúdarás ag na téacsanna Araibise, Sínise, Béarla, Fraincise, Rúisise agus Spáinnise de, a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

IARSCRÍBHINN 1 A GHABHANN LEIS AN gCONRADH

LIOSTA STÁT DE BHUN AIRTEAGAL II, MÍR 28

An Afraic

An Ailgéir, Angóla, Beinin, An Bhotsuáin, Buircíne Fasó, An Bhurúin, Camarún, Rinn Verde, Poblacht na hAfraice Láir, Sead, Oileáin Chomóra, An Congó, C[html]te d’Ivoire, Djibouti, An Éigipt, An Ghuine Mheánchriosach, An Eiritré, An Aetóip, An Ghabúin, An Ghaimbia, Gána, An Ghuine, Guine Bhissau, An Chéinia, Leosóta, An Libéir, Jamahiriya Arabach na Libia, Madagascar, An Mhaláiv, Mailí, An Mháratáin, Oileán Mhuirís, Maracó, Mósaimbíc, An Namaib, An Nígir, An Nigéir, Ruanda, Sao Tomé & Príncipe, An tSeineagáil, Na Séiséil, Siarra Leon, An tSomáil, An Afraic Theas, An tSúdáin, An tSuasalainn, Tóga, An Túinéis, Uganda, Poblacht Aontaithe na Tansáine, An tSáír, An tSaimbia, An tSiombáib.

Oirthear na hEorpa

An Albáin, An Airméin, An Asarbaiseáin, An Bhealarúis, An Bhoisnia agus An Heirseagaivéin, An Bhulgáir, An Chróit, Poblacht na Seice, An Eastóin, An tSeoirsia, An Ungáir, An Laitvia, An Liotuáin, An Pholainn, Poblacht na Moldóive, An Rómáin, Cónaidhm na Rúise, An tSlóvaic, An tSlóivéin, iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, An Úcráin, An Iúgslaiv.

Meiriceá Laidineach agus An Mhuir Chairib

Antigua agus Barbúda, An Airgintín, Na Bahámaí, Barbadós, An Bheilís, An Bholaiv, An Bhrasaíl, An tSile, An Cholóim, Cósta Ríce, Cúba, Doiminice, An Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, An tSalvadóir, Grenada, Guatamala, An Ghuáin, Háítí, Hondúras, Iamáice, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, San Críostóir agus Nimheas, San Liúicia, San Uinseann agus na Greanáidíní, Suranam, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Uragua, Veiniséala.

An Meán-Oirthear agus an Áise Theas

An Afganastáin, Bairéin, An Bhanglaidéis, An Bhútáin, An India, (Poblacht Ioslamach) na hIaráine, An Iaráic, Iosrael, An Iordáin, An Chasacstáin, Cuáit, An Chirgeastáin, An Liobáin, Oileán Mhaildíve, Neipeal, Óman, An Phacastáin, Catar, An Araib Shádach, Srí Lanca, Poblacht Arabach na Siria, An Táidsíceastáin, An Tuircméanastáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, An Úisbéiceastáin, Éimin.

Meiriceá Thuaidh agus Iarthar na hEorpa

Andóra, An Ostair, An Bheilg, Ceanada, An Chipir, An Danmhairg, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Chathaoir Naofa, An Íoslainn, Éire, An Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, Málta, Monacó, An Ísiltír, An Iorua, An Phortaingéil, San Mairíne, An Spáinn, An tSualainn, An Tuirc, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

An Áise Thoir Theas, An tAigéan Ciúin agus An Cian-Oirthear

An Astráil, Brunei Darussalam, An Chambóid, An tSín, Oileáin Chúc, Daon-Phoblacht na Cóiré, Fidsí, An Indinéis, An tSeapáin, Cireabaití, Daon-Phoblacht Laos, An Mhalaeisia, Oileáin Marshall, (Stáit Chónaidhme na) Micrinéise, An Mhongóil, Maenmar, Nárú, An Nua-Shéalainn, Niue, Palau, Nua-Ghuine Phapua, Na hOileáin Fhilipíneacha, Poblacht na Cóiré, Samó, Singeapór, Oileáin Sholamón, An Téalainn, Tonga, Tuvalu, Vanuatú, Vítneam.

IASCRÍBHINN 2 A GHABHANN LEIS AN gCONRADH

LIOSTA STÁT DE BHUN AIRTEAGAL XIV

Liosta Stát is comhaltaí den Chomhdháil um Dhí-Armáil mar a bhí an 18 Meithimh 1996, a ghlac páirt go foirmiúil in obair sheisiún 1996 den Chomhdháil agus a bhfuil a n-ainmneacha i dTábla 1 d’eagrán Aibreán 1996 de “Nuclear Power Reactors in the World” ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, agus Stát is comhaltaí den Chomhdháil um Dhí-Armáil mar a bhí an 18 Meithimh 1996, a ghlac páirt go foirmiúil in obair sheisiún 1996 den Chomhdháil agus a bhfuil a n-ainmneacha i dTábla 1 d’eagrán Nollaig 1995 de “Nuclear Research Reactors in the World” ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach:

An Ailgéir, An Airgintín, An Astráil, An Ostair, An Bhanglaidéis, An Bheilg, An Bhrasaíl, Ceanada, An tSile, An tSín, An Cholóim, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, An Éigipt, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ungáir, An India, An Indinéis, (Poblacht Ioslamach) na hIaráine, Iosrael, An Iodáil, An tSeapáin, Meicsiceo, An Ísiltír, An Iorua, An Phacastáin, Peiriú, An Pholainn, An Rómáin, Poblacht na Cóiré, Cónaidhm na Rúise, An tSlóvaic, An Afraic Theas, An Spáinn, An tSualainn, An Eilvéis, An Tuirc, An Úcráin, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Vítneam, An tSáír.

PRÓTACAL A GHABHANN LEIS AN gCONRADH UM CHOSC CUIMSITHEACH AR THRIALACHA NÚICLÉACHA

CUID I

AN CÓRAS FAIREACHÁIN IDIRNÁISIÚNTA AGUS FEIDHMEANNA AN LÁRIONAID IDIRNÁISIÚNTA SONRAÍ

A. FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. Is é a bheidh sa Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta saoráidí faireacháin mar atá leagtha amach in Airteagal IV, mír 16, agus modhanna cumarsáide faoi seach.

2. Is é a bheidh sna saoráidí faireacháin arna gcorprú isteach sa Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta na saoráidí sin a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo. Comhlíonfaidh an Córas Faireacháin Idirnáisiúnta na ceanglais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sna lámhleabhair oibríochta iomchuí.

3. Déanfaidh an Eagraíocht, de réir Airteagal II, i gcomhar agus i gcomhairle leis na Stáit is Páirtithe, le Stáit eile, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta de réir mar is cuí, oibriú agus cothabháil an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, agus aon mhodhnú nó forbairt a chomhaontófar sa todhchaí air, a bhunú agus a chomhordú.

4. De réir comhaontuithe nó socruithe agus nósanna imeachta cuí, comhaontóidh agus comhoibreoidh Stát is Páirtí nó Stát eile is ósta do shaoráidí Córais Faireacháin Idirnáisiúnta nó atá freagrach ar shlí eile astu, agus an Rúnaíocht Theicniúil, le chéile le linn saoráidí faireacháin, saotharlanna deimhnithe gaolmhara agus modhanna cumarsáide faoi seach a bhunú, a oibriú, a uasghrádú, a mhaoiniú agus a chothabháil laistigh de limistéir faoina dhlínse nó faoina dlínse nó faoina rialú nó in áiteanna eile, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Déanfar an comhoibriú sin de réir na gceanglas slándála agus fíordheimhnithe agus na sonraíochtaí teicniúla sna lámhleabhair oibríochta iomchuí. Tabharfaidh Stát den sórt sin údarás don Rúnaíocht Theicniúil saoráid faireacháin a rochtain chun trealamh agus naisc chumarsáide a sheiceáil, agus comhaontóidh sé na hathruithe is gá a dhéanamh ar an trealamh agus ar na nósanna imeachta oibríochta d’fhonn na ceanglais chomhaontaithe a chomhlíonadh. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil cibé cúnamh teicniúil cuí a sholáthar do na Stáit sin a mheasfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh an tsaoráid go cuí mar chuid den Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta.

5. Déanfar módúlachtaí i gcomhair comhoibriú den sórt sin idir an Eagraíocht agus Stáit is Páirtithe nó Stáit is ósta do shaoráidí de chuid an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, nó a bheidh ag glacadh freagracht ar shlí eile ina leith, a leagan amach i gcomhaontuithe nó i socruithe de réir mar is cuí i ngach cás.

B. FAIREACHÁN SEISMEOLAÍOCHTA

6. Gabhann gach Stát is Páirtí air féin comhoibriú i malartú idirnáisiúnta sonraí seismeolaíochta chun cabhrú le comhlíonadh an Chonartha seo a fhíorú. Cuimseoidh an comhoibriú seo líonra domhanda stáisiún príomha agus cúnta faireacháin seismeolaíochta a bhunú agus a oibriú. Soláthróidh na stáisiúin seo sonraí de réir nósanna imeachta comhaontaithe don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí.

7. Is é a bheidh sa líonra stáisiún príomha na 50 stáisiún a shonraítear i dTábla 1-A d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo. Comhlíonfaidh na stáisiúin seo na ceanglais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sa Lámhleabhar Oibríochta d’Fhaireachán Seismeolaíochta agus don Mhalartú Idirnáisiúnta Sonraí Seismeolaíochta. Tarchuirfear sonraí gan bhac ó na stáisiúin phríomha, go díreach nó trí lárionad náisiúnta sonraí, ar-líne chuig an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí.

8. Chun cur leis an líonra príomha, soláthróidh líonra cúnta 120 stáisiún faisnéis, go díreach nó trí lárionad náisiúnta sonraí, chuig an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí ar iarraidh. Liostaítear na stáisiúin chúnta a úsáidfear i dTábla 1-B d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo. Comhlíonfaidh na stáisiúin chúnta na ceanglais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sa Lámhleabhar Oibríochta d’Fhaireachán Seismeolaíochta agus don Mhalartú Idirnáisiúnta Sonraí Seismeolaíochta. Féadfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí sonraí ó na stáisiúin chúnta a iarraidh tráth ar bith agus beidh siad ar fáil láithreach trí naisc ríomhairí ar-líne.

C. FAIREACHÁN RADANÚICLÍDÍ

9. Gabhann gach Stát is Páirtí air féin comhoibriú i malartú idirnáisiúnta sonraí maidir le radanúiclídí san atmaisféar chun cabhrú le comhlíonadh an Chonartha seo a fhíorú. Cuimseoidh an comhoibriú seo líonra domhanda stáisiún faireacháin radanúiclídí agus saotharlanna deimhnithe a bhunú agus a oibriú. Soláthróidh na stáisiúin seo sonraí de réir nósanna imeachta comhaontaithe don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí.

10. Is é a bheidh sa líonra stáisiún chun radanúiclídí a thomhas san atmaisféar líonra foriomlán 80 stáisiún, mar a shonraítear i dTábla 2-A d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo. Beidh na stáisiúin uile ábalta ar fhaireachán a dhéanamh chun ábhar iomchuí cáithníneach a bhrath san atmaisféar. Beidh daichead ceann de na stáisiúin seo ábalta ar fhaireachán a dhéanamh chun triathgháis iomchuí a bhrath nuair a thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm. Chun na críche seo déanfaidh an Chomhdháil, ag a sheisiún tosaigh, moladh ón gCoimisiún Ullmhúcháin a cheadú i dtaobh cé acu de na 40 stáisiún ó Thábla 2-A d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo a bheidh ábalta ar fhaireachán a dhéanamh chun triathgháis a bhrath. Ag a chéad seisiún bliantúil rialta, breithneoidh agus cinnfidh an Chomhdháil ar phlean chun cumas faireacháin triathghás a chur i ngníomh ar fud an líonra. Ullmhóidh an tArd-Stiúrthóir tuarascáil chun na Comhdhála i dtaobh na módúlachtaí chun é sin a chur i ngníomh. Comhlíonfaidh na stáisiúin faireacháin uile na ceanglais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sa Lámhleabhar Oibríochta d’Fhaireachán Radanúiclídí agus don Mhalartú Idirnáisiúnta Sonraí Radanúiclídí.

11. Mar thaca leis an líonra stáisiún faireacháin radanúiclídí beidh saotharlanna a bheidh deimhnithe ag an Rúnaíocht Theicniúil de réir an lámhleabhair oibríochta iomchuí chun anailísiú a dhéanamh, ar chonradh leis an Eagraíocht agus ar bhonn seirbhíse ar tháille, ar shamplaí ó stáisiúin faireacháin radanúiclídí. Tarraingeoidh an Rúnaíocht Theicniúil freisin, de réir mar is gá, ar shaotharlanna a shonraítear i dTábla 2-B d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo, agus a bheidh trealmhaithe go cuí, chun anailísiú breise a dhéanamh ar shamplaí ó stáisiúin faireacháin radanúiclídí. Féadfaidh an Rúnaíocht Theicniúil, le comhaontú na Comhairle Feidhmiúcháin, saotharlanna breise a dheimhniú chun gnáthanailísiú a dhéanamh ar shamplaí ó stáisiúin faireacháin láimhe i gcás inar gá sin. Cuirfidh na saotharlanna deimhnithe go léir torthaí an anailísithe sin ar fáil don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, agus le linn dóibh déanamh amhlaidh comhlíonfaidh siad na ceanglais theicniúla agus oibríochta a bheidh sonraithe sa Lámhleabhar Oibríochta ar Fhaireachán Radanúiclídí agus Malartú Idirnáisiúnta Sonraí Radanúiclídí.

D. FAIREACHÁN HIDREAFHUAIMNÍOCH

12. Gabhann gach Stát is Páirtí air féin comhoibriú i malartú idirnáisiúnta sonraí hidreafhuaimníocha chun cabhrú maidir le comhlíonadh an Chonartha seo a fhíorú. Cuimseoidh an comhoibriú sin bunú agus oibriú líonra domhanda stáisiún faireacháin hidreafhuaimníoch. Soláthróidh na stáisiúin sin sonraí don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí de réir nósanna imeachta comhaontaithe.

13. Is é a bheidh sa líonra stáisiún hidreafhuaimníoch na stáisiúin a shonraítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo, agus is é a bheidh ann líonra foriomlán sé stáisiún hidreafóin agus cúig stáisiún T-phas. Comhlíonfaidh na stáisiúin sin na ceanglais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sa Lámhleabhar Oibríochta d’Fhaireachán Hidreafhuaimníoch agus don Mhalartú Idirnáisiúnta Sonraí Hidreafhuaimníocha.

E. FAIREACHÁN INFREAFHUAIME

14. Gabhann gach Stát is páirtí air féin comhoibriú i malartú idirnáisiúnta sonraí infreafhuaime chun cabhrú maidir le comhlíonadh an Chonartha seo a fhíorú. Cuimseoidh an comhoibriú sin líonra domhanda stáisiún faireacháin infreafhuaime a bhunú agus a oibriú. Soláthróidh na stáisiúin sin sonraí don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí de réir nósanna imeachta comhaontaithe.

15. Is é a bheidh sa líonra stáisiún infreafhuaime na stáisiúin a shonraítear i dTábla 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal seo, agus is é a bheidh ann líonra foriomlán 60 stáisiún. Comhlíonfaidh na stáisiúin sin na ceanglais theicniúla agus oibríochta a shonraítear sa Lámhleabhar Oibríochta d’Fhaireachán Infreafhuaime agus don Mhalartú Idirnáisiúnta Sonraí Infreafhuaime.

F. FEIDHMEANNA AN LÁRIONAID IDIRNÁISIÚNTA SONRAÍ

16. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí sonraí ó shaoráidí an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, lena n-áirítear na torthaí ó anailísiú a rinneadh i saotharlanna deimhnithe, a ghlacadh, a bhailiú, a phróiseáil, a anailísiú, tuarascáil a thabhairt ina leith agus iad a chur i gcartlann.

17. Is sa Lámhleabhar Oibríochta don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí a leagfar amach na nósanna imeachta agus na critéir chaighdeánacha scagtha teagmhas a bheidh le húsáid ag an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí le linn dó a fheidhmeanna comhaontaithe a chomhall, go háirithe chun táirgí tuairisceoireachta caighdeánacha a tháirgeadh agus chun réimse caighdeánach seirbhísí a chomhlíonadh do Stáit is Páirtithe agus forbrófar go céimníoch iad. Déanfaidh an Chomhdháil ag a seisiún tosaigh na nósanna imeachta agus na critéir arna bhforbairt ag an gCoimisiún Ullmhúcháin i dtosach a cheadú.

Táirgí Caighdeánacha de chuid an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí

18. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí ar bhonn gnáthaimh modhanna próiseála uathoibríocha agus anailís idirghníomhach ag daoine a chur chun feidhme maidir le sonraí amha an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta d’fhonn táirgí caighdeánacha an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí a tháirgeadh agus a chur i gcartlann thar ceann na Stát is Páirtithe go léir. Soláthrófar na táirgí seo do Stáit is Páirtithe gan aon chostas agus beidh siad gan dochar do bhreithiúnais chríochnaitheacha maidir le cineál aon teagmhais, a fhanfaidh ina fhreagracht de chuid na Stát is Páirtithe, agus áireofar iontu:

(a) Liostaí comhtháite de na comharthaí go léir a bhraith an Córas Faireacháin Idirnáisiúnta, mar aon le liostaí agus feasacháin chaighdeánacha teagmhas, lena n-áirítear na luachanna agus na héiginnteachtaí gaolmhara a ríomhtar do gach teagmhas a d’aimsigh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, bunaithe ar thacar paraiméadar caighdeánach;

(b) Feasacháin chaighdeánacha teagmhas scagtha a thig as an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí do chur critéar caighdeánach scagtha teagmhas chun feidhme ar gach teagmhas, ag úsáid na bparaiméadar tréithrithe a shonraítear in Aguisín 2 a ghabhann leis an bPrótacal seo, leis an gcuspóir go ndéanfar teagmhais a mheastar a bheith i gcomhréir le feiniméin nádúrtha nó feiniméin neamhnúicléacha de dhéantús an duine a thréithriú, a aibhsiú san fheasachán caighdeánach teagmhas, agus, ar an dóigh sin, iad a scagadh amach. Léireoidh an feasachán teagmhas caighdeánach go huimhriúil maidir le gach teagmhas a mhéid a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an teagmhas sin na critéir scagtha teagmhas. Le linn scagadh teagmhas caighdeánach a chur chun feidhme, úsáidfidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí critéir scagtha uileghabhálacha agus fhorlíontacha araon chun athruithe réigiúnacha a chur i gcuntas más infheidhme. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí a chumais theicniúla a mhéadú go céimníoch de réir mar a fhaightear taithí ar an gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a oibriú;

(c) Achoimrí feidhmiúcháin, lena n-achoimrítear na sonraí a bheidh faighte agus curtha i gcartlann ag an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, táirgí an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí, agus feidhmíocht agus stádas oibríochta an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta agus an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí; agus

(d) Sleachta nó fothacair de tháirgí caighdeánacha an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí a shonraítear i bhfomhíreanna (a) go (c), agus a bheidh roghnaithe de réir iarrata Stáit aonair is Páirtí.

19. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí staidéir speisialta, gan aon chostas do na Stáit is Páirtithe, chun grinn-athbhreithniú teicniúil ar mhodh anailísithe shaineolaíoch ar shonraí ón gCóras Faireacháin Idirnáisiúnta a sholáthar, má iarrann an Eagraíocht nó Stát is Páirtí é, chun na luachanna measta le haghaidh pharaiméadair chaighdeánacha na gcomharthaí agus na dteagmhas a fheabhsú.

Seirbhísí an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí do Stáit is Páirtithe

20. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí rochtain oscailte, chomhionann, thráthúil agus chaoithiúil a chur ar fáil do na Stáit is Páirtithe ar shonraí amha nó próiseáilte uile an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, ar na táirgí go léir de chuid an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí, agus ar na sonraí eile go léir de chuid an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta atá i gcartlann an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí nó, tríd an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, i gcartlann saoráidí an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta. Áireofar ar na modhanna lena dtacófar le rochtain ar shonraí agus le soláthar sonraí na seirbhísí seo a leanas:

(a) Táirgí an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí, nó an rogha de na táirgí sin a dhéanfaidh Stát is Páirtí, agus, de réir mar a iarrfar, rogha de shonraí an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta a dhéanfaidh an Stát is Páirtí, a chur ar aghaidh go huathoibríoch agus go tráthrialta chuig an Stát is Páirtí;

(b) Na sonraí nó na táirgí a ghintear mar fhreagra ar iarrataí ad hoc ó Stáit is Páirtithe ar shonraí agus ar tháirgí a aisghabháil as an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí agus as cartlann saoráidí an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, lena n-áirítear rochtain idirghníomhach leictreonach ar bhunachar sonraí an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí, a sholáthar; agus

(c) Cúnamh a thabhairt do Stáit aonair is Páirtithe, ar iarraidh uathu agus gan aon chostas i leith iarrachtaí réasúnacha, maidir le hanailísiú teicniúil saineolaíoch a dhéanamh ar shonraí de chuid an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta agus ar shonraí iomchuí eile arna gcur ar fáil ag an Stát iarrthach is Páirtí, d’fhonn cuidiú a thabhairt do Stát is Páirtí lena mbaineann chun foinse teagmhas áirithe a shainaithint. Measfar gur táirge de chuid an Stáit iarrthaigh is Páirtí an t-aschur ó aon anailísiú teicniúil den sórt sin, ach beidh sé ar fáil don uile Stát is Páirtí.

Déanfar na seirbhísí de chuid an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí a shonraítear i bhfomhíreanna (a) agus (b) a chur ar fáil gan aon chostas do gach Stát is Páirtí. Leagfar amach méideanna agus formáidí na sonraí sa Lámhleabhar Oibríochta don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí.

Scagadh Teagmhas Náisiúnta

21. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, má iarrann Stát is Páirtí air é, critéir scagtha teagmhas náisiúnta arna mbunú ag an Stát sin is Páirtí a chur chun feidhme maidir le haon cheann dá chuid táirgí caighdeánacha, ar bhonn tráthrialta uathoibríoch, agus torthaí na hanailíse sin a sholáthar don Stát sin is Páirtí. Déanfar an tseirbhís sin a ghabháil de láimh gan aon chostas ar an Stát iarrthach is Páirtí. Measfar gur táirge de chuid an Stáit iarrthaigh is Páirtí an t-aschur as na próisis scagtha teagmhas náisiúnta sin.

Cúnamh Teicniúil

22. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, más gá, cúnamh teicniúil a thabhairt do Stáit aonair is Páirtithe:

(a) Le linn dóibh a gcuid riachtanas maidir le roghnú agus scagadh sonraí agus táirgí a fhoirmliú;

(b) Trí algartaim ríomhaire nó bogearraí arna soláthar ag Stát iarrthach is Páirtí a shuiteáil sa Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, gan aon chostas ar an Stát sin is Páirtí i leith iarrachtaí réasúnacha, chun paraiméadair comharthaí agus teagmhas nua a ríomh nach bhfuil ar áireamh sa Lámhleabhar Oibríochta don Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí, agus measfar gur táirgí de chuid an Stáit iarrthaigh is Páirtí an t-aschur; agus

(c) Trí chúnamh a thabhairt do Stáit is Páirtithe chun forbairt a dhéanamh ar an gcumas sonraí de chuid an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta a ghlacadh, a phróiseáil agus a anailísiú i lárionad náisiúnta sonraí.

23. Déanfaidh an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí faireachán agus tuairisciú leanúnach ar stádas oibríochta shaoráidí an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, nasc cumarsáide, agus a chóras próiseála féin. Déanfaidh sé fógra a sholáthar láithreach dóibh siúd a bheidh freagrach mura mbeidh feidhmíocht oibríochta aon chomhpháirte i gcomhréir le leibhéil chomhaontaithe a bheidh leagtha amach sa lámhleabhar oibríochta iomchuí.

CUID II

INIÚCHTAÍ AR AN LÁTHAIR

A. FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. Déanfar na nósanna imeachta sa Chuid seo a chur i ngníomh de bhun na bhforálacha maidir le hiniúchtaí ar an láthair atá leagtha amach in Airteagal IV.

2. Déanfar an t-iniúchadh ar an láthair sa limistéar inar tharla an teagmhas ba chúis leis an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair.

3. Limistéar leanúnach a bheidh i limistéar iniúchta ar an láthair agus ní mó a mhéid ná 1,000 ciliméadar cearnach. Ní bheidh aon fhad líneach is mó ná 50 ciliméadar ann in aon treo.

4. Ní faide ré iniúchta ar an láthair ná 60 lá ón dáta a cheadófar an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair de réir Airteagal IV, mír 46, ach féadfar fadú d’uasmhéid 70 lá a chur leis an ré sin de réir Airteagal IV, mír 49.

5. Má bhaineann an limistéar iniúchta a shonrófar sa sainordú iniúchta le críoch níos mó ná Stát amháin is Páirtí nó le háit eile atá faoi dhlínse nó faoi rialú níos mó ná Stát amháin is Páirtí, beidh feidhm ag na forálacha i ndáil le hiniúchtaí ar an láthair, de réir mar is cuí, maidir le gach ceann de na Stáit is Páirtithe lena mbaineann an limistéar iniúchta.

6. I gcásanna ina mbeidh an limistéar iniúchta faoi dhlínse nó faoi rialú an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh ach ina mbeidh sé suite ar chríoch Stáit eile is Páirtí nó inar gá idirthuras trí chríoch Stáit is Páirtí seachas an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh chun rochtain a fháil ar an limistéar iniúchta ón bpointe iontrála, feidhmeoidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh na cearta, agus comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí, a bhaineann le hiniúchtaí den sórt sin de réir an Phrótacail seo. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Stát is Páirtí a bhfuil an limistéar iniúchta suite ar a chríoch an t-iniúchadh a éascú agus déanfaidh sé socrú maidir leis an tacaíocht is gá chun a chumasú don fhoireann iniúchta a tascanna a dhéanamh ar mhodh tráthúil éifeachtach. Déanfaidh Stáit is Páirtithe ar gá idirthuras a dhéanamh trína gcríoch chun an limistéar iniúchta a shroicheadh an t-idirthuras sin a éascú.

7. I gcásanna ina mbeidh an limistéar iniúchta faoi dhlínse nó faoi rialú an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh ach ina mbeidh sé suite ar chríoch Stáit nach Páirtí sa Chonradh seo, déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh gach beart is gá chun a chinntiú gur féidir an t-iniúchadh a dhéanamh de réir an Phrótacail seo. Aon Stát is Páirtí a bhfuil limistéar amháin nó níos mó faoina dhlínse nó faoina rialú atá ar chríoch Stáit nach Páirtí sa Chonradh seo, déanfaidh sé gach beart is gá chun a chinntiú go nglacfaidh an Stát a bhfuil an limistéar iniúchta suite ar a chríoch le cigirí agus le cúntóirí iniúchta a bheidh ainmnithe don Stát sin is Páirtí. Mura mbeidh Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh ábalta rochtain a chinntiú, taispeánfaidh sé go ndearna sé gach beart ba ghá chun rochtain a chinntiú.

8. I gcásanna ina mbeidh an limistéar iniúchta suite ar chríoch Stáit is Páirtí ach ina mbeidh sé faoi dhlínse nó faoi rialú Stáit nach Páirtí sa Chonradh seo, déanfaidh an Stát is Páirtí gach beart is gá a cheanglaítear ar Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh agus ar Stát is Páirtí a bhfuil an limistéar iniúchta suite ar a chríoch a dhéanamh, gan dochar do rialacha agus cleachtais an dlí idirnáisiúnta, chun a chinntiú gur féidir an t-iniúchadh ar an láthair a dhéanamh de réir an Phrótacail seo. Mura mbeidh an Stát is Páirtí ábalta rochtain ar an limistéar iniúchta a chinntiú, taispeánfaidh sé go ndearna sé gach beart ba ghá chun rochtain a chinntiú, gan dochar do rialacha agus cleachtais an dlí idirnáisiúnta.

9. Ní mó an fhoireann iniúchta ná an líon íosta comhaltaí is gá chun an sainordú iniúchta a chomhlíonadh go cuí. Ach amháin le linn tolladh a dhéanamh, ní mó ná 40 duine líon iomlán chomhaltaí na foirne iniúchta a bheidh i láthair aon tráth áirithe ar chríoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh. Ní bheidh aon náisiúnach de chuid an Stáit iarrthaigh is Páirtí ná de chuid an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh ina chomhalta nó ina comhalta den fhoireann iniúchta.

10. Cinnfidh an tArd-Stiúrthóir méid na foirne iniúchta agus roghnóidh sé nó sí a comhaltaí ón liosta de chigirí agus cúntóirí iniúchta, ag cur na n-imthosca a bhaineann le hiarraidh áirithe i gcuntas.

11. Déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh foráil maidir leis na haosáidí, nó socróidh sé na haosáidí, a mbeidh gá ag an bhfoireann iniúchta leo, ar nós modhanna cumarsáide, seirbhísí ateangaireachta, iompar, spás oibre, lóistín, béilí, agus cúram liachta.

12. Déanfaidh an Eagraíocht an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh a chúiteamh, laistigh de thréimhse ama réasúnta gairid tar éis an t-iniúchadh a thabhairt chun críche, as na costais go léir, lena n-áirítear na costais sin a luaitear i míreanna 11 agus 49, a bhaineann le cuairt agus le gníomhaíochtaí feidhmiúla na foirne iniúchta ar chríoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh.

13. Déanfar mionsonrú ar nósanna imeachta chun iniúchtaí ar an láthair a chur i ngníomh sa Lámhleabhar Oibríochta le haghaidh Iniúchtaí ar an Láthair.

B. BUANSOCRUITHE

Cigirí agus Cúntóirí Iniúchta a Ainmniú

14. Féadfaidh foireann iniúchta a bheith comhdhéanta de chigirí agus cúntóirí iniúchta. Cigirí cáilithe amháin, a bheidh ainmnithe go speisialta i leith na feidhme sin, a dhéanfaidh iniúchadh ar an láthair. Féadfaidh cúntóirí iniúchta, a bheidh ainmnithe go speisialta, ar nós pearsanra theicniúil agus riaracháin, aerfhoireann agus ateangairí, cúnamh a thabhairt dóibh.

15. Déanfaidh na Stáit is Páirtithe nó, i gcás fhoireann na Rúnaíochta Teicniúla, an tArd-Stiúrthóir, ainmneacha cigirí agus cúntóirí iniúchta a chur ar aghaidh lena n-ainmniú, ar bhonn an tsaineolais agus na taithí atá acu agus atá iomchuí maidir le cuspóir agus feidhmeanna iniúchtaí ar an láthair. Déanfaidh na Stáit is Páirtithe na hainmnithigh a cheadú roimh ré de réir mhír 18.

16. Déanfaidh gach Stát is Páirtí, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm ina leith, fógra maidir le hainmneacha, dátaí breithe, gnéas, céimeanna, cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil na ndaoine a bheidh molta ag an Stát is Páirtí lena n-ainmniú mar chigirí agus mar chúntóirí iniúchta a thabhairt don Ard-Stiúrthóir.

17. Tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil liosta tosaigh d’ainmneacha, náisiúntachtaí, dátaí breithe, gnéas agus céimeanna na gcigirí agus na gcúntóirí iniúchta a bheidh molta ag an Ard-Stiúrthóir agus ag na Stáit is Páirtithe lena n-ainmniú, mar aon le tuairisc ar a gcáilíochtaí agus a dtaithí ghairmiúil, a chur in iúl i scríbhinn do na Stáit go léir is Páirtithe.

18. Déanfaidh gach Stát is Páirtí a admháil láithreach go bhfuarthas an liosta tosaigh de chigirí agus cúntóirí iniúchta a bheidh molta lena n-ainmniú. Measfar gur glacadh le haon chigire nó cúntóir iniúchta a bheidh sa liosta sin mura ndéanfaidh Stát is Páirtí, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis a admháil go bhfuarthas an liosta, a dhearbhú i scríbhinn nach nglacann sé leis nó léi. Féadfaidh an Stát is Páirtí an chúis atá leis an agóid a chur ar áireamh sa dearbhú. I gcás nach nglactar leis nó léi, ní dhéanfaidh an cigire nó an cúntóir iniúchta molta gníomhaíochtaí iniúchta ar an láthair a ghabháil de láimh, ná páirt a ghlacadh iontu, ar chríoch an Stáit is Páirtí, nó in aon áit eile atá faoi dhlínse nó rialú an Stáit is Páirtí a dhearbhaigh nach nglacann sé leis nó léi. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil a dhaingniú láithreach go bhfuarthas an fógra faoin agóid.

19. Aon uair a bheartóidh an tArd-Stiúrthóir nó Stát is Páirtí breisithe a chur leis an liosta de chigirí agus cúntóirí iniúchta, nó athruithe a dhéanamh air, déanfar cigirí agus cúntóirí iniúchta ionaid a ainmniú ar an modh céanna atá leagtha amach i leith an liosta tosaigh. Tabharfaidh gach Stát is Páirtí fógra go pras don Rúnaíocht Theicniúil mura féidir le cigire nó le cúntóir iniúchta a mbeidh a ainm nó a hainm curtha ar aghaidh aige dualgais chigire nó cúntóra iniúchta a chomhlíonadh a thuilleadh.

20. Coimeádfaidh an Rúnaíocht Theicniúil an liosta de chigirí agus cúntóirí iniúchta cothrom le dáta agus déanfaidh sí fógra faoi aon bhreisithe leis an liosta, nó athruithe air, a thabhairt do na Stáit go léir is Páirtithe.

21. Féadfaidh Stát is Páirtí a iarrfaidh iniúchadh ar an láthair a mholadh go bhfónfaidh cigire ón liosta de chigirí agus cúntóirí iniúchta mar bhreathnadóir dó de réir Airteagal IV, mír 61.

22. Faoi réir mhír 23, beidh sé de cheart ag Stát is Páirtí agóid a dhéanamh, aon tráth, i gcoinne cigire nó cúntóra iniúchta ar glacadh leis nó léi cheana féin. Tabharfaidh sé fógra i scríbhinn faoina agóid don Rúnaíocht Theicniúil agus féadfaidh sé an chúis atá leis an agóid a chur ar áireamh san fhógra. Tiocfaidh an agóid sin in éifeacht 30 lá tar éis don Rúnaíocht Theicniúil an fógra a fháil. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil a dhaingniú láithreach go bhfuarthas an fógra faoin agóid agus cuirfidh sé an dáta a scoirfidh an cigire nó an cúntóir iniúchta de bheith ainmnithe i leith an Stáit sin is Páirtí in iúl do na Stáit is Páirtithe a rinne an agóid agus a chuir an t-ainm ar aghaidh.

23. Aon Stát is Páirtí a mbeidh fógra maidir le hiniúchadh tugtha dó, ní iarrfaidh sé go ndéanfar aon duine de na cigirí nó na cúntóirí iniúchta a bheidh ainmnithe sa sainordú iniúchta a bhaint den fhoireann iniúchta.

24. Ní mór líon na gcigirí agus na gcúntóirí iniúchta a nglacfaidh Stát is Páirtí leo a bheith leordhóthanach chun go mbeidh líonta cuí cigirí agus cúntóirí iniúchta ar fáil. Más rud é, i dtuairim an Ard-Stiúrthóra, gur bac é ar líon leordhóthanach cigirí agus cúntóirí iniúchta a ainmniú, nó gur treampán é thairis sin ar chomhlíonadh éifeachtach iniúchta ar an láthair, nár ghlac Stát is Páirtí le cigirí nó cúntóirí iniúchta a bhí molta, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir an tsaincheist a tharchur chun na Comhairle Feidhmiúcháin.

25. Gheobhaidh gach cigire a bheidh ar áireamh i liosta na gcigirí agus na gcúntóirí iniúchta oiliúint iomchuí. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil an oiliúint sin a sholáthar de bhun na nósanna imeachta a shonraítear sa Lámhleabhar Oibríochta le haghaidh Iniúchtaí ar an Láthair. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil, i gcomhaontú leis na Stáit is Páirtithe, sceideal oiliúna do na cigirí a chomhordú.

Pribhléidí agus Díolúintí

26. Tar éis dó glacadh leis an liosta tosaigh cigirí agus cúntóirí iniúchta de réir mar a fhoráiltear i mír 18, nó leis an liosta arna athrú dá éis sin de réir mhír 19, beidh d’oibleagáid ar gach Stát is Páirtí víosaí iontrála/imeachta agus/nó víosaí idirthurais iolracha agus doiciméid iomchuí eile a eisiúint, de réir a chuid nósanna imeachta náisiúnta agus ar iarratas ó chigire nó ó chúntóir iniúchta, chun a chumasú do gach cigire agus cúntóir iniúchta dul isteach i gcríoch an Stáit sin is Páirtí agus fanacht inti d’aon toisc chun gníomhaíochtaí iniúchta a dhéanamh. Eiseoidh gach Stát is Páirtí an víosa nó na doiciméid taistil is gá chun na críche seo tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis an t-iarratas a fháil nó láithreach ar an bhfoireann iniúchta teacht go dtí an pointe iontrála ar chríoch an Stáit is Páirtí. Beidh na doiciméid sin bailí ar feadh an mhéid ama is gá chun a chumasú don chigire nó don chúntóir iniúchta fanacht ar chríoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh d’aon toisc chun na gníomhaíochtaí iniúchta a dhéanamh.

27. Chun go gcomhlíonfaidh siad a gcuid feidhmeanna go héifeachtach, tabharfar pribhléidí agus díolúintí do chomhaltaí na foirne iniúchta mar atá leagtha amach i bhfomhíreanna (a) go (i). Deonófar pribhléidí agus díolúintí do chomhaltaí den fhoireann iniúchta ar mhaithe leis an gConradh seo agus ní chun sochair phearsanta na ndaoine aonair féin. Tabharfar na pribhléidí agus díolúintí sin dóibh i leith na tréimhse iomláine idir an tráth a thiocfaidh siad go críoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh agus an tráth a imeoidh siad uaithi, agus ina dhiaidh sin i leith gníomhartha a rinneadh roimhe sin le linn a bhfeidhmeanna oifigiúla a fheidhmiú.

(a)Tabharfar do chomhaltaí na foirne iniúchta an dosháraitheacht a theachtann gníomhairí taidhleoireachta de bhun Airteagal 29 de Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta an 18 Aibreán 1961;

(b) Tabharfar do cheathrúna cónaithe agus d’áitreabh oifige arna n-áitiú ag an bhfoireann iniúchta a bhfuil gníomhaíochtaí iniúchta á ndéanamh aici de bhun an Chonartha seo an dosháraitheacht agus an caomhnú a thugtar d’áitreabh gníomhairí taidhleoireachta de bhun Airteagal 30, mír 1, de Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta;

(c) Tabharfar do pháipéir agus comhfhreagras, lena n-áirítear taifid, na foirne iniúchta an dosháraitheacht a thugtar do pháipéir agus do chomhfhreagras uile gníomhairí taidhleoireachta de bhun Airteagal 30, mír 2, de Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta. Beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta cóid a úsáid le haghaidh a gcumarsáidí leis an Rúnaíocht Theicniúil;

(d) Beidh aon samplaí agus trealamh ceadaithe a iompraíonn comhaltaí na foirne iniúchta dosháraithe faoi réir forálacha atá sa Chonradh seo agus saor ó gach dleacht custam. Iomprófar samplaí guaiseacha de réir rialachán iomchuí;

(e) Tabharfar do chomhaltaí na foirne iniúchta na díolúintí a thugtar do ghníomhairí taidhleoireachta de bhun Airteagal 31, míreanna 1, 2 agus 3, de Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta;

(f) Tabharfar do chomhaltaí na foirne iniúchta a bhfuil gníomhaíochtaí forordaithe á ndéanamh acu de bhun an Chonartha seo an díolúine ó dhíre agus cáin a thugtar do ghníomhairí taidhleoireachta de bhun Airteagal 34 de Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta;

(g) Ceadófar do chomhaltaí na foirne iniúchta earraí chun úsáide pearsanta, seachas earraí a bhfuil a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú toirmiscthe le dlí nó faoi rialú rialachán coraintín, a thabhairt isteach i gcríoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh, gan aon dleacht custam ná muirir lena mbaineann a íoc;

(h) Tabharfar do chomhaltaí na foirne iniúchta na saoráidí céanna airgeadra agus iomlaoide a thugtar d’ionadaithe Rialtas coigríche ar mhisin oifigiúla shealadacha; agus

(i) Ní ghabhfaidh comhaltaí na foirne iniúchta d’aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó tráchtála le haghaidh sochair phearsanta ar chríoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh.

28. Le linn dóibh a bheith ar idirthuras trí chríoch Stát is Páirtithe seachas an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, tabharfar do chomhaltaí na foirne iniúchta na pribhléidí agus na díolúintí a theachtann gníomhairí taidhleoireachta de bhun Airteagal 40, mír 1, de Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta. Tabharfar na pribhléidí agus na díolúintí atá leagtha amach i mír 27(c) agus (d) do pháipéir agus comhfhreagras, lena n-áirítear taifid, agus do shamplaí agus trealamh ceadaithe a iompraíonn siad.

29. Gan dochar dá bpribhléidí agus dá ndíolúintí, beidh sé d’oibleagáid ar chomhaltaí na foirne iniúchta dlíthe agus rialacháin an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh a urramú agus, a mhéid a bheidh sé i gcomhréir leis an sainordú iniúchta, beidh sé d’oibleagáid orthu gan cur isteach ar ghnóthaí inmheánacha an Stáit sin. Má mheasann an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh gur baineadh mí-úsáid as pribhléidí agus díolúintí a shonraítear sa Phrótacal seo, rachaidh an Stát is Páirtí agus an tArd-Stiúrthóir i gcomhchomhairle le chéile chun a chinneadh ar tharla aon mhí-úsáid den sórt sin agus, má chinntear amhlaidh, chun mí-úsáid den sórt sin a chosc ó tharlú arís.

30. Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir an díolúine ó dhlínse a bheidh ag comhaltaí na foirne a tharscaoileadh sna cásanna sin ina mbeidh an tArd-Stiúrthóir den tuairim go mbeadh díolúine ina bac ar chúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do chur i ngníomh fhorálacha an Chonartha seo. Ní foláir tarscaoileadh a bheith sainráite i gcónaí.

31. Tabharfar do bhreathnadóirí na pribhléidí agus na díolúintí céanna a thugtar do chomhaltaí na foirne iniúchta de bhun an ailt seo, ach amháin na pribhléidí agus díolúintí a thugtar de bhun mhír 27(d).

Pointí Iontrála

32. Ainmneoidh gach Stát is Páirtí a phointí iontrála agus soláthróidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear don Rúnaíocht Theicniúil tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm ina leith. Is de chineál iad na pointí iontrála seo go bhféadfaidh an fhoireann iniúchta aon limistéar iniúchta a shroicheadh ó phointe iontrála amháin ar a laghad laistigh de 24 huaire an chloig. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil suímh na bpointí iontrála a chur ar fáil do na Stáit go léir is Páirtithe. Féadfaidh pointí iontrála fónamh mar phointí imeachta freisin.

33. Féadfaidh gach Stát is Páirtí a phointí iontrála a athrú trí fhógra i dtaobh an athraithe sin a thabhairt don Rúnaíocht Theicniúil. Tiocfaidh athruithe in éifeacht 30 lá tar éis don Rúnaíocht Theicniúil an fógra sin a fháil chun gur féidir fógra cuí a thabhairt do na Stáit go léir is Páirtithe.

34. Má mheasann an Rúnaíocht Theicniúil nach bhfuil dóthain pointí iontrála chun iniúchtaí a sheoladh go tráthúil nó go gcuirfeadh athruithe atá beartaithe ag Stát is Páirtí ar na pointí iontrála bac ar sheoladh tráthúil iniúchtaí, rachaidh sí i gcomhairle leis an Stát is Páirtí lena mbaineann chun an fhadhb a réiteach.

Socruithe maidir le hAerárthaí Neamhsceidealta a Úsáid

35. I gcás nach mbeidh sé indéanta taisteal go tráthúil go dtí an pointe iontrála trí eitiltí tráchtála sceidealta a úsáid, féadfaidh foireann iniúchta aerárthach neamhsceidealta a úsáid. Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm ina leith, déanfaidh gach Stát is Páirtí an bhuanuimhir imréitigh taidhleoireachta d’aerárthaí neamhsceidealta a iompróidh foireann iniúchta agus trealamh a bheidh ag teastáil don iniúchadh a chur in iúl don Rúnaíocht Theicniúil. Déanfar aerárthaí a ródú ar feadh aerbhealaí idirnáisiúnta bunaithe a gcomhaontóidh an Stát is Páirtí agus an Rúnaíocht Theicniúil orthu mar bhonn leis an imréiteach taidhleoireachta sin.

Trealamh Iniúchta Ceadaithe

36. Déanfaidh an Chomhdháil, ag a seisiún tosaigh, liosta den trealamh a bheidh le húsáid le linn iniúchtaí ar an láthair a bhreithniú agus a cheadú. Féadfaidh gach Stát is Páirtí tograí a chur faoina bráid i dtaobh trealamh a áireamh sa liosta. Déanfar, sna sonraíochtaí maidir le húsáid an trealaimh, mar a bheidh mionsonraithe sa Lámhleabhar Oibríochta le haghaidh Iniúchtaí ar an Láthair, cúinsí sábháilteachta agus rúndachta a chur san áireamh i gcás gur dócha go n-úsáidfear an trealamh sin.

37. Is é a bheidh sa trealamh a bheidh le húsáid le linn iniúchtaí ar an láthair buntrealamh do na gníomhaíochtaí iniúchta agus teicníochtaí a shonraítear i mír 69 agus trealamh cúnta a bheidh ag teastáil chun iniúchtaí ar an láthair a sheoladh go héifeachtach tráthúil.

38. Cinnteoidh an Rúnaíocht Theicniúil go mbeidh an uile chineál trealaimh cheadaithe ar fáil le haghaidh iniúchtaí ar an láthair nuair a bheidh siad ag teastáil. Nuair a bheidh siad ag teastáil le haghaidh iniúchadh ar an láthair, deimhneoidh an Rúnaíocht Theicniúil go cuí go ndearnadh an trealamh a chalabrú, a chothabháil agus a chosaint. D’fhonn a éascú don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh an trealamh a sheiceáil ag an bpointe iontrála, soláthróidh an Rúnaíocht Theicniúil doiciméadacht agus greamóidh sí séalaí chun an deimhniú a fhíordheimhniú.

39. Aon trealamh a bheidh ar seilbh go buan, beidh sé i gcoimeád na Rúnaíochta Teicniúla. Beidh an Rúnaíocht Theicniúil freagrach as an trealamh sin a chothabháil agus a chalabrú.

40. De réir mar is cuí, déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil socruithe le Stáit is Páirtithe chun trealamh a luaitear sa liosta a sholáthar. Beidh na Stáit sin is Páirtithe freagrach as an trealamh sin a chothabháil agus a chalabrú.

C. IARRAIDH AR INIÚCHADH AR AN LÁTHAIR, SAINORDÚ INIÚCHTA AGUS FÓGRA INIÚCHTA

Iarraidh ar Iniúchadh ar an Láthair

41. De bhun Airteagal IV, mír 37, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarraidh ar iniúchadh ar an láthair:

(a) Comhordanáidí measta geografacha agus ceartingearacha shuíomh an teagmhais ba chúis leis an iarraidh mar aon le léiriú ar an lamháil earráide a d’fhéadfadh a bheith ann;

(b) Teorainneacha beartaithe an limistéir a bheidh le hiniúchadh, arna sonrú ar léarscáil agus de réir mhíreanna 2 agus 3;

(c) An Stát is Páirtí nó na Stáit is Páirtithe a bheidh le hiniúchadh nó léiriú go bhfuil an limistéar a bheidh le hiniúchadh nó aon chuid de lasmuigh de dhlínse nó rialú aon Stáit;

(d) Timpeallacht dhóchúil an teagmhais ba chúis leis an iarraidh;

(e) Am measta an teagmhais ba chúis leis an iarraidh, mar aon le léiriú ar an lamháil earráide a d’fhéadfadh a bheith ann;

(f) Na sonraí uile ar a bhfuil an iarraidh bunaithe;

(g) Sonraí pearsanta an bhreathnadóra bheartaithe, más ann; agus

(h) Torthaí próisis comhchomhairle agus soiléirithe de réir Airteagal IV, nó míniú, más iomchuí, ar na cúiseanna nár seoladh próiseas comhchomhairle agus soiléirithe den sórt sin.

Sainordú Iniúchta

42. Beidh i sainordú le haghaidh iniúchadh ar an láthair:

(a) Cinneadh na Comhairle Feidhmiúcháin maidir leis an iarraidh ar iniúchadh ar an láthair;

(b) Ainm an Stáit is Páirtí nó na Stát is Páirtithe a bheidh le hiniúchadh nó léiriú go bhfuil an limistéar iniúchta nó cuid de lasmuigh de dhlínse nó rialú aon Stáit;

(c) Suíomh agus teorainneacha an limistéir iniúchta arna sonrú ar léarscáil, agus an fhaisnéis uile ar ar bunaíodh an iarraidh agus an fhaisnéis theicniúil eile go léir a bheidh ar fáil á cur i gcuntas, i gcomhairle leis an Stát iarrthach is Páirtí;

(d) Cineálacha pleanáilte gníomhaíochta na foirne iniúchta sa limistéar iniúchta;

(e) An pointe iontrála a bheidh le húsáid ag an bhfoireann iniúchta;

(f) Aon phointí idirthurais nó bunáite, de réir mar is cuí;

(g) Ainm cheann na foirne iniúchta;

(h) Ainmneacha chomhaltaí na foirne iniúchta;

(i) Ainm an bhreathnadóra bheartaithe, más ann; agus

(j) An liosta trealaimh a úsáidfear sa limistéar iniúchta.

Más gá modhnú a dhéanamh ar an sainordú iniúchta mar gheall ar chinneadh ón gComhairle Feidhmiúcháin de bhun Airteagal IV, míreanna 46 go 49, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir an sainordú a thabhairt cothrom le dáta maidir le fomhíreanna (d), (h) agus (j), de réir mar is cuí. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir aon mhodhnú den sórt sin in iúl láithreach don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh.

Fógra Iniúchta

43. San fhógra a dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir de bhun Airteagal IV, mír 55 beidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a) An sainordú iniúchta;

(b) An dáta agus an t-am a mheasfar a shroichfidh an fhoireann iniúchta an pointe iontrála;

(c) An modh ina sroichfear an pointe iontrála;

(d) Más cuí, an bhuanuimhir imréitigh taidhleoireachta d’aerárthaí neamhsceidealta; agus

(e) Liosta d’aon trealamh a iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir ar an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh a chur ar fáil don fhoireann iniúchta lena úsáid sa limistéar iniúchta.

44. Admhóidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh go bhfuair sé an fógra ón Ard-Stiúrthóir tráth nach déanaí ná 12 uair an chloig tar éis an fógra a fháil.

D. GNÍOMHAÍOCHTAÍ RÉAMHINIÚCHTA

Dul Isteach i gCríoch an Stáit is Páirtí atá faoi Iniúchadh, Gníomhaíochtaí ag an bPointe Iontrála agus Aistriú chuig an Limistéar Iniúchta

45. Déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh ar cuireadh iúl dó an tráth a thiocfaidh an fhoireann iniúchta a áirithiú go rachaidh an fhoireann iniúchta isteach ina chríoch láithreach.

46. Nuair a úsáidfear aerárthach neamhsceidealta d’fhonn taisteal chun an phointe iontrála, soláthróidh an Rúnaíocht Theicniúil plean eitilte don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, tríd an Údarás Náisiúnta, i gcomhair eitilt an aerárthaigh ón aerpháirc dheireanach roimh iontráil in aerspás an Stáit sin is Páirtí chun an phointe iontrála, tráth nach lú ná sé huaire an chloig roimh an am imeachta sceidealta ón aerpháirc sin. Déanfar an plean sin a chomhdú de réir nósanna imeachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta is infheidhme maidir le haerárthaí sibhialta. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil an bhuanuimhir imréitigh taidhleoireachta agus an nodaireacht chuí lena sainaithnítear an t-aerárthach mar aerárthach iniúchta a áireamh i rannán na nótaí den phlean eitilte. Máúsáidtear aerárthach míleata, iarrfaidh an Rúnaíocht Theicniúil údarú roimh ré ón Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh chun dul isteach ina aerspás.

47. Trí huaire an chloig ar a laghad roimh imeacht sceidealta na foirne iniúchta ón aerpháirc dheireanach roimh dhul isteach in aerspás an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh, áiritheoidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh go ndéanfar an plean eitilte arna chomhdú de réir mhír 46 a cheadú, chun go bhféadfaidh an fhoireann iniúchta an pointe iontrála a shroicheadh faoin am sroichte measta.

48. I gcás inar gá é, comhaontóidh ceann na foirne iniúchta agus ionadaí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh ar phointe bunáite agus ar phlean eitilte ón bpointe iontrála go dtí an pointe bunáite agus, más gá, go dtí an limistéar iniúchta.

49. Déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh foráil maidir le locadh, coimirce shlándála, seirbhísiú agus breosla, nó socróidh sé iad, de réir mar a cheanglóidh an Rúnaíocht Theicniúil le haghaidh aerárthach na foirne iniúchta ag an bpointe iontrála agus, más gá, ag an bpointe bunáite agus ag an limistéar iniúchta. Ní dhlífidh an t-aerárthach sin táillí tuirlingthe, cáin imeachta, agus muirir dá samhail a íoc. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le haerárthaí a úsáidtear le haghaidh traseitilte le linn an iniúchta ar an láthair.

50. Faoi réir mhír 51, ní chuirfidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh aon srian ar an bhfoireann iniúchta do thabhairt trealamh ceadaithe atá i gcomhréir leis an sainordú iniúchta isteach i gcríoch an Stáit sin is Páirtí, nó ar é a úsáid de réir fhorálacha an Chonartha agus an Phrótacail seo.

51. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, gan dochar don chreat ama a shonraítear i mír 54, a sheiceáil i láthair chomhaltaí na foirne iniúchta ag an bpointe iontrála go ndearnadh an trealamh a cheadú agus a dheimhniú de réir mhír 38. Féadfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh trealamh nach bhfuil i gcomhréir leis an sainordú iniúchta nó nach ndearnadh a cheadú nó a dheimhniú de réir mhír 38 a eisiamh.

52. Láithreach ar an bpointe iontrála a shroicheadh agus gan dochar don chreat ama a shonraítear i mír 54, déanfaidh ceann na foirne iniúchta an sainordú iniúchta agus plean iniúchta tosaigh arna ullmhú ag an bhfoireann iniúchta, ina sonrófar na gníomhaíochtaí a sheolfaidh sí, a thíolacadh d’ionadaí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh. Tabharfaidh ionadaithe an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh mionteagasc don fhoireann iniúchta le cabhair léarscáileanna agus doiciméid eile, de réir mar is cuí. Áireofar sa mhionteagasc gnéithe tír-raoin nádúrtha is iomchuí, saincheisteanna sábháilteachta agus rúndachta, agus socruithe loighisticiúla le haghaidh an iniúchta. Féadfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh suímh laistigh den limistéar iniúchta a léiriú ar suímh iad nach mbaineann, dar leis, le cuspóir an iniúchta.

53. Tar éis an mhionteagaisc réamhiniúchta, déanfaidh an fhoireann iniúchta an plean iniúchta tosaigh a mhodhnú de réir mar is cuí, agus aon tráchtanna ón Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh á gcur i gcuntas. Cuirfear an plean iniúchta modhnaithe ar fáil d’ionadaí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh.

54. Déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh an uile rud a bheidh ar a chumas chun cúnamh a thabhairt agus chun a chinntiú go seolfar an fhoireann iniúchta, an trealamh ceadaithe a shonraítear i míreanna 50 agus 51 agus an bagáiste go sábháilte ón bpointe iontrála go dtí an limistéar iniúchta tráth nach déanaí ná 36 huaire tar éis dóibh an pointe iontrála a shroicheadh, mura mbeidh uainiú ar bith eile comhaontaithe laistigh den chreat ama a shonraítear i mír 57.

55. D’fhonn a dhaingniú go bhfreagraíonn an limistéar ar iompraíodh an fhoireann iniúchta chuige don limistéar iniúchta a shonraítear sa sainordú iniúchta, beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta trealamh aimsithe suíomh a bheidh ceadaithe a úsáid. Cabhróidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh leis an bhfoireann iniúchta sa tasc seo.

E. INIÚCHTAÍ A SHEOLADH

Rialacha Ginearálta

56. Déanfaidh an fhoireann iniúchta a cuid feidhmeanna a urscaoileadh de réir fhorálacha an Chonartha agus an Phrótacail seo.

57. Tosóidh an fhoireann iniúchta a cuid gníomhaíochtaí iniúchta sa limistéar iniúchta a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí, in aon chás, ná 72 uair tar éis an pointe iontrála a shroicheadh.

58. Socrófar gníomhaíochtaí na foirne iniúchta ar shlí a áiritheoidh go n-urscaoilfear a feidhmeanna go tráthúil agus go héifeachtach agus nach ndéanfar ach an chiotaí is lú is féidir don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh agus an corraí is lú is féidir don limistéar iniúchta.

59. I gcásanna ina n-iarrfar ar an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, de bhun mhír 43(e) nó i gcúrsa an iniúchta, aon trealamh a chur ar fáil lena úsáid ag an bhfoireann iniúchta sa limistéar iniúchta, déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh de réir na hiarrata a mhéid is féidir leis.

60. Beidh ag an bhfoireann iniúchta, le linn an iniúchta ar an láthair, inter alia:

(a) An ceart chun an chaoi a leanfar den iniúchadh a chinneadh, i gcomhréir leis an sainordú iniúchta agus aon bhearta a ghlacfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh agus atá i gcomhréir leis na forálacha maidir le rochtain bhainistithe á gcur i gcuntas;

(b) An ceart chun an plean iniúchta a mhodhnú, de réir mar is gá, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar an t-iniúchadh a chur i gcrích go héifeachtach;

(c) An oibleagáid na moltaí agus na modhnuithe molta ón Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh maidir leis an bplean iniúchta a chur i gcuntas;

(d) An ceart chun soiléirithe a iarraidh i dtaca le hathbhríonna a fhéadfaidh a bheith ann le linn an iniúchta;

(e) An oibleagáid gan ach na teicníochtaí sin a shonraítear i mír 69 a úsáid agus staonadh ó ghníomhaíochtaí nach mbeidh iomchuí maidir le críoch an iniúchta. Déanfaidh an fhoireann cibé fíorais a bhaineann le críoch an iniúchta a chruinniú agus a dhoiciméadú, ach ní dhéanfaidh sí faisnéis ar léir nach mbaineann sí leis an gcríoch a lorg ná a dhoiciméadú. Aon ábhar a bhaileofar agus a bhfaighfear amach ina dhiaidh sin maidir leis nach bhfuil sé iomchuí, tabharfar ar ais é don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh;

(f) An oibleagáid sonraí agus mínithe a chur i gcuntas agus a áireamh ina tuarascáil is sonraí agus mínithe maidir le cineál an teagmhais ba chúis leis an iarraidh, arna soláthar ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh ó ghréasáin faireacháin náisiúnta an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh agus ó fhoinsí eile;

(g) An oibleagáid cóipeanna den fhaisnéis agus de na sonraí a bhaileofar sa limistéar iniúchta a sholáthar don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh ar iarraidh uaidh; agus

(h) An oibleagáid rúndacht agus rialacháin sábháilteachta agus sláinte an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh a urramú.

61. Le linn an iniúchta ar an láthair beidh ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, inter alia:

(a) An ceart chun moltaí a dhéanamh aon tráth don fhoireann iniúchta maidir le modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bplean iniúchta;

(b) An ceart agus an oibleagáid ionadaí a chur ar fáil chun idirchaidreamh a dhéanamh leis an bhfoireann iniúchta;

(c) An ceart chun ionadaithe a chur i dteannta na foirne iniúchta le linn di a dualgais a chomhlíonadh agus na gníomhaíochtaí iniúchta go léir a dhéanfaidh an fhoireann iniúchta a fhaire. Ní chuirfidh sé seo moill ar an bhfoireann iniúchta, ná ní chuirfidh sé bac uirthi thairis sin, le linn di a feidhmeanna a fheidhmiú;

(d) An ceart chun faisnéis bhreise a sholáthar agus chun a iarraidh go ndéanfar fíorais bhreise a chreideann sí a bheith iomchuí maidir leis an iniúchadh a bhailiú agus a dhoiciméadú;

(e) An ceart chun gach táirge fótagrafach agus tomhais, mar aon le samplaí, a scrúdú agus aon fhótagraif nó codanna díobh a thaispeánann láithreacha íogaire nach mbaineann le críoch an iniúchta a choimeád. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh cóipeanna dúblacha a fháil de gach táirge fótagrafach agus tomhais. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh chun bunchóipeanna fótagrafacha agus táirgí fótagrafacha den chéad ghlúin a choimeád agus fótagraif nó codanna díobh a chur faoi chomhshéala laistigh dá chríoch. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh chun a oibritheoir ceamara féin a sholáthar chun fótagraif shocra/físe a thógáil de réir mar a iarrfaidh an fhoireann iniúchta. Thairis sin, comhlíonfaidh comhaltaí den fhoireann iniúchta na feidhmeanna seo;

(f) An ceart chun sonraí agus mínithe maidir le cineál an teagmhais ba chúis leis an iarraidh a thabhairt don fhoireann iniúchta, óna ghréasáin faireacháin náisiúnta agus ó fhoinsí eile; agus

(g) An oibleagáid cibé soiléiriú a sholáthar don fhoireann iniúchta is gá chun aon athbhríonna a bheidh ann le linn an iniúchta a réiteach.

Cumarsáid

62. Beidh an ceart ag comhaltaí na foirne iniúchta, gach tráth le linn an iniúchta ar an láthair, cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus leis an Rúnaíocht Theicniúil. Féadfaidh siad, chun na críche seo, a dtrealamh féin, a bheidh ceadaithe agus deimhnithe go cuí, a úsáid le toiliú an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh a mhéid nach dtugann an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh rochtain dóibh ar theileachumarsáid eile.

Breathnadóir

63. De réir Airteagal IV, mír 61, déanfaidh an Stát iarrthach is Páirtí idirchaidreamh leis an Rúnaíocht Theicniúil chun comhordú a dhéanamh ar theacht an bhreathnadóra chuig an bpointe céanna iontrála nó chuig an bpointe céanna bunáite a bhaineann leis an bhfoireann iniúchta laistigh de thréimhse réasúnach ama ó thráth theacht na foirne iniúchta.

64. Beidh an ceart ag an mbreathnadóir, fad a bheidh an t-iniúchadh ar siúl, a bheith i gcumarsáid le hambasáid an Stáit iarrthaigh is Páirtí a bheidh suite sa Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh nó, i gcás nach mbeidh ambasáid ann, leis an Stát iarrthach is Páirtí féin.

65. Beidh an ceart ag an mbreathnadóir teacht chuig an limistéar iniúchta agus rochtain a bheith aige nó aici ar an limistéar iniúchta agus laistigh de, de réir mar a dheonóidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh.

66. Beidh an ceart ag an mbreathnadóir moltaí a chur faoi bhráid na foirne iniúchta fad a bheidh an t-iniúchadh ar siúl.

67. Fad a bheidh an t-iniúchadh ar siúl, coinneoidh an fhoireann iniúchta an breathnadóir ar an eolas maidir le seoladh an iniúchta agus maidir leis na fionnachtana.

68. Fad a bheidh an t-iniúchadh ar siúl, déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh na háiseanna is gá le haghaidh an bhreathnadóra agus atá comhchosúil leo siúd a theachtann an fhoireann iniúchta mar a thuairiscítear i mír 11 a sholáthar nó socrú a dhéanamh maidir leo. Íocfaidh an Stát iarrthach is Páirtí na costais go léir i dtaca le cuairt an bhreathnadóra ar chríoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh.

Gníomhaíochtaí Iniúchta agus Teicníochtaí

69. Féadfar na gníomhaíochtaí iniúchta seo a leanas a sheoladh agus na teicníochtaí seo a leanas a úsáid, de réir na bhforálacha maidir le rochtain bhainistithe, maidir le samplaí a bhailiú, a láimhseáil agus a anailísiú, agus maidir le traseitiltí:

(a)Aimsiú suímh ón aer agus ar an dromchla chun teorainneacha an limistéir iniúchta a dhaingniú agus chun comhordanáidí suíomh laistigh den limistéar a bhunú, mar thaca leis na gníomhaíochtaí iniúchta;

(b)Amharc-bhreathnadóireacht, fótagrafaíocht físe agus fótagrafaíocht shocair agus íomháú ilspeictrim, lena n-áirítear tomhais infridhearga, ar an dromchla agus faoi, agus ón aer, chun aimhrialtachtaí nó déantáin a lorg;

(c)Leibhéil radaighníomhaíochta a thomhas os cionn an dromchla, ar an dromchla agus faoi, ag úsáid faireachán gámaradaíochta agus anailísiú taifigh fuinnimh ón aer, agus ar an dromchla nó faoi, chun aimhrialtachtaí radaíochta a lorg agus a aithint;

(d)Sampláil timpeallachta agus anailísiú ar sholaid, leachtanna agus gáis os cionn an dromchla, ar an dromchla agus faoi, chun aimhrialtachtaí a bhrath;

(e)Faireachán seismeolaíoch éighníomhach a dhéanamh le haghaidh iarchreathán chun an limistéar cuardaigh a logánú agus chun cineál an teagmhais a chinneadh;

(f)Seismiméadracht athshondais agus suirbhéanna seismeacha gníomhacha chun aimhrialtachtaí faoi thalamh a lorg agus a aimsiú, lena n-áirítear cuasa agus criosanna brablaigh;

(g)Léarscáilíocht machaire mhaighnéadach agus imtharraingteach, radar treáite talún agus tomhais seoltachta leictrí ar an dromchla agus ón aer, de réir mar is cuí, chun aimhrialtachtaí nó déantáin a bhrath; agus

(h)Tolladh chun samplaí radaighníomhacha a fháil.

70. Beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta, suas go dtí 25 lá tar éis an t-iniúchadh ar an láthair a cheadú de réir Airteagal IV, mír 46, chun aon cheann de na gníomhaíochtaí a sheoladh agus aon cheann de na teicníochtaí a úsáid a liostaítear i mír 69(a) go (e). Tar éis ceadú a thabhairt chun leanúint ar aghaidh leis an iniúchadh de réir Airteagal IV, mír 47, beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta chun aon cheann de na gníomhaíochtaí a sheoladh agus aon cheann de na teicníochtaí a úsáid a liostaítear i mír 69(a) go (g). Ní dhéanfaidh an fhoireann iniúchta tolladh ach amháin tar éis don Chomhairle Feidhmiúcháin é a cheadú de réir Airteagal IV, mír 48. Má iarrann an fhoireann iniúchta fadú ar ré an iniúchta de réir Airteagal IV, mír 49, cuirfidh sí in iúl ina hiarraidh cé acu de na gníomhaíochtaí agus na teicníochtaí arna liostú i mír 69 a bheartaíonn sí a dhéanamh chun go mbeidh sí in ann a sainordú a chomhlíonadh.

Traseitiltí

71. Beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta traseitilt a dhéanamh thar an limistéar iniúchta le linn an iniúchta ar an láthair chun treoshuíomh ginearálta an limistéir iniúchta a sholáthar don fhoireann iniúchta, chun na hionaid i gcomhair iniúchta ar talamh aimsiú agus a optamú agus chun bailiú fianaise fíorasaí a éascú, trí threalamh a shonraítear i mír 79 a úsáid.

72. Déanfar an traseitilt a luaithe is féidir go praiticiúil. Ní faide ná 12 uaire an chloig fad iomlán na traseitilte thar an limistéar iniúchta.

73. Féadfar traseitiltí breise ina n-úsáidfear trealamh a shonraítear i míreanna 79 agus 80 a dhéanamh faoi réir chomhaontú an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh.

74. Ní leithne an limistéar a bheidh le clúdach ag traseitiltí ná an limistéar iniúchta.

75. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh srianta a fhorchur nó, i gcásanna eisceachtúla agus le leithscéal réasúnach, toirmisc a fhorchur le traseitilt thar láithreacha íogaire nach mbaineann le críoch an iniúchta. Féadfaidh baint a bheith ag srianta le hairde na heitilte, leis an líon tardhulta agus le dul timpeall, leis an ré foluana, leis an gcineál aerárthaigh, le líon na gcigirí a bheidh ar bord, agus le cineál na dtomhas nó na mbreathnuithe. Má mheasann an fhoireann iniúchta go mbeidh na srianta nó na toirmisc ar thraseitilt thar láithreacha íogaire ina dtreampán ar chomhlíonadh shainordú na foirne iniúchta, déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh gach iarracht réasúnach chun modh malartach iniúchta a chur ar fáil.

76. Déanfar traseitiltí de réir plean eitilte arna chomhdú agus arna cheadú go cuí de réir rialacha agus rialachán eitlíochta an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh. Urramófar go dian rialacháin sábháilteachta eitlíochta an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh le linn gach aon oibríochta eitilte.

77. Níor chóir tuirlingt a údarú le linn traseitiltí de ghnáth ach amháin chun críocha stáitsiú nó athbhreoslú.

78. Déanfar traseitiltí ar airdí de réir mar a iarrfaidh an fhoireann iniúchta, is airdí a bheidh ar comhréir leis na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, le dálaí léargais, mar aon le rialacháin eitlíochta agus sábháilteachta an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh agus lena cheart chun faisnéis íogair nach mbaineann le críoch an iniúchta a chosaint. Déanfar traseitiltí suas go huasairde 1,500 méadar os cionn an dromchla.

79. Féadfar an trealamh seo a leanas a úsáid ar bord an aerárthaigh i gcomhair na traseitilte a dhéanfar de bhun mhíreanna 71 agus 72:

(a) Gloiní machaire;

(b) Trealamh éighníomhach aimsithe suímh;

(c) Físcheamaraí; agus

(d) Ceamaraí láimhe fótagraif shocair.

80. I gcomhair aon traseitiltí breise a dhéanfar de bhun mhír 73, féadfaidh cigirí ar bord an aerárthaigh trealamh iniompartha soshuiteáilte a úsáid freisin le haghaidh:

(a) Íomháineachais ilspeictrim (lena n-áirítear infridhearg);

(b) Gáma-speictreascópachta; agus

(c) Léarscáilíochta réimse mhaighnéadaigh.

81. Déanfar traseitiltí le haerárthaigh atá réasúnta mall agus ar a bhfuil sciatháin shocra nó sciatháin rothlacha. Beidh radharc fairsing gan bhac ar an dromchla thíos faoi ar fáil ón aerárthach.

82. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh a aerárthach féin a sholáthar, agus é réamhthrealmhaithe mar is cuí de réir cheanglais theicniúla an lámhleabhair oibríochta iomchuí, agus a fhoireann féin a sholáthar. Mura ndéanfaidh sé amhlaidh, déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil an t-aerárthach a sholáthar nó a fháil ar cíos.

83. Má dhéanann an Rúnaíocht Theicniúil an t-aerárthach a sholáthar nó a fháil ar cíos, beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh an t-aerárthach a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil sé trealmhaithe le trealamh iniúchta ceadaithe. Críochnófar an tseiceáil sin laistigh den tréimhse ama a shonraítear i mír 57.

84. Is é an pearsanra a bheidh ar bord an aerárthaigh:

(a) An líon íosta foirne eitilte atá i gcomhréir le hoibriú sábháilte an aerárthaigh;

(b) Suas le ceithre chomhalta den fhoireann iniúchta;

(c) Suas le dhá ionadaí de chuid an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh;

(d) Breathnadóir, más ann, faoi réir chomhaontú an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh; agus

(e) Ateangaire, más gá.

85. Déanfar nósanna imeachta chun traseitiltí a chur i ngníomh a shonrú sa Lámhleabhar Oibríochta le haghaidh Iniúchtaí ar an Láthair.

Rochtain Bhainistithe

86. Beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta an limistéar iniúchta a rochtain de réir fhorálacha an Chonartha agus an Phrótacail seo.

87. Cuirfidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh rochtain ar fáil laistigh den limistéar iniúchta de réir an chreata ama a shonraítear i mír 57.

88. De bhun Airteagal IV, mír 57 agus mhír 86 thuas, folóidh cearta agus oibleagáidí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh:

(a) An ceart bearta a dhéanamh chun suiteálacha agus suímh íogaire a chaomhnú de réir an Phrótacail seo;

(b) An oibleagáid, nuair a shriantar rochtain laistigh den limistéar iniúchta, gach iarracht réasúnach a dhéanamh ceanglais an tsainordaithe iniúchta a chomhlíonadh ar mhodh malartach. Ní chuirfidh réiteach aon cheisteanna maidir le haon cheann amháin nó níos mó de ghnéithe an iniúchta moill ar an bhfoireann iniúchta, nó treampán léi, i seoladh gnéithe eile den iniúchadh; agus

(c) An ceart chun an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le haon rochtain ag an bhfoireann iniúchta, ag cur a oibleagáidí faoin gConradh seo agus na bhforálacha maidir le rochtain bhainistithe i gcuntas.

89. De bhun Airteagal IV, mír 57(b) agus mhír 88(a) thuas, beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh bearta a dhéanamh ar fud an limistéir iniúchta chun suiteálacha agus suímh íogaire a chaomhnú agus chun nochtadh faisnéise rúnda nach mbaineann le críocha an iniúchta a chosc. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh inter alia sna bearta sin:

(a) Taispeántais, stórais agus trealamh atá íogair a cheilt;

(b) Tomhais gníomhaíochta radanúiclíde agus radaíochta núicléiche a shrianadh do chinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil na cineálacha radaíochta nó na fuinnimh radaíochta sin atá iomchuí maidir le críoch an iniúchta i láthair;

(c) Tógáil nó anailísiú samplaí a shrianadh do chinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil táirgí radaighníomhacha nó táirgí eile atá iomchuí maidir le críoch an iniúchta i láthair;

(d) Rochtain ar fhoirgnimh agus ar dhéanmhais eile a bhainistiú de réir mhíreanna 90 agus 91; agus

(e) Láithreacha rochtana srianta a fhógairt de réir mhíreanna 92 go 96.

90. Cuirfear siar rochtain ar fhoirgnimh agus ar dhéanmhais eile go dtí go gceadófar leanúint den iniúchadh ar an láthair de réir Airteagal IV, mír 47, seachas rochtain ar fhoirgnimh agus ar dhéanmhais eile ina bhfuil an bealach isteach i mianach, i dtochailtí eile, nó i bpluaiseanna de mhéid mór nach bhfuil rochtain orthu ar shlí eile. Maidir leis na foirgnimh agus leis na déanmhais sin, ní bheidh ach ceart idirthurais ag an bhfoireann iniúchta, de réir mar a ordóidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, chun dul isteach sna mianaigh, sna pluaiseanna nó sna tochailtí eile sin.

91. Más rud é, tar éis é a bheith ceadaithe leanúint den iniúchadh de réir Airteagal IV, mír 47, go dtaispeánann an fhoireann iniúchta ar shlí inchreidte don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh gur gá rochtain ar fhoirgnimh agus ar dhéanmhais eile chun an sainordú iniúchta a chomhlíonadh agus nach bhféadfaí na gníomhaíochtaí is gá agus a údaraítear sa sainordú a dhéanamh ón taobh amuigh beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta chun rochtain a fháil ar na foirgnimh nó na déanmhais eile sin. Iarrfaidh ceann na foirne iniúchta rochtain ar fhoirgneamh nó ar dhéanmhas sonrach agus cuirfidh sé nó sí cuspóir na rochtana sin, an líon sonrach cigirí, chomh maith leis na gníomhaíochtaí a bheidh beartaithe, in iúl. Beidh na módúlachtaí le haghaidh rochtana faoi réir caibidle idir an fhoireann iniúchta agus an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh srianta, nó, i gcásanna eisceachtúla agus le leithscéal réasúnach, toirmisc, a fhorchur ar an rochtain ar fhoirgnimh agus ar dhéanmhais eile.

92. Aon tráth a dhéantar láithreacha rochtana srianta a fhógairt de bhun mhír 89(e), ní mó aon láthair den sórt sin ná 4 chiliméadar chearnacha. Beidh an ceart ag gach Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh suas le 50 ciliméadar cearnach de láithreacha rochtana srianta a fhógairt. I gcás ina bhfógraítear níos mó ná láthair rochtana srianta amháin beidh fad íosta 20 méadar idir gach láthair den sórt sin agus aon láthair eile den sórt sin. Beidh teorainneacha ag gach láthair rochtana srianta a bheidh sainithe go soiléir agus inrochtana.

93. Déanfar méid, suíomh agus teorainneacha láithreacha rochtana srianta a thíolacadh do cheann na foirne iniúchta tráth nach déanaí ná an tráth a iarrfaidh an fhoireann iniúchta rochtain ar shuíomh ina mbeidh láthair iomlán den sórt sin nó cuid di.

94. Beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta trealamh a shuíomh, agus bearta eile a ghlacadh is gá chun a hiniúchadh a dhéanamh, suas chomh fada le teorainn láithreach rochtana srianta.

95. Ceadófar don fhoireann iniúchta amharc-bhreathnú a dhéanamh ó theorainn na láithreach rochtana srianta ar na hionaid oscailte go léir laistigh den láthair.

96. Déanfaidh an fhoireann iniúchta gach iarracht réasúnach chun an sainordú iniúchta a chomhlíonadh lasmuigh de na láithreacha rochtana srianta fógartha sula n-iarrfar rochtain ar na láithreacha sin. Má thaispeánann an fhoireann iniúchta aon tráth, ar shlí inchreidte don Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, nach bhféadfaí na gníomhaíochtaí is gá agus a údaraítear sa sainordú a dhéanamh ón taobh amuigh agus gur gá rochtain a fháil ar láthair rochtana srianta chun an sainordú a chomhlíonadh, deonófar rochtain do roinnt comhaltaí den fhoireann iniúchta chun tascanna sonracha a chur i gcrích laistigh den láthair. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh chun trealamh, rudaí, agus ábhair atá íogair agus nach mbaineann le cuspóir an iniúchta a cheilt nó a chaomhnú ar shlí eile. Coimeádfar líon na gcigirí go dtí an líon íosta is gá chun na tascanna a bhaineann leis an iniúchadh a thabhairt chun críche. Beidh na módúlachtaí le haghaidh rochtana den sórt sin faoi réir caibidle idir an fhoireann iniúchta agus an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh.

Samplaí a Bhailiú, a Láimhseáil agus a Anailísiú

97. Faoi réir mhíreanna 86 go 96 agus 98 go 100, beidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta samplaí iomchuí a bhailiú agus a aistriú ón limistéar iniúchta.

98. Aon uair is féidir é, déanfaidh an fhoireann iniúchta samplaí a anailísiú ar an láthair. Beidh an ceart ag ionadaithe ón Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh a bheith i láthair nuair a dhéanfar samplaí a anailísiú ar an láthair. Ar iarraidh ón bhfoireann iniúchta, déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh, de réir nósanna imeachta a chomhaontófar, cúnamh a sholáthar maidir le samplaí a anailísiú ar an láthair. Ní bheidh an ceart ag an bhfoireann iniúchta samplaí a aistriú chun anailísiú eisláithreach a dhéanamh orthu i saotharlanna a bheidh ainmnithe ag an Eagraíocht ach amháin ar an gcoinníoll go léireoidh sí nach féidir an t-anailísiú is gá a dhéanamh ar an láthair.

99. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh codanna de na samplaí go léir a bhaileofar a choimeád nuair a dhéanfar anailísiú ar na samplaí sin agus samplaí dúblacha a thógáil.

100. Beidh an ceart ag an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh a iarraidh go dtabharfar ar ais aon samplaí nó aon chodanna díobh nach mbeidh úsáidte.

101. Déanfaidh na saotharlanna ainmnithe anailísiú ceimiceach agus fisiceach ar na samplaí a aistreofar chun anailísiú eisláithreach a dhéanamh orthu. Déanfar mionsonraí maidir leis an anailísiú sin a leagan amach sa Lámhleabhar Oibríochta le haghaidh Iniúchtaí ar an Láthair.

102. Beidh an phríomhfhreagracht ar an Ard-Stiúrthóir as slándáil, iomláine agus caomhnú samplaí agus as a chinntiú go ndéanfar rúndacht samplaí a aistreofar chun anailísiú eisláithreach a dhéanamh orthu a chaomhnú. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir amhlaidh de réir na nósanna imeachta a bheidh sa Lámhleabhar Oibríochta le haghaidh Iniúchtaí ar an Láthair. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, in aon chás:

(a) Dian-chóras a bhunú lena rialófar bailiú, láimhseáil, iompar agus anailísiú samplaí;

(b) Na saotharlanna a dheimhniú a bheidh ainmnithe chun cineálacha éagsúla anailísithe a dhéanamh;

(c) Maoirsiú a dhéanamh ar an gcaighdeánú a dhéantar ar threalamh agus nósanna imeachta sna saotharlanna ainmnithe seo agus ar threalamh anailíseach agus nósanna imeachta taistil;

(d) Faireachán a dhéanamh ar rialú cáilíochta agus ar chaighdeáin fhoriomlána i ndáil le deimhniú a dhéanamh ar na saotharlanna sin agus ar threalamh agus nósanna imeachta taistil; agus

(e)Na saotharlanna ainmnithe a chomhlíonfaidh feidhmeanna anailíseacha nó feidhmeanna eile i ndáil le himscrúduithe sonracha a roghnú as measc na saotharlann ainmnithe.

103. Aon uair a bheidh anailísiú eisláithreach le déanamh, déanfar anailísiú ar shamplaí in dhá shaotharlann ainmnithe ar a laghad. Cinnteoidh an Rúnaíocht Theicniúil go ndéanfar an t-anailísiú a phróiseáil go dlúsúil. Tabharfaidh an Rúnaíocht Theicniúil cuntas i leith na samplaí agus cuirfear aon samplaí nó aon chodanna díobh nach mbeidh úsáidte ar ais chuig an Rúnaíocht Theicniúil.

104. Déanfaidh an Rúnaíocht Theicniúil torthaí an anailísithe saotharlainne ar shamplaí a bheidh iomchuí maidir le cuspóir an iniúchta a thiomsú. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, de bhun Airteagal IV, mír 63, aon torthaí den sórt sin a chur go pras chuig an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh i gcomhair tráchtanna orthu agus dá éis sin chuig an gComhairle Feidhmiúcháin agus chuig an uile Stát eile is Páirtí agus cuirfidh sí faisnéis mhionsonraithe i dtaobh an trealaimh agus na modheolaíochta a d’úsáid na saotharlanna ainmnithe san áireamh.

Iniúchtaí a Sheoladh i Limistéir atá lasmuigh de Dhlínse nó de Rialú aon Stáit

105. I gcás iniúchta ar an láthair i limistéar atá lasmuigh de dhlínse nó de rialú aon Stáit, rachaidh an tArd-Stiúrthóir i gcomhairle le Stáit chuí is Páirtithe agus déanfaidh sé nó sí comhaontú maidir le haon phointí idirthurais nó bunáite chun a éascú don fhoireann iniúchta an limistéar iniúchta a shroicheadh go tapa.

106. Tabharfaidh na Stáit is Páirtithe a bhfuil pointí idirthurais nó bunáite suite ar a gcríoch, cúnamh a mhéid is féidir, maidir leis an iniúchadh a éascú, lena n-áirítear an fhoireann iniúchta, a bagáiste agus a trealamh a iompar go dtí an limistéar iniúchta, mar aon leis na saoráidí iomchuí a shonraítear i mír 11 a sholáthar. Déanfaidh an Eagraíocht na costais go léir a thabhófar a chúiteamh le Stáit is Páirtithe a thabharfaidh cúnamh.

107. Faoi réir cheadú na Comhairle Feidhmiúcháin, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir buansocruithe a chaibidil le Stáit is Páirtithe chun cúnamh a éascú i gcás iniúchta ar an láthair i limistéar lasmuigh de dhlínse nó de rialú aon Stáit.

108. I gcásanna ina mbeidh Stát is Páirtí amháin nó níos mó tar éis imscrúdú a dhéanamh ar theagmhas athbhríoch i limistéar lasmuigh de dhlínse nó de rialú aon Stáit sula ndéanfar iarraidh ar iniúchadh ar an láthair sa limistéar sin, féadfaidh an Chomhairle Feidhmiúcháin aon torthaí a bheidh ar an imscrúdú sin a chur i gcuntas ina pléití de bhun Airteagal IV.

Nósanna Imeachta Iar-Iniúchta

109. Ar an iniúchadh a thabhairt chun críche, buailfidh an fhoireann iniúchta le hionadaí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar réamh-fhionnachtana na foirne iniúchta agus chun aon athbhríonna a shoiléiriú. Déanfaidh an fhoireann iniúchta a réamh-fhionnachtana a sholáthar d’ionadaí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh i bhfoirm scríofa de réir formáide caighdeánaithe, mar aon le liosta d’aon samplaí agus d’ábhar eile a tógadh ón limistéar iniúchta de bhun mhír 98. Beidh an doiciméad sínithe ag ceann na foirne iniúchta. Chun a léiriú go bhfuil sé nó sí tar éis aird a thabhairt ar a bhfuil sa doiciméad déanfaidh ionadaí an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh an doiciméad a chomhshíniú. Críochnófar an cruinniú tráth nach déanaí ná 24 huaire tar éis an t-iniúchadh a thabhairt chun críche.

Imeacht

110. Ar na nósanna imeachta iar-iniúchta a chríochnú, fágfaidh an fhoireann iniúchta agus an breathnadóir críoch an Stáit is Páirtí atá faoi iniúchadh a luaithe is féidir. Déanfaidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh an uile rud a bheidh ar a chumas chun cúnamh a thabhairt agus chun a chinntiú go seolfar an fhoireann iniúchta, an trealamh agus an bagáiste go sábháilte go dtí an pointe imeachta. Mura gcomhaontóidh an Stát is Páirtí atá faoi iniúchadh agus an fhoireann iniúchta ar a mhalairt, is ionann an pointe imeachta a úsáidfear agus an pointe iontrála.

CUID III

BEARTA COTHAITHE MUINÍNE

1. De bhun Airteagal IV, mír 68, déanfaidh gach Stát is Páirtí, ar bhonn deonach, fógra a thabhairt don Rúnaíocht Theicniúil i dtaobh aon phléasctha cheimicigh ina n-úsáidtear 300 tonna nó níos mó d’ábhar pléasctha TNT-choibhéiseach arna mhadhmadh mar aon phléascadh amháin ar a chríoch, nó in aon áit faoina dhlínse nó faoina rialú. Más féidir, tabharfar fógra den sórt sin roimh ré. Beidh ar áireamh i bhfógra den sórt sin mionsonraí maidir leis an suíomh, leis an tráth, agus leis an gcainníocht agus leis an gcineál pléascaigh a úsáidtear, chomh maith le mionsonraí maidir le cumraíocht agus cuspóir beartaithe an phléasctha.

2. Déanfaidh gach Stát is Páirtí, ar bhonn deonach, a luaithe is féidir tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm, faisnéis a sholáthar don Rúnaíocht Theicniúil, agus an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta i gceann eatramh bliantúil dá éis sin, is faisnéis a bhaineann leis an úsáid ar bhonn náisiúnta a bhaineann sé as gach pléascadh ceimiceach eile is mó ná TNT-choibhéiseach 300 tonna. Go háirithe, féachfaidh an Stát is Páirtí leis na nithe seo a leanas a chur in iúl:

(a)Suímh gheografacha láithreacha tionscnaimh na bpléascthaí;

(b)Cineálacha na ngníomhaíochtaí as a dtagann siad agus próifíl ghinearálta agus minicíocht na bpléascthaí sin;

(c)Aon mhionsonra iomchuí eile, má bhíonn sé ar fáil; agus

chun cuidiú leis an Rúnaíocht Theicniúil bunús aon teagmhais den sórt sin a bhraithfidh an Córas Faireacháin Idirnáisiúnta a shoiléiriú.

3. Féadfaidh Stát is Páirtí, ar bhonn deonach a bheidh inghlactha go frithpháirteach, cuireadh a thabhairt d’ionadaithe de chuid na Rúnaíochta Teicniúla nó de chuid Stát eile is Páirtithe cuairt a thabhairt ar láithreacha laistigh dá chríoch dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4. D’fhonn an Córas Faireacháin Idirnáisiúnta a chalabrú, féadfaidh Stáit is Páirtithe idirchaidreamh a dhéanamh leis an Rúnaíocht Theicniúil chun pléascthaí calabraithe ceimiceacha a dhéanamh nó chun faisnéis iomchuí a sholáthar i dtaobh pléascthaí ceimiceacha a bheartaítear chun críoch eile.

IARSCRÍBHINN 1 A GHABHANN LEIS AN bPRÓTACAL

Tábla 1-A Liosta de Stáisiúin Seismeolaíochta Arb Iad an Líonra Príomha

An Stát atá Freagrach as an Stáisiún

Suíomh

Domhan-leithead

Domhan-fhad

Cineál

1

An Airgintín

PLCA

Paso Flores

40.7 D

70.6 I

3-C

2

An Astráil

WRA

Warramunga, NT

19.9 D

134.3 O

eagar

3

An Astráil

ASAR

Alice Springs, NT

23.7 D

133.9 O

eagar

4

An Astráil

STKA

Stephens Creek, SA

31.9 D

141.6 O

3-C

5

An Astráil

MAW

Mawson, An Antartaice

67.6 D

62.9 O

3-C

6

An Bholaiv

LPAZ

La Paz

16.3 D

68.1 I

3-C

7

An Bhrasaíl

BDFB

Brasília

15.6 D

48.0 I

3-C

8

Ceanada

UL MC

Lac du Bonnet, Man.

50.2 T

95.9 I

3-C

9

Ceanada

YKAC

Yellowknife, N.W.T.

62.5 T

114.6 I

eagar

10

Ceanada

SCH

Schefferville, Quebec

54.8 T

66.8 I

3-C

11

Poblacht na hAfraice Láir

BGCA

Bangui

05.2 T

18.4 O

3-C

12

An tSín

HAI

Hailar

49.3 T

119.7 O

3-C >

eagar

13

An tSín

LZH

Lanzhou

36.1 T

103.8 O

3-C >

eagar

14

An Cholóim

XSA

El Rosal

04.9 T

74.3 I

3-C

15

An Cósta Eabhair

DBIC

Dimbroko

06.7 T

04.9 I

3-C

16

An Éigipt

LXEG

Luxor

26.0 T

33.0 O

eagar

17

An Fhionlainn

FINES

Lahti

61.4 T

26.1 O

eagar

18

An Fhrainc

PPT

Tahiti

17.6 D

149.6 I

3-C

19

An Ghearmáin

GEC2

Freyung

48.9 T

13.7 O

eagar

20

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

21

An Iaráin (Poblacht Ioslamach)

THR

Tehran

35.8 T

51.4 O

3-C

22

An tSeapáin

MJAR

Matsushiro

36.5 T

138.2 O

eagar

23

An Chasacstáin

MAK

Makanchi

46.8 T

82.0 O

eagar

24

An Chéinia

KMBO

Kilimambogo

01.1 D

37.2 O

3-C

25

An Mhongóil

JAVM

Javhlant

48.0 T

106.8 O

3-C > eagar

26

An Nígir

Láthair Nua

le cinneadh

le cinneadh

3-C > eagar

27

An Iorua

NAO

Hamar

60.8 T

10.8 O

eagar

28

An Iorua

ARAO

Karasjok

69.5 T

25.5 O

eagar

29

An Phacastáin

PRPK

Pari

33.7 T

73.3 O

eagar

30

Paragua

CPUP

Villa Florida

26.3 D

57.3 I

3-C

31

Poblacht na Cóiré

KSRS

Wonju

37.5 T

127.9 O

eagar

32

Cónaidhm na Rúise

KBZ

Khabaz

43.7 T

42.9 O

3-C

33

Cónaidhm na Rúise

ZAL

Zalesovo

53.9 T

84.8 O

3-C > eagar

34

Cónaidhm na Rúise

NRI

Norilsk

69.0 T

88.0 O

3-C

35

Cónaidhm na Rúise

PDY

Peleduy

59.6 T

112.6 O

3-C > eagar

36

Cónaidhm na Rúise

PET

Petropavlovsk-Kamchatskiy

53.1 T

157.8 O

3-C > eagar

37

Cónaidhm na Rúise

USK

Ussuriysk

44.2 T

132.0 O

3-C > eagar

38

An Araib Shádach

Láthair Nua

le cinneadh

le cinneadh

eagar

39

An Afraic Theas

BOSA

Boshof

28.6 D

25.6 O

3-C

40

An Spáinn

ESDC

Sonseca

39.7 T

04.0 I

eagar

41

An Téalainn

CMTO

Chiang Mai

18.8 T

99.0 O

eagar

42

An Túinéis

THA

Thala

35.6 T

08.7 O

3-C

43

An Tuirc

BRTR

Betbashi

Tá an t-eagar faoi réir a athshuímh in Keskin

39.9 T

32.8 O

eagar

44

An Tuirc-méanastáin

GEYT

Alibeck

37.9 T

58.1 O

eagar

45

An Úcráin

AKASG

Malin

50.4 T

29.1 O

eagar

46

Stáit Aontaithe Mheiriceá

LJTX

Lajitas, TX

29.3 T

103.7 I

eagar

47

Stáit Aontaithe Mheiriceá

MNV

Mina, NV

38.4 T

118.2 I

eagar

48

Stáit Aontaithe Mheiriceá

PIWY

Pinedale, WY

42.8 T

109.6 I

eagar

49

Stáit Aontaithe Mheiriceá

ELAK

Eielson, AK

64.8 T

146.9 I

eagar

50

Stáit Aontaithe Mheiriceá

VNDA

Vanda, An Antartaice

77.5 D

161.9 O

3-C

Eochair: 3-C > eagar: Léiríonn sé seo go bhféadfaí tosú ar oibríochtaí ar an láthair sa Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta mar stáisiún trí chomhpháirt agus é a uasghrádú trí eagar a dhéanamh de tráth is faide anonn.

Tábla 1-B Liosta de na Stáisiúin Seismeolaíochta arb iad an Líonra Cúnta iad

An stát atá freagrach as an stáisiún

Suíomh

Domhan-leithead

Domhan-fhad

Cineál

1

An Airgintín

CFA

Coronel Fontana

31.6 D

68.2 I

3-C

2

An Airgintín

USHA

Ushuaia

55.0 D

68.0 I

3-C

3

An Airméin

GNI

Garni

40.1 T

44.7 O

3-C

4

An Astráil

CTA

Charters Towers,

QLD

20.1 D

146.3 O

3-C

5

An Astráil

FITZ

Fitzroy Crossing,

WA

18.1 D

125.6 O

3-C

6

An Astráil

NWAO

Narrogin, WA

32.9 D

117.2 O

3-C

7

An Bhanglaidéis

CHT

Chittagong

22.4 T

91.8 O

3-C

8

An Bholaiv

SIV

San Ignacio

16.0 D

61.1 I

3-C

9

An Bhotsuáin

LBTB

Lobatse

25.0 D

25.6 O

3-C

10

An Bhrasaíl

PTGA

Pitinga

0.7 D

60.0 I

3-C

11

An Bhrasaíl

RGNB

Rio Grande do Norte

6.9 D

37.0 I

3-C

12

Ceanada

FRB

Iqaluit. N.W.T.

63.7 T

68.5 I

3-C

13

Ceanada

DLBC

Dease Lake, B.C.

58.4 T

130.0 I

3-C

14

Ceanada

SADO

Sadowa, Ont.

44.8 T

79.1 I

3-C

15

Ceanada

BBB

Bella Bella, B.C.

52.2 T

128.1 I

3-C

16

Ceanada

MBC

Mould Bay, N.W.T.

76.2 T

119.4 I

3-C

17

Ceanada

INK

Inuvik, N.W.T.

68.3 T

133.5 I

3-C

18

An tSile

RPN

Oileán na Cásca

27.2 D

109.4 I

3-C

19

An tSile

LVC

Limon Verde

22.6 D

68.9 I

3-C

20

An tSín

BJT

Baijiatuan

40.0 T

116.2 O

3-C

21

An tSín

KMI

Kunming

25.2 T

102.8 O

3-C

22

An tSín

SSE

Sheshan

31.1 T

121.2 O

3-C

23

An tSín

XAN

Xi’an

34.0 T

108.9 O

3-C

24

Oileáin Cook

RAR

Rarotonga

21.2 D

159.8 I

3-C

25

Cósta Ríce

JTS

Las Juntas de Abangares

10.3 T

85.0 I

3-C

26

Poblacht na Seice

VRAC

Vranov

49.3 T

16.6 O

3-C

27

An Danmhairg

SFJ

S[html]ndre Str[html]mfjord,

An Ghraonlainn

67.0 T

50.6 I

3-C

28

Djibouti

ATD

Arta Tunnel

11.5 T

42.9 O

3-C

29

An Éigipt

KEG

Kottamya

29.9 T

31.8 O

3-C

30

An Aetóip

FURI

Furi

8.9 T

38.7 O

3-C

31

Fidsí

MSVF

Monasavu, Viti

Levu

17.8 D

178.1 O

3-C

32

An Fhrainc

NOUC

Port Laguerre,

An Nua-Chaladóin

22.1 D

166.3 O

3-C

33

An Fhrainc

KOG

Kourou, Guáin na Fraince

5.2 T

52.7 I

3-C

34

An Ghabúin

BAMB

Bambay

1.7 D

13.6 O

3-C

35

An Ghearmáin/

An Afraic Theas

---

Stáisiún SANAE, Antartaice

71.7 D

2.9 I

3-C

36

An Ghréig

IDI

Anogia, an Chréit

35.3 T

24.9 O

3-C

37

Guatamala

RDG

Rabir

15.0 T

90.5 I

3-C

38

An Íoslainn

BORG

Borgarnes

64.8 T

21.3 I

3-C

39

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

40

An Indinéis

PACI

Cibinong, Jawa Barat

6.5 D

107.0 O

3-C

41

An Indinéis

JAY

Jayapura. Irian

Jaya

2.5 D

140.7 O

3-C

42

An Indinéis

SWI

Sorong, Irian Jaya

0.9 D

131.3 O

3-C

43

An Indinéis

PSI

Parapat, Sumatera

2.7 T

98.9 O

3-C

44

An Indinéis

KAPI

Sulawesi Selatan

5.0 D

119.8 O

3-C

45

An Indinéis

KUG

Kupang, Nusatenggara Timur

10.2 D

123.6 O

3-C

46

An Iaráin

(Poblacht Ioslamach)

KRM

Kerman

30.3 T

57.1 O

3-C

47

An Iaráin

(Poblacht Ioslamach)

MSN

Mas jed-e-Soleyman

31.9 T

49.3 O

3-C

48

Iosrael

MBH

Eilath

29.8 T

34.9 O

3-C

49

Iosrael

PARD

Parod

32.6 T

35.3 O

eagar

50

An Iodáil

ENAS

Enna, an tSicil

37.5 T

14.3 O

3-C

51

An tSeapáin

JNU

Ohita, Kyushu

33.1 T

130.9 O

3-C

52

An tSeapáin

JOW

Kunigami, Okinawa

26.8 T

128.3 O

3-C

53

An tSeapáin

JHJ

Hachijojima, Oileáin Izu

33.1 T

139.8 O

3-C

54

An tSeapáin

JKA

Kamikawa-asahi, Hokkaido

44.1 T

142.6 O

3-C

55

An tSeapáin

JCJ

Chichijima, Ogasawara

27.1 T

142.2 O

3-C

56

An Iordáin

---

Ashqof

32.5 T

37.6 O

3-C

57

An Chasacstáin

BRVK

Borovoye

53.1 T

70.3 O

eagar

58

An Chasacstáin

KURK

Kurchatov

50.7 T

78.6 O

eagar

59

An Chasacstáin

AKTO

Aktyubinsk

50.4 T

58.0 O

3-C

60

An Chirgeastáin

AAK

Ala-Archa

42.6 T

74.5 O

3-C

61

Madagascar

TAN

Antanan-airíveo

18.9 D

47.6 O

3-C

62

Mailí

KOWA

Kowa

14.5 T

4.0 I

3-C

63

Meicsiceo

TEYM

Tepich, An Iúcatáin

20.2 T

88.3 I

3-C

64

Meicsiceo

TUVM

Tuzandepeti, Veracruz

18.0 T

94.4 I

3-C

65

Meicsiceo

LPBM

La Paz, Baja California Sur

24.2 T

110.2 I

3-C

66

Maracó

MDT

Midelt

32.8 T

4.6 I

3-C

67

An Namaib

TSUM

Tsumeb

19.1 D

17.4 O

3-C

68

Neipeal

EVN

Everest

28.0 T

86.8 O

3-C

69

An Nua-Shéalainn

EWZ

Erewhon, An tOileán Theas

43.5 D

170.9 O

3-C

70

An Nua-Shéalainn

RAO

Oileán Raoul

29.2 D

177.9 I

3-C

71

An Nua-Shéalainn

URZ

Urewera, An tOileán Thuaidh

38.3 D

177.1 O

3-C

72

An Iorua

SPITS

Spitsbergen

78.2 T

16.4 O

eagar

73

An Iorua

JMI

Jan Mayen

70.9 T

8.7 I

3-C

74

Oman

WSAR

Wadi Sarin

23.0 T

58.0 O

3-C

75

Nua-Ghuine Phapua

PMG

Port Moresby

9.4 D

147.2 O

3-C

76

Nua-Ghuine Phapua

BIAL

Bialla

5.3 D

151.1 O

3-C

77

Peiriú

CAJP

Cajamarca

7.0 D

78.0 I

3-C

78

Peiriú

NNA

Nana

12.0 D

76.8 I

3-C

79

Na hOileáin Fhilipíneacha

DAV

Davao. Mindanao

7.1 T

125.6 O

3-C

80

Na hOileáin Fhilipíneacha

TGY

Tagaytay, Luzon

14.1 T

120.9 O

3-C

81

An Rómáin

MLR

Muntele Rosu

45.5 T

25.9 O

3-C

82

Cónaidhm na Rúise

KIRV

Kirov

58.6 T

49.4 O

3-C

83

Cónaidhm na Rúise

KIVO

Kislovcdsk

44.0 T

42.7 O

eagar

84

Cónaidhm na Rúise

OBN

Obninsk

55.1 T

36.6 O

3-C

85

Cónaidhm na Rúise

ARU

Arti

56.4 T

58.6 O

3-C

86

Cónaidhm na Rúise

SEY

Seymchan

62.9 T

152.4 O

3-C

87

Cónaidhm na Rúise

TLY

Talaya

51.7 T

103.6 O

3-C

88

Cónaidhm na Rúise

YAK

Iacútsc

62.0 T

129.7 O

3-C

89

Cónaidhm na Rúise

URG

Urgal

51.1 T

132.3 O

3-C

90

Cónaidhm na Rúise

BIL

Bilibino

68.0 T

166.4 O

3-C

91

Cónaidhm na Rúise

TIXI

Tiksi

71.6 T

128.9 O

3-C

92

Cónaidhm na Rúise

YSS

Yuzhno-Sakhalinsk

47.0 T

142.8 O

3-C

93

Cónaidhm na Rúise

MA2

Magadan

59.6 T

150.8 O

3-C

94

Cónaidhm na Rúise

ZIL

Zilim

53.9 T

57.0 O

3-C

95

Samó

AFI

Afiamalu

13.9 D

171.8 I

3-C

96

An Araib Shádach

RAYN

Ar Rayn

23.6 T

45.6 O

3-C

97

An tSeineagáil

MBO

Mbour

14.4 T

17.0 I

3-C

98

Oileáin Sholamón

HNR

Hóiniára,

Guadalcanal

9.4 D

160.0 O

3-C

99

An Afraic Theas

SUR

Sutherland

32.4 D

20.8 O

3-C

100

Srí Lanca

COC

Colombo

6.9 T

79.9 O

3-C

101

An tSualainn

HFS

Hagfors

60.1 T

13.7 O

eagar

102

An Eilbhéis

DAVOS

Davos

46.8 T

9.8 O

3-C

103

Uganda

MBRU

Mbarara

0.4 D

30.4 O

3-C

104

An Ríocht Aontaithe

EKA

Eskdalemuir

55.3 T

3.2 I

eagar

105

Stáit Aontaithe Mheiriceá

GUMO

Guam, na hOileáin Mháirianacha

13.6 T

144.9 O

3-C

106

Stáit Aontaithe Mheiriceá

PMSA

Stáisiún Palmer, Antartaice

64.8 D

64.1 I

3-C

107

Stáit Aontaithe Mheiriceá

TKL

Pluaiseanna Tuckaleechee, TN

35.7 T

83.8 I

3-C

108

Stáit Aontaithe Mheiriceá

PFCA

Pinon Flat, CA

33.6 T

116.5 I

3-C

109

Stáit Aontaithe Mheiriceá

YBH

Yreka, CA

41.7 T

122.7 I

3-C

110

Stáit Aontaithe Mheiriceá

KDC

Oileán Kodiak, AK

57.8 T

152.5 I

3-C

111

Stáit Aontaithe Mheiriceá

ALQ

Albuquerque, NM

35.0 T

106.5 I

3-C

112

Stáit Aontaithe Mheiriceá

ATTU

Oileán Attu, AK

52.8 T

172.7 O

3-C

113

Stáit Aontaithe Mheiriceá

ELK

Elko, NV

40.7 T

115.2 I

3-C

114

Stáit Aontaithe Mheiriceá

SPA

An Mol Theas, Antartaice

90.0 D

--

3-C

115

Stáit Aontaithe Mheiriceá

NEW

Newport, WA

48.3 T

177.1 I

3-C

116

Stáit Aontaithe Mheiriceá

SJG

San Juan, PR

18.1 T

66.2 I

3-C

117

Veiniséala

SDV

Santo Domingo

8.9 T

70.6 I

3-C

118

Veiniséala

PCRV

Puerto la Cruz

10.2 T

64.6 I

3-C

119

An tSaimbia

LSZ

Lusaka

15.3 D

28.2 O

3-C

120

An tSiombáib

BUL

Bulawayo

comhairle le fáil

comhairle le fáil

3-C

Tábla 2-A Liosta Stáisiún Radanúiclídí

An Stát atá

freagrach as an stáisiún

Suíomh

Domhan-leithead

Domhanfhad

1

An Airgintín

Buenos Aires

34.0 D

58.0 I

2

An Airgintín

Salta

24.0 D

65.0 I

3

Am Airgintín

Bariloche

41.1 D

71.3 I

4

An Astráil

Melbourne, VIC

37.5 D

144.6 O

5

An Astráil

Mawson, Antartaice

67.6 D

62.5 O

6

An Astráil

Townsville, QLD

19.2 D

146.8 O

7

An Astráil

Oileán Mhic Guaire

54.0 D

159.0 O

8

An Astráil

Oileáin Cocos

12.0 D

97.0 O

9

An Astráil

Darwin, NT

12.4 D

130.7 O

10

An Astráil

Perth, WA

31.9 D

116.0 O

11

An Bhrasaíl

Rio de Janeiro

22.5 D

43.1 I

12

An Bhrasaíl

Recife

8.0 D

35.0 I

13

Camarún

Douala

4.2 T

9.9 O

14

Ceanada

Vancouver, B.C.

49.3 T

123.2 I

15

Ceanada

Resolute, N.W.T.

74.7 T

94.9 I

16

Ceanada

Yellowknife, N.W.T.

62.5 T

114.5 I

17

Ceanada

Baile Sheáin N.L.

47.0 T

53.0 I

18

An tSile

Punta Arenas

53.1 D

70.6 I

19

An tSile

Hanga Roa, Oileán na Cásca

27.1 D

108.4 I

20

An tSín

Béising

39.8 T

116.2 O

21

An tSín

Lanzhou

35.8 T

103.3 O

22

An tSín

Guangzhou

23.0 T

113.3 O

23

Oileáin Cook

Rarotonga

21.2 D

159.8 I

24

Eacuadór

Isla San Cristóbal, Oileáin Galápagos

1.0 D

89.2 I

25

An Aetóip

Filtu

5.5 T

42.7 O

26

Fidsí

Nadi

18.0 D

177.5 O

27

An Fhrainc

Papeete, Taihítí

17.0 D

150.0 I

28

An Fhrainc

Pointe-[html]-Pitre, Guadeloupe

17.0 T

62.0 I

29

An Fhrainc

La Réunion

21.1 D

55.6 O

30

An Fhrainc

Port-aux-Fran[html]ais,

Kerguelen

49.0 D

70.0 O

31

An Fhrainc

Céin, Guáin na Fraince

5.0 T

52.0 I

32

An Fhrainc

Dumont d’Urville, Antartaice

66.0 D

140.0 O

33

An Ghearmáin

Schauinsland/Freiburg

47.9 T

7.9 O

34

An Íoslainn

Réicivíc

64.4 T

21.9 I

35

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

36

An Iaráin (Poblacht Ioslamach)

Tehran

35.0 T

52.0 O

37

An tSeapáin

Okinawa

26.5 T

127.9 O

38

An tSeapáin

Takasaki, Gunma

36.3 T

139.0 O

39

Cireabaití

Kiritimati

2.0 T

157.0 I

40

Cuáit

Cathair Chuáit

29.0 T

48.0 O

41

An Libia

Misratah

32.5 T

15.0 O

42

An Mhalaeisia

Kuala Lumpur

2.6 T

101.5 O

43

An Mháratáin

Nuacsat

18.0 T

17.0 I

44

Meicsiceo

Baja California

28.0 T

113.0 I

45

An Mhongóil

Ulaanbaatar

47.5 T

107.0 O

46

An Nua-Shéalainn

Oileán Chatham

44.0 D

176.5 I

47

An Nua-Shéalainn

Kaitaia

35.1 D

173.3 O

45

An Nígir

Bilma

18.0 T

13.0 O

49

An Iorua

Spitsbergen

78.2 T

16.4 O

50

Panama

Panamá

8.9 T

79.6 I

51

Nua-Ghuine Phapua

New Hanover

3.0 D

150.0 O

52

Na hOileáin Fhilipíneacha

Quezon

14.5 T

121.0 O

53

An Phortaingéil

Ponta Delgada, Sao Miguel, na hAsóir

37.4 T

25.4 I

54

Cónaidhm na Rúise

Kirov

55.6 T

49.4 O

55

Cónaidhm na Rúise

Norilsk

69.0 T

88.0 O

56

Cónaidhm na Rúise

Peleduy

59.6 T

112.6 O

57

Cónaidhm na Rúise

Bilibino

68.0 T

166.4 O

58

Cónaidhm na Rúise

Ussuriysk

43.7 T

131.9 O

59

Cónaidhm na Rúise

Zalesovo

53.9 T

84.8 O

60

Cónaidhm na Rúise

Petropavlovsk-Kamchatskiy

53.1 T

158.8 O

61

Cónaidhm na Rúise

Dubna

56.7 T

37.3 O

62

An Afraic Theas

Oileán Marion

46.5 D

37.0 O

63

An tSualainn

Stócólm

59.4 T

18.0 O

64

An Tansáin

Dárasalám

6.0 D

39.0 O

65

An Téalainn

Bancác

13.8 T

100.5 O

66

An Ríocht Aontaithe

BIOT/Oileánra Chagos

7.0 D

72.0 O

67

An Ríocht Aontaithe

San Héilin

16.0 D

6.0 I

68

An Ríocht Aontaithe

Tristan da Cunha

37.0 D

12.3 I

69

An Ríocht Aontaithe

Halley, Antartaice

76.0 D

28.0 I

70

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Sacramento, CA

38.7 T

121.4 I

71

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Sand Point, AK

55.0 T

160.0 I

72

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Melbourne, FL

28.3 T

80.6 I

73

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Stáisiún Palmer, Antartaice

64.5 D

64.0 I

74

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ashland, KS

37.2 T

99.8 I

75

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Charlottesville, VA

38.0 T

78.0 I

76

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Salchaket, AK

64.4 T

147.1 I

77

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oileán Wake

19.3 T

166.6 O

78

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oileáin Midway

28.0 T

177.0 I

79

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oahu, HI

21.5 T

158.0 I

80

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Upi, Guam

13.7 T

144.9 O

Tábla 2-B Liosta Saotharlann Radanúiclíde

An Stát atá freagrach as an tSaotharlann

Ainm agus ionad na saotharlainne

1

An Airgintín

An Bord Náisiúnta um Rialáil Núicléach

Buenos Aires

2

An Astráil

Australian Radiation Laboratory

Melbourne, VIC

3

An Ostair

Ionad Taighde na hOstaire

Seibersdorf

4

An Bhrasaíl

An Institiúid um Chosaint ar Radaíocht agus um Dháileogmhéadracht

Rio de Janeiro

5

Ceanada

Health Canada

Ottawa, Ont.

6

An tSín

Béising

7

An Fhionlainn

An tIonad um Radaíocht agus Sábháilteacht Núicléach

Heilsincí

8

An Fhrainc

An Coimisiún um Fhuinneamh Adamhach

Montlhéry

9

Iosrael

Ionad Taighde Núicléach Soreq

Yavne

10

An Iodáil

Saotharlann na Gníomhaireachta Náisiúnta chun an Comhshaol a Chosaint

An Róimh

11

An tSeapáin

Institiúid na Seapáine um Thaighde ar Fhuinneamh Adamhach

Tokai, Ibaraki

12

An Nua-Shéalainn

National Radiation Laboratory

Christchurch

13

Cónaidhm na Rúise

An Phríomh-Shaotharlann Rialaithe Radaíochta

An Aireacht Cosanta

Seirbhís Speisialta Fíorúcháin

Moscó

14

An Afraic Theas

Atomic Energy Corporation

Pelindaba

15

An Ríocht Aontaithe

AWE Blacknest

Chilton

16

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Mc Clellan Central Laboratories

Sacramento, CA

Tábla 3 Liosta Stáisiún Hidreafhuaimníoch

An Stát atá freagrach as an stáisiún

Suíomh

Domhan-leithead

Domhan-fhad

Cineál

1

An Astráil

Rinn Leeuwin, WA

34.4D

115.1O

Hidreafón

2

Ceanada

Oileáin Shéarlait, B.C.

53.3T

132.5I

T-Phas

3

An tSile

Oiléan Juan Fernandez

33.7D

78.8I

Hidreafón

4

An Fhrainc

Oileáin Crozet

46.5D

52.2O

Hidreafón

5

An Fhrainc

Guadalúip

16.3T

61.1I

T-Phas

6

Meicsiceo

Oileán Clarion

18.2T

114.6I

T-Phas

7

An Phortaingéil

Flores

39.3T

31.3I

T-Phas

8

An Ríocht Aontaithe

BIOT/

Oileánra Chagos

7.3D

72.4O

Hidreafón

9

An Ríocht Aontaithe

Tristan da Cunha

37.2D

12.5I

T-Phas

10

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oileán na Deascabhála

8.0D

14.4I

Hidreafón

11

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oileán Wake

19.3T

166.6O

Hidreafón

Tábla 4 Liosta Stáisiún Infreafhuaime

An Stát atá freagrach as an stáisiún

Suíomh

Domhan-leithead

Domhan-fhad

1

An Airgintín

Paso Flores

40.7D

70.6I

2

An Airgintín

Ushuaia

55.0D

68.0I

3

An Astráil

Bunáit Davis, Antartaice

68.4D

77.6O

4

An Astráil

Narrogin, WA

32.9D

117.2O

5

An Astráil

Hobart, TAS

42.1S

147.2O

6

An Astráil

Oileáin Cocos

12.3D

97.0O

7

An Astráil

Warramunga, NT

19.9D

134.3O

8

An Bholaiv

La Paz

16.3D

68.1I

9

An Bhrasaíl

Brasilia

15.6D

48.0I

10

Ceanada

Lac du Bonnet, Man.

50.2T

95.9I

11

Rinn Verde

Oileáin Rinn Verde

16.0T

24.0I

12

Poblacht na hAfraice Láir

Bangui

5.2T

18.4O

13

An tSile

Oileán na Cásca

27.0D

109.2I

14

An tSile

Oileán Juan Fernandez

33.8D

80.7I

15

An tSín

Béising

40.0T

116.0O

16

An tSín

Kunming

25.0T

102.8O

17

An Cósta Eabhair

Dimbokro

6.7T

4.9I

18

An Danmhairg

Dundas, An Ghraonlainn

76.5T

68.7I

19

Djibouti

Djibouti

11.3T

43.5O

20

Eacuadór

Oileáin Galápagos

0.0T

91.7I

21

An Fhrainc

Na hOileáin Mharcasacha

10.0D

140.0I

22

An Fhrainc

Port LaGuerre, an Nua-Chaladóin

22.1D

166.3O

23

An Fhrainc

Kerguelen

49.2D

69.1O

24

An Fhrainc

Taihítí

17.6D

149.6I

25

An Fhrainc

Kourou, Guáin na Fraince

5.2T

52.7I

26

An Ghearmáin

Freyung

48.9T

13.7O

27

An Ghearmáin

Georg von Neumayer,

Antartaice

70.6D

8.4I

28

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

Le cinneadh

29

An Iaráin (Poblacht Ioslamach na hIaráine)

Tehran

35.7T

51.4O

30

An tSeapáin

Tsukuba

36.0T

140.1O

31

An Chasacstáin

Aktyubinsk

50.4T

58.0O

32

An Chéinia

Kilimanbogo

1.3D

36.8O

33

Madagascar

Antananaríveo

18.8D

47.5O

34

An Mhongóil

Javhlant

48.0T

106.8O

35

An Namaib

Tsumeb

19.1D

17.4O

36

An Nua-Shéalainn

Oileán Chatham

44.0D

176.5I

37

An Iorua

Karasjok

69.5T

25.5O

38

An Phacastáin

Rahimyar Khan

28.2T

70.3O

39

Palau

Palau

7.5T

134.5O

40

Nua-Ghuine Phapua

Rabaul

4.1D

152.1O

41

Paragua

Villa Florida

26.3D

57.3I

42

An Phortaingéil

Na hAsóir

37.8T

25.5I

43

Conaidhm na Rúise

Dubna

56.7T

37.3O

44

Conaidhm na Rúise

Petropavlovsk-Kamchatskiy

53.1T

158.8O

45

Conaidhm na Rúise

Ussuriysk

43.7T

131.9O

46

Conaidhm na Rúise

Zalesovo

53.9T

84.8O

47

An Afraic Theas

Boshof

28.6D

25.4O

48

An Túinéis

Thala

35.6T

8.7O

49

An Ríocht Aontaithe

Tristan da Cunha

37.0D

12.3I

50

An Ríocht Aontaithe

Oileán na Deascabhála

8.0D

14.3I

51

An Ríocht Aontaithe

Beirmiúda

32.0T

64.5I

52

An Ríocht Aontaithe

BIOT/Oileánra Chagos

5.0D

72.0O

53

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Eielson, AK

64.8T

146.9I

54

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Stáisiún Siple

Antartaice

75.5D

83.6I

55

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Windless Bight,

An Antartaice

77.5D

161.8O

56

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Newport, WA

48.3T

117.1I

57

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Pinon Flat, CA

33.6T

116.5I

58

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oileáin Midway

28.1T

177.2I

59

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oileáin Haváí, HI

19.6T

155.3I

60

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Oileán Wake

19.3T

166.6O

IARSCRÍBHINN 2 A GHABHANN LEIS AN bPRÓTACAL

Liosta de Pharaiméadair Tréithrithe le haghaidh Scagadh Teagmhas Caighdeánach ag an Lárionad Idirnáisiúnta Sonraí

1. Bunófar critéir chaighdeánacha scagtha teagmhas an Lárionaid Idirnáisiúnta Sonraí ar na paraiméadair chaighdeánacha tréithrithe teagmhas a chinnfear le linn sonraí ó na teicneolaíochtaí faireacháin go léir sa Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta a chomhphróiseáil. Úsáidfear critéir scagtha uileghabhálacha agus forlíontacha sa scagadh teagmhas caighdeánach chun athruithe réigiúnacha a chur i gcuntas más infheidhme.

2. Maidir le teagmhais a bhraithfidh comhpháirt sheismeach an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, féadfar na paraiméadair seo a leanas, inter alia, a úsáid:

— suíomh an teagmhais;

— doimhneacht an teagmhais;

— an coibhneas idir méid na dtonnta dromchla agus méid na dtonnta coirp;

— ábhar minicíochta comharthaí;

— coibhneasa speictreacha pasanna;

— scolbáil speictreach;

— an chéad ghluaisne den P-thonn;

— meicníocht fhócasach;

— floscadh coibhneasta pasanna seismeacha;

— tomhais chomparáideacha i leith teagmhas eile agus grúpaí teagmhas eile; agus

— idirdhealuithe réigiúnacha más infheidhme.

3. Maidir le teagmhais a bhraithfidh comhpháirt hidreafhuaimníoch an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, féadfar na paraiméadair seo a leanas, inter alia, a úsáid:

—ábhar minicíochta comharthaí lena n-áirítear minicíocht chúinne, fuinneamh banda leathain, agus meánmhinicíocht láir agus bandaleithead;

— fad minicíocht-spleách comharthaí;

— coibhneas speictreach; agus

— léirithe ar chomharthaí bíge boilgeoige agus moill-aga bíge boilgeoige.

4. Maidir le teagmhais a bhraithfidh comhpháirt infreafhuaime an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, féadfar na paraiméadair seo a leanas, inter alia, a úsáid:

— ábhar minicíochta agus spré comharthaí;

— fad comharthaí; agus

— buaicaimplitiúid.

5. Maidir le teagmhais a bhraithfidh comhpháirt radanúiclíde an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta, féadfar na paraiméadair seo a leanas, inter alia, a úsáid:

— comhchruinniú radanúiclídí cúlra nádúrtha agus radanúiclídí de dhéantús an duine;

— comhchruinniú táirgí sainiúla eamhnaithe agus gníomhachtúcháin lasmuigh de ghnáthbhreathnuithe; agus

— coibhneasa idir táirge shainiúil eamhnaithe agus gníomhachtúcháin amháin agus ceann eile.

Deimhním leis seo go bhfuil an téacs roimhe seo ina chóip dhílis den Chonradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha lenar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Meán Fómhair 1996, a bhfuil an chóip bhunaidh de arna taisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Je certifie que le texte qui préc[html]de est une copie conforme du Traité d’interdiction compl[html]te des essais nucléaires, adopté par l’Assemblée générale des Nations Unies le 10 septembre 1996, et dont l’original se trouve déposé aupr[html]s du Secrétaire général des Nations Unies.

Don Ard-Rúnaí

An tAbhcóide Dlí

(An Fo-Ard-Rúnaí

Gnóthaí Dlí)

Pour le Secrétaire général,

Le Conseiller juridique

(Secrétaire général adjoint

aux affaires juridiques)

/images/hanscorell.jpg

Hans Corell

Na Náisiúin Aontaithe, Nua-Eabhrac

25 Meán Fómhair 1996

Organisation des Nations Unies

New York, le 25 septembre 1996