An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna eile )

22 2008

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008

CUID 2

Leasuithe ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3 .— (1) Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le halt 2(1) d’Acht 2007) trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 1 a chur in ionad Chodanna 1 go 4 den Sceideal sin 2.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar cuardaitheora poist, an 25 Nollaig 2008,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar breoiteachta, le sochar sláinte agus sábháilteachta, le sochar díobhála agus le haisce mhíthreorach, an 29 Nollaig 2008,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar cúramóra, le pinsean Stáit (idirthréimhse), le pinsean easláine agus le híocaíocht dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 1 Eanáir 2009, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean míthreorach, le sochar báis faoi alt 81, 82 nó 83 den Phríomh-Acht, le pinsean Stáit (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach), le pinsean baintrí fir (ranníocach) agus le híocaíocht chaomhnóra (ranníocach), an 2 Eanáir 2009.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4 .— (1) Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht (arna leasú le halt 3(1) d’Acht 2007) trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 2 a chur in ionad Chodanna 1 go 3 den Sceideal sin 4.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le liúntas cuardaitheora poist, le liúntas réamhscoir agus le cúnamh feirme, an 24 Nollaig 2008,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 29 Nollaig 2008,

(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas míchumais, an 31 Nollaig 2008,

(d) a mhéid a bhaineann sé le híocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), le liúntas cúramóra agus le híocaíocht dá dtagraítear i mír (b) nó (c) den mhíniú ar “ íocaíocht iomchuí ” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 1 Eanáir 2009, agus

(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean Stáit (neamhranníocach), le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach), le pinsean baintrí fir (neamhranníocach), le híocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus le híocaíocht chaomhnóra (neamhranníocach), an 2 Eanáir 2009.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

5 .— (1) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 228 (arna leasú le halt 4(1) d’Acht 2007) den Phríomh-Acht:

“228.— Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘ forlíonadh ar ioncam teaghlaigh ’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná—

(a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, €500,

(b) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, €590,

(c) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, €685,

(d) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, €800,

(e) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, €920,

(f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, €1,030,

(g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, €1,160, nó

(h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, €1,250.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2009.

Ranníocaí fostaíochta (leasú ar theorainneacha agus uasteorainn tuillimh).

6 .— (1) Déantar alt 13(2) (arna leasú le halt 5(1) d’Acht 2007) den Phríomh-Acht a leasú i mír (c) trí “€52,000” a chur in ionad “€50,700”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2009.

Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim).

7 .— (1) Leasaítear alt 29(1)(b) (arna leasú le halt 6(1) d’Acht 2007) den Phríomh-Acht trí “€52,000” a chur in ionad “€50,700”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2009.

Ioncam ináirithe — leasú ar an míniú.

8 .— Leasaítear alt 2(1) (arna leasú le halt 5 d’Acht 2006) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “ioncam ináirithe”:

“(a) ailt 140, 195, 216C, 231, 232 agus 233 d’Acht 1997, nó”.

Scoil choinneála leanaí — míniú.

9 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 2(1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘scoil choinneála leanaí’ scoil choinneála leanaí de réir bhrí Acht na Leanaí 2001;”,

(b) in alt 2(3), trí “scoil choinneála leanaí” a chur in ionad “scoil cheartúcháin nó scoil saothair”, agus

(c) in alt 134(3), i mír (a)(ii) den mhíniú ar “duine árachaithe iomchuí” trí “scoile coinneála leana í ” a chur in ionad “scoile ceartúcháin nó scoile saothair”.

Lia-chleachtóir cláraithe — leasú.

10 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 99(2)(b),

(b) in alt 179(4)(c),

(c) in alt 224(2)(b), agus

(d) in alt 244(1)(b)(i)(II),

trí “lia-chleachtóir cláraithe” a chur in ionad “lia-chleachtóir”.

Liúntas tuismitheora is baintreach — leasú ar an míniú.

11 .— Leasaítear alt 137(2) (arna leasú le halt 19 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tuismitheoir is baintreach”:

“ciallaíonn ‘tuismitheoir is baintreach’ baintreach nó baintreach fir—

(a) ar duine é nó í—

(i) i gcás baintrí, a bhfuil leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí léi ar dháta báis a céile nó a saolaítear a leanbh laistigh de 10 mí ó dháta báis a céile, nó

(ii) i gcás baintrí fir, a bhfuil leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí leis ar dháta báis a chéile,

agus

(b) ar duine é nó í—

(i) atá i dteideal deontas méala a fháil nó ag fáil deontas méala, nó

(ii) atá i dteideal, nó ag fáil, aon cheann díobh seo a leanas—

(I) sochar báis faoi alt 81,

(II) pinsean baintrí (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2,

(III) pinsean baintrí fir (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2,

(IV) pinsean baintrí (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2 nó pinsean baintrí fir (ranníocach) faoi Chaibidil 18 de Chuid 2 de bhua Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971 1 ón gComhairle nó de bhua comhaontaithe fhrithpháirtigh faoi alt 287,

(V) íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora, nó

(VI) pinsean Stáit (neamhranníocach),

lena n-áirítear méadú i leith linbh cháilithe;”.

Liúntas réamhscoir.

12 .— Aisghairtear alt 144(5) den Phríomh-Acht.

Íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora — teideal.

13 .— (1) Leasaítear alt 172(1) (arna leasú le halt 17 d’Acht 2006 agus le Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht sin) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tuismitheoir cáilithe”:

“ciallaíonn ‘tuismitheoir cáilithe’, faoi réir rialachán faoi alt 177—

(a) baintreach,

(b) baintreach fir,

(c) céile idirscartha,

(d) duine gan phósadh, nó

(e) duine ar cimíodh a chéile nó a céile i gcoimeád chun príosúin nó áite coinneála ar feadh tréimhse nach lú ná 6 mhí,

ar duine é nó í is tuismitheoir, leastuismitheoir, tuismitheoir uchtaíoch nó caomhnóir dlíthiúil linbh cháilithe amháin ar a laghad a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi leis an duine sin;”.

(2) Maidir le fo-alt (1), i gcás ina mbeidh teideal duine chun íocaíochta teaghlaigh aontuismitheora bunaithe roimh theacht i ngníomh an fho-ailt sin, ní bheidh feidhm aige ar feadh ré theideal leanúnach an duine sin chun íocaíochta teaghlaigh aontuismitheora.

Liúntas leasa forlíontach — leasuithe.

14 .— (1) Leasaítear alt 187 den Phríomh-Acht trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘ús morgáiste’ an chionmhaireacht d’aon mhéid is iníoctha ag duine le hiasachtóir morgáiste agus atá de thuras na huaire inchurtha síos d’ús is iníoctha faoi chomhaontú arna dhéanamh ag an duine sin leis an iasachtóir morgáiste chun airgead a íoc a úsáidtear chun aon-áit nó príomháit chónaithe an duine sin a cheannach nó a dheisiú, nó chun feabhas riachtanach a chur ar an áit chónaithe sin, nó chun iasacht eile a aisíoc a úsáidtear chun na críche sin ach ní fholaíonn sé ús is iníoctha i ndáil leis an gcomhaontú sin de bhua moille nó mainneachtana maidir le haisíocaíocht a dhéanamh faoin gcomhaontú sin;

tá le ‘ iasachtóir morgáiste ’ an bhrí a thugtar dó le halt 2(1) (arna leasú le halt 2 d’Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004 agus le Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht sin) den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995;”.

(2) Leasaítear alt 198 (arna leasú le halt 25 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2) trí “agus, faoi réir fho-alt (3E), méid íocaíochta den sórt sin” a chur in ionad “agus méid íocaíochta den sórt sin”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “, (3E)” a chur isteach i ndiaidh “(3D)”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3D):

“(3E) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1), (2) agus (3), agus faoi réir fho-ailt (3A), (3B), (3D) agus (4), i gcás ina ndéantar foráil le rialacháin faoin alt seo maidir le forlíonadh a íoc i gcomhair an méid cíosa is iníoctha ag duine i leith a áite cónaithe nó a háite cónaithe, forordófar leis na rialacháin an t-uasmhéid cíosa a bhfuil an forlíonadh sin iníoctha ina leith, ag féachaint d’imthosca teaghlaigh an duine a bhfuil an forlíonadh sin iníoctha leis nó léi agus do shuíomh áit chónaithe an duine sin.”,

(d) i bhfo-alt (5), trí “i leith a áite cónaithe nó a háite cónaithe” a scriosadh, agus

(e) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Gan dochar d’fho-ailt (2) agus (5), féadfar le rialacháin faoi fho-alt (1) na coinníollacha agus na himthosca ar fúthu atá an forlíonadh dá dtagraítear i bhfo-alt (5) iníoctha agus na tréimhsí a bhfuil an forlíonadh sin iníoctha lena linn a fhorordú.

(5B) Beidh méid forlíonaidh is iníoctha de réir fho-alt (5) teorannaithe don mhéid agus don ré a chinnfidh an Fheidhmeannacht a bheith cuí, ag féachaint d’imthosca teaghlaigh an duine lena mbaineann agus faoi réir na gcoinníollacha agus na n-imthosca ar fúthu atá an forlíonadh iníoctha agus faoi réir na tréimhse a bhfuil an forlíonadh iníoctha lena linn, de réir mar a fhorordófar.”.

(3) Leasaítear alt 199(1) den Phríomh-Acht trí na mínithe ar “ús morgáiste” agus “iasachtóir morgáiste” a scriosadh.

Sochar breoiteachta leasú.

15 .— (1) Leasaítear alt 41 (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) go bhfuil ranníocaí cáilitheacha ag an éilitheoir i leith 104 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse idir an t-am a tháinig sé nó sí faoi árachas agus an lá a n-éilítear an sochar ina leith, agus”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás éilimh ar shochar breoiteachta, agus i gcás ina dtosaíonn an tréimhse bhearnaithe fostaíochta i leith an éilimh sin ar an 5 Aibreán, 2004, nó dá éis, agus roimh an 5 Eanáir 2009, léifear fo-alt (1)(a) amhail is dá gcuirfí ‘52’ in ionad ‘104’.”.

(2) Leasaítear alt 44 (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006) den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é—

(a) go bhfuil ranníocaí cáilitheacha ag duine i leith 260 seachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse idir an t-am a tháinig sé nó sí faoi árachas agus aon lá éagumais chun oibre, agus

(b) roimh an lá sin, go raibh teideal ag duine, i leith aon tréimhse bearnaithe fostaíochta (cibé acu atá, nó nach bhfuil, an lá sin san áireamh inti) le linn na tréimhse dar tosach an dáta atá 2 bhliain díreach roimh an lá sin, nó le linn na tréimhse dar tosach an 5 Eanáir 2009, cibé acu is giorra, chun sochar breoiteachta a fháil in aghaidh 624 lá,

ní bheidh teideal ag an duine chun sochar breoiteachta a fháil in aghaidh an lae sin mura rud é gur athcháiligh sé nó sí chun sochair tar éis an lae deiridh de na 624 lá sin agus roimh an lá sin.

(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) maidir le haon éileamh ar shochar breoiteachta i gcás inar thosaigh an tréimhse éagumais chun oibre an 4 Eanáir 2009 nó roimhe.

(1C) I gcás duine a bhfuil feidhm ag alt 41(1)(c)(ia)(I) maidir leis nó léi agus—

(a) i gcás pinsean easláine, sochar cúramóra nó liúntas cúramóra a bheith á fháil ag an duine sin an 5 Eanáir 2009, agus

(b) i gcás inar thosaigh an tréimhse éagumais le haghaidh an tsochair breoiteachta dá dtagraítear in alt 41(1)(c)(ia)(II) ar an 4 Eanáir 2009 nó roimhe,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) maidir leis an éileamh ar shochar breoiteachta arna dhéanamh díreach tar éis an phinsin easláine, an tsochair cúramóra nó an liúntais cúramóra don tréimhse éagumais san éileamh sin ar shochar breoiteachta.

(1D) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) maidir leis an tréimhse éagumais in aon éileamh ar shochar míchumais más rud é, ar an dáta díreach roimh an éileamh, go raibh duine éagumasach chun oibre agus i dteideal sochar díobhála a fháil, nó ag fáil sochar díobhála, i leith tréimhse ar an 4 Eanáir 2009 nó roimhe.”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “D’ainneoin fho-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (1A)” a chur in ionad “D’ainneoin fho-alt (1)”, agus

(c) i bhfo-alt (4), i mír (b), trí “ag fo-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, ag fo-alt (1A)” a chur in ionad “ag fo-alt (1)”.

(3) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 5 Eanáir 2009.

Sochar sláinte agus sábháilteachta — leasú.

16 .— (1) Leasaítear alt 53 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a)(ii)—

(i) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (I):

“(I) go bhfuil ranníocaí cáilitheacha ag an éilitheoir i leith 104 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse dar tosach an lá a tháinig sé nó sí faoi árachas agus dar críoch díreach roimh an gcéad lá a n-éilítear sochar sláinte agus sábháilteachta ina aghaidh, agus”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhochlásal (A) de chlásal (II):

“(A) go bhfuil ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an éilitheoir i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad, sa bhliain ranníoca iomlán roimh an mbliain ranníoca iomlán deiridh roimh thosach na bliana sochair nó i mbliain ranníoca iomlán dá héis, ar lá di an chéad lá a n-éilítear sochar sláinte agus sábháilteachta ina aghaidh, nach mór 13 cinn díobh ar a laghad a bheith ina ranníocaí cáilitheacha, nó”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás éilimh ar shochar sláinte agus sábháilteachta, agus i gcás inar thosaigh an tréimhse saoire sláinte agus sábháilteachta i leith an éilimh sin ar an 5 Aibreán 2004, nó dá éis, agus roimh an 5 Eanáir 2009, léifear fo-alt (1)(a)(ii)(I) amhail is dá gcuirfí ‘52’ in ionad ‘104’.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 5 Eanáir 2009.

Sochar cuardaitheora poist — éilimh cheangailte.

17 .— Leasaítear alt 62 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) D’ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (5), maidir le haon tréimhse—

(a) nach faide a ré ná 1 bhliain amháin, is é sin le rá—

(i) tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an bhForas Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar Fostaíocht Phobail,

(ii) tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh faoi choimirce an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ar a dtugtar an Scéim Shóisialta Tuaithe,

(iii) tréimhse páirteachais i scéim arna riaradh ag an bhForas Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar an Scéim Liúntas Fiontair,

(iv) tréimhse páirteachais i scéim arna riaradh ag an bhForas Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar an Scéim Sealaíochta,

(v) tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna sholáthar nó arna cheadú ag an bhForas Áiseanna Saothair,

(vi) tréimhse páirteachais i scéim arna riaradh ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh agus ar a dtugtar an Tionscnamh Eorpach um Sheirbhís Shaorálach, nó

(vii) tréimhse páirteachais i scéim arna riaradh ag an Aire agus ar a dtugtar an Scéim Greasachta Post Páirtaimseartha,

(b) tréimhse nach faide ná 2 bhliain a ré, ar tréimhse páirteachais í i scéim arna riaradh ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus ar a dtugtar an Scéim Deiseanna Gairmoiliúna,

déanfar neamhshuim di nuair a bheifear, faoi fho-alt (5)(c), ag áireamh aon 2 thréimhse bhearnaithe fostaíochta nach bhfuil tréimhse is faide ná 26 sheachtain eatarthu mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta amháin.”.

Sochar cuardaitheora poist — leasú.

18 .— (1) Leasaítear alt 64 (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 104 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó nó di go dtí an lá a n-éileofar sochar ina aghaidh,”,

(b) i bhfo-alt (1)(b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

(i) go bhfuil ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe aige nó aici i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad, nach mór 13 cinn díobh ar a laghad a bheith ina ranníocaí cáilitheacha, sa bhliain ranníoca iomlán roimh an mbliain ranníoca iomlán deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, nó”,

(c) i bhfo-alt (2), trí “104” a chur in ionad “52”,

(d) i bhfo-alt (3), trí “104” a chur in ionad “52”,

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás aon éilimh ar shochar cuardaitheora poist, agus i gcás inar thosaigh an tréimhse bhearnaithe fostaíochta i leith an éilimh sin ar an 5 Aibreán 2004, nó dá éis, agus roimh an 1 Eanáir 2009, léifear fo-alt (1)(a) amhail is dá ndéanfaí ‘52’ a chur in ionad ‘104’.”,

agus

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Féadfar a fhoráil le rialacháin go dtabharfar teideal chun sochair cuardaitheora poist, faoi réir na gcoinníollacha a fhorordófar, don aicme nó do na haicmí daoine a bheadh i dteideal an tsochair sin mura mbeadh nach bhfuil an ceanglas i bhfo-alt (1)(b)(i) arna chomhlíonadh, is é sin, nach mór ranníocaí cáilitheacha a bheith ann i leith 13 sheachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán deiridh roimh an mbliain ranníoca iomlán deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a n-éilítear sochar ina aghaidh.”.

(2) Leasaítear alt 67 (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006) den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Beidh éifeacht le fo-alt (1), i leith duine atá os cionn 18 mbliana d’aois agus a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige nó aici i leith 260 seachtain ranníoca ar a laghad, amhail is dá gcuirfí ‘312 lá’ in ionad ‘156 lá’.

(3A) Beidh éifeacht le fo-alt (1), i leith duine a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige nó aici, in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta, i leith 260 seachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse idir an lá a tháinig sé nó sí faoi árachas agus aon lá dífhostaíochta, agus a bhí ar an 15 Deireadh Fómhair 2008 ag fáil sochar cuardaitheora poist ar feadh níos mó ná 156 lá, amhail is dá gcuirfí ‘390 lá’ in ionad ‘156 lá’ ar feadh an chuid den tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin atá fágtha.

(3B) Más rud é, maidir le duine lena mbaineann alt 64(1)(c)(ia)(I)—

(a) go bhfuil sochar cúramóra nó liúntas cúramóra á fháil aige nó aici ar an 15 Deireadh Fómhair 2008, agus

(b) gur thosaigh an tréimhse bhearnaithe fostaíochta le haghaidh an tsochair cuardaitheora poist dá dtagraítear in alt 64(1)(c)(ia)(II) ar an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó roimhe,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir leis an éileamh ar shochar cuardaitheora poist arna dhéanamh díreach tar éis an tsochair cúramóra nó an liúntais cúramóra ar feadh an chuid atá fágtha den tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Beidh éifeacht le fo-alt (1), i leith duine atá os cionn 18 mbliana d’aois agus a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige nó aici i leith níos lú ná 260 seachtain ranníoca, amhail is dá gcuirfí ‘234 lá’ in ionad ‘156 lá’.

(4A) Beidh éifeacht le fo-alt (1), i leith duine a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige nó aici, in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta, i leith níos lú ná 260 seachtain ranníoca sa tréimhse idir an lá a tháinig sé nó sí faoi árachas agus aon lá dífhostaíochta, agus a bhí ar an 15 Deireadh Fómhair 2008 ag fáil sochar cuardaitheora poist ar feadh níos mó ná 78 lá, amhail is dá gcuirfí ‘312 lá’ in ionad ‘156 lá’ ar feadh an chuid den tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin atá fágtha.

(4B) Más rud é, maidir le duine lena mbaineann alt 64(1)(c)(ia)(I)—

(a) go bhfuil sochar cúramóra nó liúntas cúramóra á fháil aige nó aici ar an 15 Deireadh Fómhair 2008, agus

(b) gur thosaigh an tréimhse bhearnaithe fostaíochta le haghaidh an tsochair cuardaitheora poist dá dtagraítear in alt 64(1)(c)(ia)(II) ar an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó roimhe,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) maidir leis an éileamh ar shochar cuardaitheora poist arna dhéanamh díreach tar éis an tsochair cúramóra nó an liúntais cúramóra ar feadh an chuid atá fágtha den tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.”,

agus

(c) i bhfo-alt (5), trí “in aghaidh 234 lá, 312 lá nó 390 lá” a chur in ionad “in aghaidh 312 lá nó 390 lá”.

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 1 Eanáir 2009.

(4) Ní bheidh feidhm ag an leasú a dhéantar le fo-alt (1)(b) i gcás éilimh ar shochar cuardaitheora poist más rud é go dtosaíonn an tréimhse bhearnaithe fostaíochta roimh an 1 Eanáir 2009.

(5) Measfar gur tháinig fo-alt (2) i ngníomh le héifeacht ón 15 Deireadh Fómhair 2008.

Liúntas cúraim baile.

19 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 186C (a cuireadh isteach le halt 15 d’Acht 2008)—

(i) i mír (a), trí “lia-chleachtóir cláraithe” a chur in ionad “lia-chleachtóir”, agus

(ii) i mír (c), trí na focail “mar a mhínítear in alt 3 d’Acht na Leanaí 2001” a scriosadh,

agus

(b) tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid 5 (a cuireadh isteach le halt 16(i) d’Acht 2008) de Sceideal 4:

Alt 186F.

“CUID 5

Méid an Liúntais Cúraim Baile

Is é atá i méid míosúil an liúntais cúraim baile, in aghaidh an linbh, ná €309.50.”.

(2) Maidir leis na leasuithe (arna ndéanamh le fo-alt (1)) ar alt 186C den Phríomh-Acht, agus ar Chuid 5 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht sin, meastar iad a bheith ar áireamh i ngach ceann de na forálacha sin le héifeacht ó Acht 2008 a rith, agus tiocfaidh gach ceann de na forálacha sin (arna leasú le fo-alt (1)) i ngníomh de réir alt 1(6) den Acht sin.

Sochar linbh — leasú.

20 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 219 tríd an bhfo-alt seo a leanas chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Chun críocha sochair linbh, is leanbh cáilithe (dá ngairtear ‘leanbh cáilithe’ sa Chuid seo) leanbh más rud é—

(a) go bhfuil sé nó sí faoi bhun 16 bliana d’aois, nó

(b) ar 16 bliana a bheith slánaithe aige nó aici go bhfuil sé nó sí faoi bhun 18 mbliana d’aois agus—

(i) go bhfuil sé nó sí ag fáil oideachas lánaimseartha, a ndéanfar na himthosca ina leith a shonrú i rialacháin, nó

(ii) go bhfuil sé nó sí éagumasach, de dheasca éiglíochta coirp nó meabhrach, ar é féin nó í féin a chothú agus gur dócha go mbeidh sé nó sí faoi éagumas amhlaidh go ceann i bhfad,

agus

(c) go bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, agus

(d) nach bhfuil sé nó sí ar coinneáil i scoil choinneála leanaí agus nach bhfuil sé nó sí faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.”,

agus

(b) in alt 221 (arna leasú le halt 17 d’Acht 2006 agus le Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht sin) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D’ainneoin alt 219(1)(b), chun críocha fho-alt (1B) agus alt 221A, folóidh ‘ leanbh cáilithe ’ leanbh a bhfuil aois 18 mbliana slánaithe aige nó aici ach atá faoi bhun 19 mbliana, agus—

(a) atá ag fáil oideachas lánaimseartha, a ndéanfar na himthosca ina leith a shonrú i rialacháin, nó

(b) atá éagumasach, de dheasca éiglíochta coirp nó meabhrach, ar é féin nó í féin a chothú agus gur dócha go mbeidh sé nó sí faoi éagumas amhlaidh go ceann i bhfad,

agus

(c) a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, agus

(d) nach bhfuil faoi choinneáil i scoil choinneála leanaí nó nach bhfuil faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.

(1B) Déanfar sochar linbh i leith linbh dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) a íoc le duine atá cáilithe le haghaidh sochair linbh de réir leath an méid chuí atá leagtha amach i gcolún (1) nó i gcolún (2) de Chuid 4 de Sceideal 4, nó de réir leath an méid chuí arna chinneadh de réir fho-alt (2)(a) nó (2)(b).

(1C) Scoirfidh an íocaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (1B) de bheith iníoctha ar an 31 Nollaig 2009.”,

agus

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 221:

“Íocaíocht chúitimh.

221A.— (1) Faoi réir an Achta seo, beidh duine i dteideal íocaíochta dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) i gcás leanbh cáilithe dá dtagraítear in alt 221 (1A) a bheith ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí leis an duine sin agus más rud é in aon seachtain—

(a) go bhfuil méadú i leith an linbh sin á íoc de réir alt 43(2), 43(3), 56(2), 56(3), 66(2), 66(3), 76(2), 76(3), 76(5), 81(5), 102(1), 102(2), 109(17), 112(2), 112(3), 113(5)(b), 113A(5)(b), 115(8)(a)(ii), 117(2), 117(3), 122(2), 122(3), 127(1), 142(1)(b)(ii), 146, 150(1)(b), 150(3), 156(1), 158, 161B(1), 161D, 174(1), 178A(3)(a), 181(1)(b)(i), 181(4), 197(b), 211(1)(b), 211(3), 215(1)(b) nó 216, nó

(b) go bhfuil forlíonadh ar ioncam teaghlaigh de réir Chuid 6 á íoc i leith teaghlaigh ina bhfuil leanbh dá dtagraítear in alt 221(1A).

(2) Faoi réir fho-alt (5), beidh méid seachtainiúil €15 iníoctha i leith linbh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) in aghaidh gach seachtaine nó cuid de sheachtain ina gcomhlíontar na coinníollacha—

(a) i bhfo-alt (1)(a), nó

(b) i bhfo-alt (1)(b),

go dtí an dáta a shlánaíonn an leanbh sin 19 mbliana d’aois.

(3) Faoi réir an Achta seo, beidh duine i dteideal íocaíochta dá bhforáiltear i bhfo-alt (4) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe dá dtagraítear in alt 221(1A) ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí leis an duine sin agus ina bhfuil an leanbh sin, in aon seachtain, ag fáil liúntas míchumais de réir Chaibidil 10 de Chuid 3.

(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh méid €15 iníoctha i leith linbh dá dtagraítear i bhfo-alt (3) in aghaidh gach seachtaine nó cuid de sheachtain ina bhfuil an leanbh sin ag fáil liúntas míchumais go dtí an dáta a shlánaíonn an leanbh sin 19 mbliana d’aois.

(5) Is é an méid is iníoctha faoi fho-alt (2) nó faoi fho-alt (4) i leith linbh cháilithe a saolaíodh—

(a) in ilbhreith 2 leanbh, a bhfanann 2 díobh cáilithe, €22.50, nó

(b) in ilbhreith 3 leanbh nó níos mó agus—

(i) a bhfanann 3 ar a laghad díobh cáilithe, €30,

(ii) a bhfanann 2 ar a laghad díobh cáilithe, €22.50, nó

(iii) a bhfanfaidh duine amháin díobh cáilithe, €15.

(6) Ní bheidh ach méid seachtainiúil amháin iníoctha de bhun fho-alt (2)(a), (2)(b) nó (4).

(7) Chun críocha an ailt seo—

(a) féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a chinneadh cé leis nó léi a measfar leanbh dá dtagraítear in alt 221(1A) a bheith ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí,

(b) ní mheasfar leanbh dá dtagraítear in alt 221(1A) a bheith ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí le níos mó ná duine amháin, agus

(c) i gcás leanbh dá dtagraítear in alt 221(1A) a bheith ina chónaí nó ina cónaí i bhforas agus go ndéantar ranníocaí i leith chostas a chothabhála nó a cothabhála san fhoras sin, measfar an leanbh sin a bheith ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí leis an duine a gcinnfí, de réir na rialacha arna ndéanamh faoi mhír (a), é nó í a bheith ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí leis nó léi mura mbeadh sé nó sí ina chónaí nó ina cónaí i bhforas ach, i gcás an leanbh a bheith tréigthe nó fágtha ag an duine a measfaí amhlaidh é nó í a bheith ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí leis nó léi, measfar an leanbh a bheith ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí le ceann an teaghlaigh ar duine de é nó í de ghnáth mura mbeadh sé nó sí ina chónaí nó ina cónaí i bhforas.

(8) Scoirfidh alt 221(1A) agus an t-alt seo d’éifeacht a bheith leo an 31 Nollaig 2010.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2009.

Forlíonadh luathchúraim leanaí — leasú.

21 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid 4A (a cuireadh isteach le halt 28 d’Acht 2006):

“CUID 4A

FORLÍONADH LUATHCHÚRAIM LEANAÍ

Teideal chun forlíonaidh luathchúraim leanaí.

223A.— Faoi réir na Coda seo, déanfar íocaíocht mhíosúil (dá ngairtear ‘forlíonadh luathchúraim leanaí’ san Acht seo) a íoc de réir alt 223B le duine is duine cáilithe chun críocha Chuid 4, fad a bheidh sé nó sí cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith gach linbh cháilithe (de réir bhrí alt 219) go dtí cibé tráth a shlánaíonn an leanbh cáilithe 5 bliana agus 6 mhí d’aois.

Méid an fhorlíonaidh luathchúraim leanaí.

223B.— (1) Faoi réir an Achta seo, ní bheidh méid uasta an fhorlíonaidh luathchúraim leanaí is iníoctha faoi alt 223A i leith gach linbh cháilithe níos mó ná €1,104 in aon bhliain áirithe, agus beidh an méid sin iníoctha ina thráthchodanna míosúla comhionanna €92.

(2) Beidh an forlíonadh luathchúraim leanaí iníoctha i leith na míosa tar éis mhí bhreithe an linbh agus leanfaidh sé de bheith iníoctha go dtí an mhí ina slánaíonn an leanbh 5 bliana agus 6 mhí d’aois, agus an mhí sin san áireamh.

(3) Déanfar an forlíonadh luathchúraim leanaí a íoc in aghaidh na míosa mar riaráiste agus, maidir leis an íocaíocht deiridh, is íocaíocht í i leith na míosa ina slánaíonn an leanbh 5 bliana agus 6 mhí d’aois.

(4) Maidir le rialacháin a dhéanfar faoi alt 242(1)(a) agus lena ndéantar foráil maidir leis an tráth agus an modh chun forlíonadh luathchúraim leanaí a íoc, déanfar iad faoi réir toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Sláinte agus Leanaí a fháil ina leith.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2009.

Ioncam seachtainiúil teaghlaigh — leasú ar an míniú.

22 .— Leasaítear alt 227 den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “ioncam seachtainiúil teaghlaigh”—

(a) trí mhír (e) a scriosadh, agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) aon ioncam de chuid duine ar leanbh é nó í i leith an teaghlaigh sin, nó

(g) aon ranníoc is iníoctha faoin gcáin ar a dtugtar tobhach ioncaim.”.

Liúntas leasa dall - leasú.

23 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCuid 1 de Sceideal 4 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad thagairt 5A:

5A Liúntas Leasa Dall

63.60

-

4.40

-

-

-

-

”.

(2) Aisghairtear alt 12(d) d’Acht 2008.

1 IO Uimh. L149, 5.7.1971, lch. 2